Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

I bhfuireachas le dhá phlean don Ghaeilge
le Seán Ó Loingsigh


‘D’fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh pleanáil ar siúl go rialta sa Roinn ó bunaíodh í, gur chuid riachtanach agus bunúsach d’obair na Roinne a bheadh sa phleanáil ón gcéad lá. Chun an fhírinne a rá, ní mar sin a bhí.’

****************

Fiú agus cúrsaí eacnamaíocha chomh dona agus atá, mar sin féin tá cuma air go bhfuil go leor ag tarlú i saol na Gaeilge faoi láthair, nó an mbeadh sé níos cruinne a rá go bhfuilimid ag feitheamh le go dtarlóidís?

Táimid ag feitheamh, mar shampla, ní le plean amháin ach le dhá phlean, ceann don Ghaeltacht agus do staid na teanga ansin, agus ceann eile a bhaineann lena staid sa tír i gcoitinne. Ina theannta sin, chun cur lenár bhfuireachas, tá a lán ráiteas á ndéanamh ag an Aire Ó Cuív le déanaí maidir le cónascadh eagraíochtaí Gaeilge agus faoi theorainneacha na Gaeltachta, i dtreo go bhfuil daoine ag brath go bhfuil athruithe móra beartaithe. Cad atá i gceist aige?

Ag tagairt do na pleananna, tá sé suimiúil go bhfuil an dá cheann le teacht amach in aontráth. Go deimhin is cosúil gur aon cháipéis amháin a bheidh i gceist. Is cineál volte face atá anseo ann féin, agus cúlú iomlán ón gcur chuige a bhí ann leis na cianta cairbreacha. Mar sin féin, nach bhfuil ciall leis? Nach fada dúinn ag rá nárbh fhéidir cinniúint na Gaeilge sa Ghaeltacht a scaradh óna raibh i ndán don teanga sa tír i gcoitinne.

Pé acu an plean amháin nó dhá phlean atá i gceist, agus pé daoine agus dreamanna a bhfuiltear tar éis dul i gcomhairle leo, is cosúil gur laistigh den Roinn a dhéanfar an obair phleanála agus gurb iad oifigigh na Roinne féin a bheidh freagrach as an obair. Is deacair a bheith an-mhuiníneach as an gcur chuige seo. D’fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh pleanáil ar siúl go rialta sa Roinn ó bunaíodh í, gur chuid riachtanach agus bunúsach d’obair na Roinne a bheadh sa phleanáil ón gcéad lá. Chun an fhírinne a rá, ní mar sin a bhí.

Ag tagairt don Ghaeltacht ar dtús, tá sé soiléir cheana féin go bhfuil na teorainneacha le hathrú, agus nach mbeidh fágtha ach thart ar a leath den cheantar a fuair aitheantas mar Ghaeltacht siar i 1956. Céard is féidir a rá ach gur teip tubaisteach atá anseo. Ní cosúil mar sin féin go bhfuil an Roinn atá i bhfeighil na Gaeltachta le breis agus leathchéad bliain ag glacadh aon phioc den fhreagracht as an teip seo.

Níltear ag rá gurb í an Roinn is cúis go huile leis an teip, mar ní bheadh sé sin fíor. Is léir go bhfuil an scéal níos casta ná sin, ach bheadh sé fíor a rá go bhfuil oiread den fhreagracht ar an Roinn agus atá ar na pobail a bhfuil an díbirt i ndán dóibh anois, agus gur dócha gur orthu a chuirfear an milleán. Is é a déarfar gan amhras ná go gcaithfidh na pobail seo rogha a dhéanamh an dteastaíonn uathu a bheith sa Ghaeltacht nó nach dteastaíonn. Is baolach nach bhfuil an saol chomh simplí sin. Bíonn treoir i gceist agus spreagadh, agus thar aon ní bíonn ceannaireacht i gceist. Is baolach go raibh agus go bhfuil siad sin go mór in easnamh.

Is baolach leis go bhfuil an cur chuige diúltach agus díomuach. Bhíodh tuairim agam féin tráth den tsaol gur chóir go mbeadh polasaí agus cur chuige ann a bhí dírithe ar an nGaeltacht a mhéadú, agus gur mar sin amháin a d’fhéadfaí slánú agus marthanacht a chinntiú don cheantar go fadtéarmach. Ní mór dom a admháil nach eol dom aon duine a shíl go raibh sé sin indéanta. Is dóigh liom gur síleadh gur seafóideach an tuairim é.

Gan amhras, bhíothas dulta i dtaithí ar an diúltachas agus ar an meathlú coitianta. Ní raibh an creideamh ann. Mar sin féin is fiú smaoineamh gur méadaíodh an Ghaeltacht cheana. Is cuimhin liom gur cuireadh paróiste an Chlocháin i gCorca Dhuibhne isteach sa Ghaeltacht roinnt blianta ó shin, agus ina dhiaidh sin gur tharla an rud céanna le bailte fearainn thart ar Chill na Martra i gceantar Múscraí.

Tá sé suimiúil, go háirithe, féachaint ar cad a tharla sa Chlochán. Sagart cúnta a ceapadh sa pharóiste ba mhó ba chúis leis an aitheantas mar Ghaeltacht, cé, gan amhras, go bhfuair sé tacaíocht agus cúnamh ó dhaoine áitiúla. Ach ní raibh aon teorainn lena dhíogras agus lena chuid fuinnimh, agus bhí pearsantacht shéimh aige agus chuaigh sé i bhfeidhm ar dhaoine.

Níor foghlaimíodh aon cheacht as ar tharla sa Chlóchán. Níor cuireadh aon nath ann, go hoifigiúil go háirithe, bíodh go raibh ceacht ann le foghlaim. An bhféadfaí a leithéid céanna a dhéanamh i gceantair eile? Ní fios.

Gan amhras ní chun go gcuirfí an ceantar isteach sa Ghaeltacht a ceapadh an tAthair Ó Laocha mar shagart cúnta sa Chlochán. Is cinnte nach raibh aon bhaint aige le haon pholasaí rialtais ar mhaithe leis an nGaeilge.

Ritheann rudaí eile chugam. Siar i gcaogaidí an chéid seo caite, bhí an Ghaeilge ag meath go tapaidh i Rinn Ó gCuanach i bPort Láirge. Sílim gur i 1956 a bunaíodh Meánscoil San Niocláis sa pharóiste sin. Daoine áitiúla ba chúis leis, ach gan aon amhras is de bharr díograis agus cur chuige aon duine amháin ba mhó a tharla sé. Níl aon amhras ormsa ná gur chas bunú na meánscoile an taoide. Murach gur tharla sé, is dóigh liom go mbeadh an Ghaelainn sa Rinn sa staid ina bhfuil sí in Uíbh Ráthach faoi láthair. Bunú na meánscoile an bhunchloch, agus dar liomsa ba mhíorúilt a bhí mar thoradh air. Ach níor foghlaimíodh aon cheacht as sin ach oiread.

Ó, sea, agus Uíbh Ráthach — cad a tharla ansin? Is cosúil go bhfuil deireadh an róid sroichte ag an gceantar ársa sin anois mar Ghaeltacht. Níl na staitisticí i gceart, agus de réir na n-údar sna cúrsaí sin is iad na staitisticí a mheánn. Tá fhios ag an saol go bhfuil an Ghaelainn ag meath go mór sa cheantar san leis na blianta fada. Mar sin féin, shíleas go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas de bharr tréan-iarrachtaí a bhi á ndéanamh ag daoine áitiúla le tamall anuas.

Ní raibh meánscolaíocht trí Ghaelainn ar fáil in Uíbh Ráthach go dtí gur bunaíodh aonad lánGhaeilge sa mheánscoil i gCathair Saidhbhín roinnt blianta ó shin. Ní fhéadfadh an teanga bheith beo i gcás nach raibh oideachas trí Ghaeilge ar fáil sa dara leibhéal. Níor chúram é sin d’aon duine in údarás, agus ar ndóigh, bhí drochthionchar aige sin ar staid na Gaeilge sna bunscoileanna.

Ba thrua sa deireadh, nuair a bunaíodh an t-aonad lánGhaeilge lasmuigh ar fad den Ghaeltacht nach meánscoil neamhspleách a bhí i gceist, go háirithe nuair a bhí an tsean-cheardscoil ar an gCoireán folamh ag an am.

Tá an ruaig á chur ar na Gaeltachtaí laga seo cosúil le hUíbh Ráthach anois ar an mbonn gurb iad na pobail féin ba chiontach i meath na teanga. I ndáiríre chlis an Stát orthu.

Is ceann de na nithe ba shuimiúla agus ba dhóchasaí a tharla maidir le Gaeltachtaí laga ná gur ceapadh áisitheoirí chun cur chun cinn na Gaeilge a spreagadh. Sílim gur dhá phost a bhí i gceist, ceann díobh sa Seanphobal i bPort Láirge, agus an eile ceann in Uíbh Ráthach. B’fhéidir gur ar bhonn triallach a deineadh na ceapacháin seo. Shíleas go raibh an bheirt bhan óg a ceapadh ar fheabhas agus gur rinne siad sárobair. Níl fhios agam ach oiread ar deineadh a leithéid céanna de cheapachán in aon Ghaeltacht eile, ach ba thrua ar fad murar deineadh.

Ach chun filleadh ar an tagairt a deineadh níos luaithe maidir le teorainneacha na Gaeltachta a leathnú in áit iad a chúngú, ní seafóid ar fad a bhí i gceist. Shíleas i gcónaí gurbh fhiú taighde éigin a dhéanamh, nó fiú stocaireacht a bheadh dírithe ar mhéadú soir a dhéanamh ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. Is cuimhin liom cúpla bliain ó shin nuair a ceapadh príomhoide nua sa bhunscoil in Abhainn an Scáil go raibh caint ann ar scoil lánGhaeilge a dhéanamh as an scoil ansin. Chomh fada agus is eol dom tá príomhoide eile sa scoil sin anois. B’fhéidir go bhfuil an smaoineamh sin fuar marbh mar sin, ach má tá, is trua san.

Bíodh gurb iad Gaeltachtaí na Mumhan amháin atá luaite san alt seo, b’ionadh mura mbeadh an scéal ar aon dul i nGaeltachtaí eile. Tuigtear leis go bhfuil fadhbanna i gceist i gceantair áirithe, ar imeall chathair na Gaillimhe mar shampla.

An eagla a bheadh orm ná gur caidhp bháis ar an nGaeltacht sa bhfadtéarma an cúngú seo, má cuirtear i gcrích é. Maidir leis an moladh a deineadh go mbeadh trí chatagóir Gaeltachta ann, A, B agus C, ag brath ar líon na gcainteoirí Gaeilge i ngach Gaeltacht, sílim gur tubaist amach is amach a bheadh ansin. Tá mídhaonnacht ag baint leis.

Is gnáthdhaoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. Ní staitisticí iad. B’ionadh liom mura gcuirfeadh a leithéid de chur chuige samhnas ar dhaoine, go háirithe i measc na bpobal atá i gceist.

Sa deireadh admhaím nár chóir go mbeadh aitheantas ag ceantar mar Ghaeltacht, má tá sé soiléir gur bréagadóireacht nó cur i gcéill ar fad atá ann. Ag an bpointe seo, an bhfuiltear cinnte go bhfuil an staid sin sroichte in aon Ghaeltacht? An bhfuil gach iarracht cuí déanta sna cinn atá le díbirt, sula nglactar an chéim thromchúiseach dheireanach?

Is baolach go bhfuil am agus spás tar éis breith orainn agus gan a leath ráite. Nó an amhlaidh go bhfuil an iomad ráite? Féach nach bhfuil aon phlé déanta ar chúrsaí oideachais atá chomh tábhachtach sin, pé acu sa Ghaeltacht nó sa tír i gcoitinne. Cad faoin tumoideachas — sa Ghaeltacht go háirithe? Sílim gurb é an port a bhíodh fadó ag múinteoirí i mBaile an Sceilg nach bhféadfaí ranganna a mhúineadh go huile trí Ghaeilge, mar nach raibh Gaeilge ag na páistí beaga ag teacht ar scoil. Nár chuir Gaelscoileanna agus an tumoideachas deireadh leis an argóint sin?

Níl aon ní ráite ach oiread faoin bPlean Fiche Bliain ná faoi chónascadh na n-eagraíochtaí Gaeilge, mar a bhí á lua ag an Aire Ó Cuív. B’fhéidir go mbeadh lá eile againn le cúnamh Dé.

Feasta, Feabhra 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais