Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Bodaigh lán de phóire! - -

Gan amhras níorbh é ba thráthúla ar fad go rabhthas ag comóradh teacht le chéile na Chéad Dála nócha bliain ó shin i mBaile Átha Cliath ar an lá céanna go raibh Barack Obama á inshealbhú mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Ní nach ionadh, bhí aird an tsaoil mhóir ar an ócáid i Washington, agus sinne chomh maith le cách eile ag súil go gcuirfidh sé siúd casadh sa droch-chaoi ina bhfuil cúrsaí poiblí ar fud an domhain faoi láthair.

Ach féach go raibh tábhacht agus ábhar dóchais ag baint leis an ócáid i dTeach an Ardmhéara freisin. Nár mhisniúil is nár dhochloíte an dream iad, agus nach cuí ar fad i dtráth seo an éadóchais go ndéanfaimis iad a chomóradh. Cuimhnigh ar an réabhlóid a chruthaigh siad, agus conas mar a d’athmhúscail siad spiorad agus meanma an phobail. Cé déarfadh nach bhfuil a leithéid céanna d’athmhúscailt go mór de dhíth orainn faoi láthair.

Ní hionadh ar ndóigh an ísle brí. Más fíor go raibh cúinsí idirnáisiúnta i gceist lenár ngéarchéim eacnamaíoch, is mór an t-ábhar díomá an tsaint thar cuimse a léirigh lucht rachmais inár measc. Níl amhras ná gur chuir an tsaint sin go mór leis an ngéarchéim.

Ag smaoineamh air seo ar fad is aisteach gurb é a thug sé chun cuimhne ná an t-amhrán neamhghnách sin, ‘A Spailpín, a Rún’, ach go háirithe an véarsa deiridh. Tá an véarsa sin gríosaitheach go maith agus as tiúin ar fad leis an dá véarsa a thagann roimhe. Seo mar a théann sé:–
A bhuachaillí crua, gearraíg’ go luath,
Agus cuiríg’ bhur gcúnamh le chéile,
Chun go mbainfimid dúiseacht as bodaigh an phlúir, Is go racham dár ndúthaigh féinig,
’S é chloisim acu á rá nach seasóm an lá
Ag na bodaigh atá lán de phóire,
Ní acu siúd atá’s ach ag Rí geal na nGrást,
Is go dtuga Dia slán ón bhfómhar sinn.
Ar ndóigh ní gá dúinn a bheith ag gríosadh na ‘buachaillí crua’ chun aicsin a thuilleadh agus, ár mbuíochas le ‘Rí geal na nGrást’, tá ár síocháin déanta leis an tsean-namhaid againn. Ach cad déarfá le ‘bodaigh an phlúir’ agus leis na ‘bodaigh atá lán de phóire’. Cé déarfadh nach bhfuil siad siúd go rábach inár measc go fóill, agus go bhfuil siad gach pioc chomh dona leis na bodaigh atá i gceist san amhrán.

Tá dochar mór déanta ag bodaigh seo ár linne. Gan amhras tugadh cead a gcinn rómhór dóibh agus ní maith an teist é orthusan, pé acu sa Roinn Airgeadais dóibh, nó sa Bhanc Ceannais, nó in oifig an Rialtóra Airgeadais. Céard a bhí siad ag déanamh? Ar a laghad tá cead againn dul i bhfeidhm ar ár bpolaiteoirí.

Feasta, Feabhra 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo