Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Aitheantas a ionracais
ag dul do Liam Prút
Caint a thug Micheál Ó Cearúil
ag ócáid seolta Cnap-Uaisle (Coiscéim)
le Liam Prút in Institiúid na hÉireann, Dé Sathairn, an 14 Márta, 2009
Is é gnó an tseoltóra an t-údar agus a shaothar a mholadh – rudaí a rá faoin saothar nach bhféadfaidh an t-údar féin a rá mar go ndéarfaí gur buaileam sciath a bhí ar bun aige. Ach tá údar ag Liam Prút lena sciatha a bhualadh. Is é seo an t-ochtú cnuasach filíochta leis ó chuir sé a chéad chnuasach amach cúig bliana is tríocha ó shin, is é sin Fíon as Seithí Óir. Is féidir a rá go bhfuil an fíon á dhéanamh ag Liam le cúig bliana is tríocha anuas agus, fearacht an fhíona is fearr, is ag dul i bhfeabhas atá filíocht Liam le himeacht aimsire.
Tá dhá réimse ar leith sa chnuasach nua seo leis ar díol suntais iad, dar liom. An chéad réimse díobhsan tá sé sa chuid deiridh den leabhar, agus ní filíocht atá ann in aon chor, ach míreanna faoi údair Ghaeilge atá imithe ar shlí na fírinne, le scór bliain anuas nó faoina bhun sin, den chuid is mó. ‘Clann stairiúil na Gaeilge’ a thugann Liam ar na daoine seo, agus soláthraíonn sé eolas ar na foinsí atá ann faoi na húdair sin. Gabhann grianghraf de gach aon duine de na húdair leis an mír faoi nó fúithi. Tá an-ghar déanta ag Liam leis seo do scríbhneoirí áirithe nach bhfaca an chuid is mó againn grianghraf díobh riamh — táim ag cuimhneamh, mar shampla, ar Sheán Mac Fheorais, a bhfuil cur amach againn go léir ar dhán dá chuid, ‘Anseo i lár an ghleanna’; táim ag cuimhneamh, leis, ar Chathal Ó Sándair, údar Réics Carló, agus ar an gcéad duine a ndéanann Liam cur síos air, is é sin, Tomás Tóibín, deartháir Néill Thóibín.
Deirtear go bhfaigheann duine bás faoi dhó. Is éard atá sa dara bás ná, ar éag don duine deiridh a raibh aithne aige ar an duine marbh, faigheann an duine marbh bás arís, den dara huair, mar nach bhfuil aon chuimhne air a thuilleadh.1Buanaíonn Liam cuimhne na scríbhneoirí seo, ‘clann stairiúil na Gaeilge’, sa chuid deiridh sin dá leabhar, go háirithe leis na grianghraif, ar bhain dua nach beag le teacht orthu i gcás daoine de na scríbhneoirí sin.
Tá an pietas, an dáimh atá aige Liam leo, le brath go mór ar an tslí a dtagraíonn Liam do na scríbhneoirí éagtha sin. Baineann siad go léir leis an teaghlach céanna scríbhneoirí, agus is duine den teaghlach sin Liam, agus é ag gabháil i gcónaí don obair a bhí ar bun ag na scríbhneoirí éagtha sin. Is den chlann chéanna scríbhneoirí iad go léir.
Chomh maith leis na míreanna próis sin, tá dánta áille ag Liam sa chnuasach nua seo ar údair eile a chuaigh ar shlí na fírinne le blianta beaga anuas. Orthusan tá Risteárd Ó Glaisne, a ndeir Liam faoi: ‘b’iad lámha Chríost a lámha’. Is ar ghlór Sheán Mhic Réamoinn a dhíríonn sé ár n-aird agus deir: ‘B’é glór an traona é / a ghlór’. Tugann sé ‘spéirchoinneal Uíbh Ráthaigh’ ar Mhicheál Ua Ciarmhaic.
Cuid de na dánta is cumasaí atá cumtha ag Liam i gcaitheamh na mblianta, dar liom, ná dánta pearsanta ar a chomhfhilí, ar a chomhscríbhneoirí Gaeilge, agus go háirithe ar dhaoine muinteartha leis. Táim ag cuimhneamh anois ach go háirithe ar dhán a scríobh sé ar a uncail Joe agus a foilsíodh i gcnuasach eile leis. Dán álainn atá sa mharbhna ‘Julia Cliathán’, mar shampla, sa chnuasach seo:—
An raibh tú réidh, a stór, chun dul san úir
nuair leagadh síos do chnámha i gCill Bharráin….
Samhlaím ná rabhais réidh
ach t’anam fós foluaineach
’measc na n-úll
faoi theas seanghrá, seandínite;
gúna bán do phósta ar do chnámha
is cogarnach do chomharsan
i do cheann. (lch 56-57)
Tá cineáltas agus ionraiceas Liam, mar aon lena chomhbhá lena chomhdhuine daonna, le brath go láidir ar na dánta pearsanta sin leis.
Is móide an gheit a bhaintear as an léitheoir, mar sin, nuair a léann sé dánta a bhaineann leis an dara réimse sa chnuasach nua seo ar mhaith liom díriú air, is é sin, na dánta binbeacha searbhasacha atá ag Liam sa chnuasach. Éist leis an dán ceithre líne seo a leanas faoi Phort an Dúnáin, cuir i gcás:—
Port an Dúnáin fé shneachta
na hoíche aréir
agus tóin a thithe le doicheall
leis an traein aneas…. (lch 29)
Cuireann gontacht roinnt de na dánta seo go mór leis an nimh iontu, go minic. Dán gairid atá i dteidealdán an chnuasaigh leis, ‘Cnap-Uaisle’, dán faoi na boic mhóra de bhunadh na hÉireann nach bhfuil orthu cáin a dhíol sa tír seo:—
Cianóg cíosa
ná cánach
ní ghearrann an stát so
ar stailtíocht
ár bplúr-
bheagáinín
Ach an léim thorthúil
ar láir thoiliúil
ní troimide a cion
cnap fé adhairt
(nach ainmniúil!)’ (lch 27)
Tá cineálacha eile dánta ag Liam sa chnuasach seo, ar ndóigh. Dánta éadroma grinn atá sa chéad roinn sa leabhar, ‘Teidhe is greann’, cuir i gcás — dánta ar nós ‘An tSlí Cham go dtí Johnny’ — cur síos ar thuras traenach an fhile sa treo mícheart.2 Is leaganacha Gaeilge de dhánta a scríobhadh i nGaeilge na hAlban atá sa roinn leathdheiridh. Tá comaoin mhór curtha ag Liam i gcaitheamh na mblianta ar a chomhfhilí in Albain as leaganacha dílse dá gcuid filíochta a chur os comhair lucht léite na Gaeilge anseo in Éirinn. Agus tá bundánta Béarla le Liam sa chnuasach toirtiúil seo leis, chomh maith.
‘Polaitéigse’ a thugann Liam ar na dánta géara ar thagair mé dóibh ar ball, na dánta sin nach spárálann aon duine. Is deas mar théarma é ‘polaitéigse’, agus ní hin é an t-aon chomhfhocal nua atá cumtha ag Liam sa chnuasach seo. Ar ndóigh, chaith Liam blianta fada ag obair i Rannóg an Aistriúcháin. Is maith mar a oireann ceird an aistritheora don fhile, go háirithe an file nach í a theanga dhúchais teanga a chuid filíochta. Ceardaí focal atá san fhile agus san aistritheoir araon. Glacann sé focal chuige féin, scrúdaíonn go géar é féachaint arb in é an focal ceart dá shaothar, casann é agus cuireann isteach sa saothar é, mar a bheadh saor cloiche ann agus gurb iad na focail na clocha atá aige. Agus, ar ball, tosaíonn an saor cloiche ag déanamh na gcloch féin, mar atá á dhéanamh ag Liam anseo lena chuid comhfhocal.
Is earraí fisiciúla iad na focail ag an aistritheoir agus ag an bhfile a fhoghlaimíonn an teanga ó na leabhair, braithim. Is leis an tsúil a dhéantar an teagmháil tosaigh leis an bhfocal. Agus, fiú más amhlaidh gur ‘bréag bhán’ atá san ‘athGhaeilge’,3 tá comhfhocail sin Liam de réir dhúchas is ghnás na teanga. Roinnt de na focail a ndéantar talamh slán de inniu gur bunfhocail iad, is comhfhocail atá iontu ó thaobh na sanasaíochta de — ní gá ach cuimhneamh, mar shampla, ar an téarma ‘gaisce’ ina bhfuil an focal ‘ga’ nasctha leis an bhfocal ‘sciath’, ar thagraíomar dó níos luaithe.
Ach ní mar shaor cloiche a shamhlaíonn Liam é féin i gceann de na dánta aige anseo, ach mar Ghualadóir. ‘Mairim san oíche’, a deir sé, agus leanann sé air:—
Soilsím an dorchadas mór,
mo lóchrann gualadóra
daingnithe dem chloigeann. (lch 93)
‘Gríosach’ atá mar theideal ar dhán gairid leis ina ndeir sé:—
Séideadh fada saoil seo na gríosaí
fuar mar cheird:
séideadh spréiche
ina tóiteán
amháin is fiúntas. (lch. 94)
Sa dán ‘Planda Leochaileach’ (lch 99), deir sé go bhfásann sé prátaí a bhriathar ina ndánta leochaileacha, agus iarrann sé ar an léitheoir a ‘gharraí dóchasach’ a chosaint ar an sáile agus ar ghaotha.
Iar-Bhráthair, iarmhúinteoir, iarléachtóir agus iaraistritheoir is ea Liam, ach scríbhneoir ba ea é i gcaitheamh na mblianta sin go léir. Tá na hiar-anna sin curtha laistiar de anois, agus is scríbhneoir lánaimseartha iarbhír atá ann. Agus táimid go léir ag súil le saothar mór próis uaidh go luath, an saothar a bhfuil sé ag gabháil dó ó d’fhág sé slán ag Rannóg an Aistriúcháin. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom casadh a bhaint as a ndeir Liam faoina bhráthair-éigeas Conleth Ellis, agus focail Liam i leith Chonleth a chur i leith Liam féin: Mar fhile atá ‘tar éis cleas casta an tsúgáin teanga a imirt air féin amach as teach áirgiúil an Bhéarla tá aitheantas a ionracais ag dul’ do Liam Prút.
Fógraím an leabhar seo seolta, agus tréaslaím é, ní hamháin le Liam, ach lena bhean chéile Siobhán leis, arb í a dhear an clúdach. Tréaslaím é, chomh maith, le Pádraig Ó Snodaigh agus lena mhacsan, Feargus, Coiscéim, a d’fhoilsigh. Nára fada go mbeidh an chéad saothar eile againn ó Liam.
Tagairtí:
11> Tá dán an-bhreá ar an ábhar seo in An Dara Bás agus dánta eile le Pádraig Mac Fhearghusa.
21> ‘Mícheart’ an bhrí atá le ‘cam’ i dteideal an dáin thuas.
31> Lch 87.
Feasta, Iúil 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|