Dánta
le Siobhán Ní Fhoghlú
(Recte: Nic Gabhann)
Baile na hInse
An gcloiseann tú é,
an ceolaire,
faoi ghiolcach is saileach,
ach an gcloiseann tú?
Seolta móra glasuaine,
puchóideach ar bhruacha
na habhann móire,
dorcha an t-uisce
faoi scalladh gréine,
donn, ór-dhonn,
ach an gcloiseann tú é,
a cheolán mín faoi cheilt duilliúir,
an ceolaire?
Mám
Isteach gabhal na Máma
gabhal sléibhe
amhail cairleog mhná —
méith, mealltach.
Cén t-iontas gur bandia í
an tír, is fir na dúiche
dá hiarraidh,
lámh acu ar an dá mhám
is uisce sa chlais
Ó leac Aimhréidh
go dtí an Aill Dhubh,
coire is cíoch — gealladh.
Intinn Chonamara
Briseann intinn Chonamara
aníos tré phortach
is uisce glé-ghloine,
smaointe bána ar snámh —
péire, nó scaití,
ealta mór giodamach.
Corraíl is cumhacht na hintinne
le braith
san athrú ar a dromchla dorcha,
ó ghlé-ghorm go dubh-ghloine,
ón tsocracht go dtí an buile.
Líne amhráin im’ chloigeann seasta,
loinneog timpeall is timpeall ag casadh,
is ó bhruach portaigh
teangbháil bheag beag
le cuisle na h-intinne sin:
Is nach deas an rud eala,
nuair a d’fheictí ar snámh í’
— ar intinn Chonamara!
Feasta, Iúil 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo