Dánta
le Mícheál Ó Beigléinn
Gan Codladh go Gaillimh
Na crainn cromtha,
fásra glas
lasmuigh den fhuinneog,
feictear,
ar bhus, go bhfuil an bóthar
ró-thanaí,
rian na Slí Móire,
agus
gan codladh go Gaillimh –
liosanna i lár tíre
gach taobh
ar lá Meithimh, agus
comharthaí dátheangacha
os mo chionn,
gan codladh go Gaillimh –
an féar sa dorchadas,
is ansin Supermac’s
i mbaile liath éicínt,
soilse ar an spéir,
ar na scamaill gríosacha
i bhfad, agus
gan codladh go Gaillimh
Lá Bealtaine, thar Sáile
B’fhearr na rainn a chumadh
agus tuirse ort, easpa suain
nó go dtiocfadh aislingí sa dúiseacht,
nó, mar a déanadh roimh éag do Mhongán,
riamh i seomra dorcha
ag déanamh aithrise ar chodladh aríst,
nach dtagann –
cuardaíonn tú leabhar nótaí,
láithríonn buidéal beorach,
teilifíseán ar ‘MUTE’,
cat i bhfuinneog trasna na sráide
ag breathnú ort
trí theas tiubh an tráthnóna:
tine tine
Fuisce
Úscra na darach
sa leacht ómrach seo,
agus ólaim
Ollamh
Nuair a bhíos i mo leanbh
b’é an séasúr ab fhearr liom
ná an samhradh,
i mbliana
is é an t-earrach:
an méid sin peiteal
ar na bláthanna,
an méid sin bláthanna
ar na crainn,
an méid sin cleití
ar mo thuighean,
agus mise im’ Ollamh
Nóta Beathaisnéise
Déshaoránach Éireannach / Meiríceánach is ea Mícheál Ó Beigléinn, a raibh cónaí air i nGaillimh le bliain anuas. Foilsíodh a chnuasach Ancestor Worship (Salmon Poetry), meascán de dhánta Béarla agus Gaeilge, in 2007. Láithrigh sé in irisí mar Comhar agus Poetry Ireland Review, agus i ndíolaimí mar Go Nuige Seo (Coiscéim). Scríobh sé le haghaidh an nuachtáin Lá, tráth.
Feasta, Lunasa 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo