Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Níl sé ach cúpla mí ó bhíomar ag cur dínn anseo faoin nós atá againn, fiú an taitneamh a bhainimid as a bheith ag déanamh beag is fiú dínn féin. Ár ndrochstaid eacnamaíoch a bhí á phlé againn ag an am. Tá racht eile féinsciúrsála ar bun againn faoi láthair, ach ní mór a admháil láithreach bonn gur mó go mór atá sé tuillte againn an iarracht seo.
Tuarascáil Uí Riain atá i gceist anois, faoin mí-úsáid a tugadh do pháistí i scoileanna saothair a bhí faoi chúram bráithre agus mná rialta, ach gurb é an Stát a leag an cúram sin orthu i dtús báire. Tá an tuarascáil scanrúil go maith.
Fiú más féidir a argóint, más go maolchluasach féin é, gur drochghnó é a bhaineann le ré atá thart agus nach bhféadfadh a leithéid tarlú anois, tá sé soiléir ar go leor cúiseanna nach miste ar aon chor go mbeadh an scéal fiosraithe go hoifigiúil, agus go háirithe go mbeadh an mhí-úsáid léirithe agus curtha ar taifead go hoifigiúil. Ní hamháin go mbeadh faoiseamh éigin ann do na daoine a d’fhulaing faoin gcóras, ach is cinnte go bhfuil go leor le foghlaim ag an Stát féin, ag an Eaglais Chaitliceach, agus mura miste é a rá, ag an gcuid eile againn. Pé amhras a bhí orainn faoin a raibh ar siúl ag an am níor osclaíomar ár mbéil.
Ar ndóigh tá fhios againn cad a tharla. Aon ní a bhí faoi chúram na hEaglaise, ní raibh an Stát ná aon duine eile againn chun é a cheistiú. Tá fhios againn anois leis go raibh dleacht na hEaglaise ró-uilechoiteann, agus ní an gnáthphobal amháin a bhí i gceist ansin. Cuimhnigh, nuair a bhí argóint idir an Rialtas agus an Eaglais, tráth a raibh córas sláinte do mháithreacha agus leanaí i gceist thart ar seasca bliain ó shin, go ndúirt Taoiseach na linne, Sean Ó Coistealbha, nach raibh aon leisce air treoir na hEaglaise a ghlacadh maidir le ceisteanna dá leithéid. Nárbh amhlaidh dúinn go léir!
Sa deireadh níorbh é leas na hEaglaise lútáil seo an Stáit ná an phobail, agus tá a rian sin le feiceáil go forleathan faoi láthair. Ní bheidh cúrsaí mar a bhí go deo arís ón taobh sin de. B’fhéidir nach miste é sin ach oiread.
Céard atá le déanamh anois mar sin? Tá cúiteamh le déanamh leis na daoine a d’fhulaing gan amhras, agus ba chóir é sin a dhéanamh ar bhealach ina mbeadh cothromaíocht ceart idir cion an Stáit agus cion na hEaglaise. Nach leor de bhuille é i gcás na hEaglaise a bhfuil léirithe sa tuarascáil seo gan cáil na cníopaireachta a thuilleamh dóibh féin freisin. Ní gá dúinn dul thar fóir leis an sciúrsáil úd ach oiread. Is nós míthaitneamhach agus míthairbheach é.
|