Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Pearse Hutchinson: Poèmes

Pádraig Ó Gormaile & Bernard Escarbelt (eag.)




Paris. Presses Universaires du Septentrion. 136 lch. móide dlúthdhiosca. ISBN 978-2-7574-014-2. Praghas ?21 (clúdach bog).

Á léirmheas ag Simon Ó Faoláin


Is fiú filíocht a aistriú go Gaeilge ó theangacha agus ó thradisiúin liteartha eile. Samplaí maithe is ea na leabhair thrítheangacha de shaothair fhilí móra Gearmánacha ár linne atá aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock (Coiscéim) le blianta beaga anuas, agus dánta an chléirigh Sandinista Ernesto Cardenal, aistrithe ó Spáinnis go Gaeilge ag Tomás Mac Siomóin. Maidir leis an bprós, in ainneoin na mblianta, ní dóigh liom go bhfuil aistriúchán go Gaeilge léite agam a sháraíonn Don Cíochótae Pheadair Uí Laoghaire. Tá an scéal agus an greann tugtha leis chomh slán san gur ‘dhóigh leat gur scológa bochta ó Mhúscraí iad Sancho Pansa agus an ridire fáin...’, mar a deir Alan Titley.

Insteallann a leithéid fuil úr i litríocht na Gaeilge, rud atá de dhíth toisc í a bheith teoranta ó thaobh líon scríbhneoirí, agus ag eascairt as sin, easpa éagsúlachta meoin. Thairis sin, is gníomh muiníne agus idirnáisiúnaithe é filíocht Gaeilge a aistriú go teanga eile seachas an Béarla; is gnathaí aistriúcháin go Béarla ar mhaithe le lucht léite in Éirinn seachas lucht léite idirnáisiúnta.

Sa chás seo, tá instealladh Gaeilge á thabhairt do litríocht na hEorpa, agus is oiriúnach san, os rud é gur aistritheoir aitheanta ó theangacha Laidineacha na hEorpa é Pearse Hutchinson. An teachtaireacht ná gur fiú fós cluas le héisteacht a thabhairt dúinn, in ainneoin mionstádas ár dteanga.

Ar nós na ndánta, tá na réamhránna sa leabhar seo trítheangach. Tá fiúntas agus ábhar machnaimh iontu agus táid éagsúil óna chéile sa mhéid nach bhfuil an plé ceanann céanna sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus sa bhFraincis ar na hábhair céanna, cé go bhfuil roinnt i gcoitinne eatarthu, go mór mór idir an réamhrá Gaeilge agus an ceann as Béarla.

Sa réamhrá Gaeilge pléann Pádraig Ó Gormaile dúshlán agus bua an aistriúcháin mar cheird go soléite gonta, i bprós gur minic blas den fhilíocht ag baint leis ó thaobh na meafar fóirsteanach a úsáideann sé, m.sh. ‘Tá an t-aistriúchán ar deoraíocht ón bhun-téacs ach is deoraí iomlánaithe é ina chomhthéacs teangan nua.’

Is maith ann an dlúthdhoisca a théann leis an leabhar chun deis a thabhairt doibh san a léann an Béarla nó an Fhraincís ach nach bhfuil Gaeilge acu, chun go raghaidís i dtaithí ar fhuaim na teangan. É seo ráite, tá sé i gceist agam díriú isteach ar na bunleaganacha Gaeilge anseo, gan trácht a dhéanamh ar na haistriúcháin cheal spáis, agus toisc gur sna bundánta is mó a chuireas féin spéis.

Tús maith an chéad dán, ‘Aithrí Bhréige’, as chéad cnuasach Gaeilge Hutchinson, Faoistin Bacach, a foilsíodh i 1968. Dán é ar chaighdeán neamhghnách. Tá blas na mistéire uaidh, ach fós tá boladh láidir na fírinne. Cuireann an file romhainn anseo saghas forógra ar omna lárnach a fhealsúnachta: an fhilíocht mar mhalairt creidimh, slí eile chun ár ndaonnacht a fhorbairt seachas cloí leis an gCríostaíocht nó aon chóras ceartchreidmheach eile dá leithéid. Tá sé tábhachtach seo a bheith déanta i dtús báire ag Hutchinson, óir déanann sé a tharcaisne don gcóras Caitlicigh ríléir ar fud roinnt mhaith dá shaothar. Más scrupallach é mar fhile, déarfá go raibh air a chóras féinig a chur os comhair an léitheora, agus tá san déanta aige go neamhbalbh in ‘Aithrí Bhréige’.

Maidir le dearcadh an fhile ar cúrsaí creidimh, beidh cuid dá léitheoirí, an léirmheastóir ina measc súd, ag teacht le formhór a bhfuil ráite aige ar an ábhar, is beidh daoine eile ag diúltú dó glan amach. Toisc gur gnáth mothúcháin láidre ag daoine ar an gceist seo, gach seans go mbeidh tionchar as cuimse ag an ngné seo de scríbhneoracht Hutchinson ar a gceapann an léitheoir dá fhilíocht i gcoitinne.

Is cóir a mheabhrú gur scríobhadh mórán dá bhfuil anseo breis agus daichead bliain ó shin, tráth gur láidre ar fad an ghreim a bhí ag an eaglais Caitlicigh ar an tír. Tá mórán úafás ón tráth san tagtha chun solais ó shin, ach bhí Hutchinson ag cáineadh sotal, míthrócaire agus ansmacht an chórais nuair ba mhuirthéachtaí an té a dhéanfadh a leithéid. Is treise an uair sin a bhí na buafhocail a bhronann sé ar an dia Críostaí sa dán ‘Goimh-Racht Eile’, focail ar nós ‘rí na cailliúna’, ‘a bhacaigh na fírinne’ agus ‘a thrócaire féinspochta’.

Sna dánta fritheaglasta seo is minic a chítear an mhuinín sa daonnacht seachas sa naofacht, mar a léirítear in ‘Aithrí Bhréige’. Mar shampla, sa dán ‘Maitheamh’ níl an file sásta maithiúnas as pé éagóir atá déanta aige a iarraidh ar an sagart. Tá sé toilteanach, áfach, maithiúnas a lorg, ní hamháin ar ‘mo chomharsain... na daoine a ghoineas-sa’, ach anuas ar sin ‘ar an bhfear sa sagart’. Ar ndóigh, tá macalla anseo, i bhfios nó i nganfhios, den teagasc Caitliceach, .i. idirdhealú a dhéanamh idir an peaca agus an peacach.

Níos faide amach sa leabhar, i measc na ndánta a roghnaíodh ón gcnuasach Le Cead na Gréine (1989), pléitear an Críostaíocht go mion minic leis, ach i dtéarmaí níos casta i ndánta fada nach bhfuil chomh díreach ina gcáineadh, ach a fheidhmíonn mar leaganacha altéarnacha de shleachta as an mBíobla (‘Pietà’, ‘Iúdás Broinne’).

Tá sé deacair a thuiscint canathaobh go scríobhfadh duine nach gcreideann sa dia Críostaí a leithéid de dhánta fada casta, ina úsáidtear íomhánna ón mBíobla go cáiréiseach. Is cosúil go raibh an file ag iomrascáil lena chreideamh ar leibhéal éigin. Mar a deir Ó Gormaile sa réamhrá Béarla: ‘Pearse Hutchinson cannot help speaking against religion, but in a manner which suggests that he cannot do without it.’

Sara scaraim le cúrsaí creidimh, is tráthúil dúinn smaoineamh ar an mbille ar an diamhaslú. Séanann an rialtas go bhfuil impleachtaí tromchúiseacha leis maidir le saoirse cainte, agus níor labhair mórán scríbhneoirí amach ina choinne, cé is moite do Fred Johnston ón Western Writers Centre. Ach dá mbeadh a leithéid de dhlí i bhfeidhm sna seascaidí agus Hutchinson ag scríobh a bhfuil luaite anseo, nach mór an seans go mbeadh sé i dtigh na cúirte dá bharr? Ábhar machnamh measaim.

Dheineas tagairt níos luaithe don mhistéir i bhfilíocht Hutchinson; tá seo le braith sa dán ‘Neambuíochas’. Is dán símplí é ar an gcéad léamh, ach tá doimhneacht agus doiléire ag baint leis. Léiriú glé é ar lá breá, agus níos mó ná brí amháin leis, b’fhéidir, amuigh fén tuath; cur síos é ar thaithí agus mothúcháin a thuigfidh mórán, .i. an bealach a thiteann fallaing mhilis na síochána ar an aigne uaireanta gan choinne, agus an bhraistint, díreach chomh luath is a thagann an faoiseamh seo, nach bhfuil aon seans ann go mairfidh an grásta seo thar tamaillín gairid:
Dá bhrí sin d’fhan mé tamall san áit,
Mo dhá chos ag luascadh, mo shúile
Ag féachaint na feamainne gan tuiscint
In ainneoin a áilleachta faighim locht beag amháin ar an dán seo, áfach, go bhfuil líne eile leis na línte thuasluaite, ‘Ach níorbh í sin mo shíocháinse’, a chuireann rud in iúl latá tugtha le fios sa dán go hindíreach cheana féin.

Sna dánta ‘Neambuíochas’ agus ‘Soineann’ go háirithe, braithim teannas idir na tíortha grianmhara teo ar chaith an file blianta ina chónaí iontu agus fuacht fisiciúil, agus intleachta b’fhéidir, a thíre dúchais. Taispáineann an chodarsnacht idir an dá dhán réamhluaite go raibh an file, ag an tréimhse san dá shaoil pé ní, i bhfad níos compórdaí ina chorp is ina aigne sínte fén ngrian ó dheas.

Ábhar eile atá fé chaibidil sa chéad roinn den leabhar ná milleadh sonas agus saontacht na hóige, fad is bhímid ag glacadh áite mar dhaoine fásta inár sochaí. Sna dánta ‘Caisearbhán’, ‘Mar Nuacht’ agus dán a thaitin go rímhór liomsa, ‘Suas Leat!’, is soiléire a bhraitear é seo. Sa dán deiridh seo, tagann náire ar mheisceoir atá ag siúl ar bharr falla ar nós páiste, nuair a thugann sé fé ndeara go bhfuil garsún ag faire air. Tá gontacht iontach ag baint leis an dán úd agus é ar maos i gceol agus i ngreann.

Sa dara cuid den leabhar faightear i bhfad níos mó dánta cailliúna. Don chuid mó cailliúint carad atá ag tabhairt an fhéir fé ndeara an chumha, ach ar uairibh uaigneas i ndiaidh leannáin a bhíonn ann. I ‘Mionmarbhna’ labhrann Hutchinson le cara marbh, ag léiriú an fholúis a eascraíonn as an deighilt ait bhunúsach seo agus ár n-éiginnteacht fé nádúr an bháis. Mar seo a chríochnaítear:
...ní hionann ár mbréaga anois.
Doras dúnta ’gus n’fheadar
an tusa nó mise a fágadh
ag réabadh ’s ag creatharnú amuigh.
Sa dán ‘An tAnam a Phóg an Corp’, is cosúil go bhfuil íomha ón mbéaloideas, íomhá a bhaineann leis an mbás, á úsáid aige chun cúrsaí grá a phlé: an leannán a d’imigh i bhfoirm an anama a d’fhág an corp, agus an leannán tréigthe i bhfoirm an choirp mhairbh a d’éirigh is a rith i ndiaidh an anama. Tá an file ag tarraingt níos mó ar a bhéaloideas dúchasach sa chuid seo den leabhar.

Sampla eile is ea foirm an amhráin bréagaigh, amhrán comhdhéanta de ráiméis agus neamhfhéidearthachtaí a shíolraíonn ón tradisiúin sean-nóis. Ceann de bhuaicphoinntí an leabhar é an dán den teideal céanna. Tosnaítear le trácht ar an athbhreith mar airteagal lárnach an Bhúdachais agus ansan cíorann an file na féidearachtaí, nó na neamhfhéidearachtaí, a d’fhéadfadh eascairt as coincheapa na hathbhreithe agus karma, an choimhlint i dtuaisceart Éireann san áireamh:
cá bhfios nach dtiocfaidh ar an saol arís
ambasadóir ina rúnaí óg
ina cháilín...
clúmh agus tarradóir ina bhean óg
i ngrá le saighdiúir gallda?
nó saighdiúir marfach aineolach
ina stailc ocrais,
ina bhró feamainne?
Sa líne deireanach faightear an dul thar fóir, i dtreo is go nochtar chomh hamaideach is atá bunús na coimhlinte úd agus gach coimhlint dá leithéid.

I measc na ndánta duarca agus dáiríre sa tarna roinn tá, gan amhras, rannta níos éadroime gealgháirí leis. Is léaró geal gleoite é ‘Meantán Mór’ ina ndéanann an file léiriú ar an bhfaoiseamh aigne dothuigthe is féidir teacht as a bheith ag breathnú ar éan beag:— ‘Thánas ar thóir na síochána, / ar do thóirse dá mba eol dom é / ’s an dá lá níor chlis tú orm…’.

Seo rún, ar ndóigh, a cheiliúir na filí riamh anall: windhover Hopkins, Gwylan Dafydd ap Gwilym agus Lon Doire an Chairn na Féinne. Ar thaobh na gréine arís, mar chríoch leis an tarna cuid den leabhar, is ramsach rabairneach an dán é ‘Nár mhéanar é,’ lena íomhá de na leannáin lomnochta ar a ngluaisrothar ag faoilleáil trí Pháirc an Fhionnuisce lá breá. Ní fhéadfainnse an dán seo a léamh gan an pictíur iontach le John Byrne a cuireadh taobh leis an dán sa Leabhar Mór teacht os comhair mo shúl, é lán den ghairdeachas agus den ghraostacht chéanna a fhaightear sa dán féin.

Tá an triú agus an ceathrú roinn i bhfad níos giorra ná an dá roinn tosaigh, toisc nach raibh an file ag scríobh mórán i nGaeilge le fiche bliain anuas, b’fhéidir. Sa triú chuid tá dhá dhán ar leith. In ‘Bratach’ díríonn an file súilaibí a rosc ar ghluaisteán de chuid na nGardaí Síochána, maisithe le bratach impiriúil an leoin dheirg agus é suite fé bhratchrann ar a bhfuil an trídathach ar foluain. Le seanbhlas, cuireann sé ceist atá chomh mór le hábhar inniu is a bhí breis agus scór bliain ó shin:—
N’fheadar cén boc bréag-mhór,
cén job-creator draíochta mór-le-rá,
a bhí ’nár measc an lá sin cúig
bliana ó shin ’s do thuill
ómós na brataí náisiúnta
Is amhlaidh fós nach bhfuil gné ar bith dínne ná d’ár gcultúr, fiú suaitheantas an stáit, nach ndíolfaimis chun cúpla jab sealadach a mhealladh ó chomhlacht ilnáisiúnta éigin, agus ambaiste, dá bhfaighfí pingin sa bhreis d’fháiscfimis hataí dayglo lúchorpáin ar ár gcloigne chun an margadh a dhaingniú!

I measc na ndánta atá tiomnaithe do chairde sa chnuasach seo sé ‘Sneachta i gCuach Airgid’ is mó a thaitin liomsa. Anseo, ar an dul céanna le ‘Aithrí Bhréige’, tosnaíonn Hutchinson le híomhá ón traidisiún Búdach. Cuireann sé an t-árthach áirithe i gcodarsnacht le gné de ghnéithe suaracha a shaoil, .i. babhla gloine bréag-ómra lán siúcra agus spúnóg airgid a ghoid a chara ó óstán ina sheasamh ina lár. Is turas é an dán seo, an mhír ag athrú go minic ann, agus tagairtí déanta ann a bhféadfaí dán iontu féin a dhéanamh díobh, m.sh. mar a dhíol an file spúnóga airgid a mháthair ‘ar ór bocht gránna’.

Is sa roinn deireanach den leabhar, nach bhfuil ach ceithre dhán ann, atá na caointe is fearr, dar liom. Siad seo ‘Alan’, ‘Máirtín ag Briseadh na gCloch’ agus ‘Foghlaim’, cé go mbaineann an dán deiridh níos mó leis an bhfile ná a chara atá ag saothrú an bháis. Éiríonn níos fearr leis na dánta seo toisc an easpa maoithneachais iontu, toisc a ngontacht agus an tslí ina gcríochnaíonn siad go léir le casadh nó íomhá fíor-láidir.

Bhreathnaíos air / is é ag foghlaim an bháis. // Bhí an fhoghlam sin / á foghlam agamsa / dá bharr. / Tá fós. // Níl sé ró-éasca, / ach níl sé ró-chrua; / seans go n-éireoidh sé, / lá des na laetha seo, / crua go leor. (‘Foghlaim’).

Is iontach an seoladh isteach ar shaothar Pearse Hutchinson an leabhar seo do dhaoine mar mise atá ró-óg chun a dhá bhunchnuasach Gaeilge a bheith ceannaithe acu. Tá forbairt na ceirde le feiscint, achoimre é ar shaol atá caite leis an bhfilíocht. Dúirt an léiritheoir ceoil cáiliúil George Martin, agus é ag trácht ar chumadóireacht na Beatles, gurb é McCartney an ola olóige a mhaolaigh sú liomóide Lennon. I gcás Hutchinson is aige féin atá an binneas agus an searbhas araon. De réir mar a léitear tríd an leabhar seo is léir go raibh sé ag dul i dtaithí, diaidh ar ndiaidh, ar conas iad a mheascadh chun barr éifeachta a bhaint amach.

Feasta, Lunasa 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais