Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Maidin na Bainise


le Seán Ó Ceallaigh




D’fhéach Máire amach an fhuinneog. Bhí meathsholas mhí na Samhna ag soilsiú chuile áit lasmuigh agus laistigh. Ba léir di saigheada na báistí ag baint gliogair as na locháin bhréana uisce a bhí fanta ar uachtar mhíchothrom na sráide feirme idir í agus an chró bó is chapall a bhí ar aghaidh an tí amach.

D’fhéach sí timpeall an tseomra mar a raibh an taisleach ag brú ar an doicheall, ag iarraidh a aghaidh mhíchumasach a fháisceadh anuas ar ghile an aoldatha. Bhí a máthair éirithe le cúpla uair an chloig. Ba chlos í ar fud na cistine thíos, í uaireanta ag cur a ladhair isteach san allagar cainte idir í agus a hiníon Bríd, a thagadh go faon tríd an doras dúnta.

B’é seo lá a bainise. Lá a raibh dúil a croí istigh ann le trí nó ceathair de bhlianta, ón am ar snaidhmeadh grá agus cairdeas idir í agus Búrcach Chill Choilm. Chuimhnigh sí ar an lá breá gréine samhraidh trí bliana roimhe sin, í ina suí ar an gclaí ag an gcrosbhóthar in éineacht le muintir de Bhál, nuair a chonaic sí chuici i leith an bóthair an fear breá scafánta, maoile beag air a scéithfeadh téaltú na hóige uaidh, ach fós ceannacha a léirigh oscailteacht agus macántacht aigne a mheall go mór í.

Bhí sí féin agus Seán de Búrca tar éis castáil ar a chéile go minic roimhe sin, eisean ina cheannaire ar bhuíon bheag d’óglaigh áitiúla, ise ag eagrú damhsaí ina teach, mar go raibh a máthair ina ceoltóir consairtín. Ba ócáidí deasa simplí iad a chuireadh le ciste na briogáide áitiúla agus ag an am céanna, a ghin grá dá chéile i gcroí fear is ban. Na daoine óga ag cogarnaíl cois an drisiúir nó iad ina sleasluí ar an settlebed, ach iad faoi shúile géara na muintire cois teallaigh.

Ba mhinic a dúradh le Máire i modh ghrinn, go raibh bearna aoise ró-mhór eatarthu, go mbeadh Seán de Búrca faoi ualach dathacha agus pianta cnámh dá mba bheo dó agus ise fós ina bean chumasach ainneoin í bheith faoi ualach oibre agus páistí, gan trácht ar ghéilleadh don mheas iomarcach a bhí ag na Búrcaigh orthu féin, fiú muna raibh an meas céanna ag an bpobal orthu. Nach raibh duine de na cailíní sna mná rialta, an té ba dhathúla orthu, ach leis na cochaill éadaí uilig a bhí uirthi, ní bheadh fhios agat ar tháinig feabhas nó a mhalairt uirthi i gcaitheamh na mblian. Bhíodh meangadh glé aici do chuile dhuine, ach os a chionn sin, bhí stánadh géar ceisteach na mBúrcach aici a chuireadh drithle ionat, ag meabhrú duit go raibh easnamh ort i ngan fhios duit.

Ach ba dhaoine macánta iad ina dhiaidh sin. Ní dheinidís cúlchaint ar dhaoine, bíodh is nár mharaigh sé sin éinne. Thabharfá an leabhar gur daoine móra le rá iad, ach fós gan iontu ach clann feirmeora, iad bocht cosúil le chuile dhuine eile, ach nach rabhadar cosúil le chuile dhuine eile ina meon. Bhí dúil iomarcach san oideachas acu agus i ndul chun cinn sa saol. Bhí duine díobh ag múineadh scoile san Astráil, duine eile i Sasana, fear eile sna ‘Peelers’ sa Tuaisceart. Thugadh sé a bhean abhaile ón tuaisceart ar saoire, ach sheachain chuile dhuine í, toisc gur labhair sí Béarla aisteach nár thuig éinne. Dúradh go mba dhuine deas í.

Ach bhí geocach amháin sa teaghlach, Donncha, nár theagmhaigh fíor na maitheasa leis riamh ach é ag codladh cuid mhaith den lá agus ag cothú achrainn istoíche, é ag éisteacht ag cúl doirse tithe na gcomharsan agus ag insint dóibh lena mbéal cén drochfhocal a bhí acu dó féin agus dá theaghlach. Is minic a chuir an nós seo faobhar ar theanga mhná na gcomharsan, agus ní annamh a chuir in adharca a chéile iad. Muna bhfaighfí sásamh as an gcaint chuirtí na fir i mbun doirne sa chaoi is go mbíodh srón ar sceabha, súile dubha agus léinte fuilteacha mar údar gáire sa chomharsanacht go ceann tamaill.

D’fhéach Máire amach ar an maidin ghruama Samhna a bhí ag doirteadh báistí, na locháin múin is caca iompaithe ina leacht dhonn agus é ag seoladh leis soir an tsráid i dtreo theach na gcomharsan a bhí buailte leo, é suite fiche troigh níos ísle ná iad.

Bhí cúpla uair an chloig ann sular ghá di a bheith réidh don bhainis sa séipéal gruama dhá mhíle sall an bóthar. Ba chuimhin léi go géar mar a mheabhraigh a máthair di cúpla bliain roimhe sin nach mblifeadh an grá an bhó is nach gceannódh sé mála plúir a shásódh an bolg folamh. Céard a bheathaigh an grá riamh ach cochall na díchéille a d’imeodh ina ghal soip ar an gcéad bhearna bhaoil.

‘Tá fhios agat go maith nach féidir dul i gceannas ar theallach gan spré. Ní dhéanfainn é. Nach bhfuil sé ráite ag Seán liom go gcaithfear spré 200 punt a thuilleamh dá mhuintir sular féidir pósadh.’

Ba rí-léir di dúil do-shásta a máthar san airgead ainneoin nach shin a dúirt sí.

’Ó mhuise, cé thabharfadh airgead do na donáin sin a bhíonn i gcónaí ag magadh faoi dhaoine macánta. Ba chóra dhuit dul go Sasana agus airgead a chur abhaile chugainn chun slacht a chur ar an áit. Féach ar na Riadaigh agus cuma na maitheasa orthu tar éis Shasana….

‘Ó stop, a Mhaim, as ucht Dé, nílim ag dul go Sasana ar mhaithe leat ná na comharsana. Tá mo shaol féin le réiteach agam.’

Bhí fhios aici ná féadfadh sí dul go bun an angair leis an máthair san argóint, mar go spíonfadh funneamh an chantail agus gabhlóga na hargóna iad araon. Bhí fhios aici go raibh a máthair ag coraíocht leis an mbochtanas le blianta fada agus í go haonraic ag tógáil clainne ón uair a fuair a fear céile bás i dtimpist ag an gcrosaire amuigh, tráth a raibh sé ag filleadh abhaile ón mbaile mór. Ise istigh ag fanacht nó go bhfillfeadh a fear céile….

Ach is ar thrucail comharsan a tugadh isteach é, caillteanas a réabfadh a croí is a stuaim nó go ndeachaigh sí san uaigh. Thuig Máire nárbh fhéidir sárú ar olagón na baintrí in argóint ar bith agus d’fhág sí an focal deireanach ag a máthair.

Ach níorbh fhéidir bheith faoi scáth taibhsí na haimsire i gcónaí, ainneoin go mba trom a scáil. Bhí ar Mháire seasamh ar a son féin ainneoin ghuaiseanna an tsaoil mar a samhlaíodh do dhaoine eile iad.

Ba chuimhin léi go glé an tráthnóna álainn Samhraidh, sula ndeachaigh sí go Sasana, a raibh sí féin agus Seán ag siúl leo go mall ón gcrosaire i dtreo an ghleanna. Í féin faoi dhraíocht ag an uain agus fós eaglach ina croí roimh an saol úr a bhí ag oscailt roimpi. Níorbh é méid an airgid a chuir snaidhm ina croí arae bhí fhios aici go gcloífeadh a hóige is a misneach agus a hacmhainn oibre an bac sin. Bhí aoibhneas na huaire in éineacht lena grá geal ag líonadh a croí. Nárbh fhiú cora crua Shasana is Mheiriceá araon chun an t-aoibhneas seo a bhuanú.

‘Gabhfaidh mé go Meiriceá,’ ar sise, ‘Tír an airgid, tír an tsonais.’, ar sise le fuinneamh is le díocas. D’fhéach Seán thar ghualainn Mháire agus chonaic i súile a aigne aghaidh dhorrga mhacánta a athar agus aghaidh spíonta phleisiúrtha a mháthar, iad ag díospóireacht faoin bpósadh, a athair ag áiteamh go réidh nár mhiste dóibh bogadh go dtí an fheirm bheag eile a bhí acu ar an taobh eile den chnoc, ise ag éagaoin na scarúna ón tinteán lách ba thearmann dá sinsir ar feadh na nglúnta siar. Ach bhí na fiacha le glanadh, bhí géarghá le hairgead, níorbh fholáir glacadh leis an bpósadh dá dhonacht an toradh.

Tháinig scamall mór ag scuabadh thar urlár an ghleanna a chriog áilleacht na tíre ar feadh ala. Chasadar arais i dtreo an chrosaire.

‘Gabhadh sí go Meiriceá’. Focail te dúshlánacha. Ach b’éasca é rá ná é a dhéanamh. B’éigean di dul go Sasana ar dtús chun airgead an phasáiste go Meiriceá a thuilleamh. Chuaigh sí i gcomhairle le Riadaigh an Chrosaire, óir bhí seanchleachtadh acu san dul ar an mbád go Sasana agus níos fearr fós bhí postanna acu sna hospidéil meabharghalair thall, ceann Salisbury go háirithe, a mbíodh triall ag an-chuid Éireannach orthu. Chuir méid an ospidéil alltacht uirthi agus, ar ndóigh, fíochmhaireacht na mban mire a d’fhéach faoina bhfabhraí uirthi go ceisteach mí-chéatach.

‘Níl dochar ar bith iontu, na créatúir’, a dúirt an Riadach mná léi, ‘Coinnigh do shúil ar do chúraimí agus ná tabhair aird ar bith orthu’.

Rud a rinne sí go dílis. Maidin amháin is í réidh le glanadh an bharda chas sí i dtreo an dorais chun imeacht nuair a ghreamaigh an bhean scafánta uirthi, stróic a gúna síos agus ghreamaigh a hingne ghéara i bhfeoil a brollaigh. Bhuaileadar araon an t-urlár de phleist, rud a bhain an anáil di ar feadh soicind. Chuaigh an buicéad uisce agus fearas glanta soir siar tríd an bharda agus scréach na mná mire in aird a cinn, rud a tharraing cúnamh láithreach. Tugadh í láithreach síos chuig an oifig mar ar cuireadh bail ar a créacht brollaigh agus fuair sí suaimhneoir mór Shasana, cupán tae. Scanraigh an eachtra sin í sa chaoi gur mhóidigh sí gur ghearr a réim sa phost seo, agus fuair sí post ag obair do theaghlach i dteach mór.

Thuirsigh sí de Shasanaigh lena gcaint drochmheasúil ar Éirinn agus Éireannaigh. Ghoill gruaim agus toitcheo Londain uirthi. Ba chuma chomh díograiseach is a d’oibrigh tú ann ba chomhdhuine tú leis an muc sa pharlús nó an mhuc sa chistin. Ba mheasa léi uaireanta a comharsana féin nach raibh ach cúpla bliain caite thall acu agus iad ag aithris ar an muintir thall, bíodh is nach raibh sé ach seal gearr ó scar siad féin ó bholadh na muice, má bhí san féin acu sa bhaile. Ach ní bheadh sí anseo go deo. Theann sí a béal agus d’oibrigh go crua nó go raibh go leor airgid aici a scoitheadh í ó Londain na gruaime agus a mhuintir stailceach mórluachach.

Thug sí aghaidh ar Mheiriceá ag lorg malairt fearainn agus malairt pobail agus gheal a croí. Anseo bhí saol difriúil, an ghrian ag spalpadh go síoraí shílfeá, bhí na sráideanna lán de dhaoine den uile dhath, síorchabaireacht agus gleo, iad ag deifriú go seasta chuig áit éigin eile. Bhí gile agus fáilte agus cuma na maitheasa ar an áit. Anseo bhí cuid mhór Éireannaach agus dearcadh difriúil acu ar an saol seachas a gcomhpháirtithe i Sasana. Fuair sí post mar chailín aimsire agus bheith istigh ó lánúin óg, agus bíodh is gur oibrigh sí go dian thuill sí meas a máistreása i ngearraimsir.

Bhí faoiseamh ag na Búrcaigh nuair a chuala siad go raibh sí imithe go Meiriceá, iad aireach ar fhaitíos go gcuirfí isteach ar a saol sómasach bocht, saol a bhí lán den chur i gcéill agus den bhréag-ghalántacht a ndeintí a pholladh ar uairibh ag corrlitir ag lorg glanadh ar fhiacha.

‘Ach nach daoine gránna gan tabhairt suas a d’éileodh a leithéid ar dhaoine macánta. Nach bhfuil fhios go dian mhaith go n-íocfaimid ár bhfiacha i dtráth?’

Ach i ndeireadh báire is é airgead Mheiriceá a ghlanfadh an náire dá smut, ach dá nglanfadh bhí cíos ar an neamhspleáchas. Bhí Máire ag éileamh go mbeadh teach glan ó dhaoine roimpi. Bheadh ar an sheanphéire bogadh leo go teach taobh thall den chnoc dá míle buíochas, agus bhí cailín le cur i gcrích, an té a b’óige, peata an teaghlaigh. Bhí an meascán sa choire ag borradh agus ag at.

D’fhéach Máire amach an fhuinneog, leisce ina cnámha chun tabhairt faoin gcistin, agus faoi theangacha géara a deirfiúracha, agus a máthar go háirithe. Uaireanta ba leor silleadh súl nó focal leathráite a raibh binib nimhneach ann chun an smaoineamh docharach a chur in iúl, rud nach raibh cleachtadh aici orthu le trí bliana go leith.

Chuimhnigh sí ar an tráthnóna álainn gréine is í ag glacadh scíthe san Ice Cream Parlour i Nua Eabhrac, a cosa nochta buailte go teann ar an urlár fuar, faoiseamh uilíoch ag snámh trína corp tar éis síorluail an lae, ceann de na huaireanta go mba bhreá léi bheith ar ais i gColg na Fine, nuair a chonaic sí an Ruarcach ag dul thar bráid tar éis oibre. D’aithin sé í ar an leathfhéachaint a thug sé isteach sa siopa agus chas ar ais.

Fear óg dáiríre ab ea é, agus bíodh is go raibh sé go síoraí ag obair, ní raibh dúil dá laghad aige filleadh ar an seanfhód. Aithne mhaith acu ar a chéile, comhaoisigh iad, bíodh is nár chomhpharóisteánaigh iad.

Bhíodh sé ag magadh faoi dhíograis Mháire, í ag tuilleamh is ag cnuasach is ag cur beartanna éadaí chun bealaigh don tseanmhuintir agus na múrthaí fáile rompu.

‘Ní bheidh lá buíochais ort, dá gcuirfeá leath na cathrach chucu’, a deireadh sé. ‘Déirc is ea é, ach déirc a choinníonn iad ina suí ar a dtóin. Blífidh siad gach sómas as taisce an imirceora agus nuair a ghabhfaidh sé sin i ndísc, sé an focal géar searúsach is túisce ar a dteanga.’

‘Pós mise’, a deireadh sé, ‘agus beidh teach teolaí dár gcuid féin againn anseo. Ná bac leis an mBúrcach agus Colg na Fine. Fág an seandream ag ruaigeadh an mhadra ón luaithe agus ag síorscuabadh an urláir ar fhaitíos go dtiocfadh cuairteoir nach dtagann riamh.’

Uaireanta thagadh cathú uirthi glacadh lena fhocal agus théidís amach corruair le chéile, ach ansan thagadh litir ó bhaile óna deirfiúr ag insint mionscéalta na comharsanachta di, faoi mar a bhí an Búrcach ar cuairt acu, a chairdiúla is a bhí sé, chomh hiontach is bheadh sé nuair bheadh siad pósta, iad i ngar dá chéile, ag cabhrú lena chéile: ‘Ó, a chroí istigh, nára fada uainn an lá’… thagadh maothú ar a croí, agus daingníodh ar an rún ina croí bheith ar ais arís ar an seanfhód.

Ina cheann sin, bíodh is gur aithin sí an dáiríreacht agus an meas i meon an Ruarcaigh, bhí a fadhbanna aici le saol Mheiriceá. Bhí a cosa dóite ó shíorshiúl na staighrí arda, ó na cosáin chrua concréite a shín na mílte i gcéin uaithi. A Dhia, níorbh fhéidir gurb í seo a cinniúint. Dá dhonacht Colg na Fine, agus a leitreacha neamhthorthúla snasta faoi sholas na gréine is na báistí, bhí dáimh aici leis an saol baile. Bhí a deirfiúr pósta sa tseanáit agus bíodh is go raibh a fear céile lán urranta, ní mó ná sásta a bhí an mháthair chéile leis. An iomarca daoine ag trasnú ar a chéile san aon phrochóg amháin, ach ba dhuine seiftiúil é. Cá bhfios ná go dtógfaidis teach cloiche ar thaobh an bhóthair i gcaitheamh na haimsire. Bhí daonnacht sa deirfiúr a mhaolaigh géarchéim na spairne. Bhí clann orthu agus bhí Dia maith.

Bhraith sí taise na maidne ag snámh ar a craiceann. Shuigh sí ar an leaba agus d’fhéach ar an gcathaoir ar a raibh a héadaí leagtha. D’fhéach sí ar an trunc mór snasta dubh ina raibh a cuid den saol tar éis di spré a íoc leis na Búrcaigh. An mbeadh clampar eatarthu? Mhóidigh sí nach mbeadh, mar go gcaithfeadh an tseanlánúin a bheith glanta as an teach sula ngabhfadh sí isteach. Ní fhéadfadh sí súile drochmheasúla na mBúrcach a fhulaingt gan éirí amach go fíochmhar ina n-éadan. Ní fhéadfadh sí foighneamh lena dtuairim sheafóideach go raibh táire le hobair láimhe, seachas obair intleachta i ngnóthaí an tsaoil.

Leag sí a lámh go muirneach ar an trunc ar a raibh snas Mheiriceá, ceardaíocht Mheiriceá, fiú an ghlas ornáideach óirbhréagach is an ealaín strainséartha ar a chúinní iomadúla, é as alt, buailte suas le balla maolscríbeach míchothrom an tseomra leapan. Ba shamhail é de shaol a bhí fágtha ina diaidh go deo aici, agus a raibh a chuimhne ag téaltú uaithi sna néalta báistí a bhí ag greadadh anois in éadan na fuinneoige ag freagairt d’athrú treo na gaoithe.

Briseadh ar a támhnéal aici nuair a buaileadh ar dhoras an tseomra. ‘Nach bhfuil tú éirithe fós? Tá an t-am á chaitheamh…, ná habair liom go bhfuil athrú aigne ort?’

Luigh a súile ar an trunc Meiriceánach gona bhréag órnáidí. Sheas sí, d’fháisc sí an gúna cóirithe uirthi agus thug aghaidh ar an gcistin.

Feasta, Lunasa 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais