Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Foinse ar lár! - -

Is deacair gan a bheith in éadóchas faoin scéala go bhfuil Foinse imithe uainn agus nach eol dúinn an bhfillfidh sé, nó a leithéid eile de nuachtán, uair éigin amach romhainn. Fearacht an phobail uile, ní i ngan fhios dúinn atá géarchéim eacnamaíoch ann, ná ní hamhlaidh go síltear dúinn go bhfuil ceart éigin dobhogtha ann go dtiocfadh an Ghaeilge slán go huile ó chiorraithe atá ag luí ar gach réimse dár saol.

Ach cé déarfadh nach bhfuil tábhacht ar leith le nuachtán, go háirithe nuair gurb é an t-aon nuachtán é a bhí ag pobal na Gaeilge. Bhíomar ag brath air. Nuair a tháinig tuarascáil Bhord Snip Nua amach sea a thuigeamar cé chomh riachtanach a bhí nuachtán chun ár dteanga a chosaint.

Agus ní hamháin sin, cuireann an neafais lenar cuireadh deireadh leis an nuachtán alltacht orainn. Deirtear linn go mbeidh tairiscintí nua á lorg ag an bhForas chun a chomhionann de nuachtán a fhoilsiú. Cén fhad a thógfaidh sé sin? Go deimhin an féidir dúinn a bheith cinnte go dtarlóidh sé ar aon chor. Nach bhfuil sé mí-shásúil ar fad nach féidir córas a bheartú i dtreo nach dtarlaíonn briseadh mar atá i gceist, ag cur san áireamh an díomá agus míthreoir a bhaineann leis?

Thar aon ní eile, b’fhéidir, céard a tharlóidh anois don bhfoireann oilte a bhfuil oiread sin cúraim déanta de Foinse acu le ceithre bliana déag anuas? An é scaipeadh na mionéan atá i ndán dóibh sin? Go deimhin ag cur san áireamh ár bhfadhbanna eacnamaíocha, mar a luadh iad níos luaithe, níl cuma ná crot leis an mbealach a caitheadh leis an ngnó seo.

I gcomhthéacs níos leithne d’fhéadfadh go bhfuil impleachtaí eile tábhachtacha ag an scéal, thar mar a rithfeadh le duine ar an gcéad fhéachaint. Is minic róbhogásach dúinn agus sinn ag maíomh go bhfuil móramh an phobail i bhfábhar na Gaeilge. Tá fhios againn san am céanna nach bhfuil bail mhaith ar an teanga sa chóras oideachais, agus is eol dúinn freisin gur beag aird atá uirthi sa Státseirbhís. Cuireann bás Foinse i gcuimhne dúinn anois a laghad di a bhíonn le fáil sna meáin chlóite.

I gcás na nuachtán laethúil murach an Irish Times ní bheadh fhios agat go bhfuil a leithéid de theanga ann agus an Ghaeilge. Is measa fós an scéal ag na nuachtáin Domhnaigh. Gan amhras níl an moladh atá tuillte acu tugtha don Irish Times, ach is smál ar leith é neamhaird seo na nuachtán maidir leis an teanga dhúchais.

Ní mór dúinn a bheith réalaíoch i gcónaí. Céard is féidir dúinn a dhéanamh faoin bhfaillí seo. Maith is eol dúinn gur beag is fiú leis na boic atá i bhfeighil na nuachtán tuairimí lucht na Gaeilge. Ar a laghad ar fad ná bímis inár dtost faoi. Go háirithe tuigimis gur buille trom é dár dteanga go bhfuil Foinse imithe uainn anois. Is cinnte nár chóir dúinn a bheith inár dtost faoi sin.

Feasta, Lunasa 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo