Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

I ndiaidh na dToghchán
le Seán Ó Loingsigh


Más é Garrett éarlamh an pháirtí agus é ag druidim anonn sna blianta,… tá Ó Cionnaith teann go leor anois mar cheannaire chun neamhaird a dhéanamh d’eiriceacht den chineál sin.

****************

Tá an réabhlóid pholaitiúil a bhí ag bagairt orainn beagnach le bliain anois tar éis tarlú. Tá an bhiaiste mhór toghchánaíochta thart agus tá an saol athraithe. Má deirtí gurb é Fianna Fáil an páirtí arb é a dhual an tír seo a rialú, mar atá amhlaidh, a bheag nó a mhór, le beagnach ceithre fichid bliain, ní mar sin atá feasta. Is é Fine Gael an páirtí is mó sa tír anois agus ní gá a bheith in amhras ná go mbeidh siad ag súil go ndeimhneofar é sin nuair a ghlaotar olltoghchán, pé luath nó mall a tharlaíonn sé sin.

B’fhéidir dúinn, ar ndóigh, a bheith ródhrámatúil, nach bhfuil i gceist ach cor beag sa saol polaitiúil, agus go bhfillfidh daoine ar an ngnáth agus ar na seandílseachtaí nuair a bhíonn a racht ligthe acu. Leis an fhírinne a rá ba dheacair a bheith ag brath ar sin. Is é an baol atá ann d’Fhianna Fáil ná go bhfuil an múnla briste agus nach mbeidh sé éasca ar aon chor é chur le chéile arís.

Agus ina theannta sin ar fad, tá an ruaig curtha ag Éanna Ó Cionnaith ar a naimhde agus ar lucht an amhrais. Tá Seoirse ar a ghualainn aige agus é beag beann ar lucht an doichill. Féach mar a thug sé leadhb dá theanga do Frank Flannery, nuair a bhí de dhánacht ann a rá go bhféadfadh Fine Gael dul ag margaíocht le Sinn Féin, dá mba ghá sin chun dul i mbun rialtais, agus is maith is eol dúinn go ndéanfar é sin gan cheist más den riachtanas é.

Ní hamháin sin, ach d’fhéadfadh ceannaire Fhine Gael beag is fiú a dhéanamh de ráiteas Gharret Mhic Gearailt nuair a dúirt sé sin go mba cheart tacaíocht a thabhairt d’Eoin Ryan sa toghchán don Aontas Eorpach.

Más é Garrett éarlamh an pháirtí agus é ag druidim anonn sna blianta, mar atá go leor eile againn, tá Ó Cionnaith teann go leor anois mar cheannaire chun neamhaird a dhéanamh d’eiriceacht den chineál sin. Ach a leithéid d’iontaoibh, de shotal fiú!

I ndáiríre bhí fhios ag madraí an bhaile go raibh bascadh i ndán d’Fhianna Fáil. Ní raibh i gceist ach cé chomh dona agus a bheadh sé. D’fhéadfadh an scéal a bheith níba mheasa acu. Gan amhras deineadh scrios orthu i mBaile Átha Cliath, ach ní bheadh siad ag súil lena mhalairt ansin. Ba dhóigh leat ar uairibh go síleann Fianna Fáil dá n-ainmneodh siad asal mar iarrthóir go vótálfadh daoine dó.

Bhíomar ag tagairt anseo mí ó shin d’ainmniúchan deartháir críonna an iarthaoisigh Ahern mar iarrthóir i mBaile Átha Cliath Láir, nuair go bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh treo nua ar fad i gceist agus go mbeifí ag cur in iúl go raibh deireadh leis na seanlaethanta — na drochlaethanta i súile go leor daoine.

Ansin i mBaile Átha Cliath Theas, nach féidir go raibh doicheall ar dhaoine vótáil d’fhostaí sa Bhanc Angla-Éireannach, cé nach raibh an Braonánach óg ciontach in aon bhealach sa mhí-iompar a bhí ar siúl sa bhanc sin. Is é an fhírinne go bhfuil sé ag dul dian ar Fhianna Fáil teacht ar iarrthóirí maithe. Fiú i dtoghchán an AE, bhí an míthreo céanna le brath nuair a ainmníodh Pat an Chóp Ó Gallchóir san Iarthar ag an nóiméad deireannach.

Is fear é an Cóp a bhfuil seirbhís nach beag tugtha dá thír agus dá pháirtí aige. B’ionadh mura mbeadh sé ag súil le sos a ghlacadh. Ach is cosúil nach raibh a mhalairt d’iarrthóir ag a pháirtí a sheasódh dóibh in iarthar na hÉireann.

Bheadh fadhb ag aon pháirtí a bheadh i bhfeighil rialtais sa tír seo i láthair na huaire, ach tá fadhb eagraíochta ag Fianna Fáil de bhreis air sin ar fad. Tá fuil nua go mór de dhíth orthu. Ní hé ach oiread go bhfuil a lán ama fágtha acu, má tá i gceist acu dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Níl, mar a déarfá, an phrognóis go maith.

Gan amhras, ní hé an fhadhb eagraíochta an t-aon fhadhb, ná fiú an ceann is mó. Má tá roinnt de na saineolaithe ag rá linn go bhfuil geamhar ag gobadh aníos anseo agus ansiúd sa bhfásach eacnamaíoch tá fadhbanna ollmhóra airgeadais le réiteach ag an rialtas. Ta buiséad eile rompu amach, a bheidh gach pioc chomh dian leis an gceann deireanach, murar mhó ná sin é. Sa chomhthéacs sin ní bheidh sé éasca na Glasaigh a choinneáil ar bord. Ní féidir nach mbeidh siadsan ag éirí corrathónach tar éis an scrios a deineadh orthu sna toghcháin. Is maith is eol dóibh céard a tharla do na Daonlathaigh. Beidh siad ag lorg faoiseamh éigin a bhféadfadh siad maíomh as. Cá mbeidh a leithéid sin le fáil?

Chun filleadh ar an bhfreasúra, más fíor go bhfuil rith an ráis le Fine Gael agus leis an Lucht Oibre tar éis na dtoghchán, níl bóthar réidh rompu go fóill. Níl siad cinnte ar fad cathain is fearr a oirfeadh dóibh olltoghchán a bheith ann. Tá a bpolasaithe, fad a bhaineann siad leis an ngéarchéim eacnamaíoch, míshoiléir go leor, agus ar ndóigh, níl an dá pháirtí ar aonfhocal maidir le conas is fearr dul i ngleic leis an ngéarchéim. Táimid ag súil le ráiteas tábhachtach go luath ó George Lee faoin gceist seo.

Gan amhras tá ceart agus bonn le hionsaithe an fhreasúra ar an rialtas, agus ar Fhianna Fáil go háirithe maidir leis an drochstaid ina bhfuil an tír faoi láthair. Ach níl siad féin gan cháim ar fad. Is cuimhin linn roimh an olltoghchán deireanach go rabhamar ag gearán anseo faoi gheallúintí a bhí á dtabhairt ag páirtithe Fhine Gael agus an Lucht Oibre maidir le laghduithe cánach agus méadú caiteachais. Mar is eol dúinn a mhalairt a bhí riachtanach. Séard is mó a bhí ag cur as dúinn ná go silfeadh siad gur chóir dóibh seasamh lena ngeallúintí dá mbeadh siad i rialtas. D’fhéadfaí brath nach mbeadh oiread leisce ar Fhianna Fáil a ngeallúint a bhriseadh!

Ach an méid sin ráite níl aon amhras ná go bhfuil sruth agus taoide le Fine Gael agus leis an Lucht Oibre araon faoi láthair. Gan trácht ar aon chor ar an míthreoir atá ar Fhianna Fáil, ba dhóigh leat nach raibh i gceist ach an mbeadh siad i dteannta a chéile sa chéad rialtas eile. Nach aisteach mar sin féin gur bhean scothaosta, nár dhóigh leat go raibh an oiread sin aithne uirthi, a thug an suíochán léi i mBaile Átha Cliath Láir. B’fhéidir gur cás eisceachtúil é sin, ar ndóigh, agus gur mó a bhaineann sé leis an meas ar leith a bhí ar Tony Gregory sa toghlach sin.

D’éirigh go maith leis an Lucht Oibre sna toghcháin a bhí againn anseo, ach i gcoitinne d’éirigh go dona le páirtithe na heite clé ar fud na hEorpa i dtoghcháin an AE. Conas é sin? D’fhéadfaí a bheith ag súil gur a mhalairt a tharlódh. Nach iad polasaithe na heite deise a d’fhág an eacnamaíocht san fhaopach ina bhfuil sí i ngach tír san Eoraip. B’fhéidir i gcás ár Lucht Oibre anseo nach bhféachann an pobal orthu mar pháirtí den eite chlé a thuilleadh.

Tá an dara reifreann romhainn maidir le Conradh na Liospóine. Bí cinnte nach mbeidh aon fháilte ar aon chor roimhe ag an rialtas anseo. Tá go leor eile ar a bplátaí acu faoi láthair. Mar sin féin caithfidh siad crot níos fearr a chur orthu féin ná mar a bhí orthu an uair dheireanach. Is cosúil, de réir na bpobalbhreitheanna, go bhfuiltear ag súil go nglacfar leis an reifreann an iarracht seo. Níor mhaith leat aon gheall mór a chur air. Tá an pobal anseo chomh guagach agus chomh corraithe sin faoi láthair nach bhfuil sé éasca deimhin iomlán a dhéanamh dá n-intinn. Tá míshuaimhneas san aer agus tá daoine míshásta.

Ní luann aon duine fós ceist na n-eisimirceach agus go bhfuil daoine, go háirithe iad sin atá díomhaoin, ag éirí naimhdeach leis na daoine bochta sin agus go bhfuil milleán á chur acu ar rialacha an Aontais. Ceist leochailleach í, ach ní haon leigheas neamhaird a dhéanamh di, nó a bheith ag ligint orainn nach bhfuil a leithéid de cheist ann agus beidh tionchar aici lá na vótála.

Agus bí cinnte go bhfuil impleachtaí ag an aeráid nua pholaitíochta, an réabhlóid pholaitiochta sin a rabhamar ag tagairt dó níos luaithe, dár dteanga bheag féin. Má bhíomar ag brath ar dhea-thoil Bhriain Cowen, b’fhéidir nach leor dúinn é sin a thuilleadh, agus go mbeidh sé riachtanach dul i bhfeidhm ar dhaoine eile.

Céard atá i ndán anois do na pleananna úd don Ghaeilge a rabhamar ag caitheamh oiread sin ama leo. Tá a lán le plé sna míosa atá romhainn.

Feasta, Iúil 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais