Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

An Ghaeilge — díscor ar pholasaí stáit?
le Seán Ó Loingsigh


Mura bhfuil sin ráite go sonrach, tá sé soiléir dá gcuirtí cuid de na moltaí atá luaite sa tuarascáil seo i bhfeidhm go mbeadh díscor á dhéanamh ar pholasaí an Stáit ó 1922 anall maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

****************

Bliain is an taca seo bhíomar ag cur dínn faoi Silvio Berlusconi agus an t-albam d’amhráin ghrá a bhí curtha amach aige. Bhíomar ag rá nach mbeadh aon séasúr seafóide ag lucht nuachtán de bharr na géarchéime eacnamaíche a bhí ag bagairt orainn, murach gur tháinig Berlusconi i gcabhair orthu lena albam. Tá an ghéarchéim ar leac an tinteáin anois againn agus é go mór níos measa ná mar a shíleamar a bheadh bliain ó shin. Ach cé gur deacair an príomhaire Iodáileach a dhíbirt as an nuacht am ar bith, is baolach nach mbeidh aon séasúr seafóide againn an samhradh gruama seo.

Go deimhin ní bréag a rá nár ráinig bliain chomh dian riamh orainn, pé acu mar phobal nó i gcás an rialtais féin. Agus seo á scríobh tá tuarascáil an Bhoird Snip Nua foilsithe. Nílimid ach i dtús na himeartha agus tá go leor le plé. Ach is féidir dúinn a rá láithreach bonn nach aon ‘snipeáil’ atá i gceist ag an mBord seo ach léirscrios, agus ní lú sin i gcás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Nach beag an locht a gheofaí ar shéasúr seafóide.

Mar sin féin ná caillimis an ceann leis an tuarascáil. Ar a laghad is féidir a rá ar a shon gur fearr anois a thuigfear an dianriachtanas atá ann dul i ngleic leis an ngéarchéim gan a thuilleadh moille. Tá gach gné den chaiteachas poiblí i gceist sa tuarascáil agus tá ciorraithe dírithe ar gach aicme den phobal.

Ní mór a choinneáil ar aigne, ámh, gurb é cúram an rialtais breithiúnas a dhéanamh ar cad iad na ciorraithe a gcaithfear iad a chur i bhfeidhm, agus cad iad na ciorraithe a dhéanfadh oiread sin dochair nach bhféadfaí glacadh leo. Cé déarfadh nach bhfuil a leitheidí sin leis i gceist sa tuarascáil seo.

Tá deacracht ag an rialtas sa mhéid go bhfuil siad ag feitheamh go fóill le moltaí ón dream atá ag déanamh athbhreithniú ar an gcóras cánach. B’fhearr go mór iad sin a bheith ar fáil sula dtéitear i ngleic le tuarascáil an Bhoird Snip, ach, níl sé soiléir ar aon chor gur féidir fanacht go dtí sin. Tá dóthain aithise tuillte ag an rialtas cheana féin gan moilleadóireacht agus easpa gnímh a bheith á chasadh leo.

Is cúram ar leith dúinne i gcolún mar seo díriú ar na himpleachtai atá sa tuarascáil don Ghaeilge. Is eol dúinn ó thaithí gur beag aird a thabharfaidh na meáin Bhéarla orthu, nó má thugann ní chun an teanga a chosaint a bheidh siad. Is ar ócáid mar seo leis a chuirtear ina luí orainn an tábhacht a bhain le nuachtán mar Foinse atá imithe uainn le déanaí. Dá mbeadh an nuachtán sin ar fáil go fóill, ar a laghad bheadh fóram ann ina bhféadfaí na himpleachtaí atá sa tuarascáil don teanga a phlé.

Ní gá dúinn a bheith fadfhoclach. Séard atá le baint as an tuarascáil maidir leis an nGaeilge de ná gur chóir don Stát éirí as pé iarrachtaí a bhí ar bun go dtí seo chun í chosaint agus í a fhorbairt, i dtreo go leanfadh agus go mairfeadh sí mar urlabhra pobail.

Mura bhfuil sé sin ráite go sonrach, tá sé soiléir dá gcuirtí cuid de na moltaí atá luaite sa tuarascáil seo i bhfeidhm go mbeadh díscor á dhéanamh ar pholasaí an Stáit ó 1922 anall maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

Níl malairt brí le baint as na moltaí go gcuirfí deireadh leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta, agus mar bharr air sin go gcuirfí an teanga féin mar chúram ar an Roinn Oideachais. Go deimhin d’aon duine a bhfuil suim dá laghad aici nó aige i leas na teanga, baineann iarracht den ‘ghreann dubh’ leis an moladh go gcuirfí an Ghaeilge mar chúram ar an Roinn sin.

Tá cineál reductio ad absurdum oiread sin i gceist sna moltai faoin teanga go gcuirtear creidiúnacht na Tuarascála ar fad i mbaol, gan trácht ar chreidiúnacht na mball den Bhord a dhréacht é. Is beag argóint a bheadh ann dá ndeintí moltaí faoi dheireadh a chur le dúbláil gan ghá, idir, mar shampla, an Roinn atá ag plé leis an teanga agus Údarás na Gaeltachta.

Gan amhras tá samplaí eile ann den chineál sin diomailte. Ní fada ó shin ó bhí an tAire Ó Cuív ag caint ar an téama sin agus is cinnte nár cuireadh in aghaidh a raibh le rá aige anseo.

Tá fhios againn le blianta go raibh borradh agus fás thar fóir ar an iliomad eagraíochtaí stáit agus fo-stáit, áisíneachtaí agus quangónna do chuile chineál. Is cuimhin liom gur luadh anseo uair amháin, agus ní á gcosaint a bhíothas, go raibh thart ar ocht gcéad díobh ann. Ní raibh ciall leis in aon réimse den saol poiblí, pé acu an raibh baint aige leis an nGaeilge nó nach raibh.

Ach ní féidir gan é a dhul i gcion orainn gurb í an roinn atá i bhfeighil na Gaeilge agus na Gaeltachta an t-aon roinn go moltar go gcuirfí ar ceal í. I gcás na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, ní deirtear ach gur chóir an fhéidearacht sin a iniúchadh.

Go deimhin ar eagla go mbeadh aon rian amhrais orainn, agus bíodh go bhfuil sé molta cheana féin go gcuirfí an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar ceal, moltar arís go gcuirfí deireadh leis na scéimeanna a bhaineann leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge, atá fós faoi chúram na Roinne.

Luaitear go sonrach na Scéimeanna Feabhsúcháin, Scéimeanna Pobail agus Áineasa, Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus an ceann is sia a théann siar sa stair — Deontas Labhairt na Gaeilge. Nach maith is cuimhin liom nuair a bhíodh deontas de dhá sheanphunt le fáil in aghaidh na bliana!

Ba chuid de bhéaloideas na Gaeltachta Scéim na bhFoghlaimeoirí. D’fhoghlaim na mílte daoine óga ó gach cúinne den tír Gaeilge dá thairbhe agus chabhraigh agus cabhraíonn sí ar bhealach ar leith le heacnamaíocht agus le saol na Gaeltachta.

Tá fhios againn go háirithe cé chomh mór a bhí comharchumainn ag brath air. Thar scéim ar bith eile deineann an scéim sin leas na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa tír i gcoitinne. Nuair a luadh léirscrios agus díscor níos luaithe ní áibhéil a bhí i gceist, agus níl léiriú is fearr ar an léirscrios agus an díscor ná go gcuirfí deireadh leis an scéim sin.

Moltar go gcuirfí deireadh le COGG, dream eile a bhfuil dea-obair déanta acu d’oideachas trí Ghaeilge sa tír i gcoitinne. Níor luadh Gaelscoileanna, bíodh nach dócha gur le haon dea-thoil dóibh é sin. I ndáiríre ní luaitear aon eagraíocht dheonach Ghaeilge, agus ní dócha go bhféaadfaí san a dhéanamh.

Níos suimiúla fós ní luaitear an Foras Teanga/ Foras na Gaeilge ach chun a rá linn nár tháinig sé faoi na téarmaí tagartha de bhrí gur eagraíocht tras-teorann é. Is cosúil gur cúram ar leith don Aire Airgeadais a leithéidí. Is leor nod don eolach. Tá dearcadh an Bhoird Snip soiléir. Mar is eol dúinn nuair a mholtar go n-aistreofaí na feidhmeanna a bhaineann leis an teanga ón Údarás, ní ar an bhForas a leagfaí iad, mar a fhéadfaí a bheith ag súil leis, ach ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

I dtagairt do Chiste na Gaeilge — as a dtagann deontais d’eagraíochtaí deonacha Gaeilge agus dreamanna mar Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Taibhdhearc na Gaillimhe — deirtear: -

‘In examining this programme the Special Group notes the absence of objective studies to assess the abilities of the populace by age, gender, location etc. The Group recommends a cross programme analysis of all expenditure on the Irish Language’.

Cad tá i gceist acu nó cad chuige? An bagairt atá ann? Bhí seanmhúinteoir i nDún Chaoin fadó agus sé an beannú a bhíodh aige do stróinséirí a bhuailfeadh leis ar an mbóthar ná: ‘An baol dom tú’? Is dócha ná raibh aon iontaoibh aige as stróinséirí.

Ní mór a choinneáil ar aigne an dlúthbhaint a bhí ag an Státseirbhís, go sonrach ag an Roinn Airgeadais, leis an tuarascáil seo. Sí an Roinn sin a bheartaigh an leagan amach, an creatlach, na ceannteidil agus a thug an buneolas agus treoir. Bhí beirt a raibh dlúthbhaint acu leis an Roinn ina mbaill den Ghrúpa. Bheadh tionchar ar leith acusan maidir lena bhfuil molta sa tuarascáil.

Is minic a deineadh tagairt anseo do neamhaird na Státseirbhíse ar an nGaeilge. Tá an neamhaird sin léirithe arís anois. Sí an cheist nach féidir a sheachaint ná an mó ná neamhaird atá ann, agus mar a cuireadh níos luaithe é, gurb é atáthar ag moladh ná gur chóir don Stát éirí as an bpolasaí a bhí i bhfeidhm ó bunaíodh é maidir le caomhnú na teanga.

I gcás tuarascála mar seo leis, bheadh ceist ann faoi líne shoiléir a bheith ann idir cad is polasaí stáit ann, in aon chás ar leith, agus moltaí a dhéanfaí a bhearnódh a leithéid de pholasaí. Ó thaobh na Gaeilge — an chéad teanga oifigiúil de réir na Bunreachta — níor bhréag a rá nach amháin gur polasaí ag rialtais éagsúla í a chosaint agus a chur chun cinn, ach gur bhunphrionsabal an chosaint agus an cur chun cinn sin ag gach rialtas ó bunaíodh an Stát. Is dócha go ndéarfar ina aghaidh sin gur féidireachtaí agus moltaí atá i gceist sa tuarascáil agus gur ceist don rialtas glacadh leo nó diúltú dóibh.

Ach féachann sé domsa, dá nglactaí leis na moltaí atá sa Tuarascáil maidir leis an nGaeilge, go mbeadh an Stát ag tabhairt cúl leis an teanga shinsearach agus leis an bpolasaí a bhí i bhfeidhm í chaomhnú agus a fhorbairt. Ba ghníomh táir é sin. Bheimis náirithe go hidirnáisiúnta.

Ní mór a rá arís, ag an deireadh, go dtuigtear an riachtanas atá leis an Tuarascáil agus le formhór mhór de na na ciorraithe atá molta ann. Glactar go huile go bhfuil ciorraithe riachtanach ar chaiteachas a bhaineann leis an teanga, mar atá i gcás réimsí eile chaiteachais phoiblí.

Ach ba chóir idirdhealú a dhéanamh idir na ciorraithe atá riachtanach agus ligean don Ghaeilge bás d’fháil mar atá i gceist sa tuarascáil seo.

Feasta, Lunasa 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais