Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Dílseacht
Sliocht as úrscéal le
Frainc Ó Murchadha
Cúlra: Aindí Ó Maonaigh, fear óg tagtha mar mhúinteoir scoile go Cnoc na Coille in oirthear Luimnigh. Lóistín aige i dtigh mháistreás na scoile, Eibhlín Uí Chléirigh. Cé go bhfuil sise roinnt mhaith blian níos sine ná é, tá nodanna tugtha cheana féin go bhfuilid tite i ngrá le chéile. Bíonn sí mar rúnchara leis aon uair a theastaíonn uaidh ceist a bhíonn á bhuaireamh a chíoradh.
Tosaíonn sé ag suirí le hAoife Ní Fhaoláir, iníon fheirmeora san áit. Iarrann Aindí uirthi é a phósadh ach diúltaíonn sí dó. B’fhearr léi dul in aontíos leis gan a bheith pósta. Domhnach amháin i ndiaidh aifrinn chíonn sé í féin agus an sagart óg ag féachaint ar a chéile agus cuireann sé alltacht air.
——◊——
Nóta faighte ag Aindí ó Aoife:— ‘Cá bhfuilir? Cad tá cearr?’
Níor chuir sé freagra chuici. Bhí trí lá ann ó bhí aon teagmháil aige léi. Ar an gCéadaoin buaileadh cnag ar dhoras a sheomra ranga sa scoil cúig nóiméad roimh am scoir. Aoife a bhí ina seasamh ann. D’fhan sí ag féachaint idir an dá shúil air, gan oiread is focal a rá. Bhí a súile, chomh geal le diamant, ag stánadh air, ag iarraidh, is dócha, spléachadh a fháil ar pé cúis a bhí aige lena seachaint.
‘Nach bhfuil aon rud le rá agat liom?’ ar sise go cásmhar.
‘Níl,’ ar seisean.
‘Teastaíonn uaim labhairt leat,’ ar sise. ‘Sílim go bhfuil an méid sin ar a laghad ag dul dom.’
‘OK,’ ar seisean. ‘Raghaidh mé suas chun an tí chugat ar a seacht agus má thagann tú amach chun an chairr chugam beidh dreas comhrá agam leat.’
‘Nach dtiocfá isteach? Tá a fhios agat go mbeidh fáilte romhat. Bhí riamh.’
‘Ní raghaidh mé isteach.’
——◊——
Stad Aindí an carr ar an ngairbhéal os comhair an phríomhdhorais. Díreach tar éis dó an t-inneall a mhúchadh gheal an fean-léas os cionn an dorais. Osclaíodh an doras agus rith Aoife amach go dtí an carr. Shuigh sí isteach taobh le Aindí.
‘Cá raghaimid?’ ar sise.
‘B’fhearr liom go bhfanfaimis anseo go fóill,’ arsa Aindí. ‘Tá rud le rá agam leat.’
‘Ó a Mhuire! Rud éigin tromchúiseach ní foláir, nó ní chaithfeá trí lá agus trí oíche ag machnamh air.’
Cheap Aindí gurbh fhearr é a rá amach lom díreach, gan a bheith ag fústráil timpeall leis an scéal.
‘Ba mhaith liom deireadh a chur leis an gcumann atá eadrainn,’ ar seisean go ciúin staidéartha.
Bhí tost an tuama sa charr ar feadh tamaill an-fhada. Chas Aindí a cheann agus d’fhéach trasna uirthi féachaint an raibh sí fós ina beatha nó ní raibh gíoc le cloisint uaithi. Ar éigin a chuala sé ag análú í i gciúnas marbhánta na hoíche. Bhí na fuinneoga ar an dá thaobh íslithe thart ar cheithre orlaí aige, agus bhí an síorshioscadh a bhíonn ag aer oíche na tuaithe le mothú acu. Thosaigh gadhar ag amhastrach ag tigh éigin tamall uathu agus briseadh ar an seal ciúnais.
‘Sin uile atá le rá agat, an ea?’ arsa Aoife ar ball. ‘Tá deireadh leis. Faic eile. Ar mhiste dhom a fhiafraí díot, a dhuine uasail, cén fáth? Déarfainn, ar an méid ar ghabhamar-na beirt tríd, go bhfuil, ar a laghad, freagra macánta tuillte agam uait.’
‘Tá. Admhaím sin. Ach tá sé deacair é a mhíniú. Tá sé deacair an rud atá i mo chroí a thuiscint, gan bacaint len é a chur i bhfocail.’
‘Bain triail as.’
‘OK. Déanfad iarracht. Sé bun agus barr an scéil ná gur dóigh liom nach bhfuil aon áit agam i measc na ndaoine sa dúthaigh seo.’
‘Cén áit í sin?’ a d’fhiafraigh Aoife. Ceist nach raibh mórán céille leis, ach seans nach raibh sí ach ag iarraidh moill a chur ar an gcomhrá fad a bheadh sí ag machnamh ar an straitéis argóna a ghlacfadh sí chuici féin.
‘An áit seo,’ ar seisean. ‘Cnoc na Coille. An paróiste seo. Braithim nach den áit seo mé. Ní duine den phobal mé. Níl aon bhaint agam leis an bpór a shealbhaíonn an dúthaigh seo.’
‘Tá sin ait,’ arsa Aoife. ‘Nach tú ár máistir scoile, ár laoch ar pháirc na hiomána, agus mo dhilchara féin?’
‘Sea. Is mar mhúinteoir scoile agus mar iománaí a aithnítear mé. Níl aon seasamh, áfach, ag Aindí Ó Maonaigh san áit mar dhuine ann féin. Maidir le do dhilcharadas, nílim siúráilte faoi sin ach an oiread.’
‘Ní gá dhuit aon amhras a bheith ort faoi sin,’ ar sise go teanntásach. ‘Ba chóir go mbeadh a fhios agat go maith faoin am seo go bhfuilimse lán dáiríre faoin gcumann agus faoin gcaidreamh atá eadrainn.’
‘Ní fheadar,’ ar seisean, ag géilleadh don leisce a bhí air leanúint ar aghaidh leis an allagar a bhí ar siúl acu. Bhí an méid a bhí le rá aige ráite, agus b’in tús agus deireadh an scéil chomh fada agus a bhain sé leis féin. ‘Tá cúrsaí mar atáid,’ ar seisean, ‘agus níl aon leigheas agamsa air sin. Tá cathú orm má tá sé ag cur isteach go mór ort.’
‘Má tá sé ag cur isteach go mór orm,’ ar sise ag fonóid faoin rud a dúirt sé, a caincín casta in airde le drochmheas. ‘Tá a fhios agat go maith go bhfuil sé ag cur isteach go mór orm. In ainm Dé, cad a spreag an gealtachas seo ionat?’
D’imigh tamaillín thart sular thug sé freagra uirthi. Agus nuair a thug, bhí miongháire saonta ar a bhéal agus labhair sé go bog séimh, ag léiriú go raibh sé cúthaileach agus nár mhaith leis in aon chor bheith ag ligint air go mb’fhéidir go raibh iarracht d’éad leis an sagairtín gleoite ag séideadh faoi.
‘Ní chreidfeá cad a chuir an fuadar seo fúm,’ ar seisean,’agus tá sé deacair go leor orm a rá gurb é sin an truicear a chuir sa siúl é. Tusa agus an tAthair Ó Curráin ag breathnú ar a chéile Dé Domhnaigh sa séipéal a chuir na smaointe seo ag coipeadh i mo cheann.’
‘Cuir uait, a Aindí. Cén fáth go gcuirfeadh sin isteach ort? Ní raibh aon urchóid in aon fhéachaint a thugamar ar a chéile, mise agus an sagart, geallaimse dhuit an méid sin. Ní bheadh rud ar bith ann ach sinn ag beannú go sibhialta dá chéile. Beirt chomharsana go bhfuil caradas simplí ann, idir é agus an teaghlach seo ’gainne.’
‘Tá a fhios sin agam, agus ní haon ní den chineál sin a bhí i gceist agam. Is amhlaidh go mba léir dom go raibh mo dhuine, an sagairtín gleoite, tagtha isteach sa cheantar seo le fíordhéanaí, agus tá áit mar shagart agus mar dhuine den phobal daingnithe aige cheana féin, agus féach ormsa atá ag druidim le dhá bhliain san áit agus is strainséir fós mé.’
Bhí Aoife ag iarraidh a áiteamh air go raibh dul amú air sa mhéid sin, agus go raibh glactha go hiomlán leis, agus go raibh meas air mar dhuine chomh maith le múinteoir ag muintir na háite.
Lean siad orthu ag cur is ag cúiteamh ar feadh dhá uair a chloig agus níor éirigh leo teacht ar réiteach. I ndeireadh na dála bhí ar Aoife géilleadh go raibh deireadh lena leannántacht agus d’fhág sí an carr. Chuaigh Aindí amach leis agus shiúil sé léi chomh fada le doras an tí. Thug sé lámh di le croitheadh. D’fhan Aoife ag an doras ag breathnú air ag siúl go dtí an carr, ag suí isteach ann, ag muscailt an innill agus ag imeacht síos feadh an aibhinne go dtí an geata. Shéid sé an bonnán agus scal sé na soilse rabhaidh dhá uair ag fágaint slán aici. Chonaic sé sa scáthán cúlradhairce an solas sa bhfean-léas á mhúchadh, agus bádh an tigh agus a raibh timpeall air i ndorchadas na hoíche.
Nuair a chuaigh Aindí isteach abhaile d’inis sé an scéal d’Eibhlín. Ní raibh puinn le rá aici sin. Níor chuir sí aon cheist air ach d’fhan ina suí go ciúin tostach. Níor mhol sí ná níor cháin sí é.
‘A chríoch sin,’ arsa Aindí ag deireadh.
‘Níl aithne cheart agat ar na Faoláraigh,’ ar sise. ‘Mar chomh siúráilte is go n-éireoidh an ghrian ar maidin ní hé sin a chríoch.’
——◊——
D’imigh coicíos thart, agus bhí Aindí ag ceapadh go raibh dul amú ar Eibhlín. Ansin dhein Aoife teagmháil leis. Nóta eile a fuair sé: ‘An mbuailfeá liom? Tá sé práinneach.’
Níor chuir sé freagra chuici go dtí an lá ina dhiaidh sin. Chaith sé an oíche ag machnamh air, ag iarraidh a dhéanamh amach cad é an phráinn a fhéadfadh a bheith ann. Ag deireadh mheas sé go mb’fhearr bualadh léi mar níor mhaith leis go mbeidís deighilte ar fad óna chéile, go bhféadfaidís beannú dá chéile aon uair a chasfaidís ar a chéile mar a dhéanfadh comharsana. Chuir sé scéala chuici go mbuailfeadh sé léi ag an gclubtheach an oíche dar gcionn. D’fhéadfaidís suí i dteannta a chéile ag bord agus gan éinne ag cur isteach orthu, díreach mar nach gcuireadh de ghnáth.
——◊——
Bhí sé ina shuí leis féin ag bord in aice an bhalla ar feadh uair a chloig sular tháinig sí isteach. Bhí daoine ag siúl thairis anois agus arís agus bheannaídís dó, ‘Haigh, Aindí,’ ag a bhformhór agus ‘Haigh’ aige sin ag freagairt.
Dá mbeadh duine dá lucht aitheantais ag faire orthu, d’fheicfeadh sé nach raibh an aoibh fháiltiúil ar aghaidh Aoife ba ghnách a bheith ann. Shiúil sí sall chuige agus shuigh síos trasna uaidh ag an mbord. Bhí a súile casta síos agus níor fhéach sí air nuair a labhair sí leis go leamh gan spiorad.
‘Táim tar éis cúpla seachtain a chaitheamh faoi sceimhle agus faoi ionsaí acu sin sa bhaile,’ ar sise.
‘Cán fáth?’ arsa Aindí.
‘Bhí sé de mhí-ádh orm a rá leo go raibh deireadh leis an gcumann eadrainn beirt. Chuireadar an milleán ormsa. Bhí sé dona go maith nuair nach raibh ach Mam agus na cailíní ag tabhairt fúm, ach bhí sé fíochmhar ar fad nuair a thosaigh na leaideanna. Ansin cúpla lá ó shin d’inis Mic an scéal do Dhaid agus chloisfeá ag liúrach é istigh i Ráth Luirc, sruth d’eascainí á raideadh aige fúmsa.’
‘Níl aon dealramh leis sin,’ arsa Aindí. ‘Mise a bhris an ceangaltas eadrainn. Ní raibh aon locht ortsa faoi.’
‘Tá a fhios sin agam agus dúras leo é, ach dúradar sin nach ndéanfá-sa é murach go raibh cúis mhaith agat leis, agus gurbh ormsa a bhí an locht.’
‘B’fhéidir go bhféadfainn labhairt leo agus an scéal a mhíniú dóibh,’ arsa Aindí.
D’impigh sí air gan é sin a dhéanamh, go háirithe má bhí sé ar intinn aige a rá leo gur dhiúltaigh sí dá iarratas ar phósadh. Gheall sé di nach ndéanfadh sé tagairt ar bith dó. Bhí eagla uirthi, áfach, go sleamhnódh focal éigin uaidh a sceithfeadh an scéal chucu, agus go mbeadh an praiseach ar fud na mias.
D’iarr sí air athmhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí agus an seanchaidreamh a bhí eatarthu d’athnuachan, ach choimeád sé siúd leis. I ndeireadh dála dúirt sé go ndéanfadh sé machnamh air. Shocraigh siad ar bhualadh le chéile i gceann míosa. Cheap sé go dteastódh an méid sin ama ar a laghad uaidh chun teacht ar chinneadh ciallmhar. Rud a bhí ann a mbeadh tábhacht ag baint leis ar feadh a shaoil.
——◊——
Chuaigh sé i gcomhairle le hEibhlín. Níor dhein sé aon chíoradh ar an gceist léi roimhe sin mar ba é a chúram féin é, agus air féin amháin a bheadh an fhreagracht faoi pé rud a thiocfadh as.
B’fhearr le hEibhlín nach mbeadh sí ag labhairt in aon chor leis faoina chaidreamh le hAoife. Dúirt sí an méid sin leis. Go minic cheana bhíodh rudaí eile faoi chaibidil acu agus ní bhíodh aon leisce uirthi caint fúthu ná comhairle a chur air. Rudaí pearsanta agus príobháideach a bhíodh iontu sin uaireanta. D’fhiafraigh sé di cad faoi ndear an leisce a bhí uirthi sa chás a bhí i gceist an uair sin aige.
‘Dá mbeadh críonnacht agat,’ ar sise, ‘nó clisteacht, nó fiú amháin gliocas níor ghá dhuit an cheist sin a chur orm. Is é an freagra a thabharfaidh mé duit anois, áfach, gur leasc liom comhairle a chur ar éinne a fhéadfadh a bheith ina chúis aithreachais aige ar ball.’
‘Tá sin ceart go leor,’ ar seisean. ‘Tuigim duit. Tá rud eile ag déanamh buartha dhom chomh maith. Cén fáth go raibh clann sin na bhFaolár chomh feargach agus chomh dian sin uirthi?’
‘Ní fheadar,’ arsa Eibhlín, agus meangadh ar a béal. ‘Tá an oiread sin díobh ann go mbíonn siad sa tslí ar a chéile. Bhí seans ag Aoife bheith glanta léi as an áit agus dhiúltaigh sí dó.’
‘Ní dóigh liom gurb é sin é,’ arsa Aindí. ‘Tá ceist eile leis a chuirim orm féin agus níl freagra agam air. Is dóigh liom go bhfuil cearta áirithe ag Aoife, agus go bhfuilim-sé faoi chomaoin aici. Táimid ag suirí le chéile anois ar feadh tamaill mhaith, agus tá aithne curtha againn ar a chéile, má thuigeann tú mé, agus is dóigh liom go bhfuil oibleagáidí ormsa dá bharr sin.’
‘Sa lá atá inniu ann,’ arsa Eibhlín, ‘ní bheinn ró-shiúráilte de sin. Bhíodh cúrsaí mar sin sa tseanaimsir, ach de réir mar a chloisim sna laethanta seo bíonn siad ag cur aithne ar a chéile go rábach i ngach aon áit.’
‘Tá tú ag magadh fúm anois, a Eibhlín, agus táim-se lándáiríre.’
‘Agus táim-sé leis. Táim ag rá leat nach gá dhuit a bheith buartha faoi sin. Bí cinnte nach bhfuil sé ag cur as d’Aoife Ní Fhaoláir beag ná mór.’
‘Níl a fhios sin againn.’
‘Bí deimhneach faoi. Ar aon nós caithfidh tú féin an cinneadh a dhéanamh, agus tá rud amháin nár luaigh tú in aon chor.’
‘Cad é sin?’
‘Grá. Bhfuilir i ngrá léi, agus ise leat-sa?’
‘Níl a fhios agam. Cad é an rud é an grá seo? Mínigh dom é.’
‘Cúpla ceist féin faoin ngaol atá eadraibh beirt. An bhfuil cion agat uirthi, nó gean, nó searc, nó spéis agat inti?’
‘Níl sna rudaí sin ar fad ach focail,’ arsa Aindí. ‘Ní heol dom aon mhíniú ceart a bheith orthu ach daoine á spalpadh gan stad.’
‘Tá go maith mar sin,’ arsa Eibhlín. ‘Cuirimis i dtéarmaí praiticiúla é. An maith leat í?’
‘Is maith.’
‘An fearr leat í ná aon bhean eile ar chlár na cruinne.’
Thóg sé tamall uaidh freagra a thabhairt air sin.
‘Ní fearr,’ ar seisean go bog.
‘Mar sin is dá bhrí sin tá bean éigin eile ann go mb’fhearr leat agus go mb’fhearr duit í a phósadh?’
Arís thóg sé tamall uaidh freagra a thabhairt.
‘Ní féidir liom an bhean eile sin a phósadh,’ ar seisean. ‘Tá sí pósta cheana féin.’
‘OK,’ ar sise, agus thug féachaint fhada cheisteach air. ‘Caithfimid ár scóip a chúngú más mar sin atá an scéal. An mbeifeá sásta bheith pósta le hAoife agus ag maireachtaint in aontíos léi, agus í a bheith mar bhuanchompánach agat.’
‘Bheinn sásta, is dócha, ach ní bheinn ag pocléimneach timpeall le teaspach agus giodam mar gheall uirthi.’
‘Níor ghá dhuit bheith ag pocléimneach. Ach tá ceist amháin eile agam,’ ar sise, ‘agus tá sé tábhachtach. Bhfuil sí tarraingteach mar bhean i do thuairim. Tuigeann tú cad tá i gceist agam.’
‘Tuigim, agus tá.’
‘Bhuel, sin iad na rudaí atá le cur san áireamh agat i mo thuairimse. Fút féin atá sé anois an cinneadh a dhéanamh. Ní féidir liomsa ná le héinne eile é a dhéanamh ar do shon.’
Feasta, Iúil 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|