Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Farantóir


Gearrscéal le Colin Ryan


D’fhéach sí uaithi agus chonaic an bruach thall, an ché dhíblí, an spéir leathan neamhshocair, an gioblachán simplí meidhreach a bhí, b’fhéidir, ag sméideadh anonn uirthi. Thosaigh an farantóir ag rá amhráin i nguth ard craiceáilte.

Glaisneog de bhean thanaí ab ea í, éadaí dubha uirthi agus ceann donnrua. Guaim aici uirthi féin. Na géanna fiáine ag imeacht ó dheas os a cionn, an bád ag bogadh faoina cosa, boladh múisciúil na habhann chuici.

Ancella ab ainm di agus aduaidh a tháinig sí, ag gabháil ó chríoch go críoch ar lorg éadála, ag tréigean a bhfuarthas d’éadálacha cheana. B’áisiúil an teanga an Rúisis sna bólaí seo, teanga an iostais agus an scéala. Ach i ndeisceart thirim an domhain a rugadh í, cois farraige, áit ar tháinig meanma shiúil aici. Í ar fán ó shin i measc strainséirí.

Dá gcuirfí ceist uirthi déarfadh sí gurbh iriseoir í. Ailt scríofa aici agus leabhar féin. Dá gcuirfeadh sí an cheist úd uirthi féin bheadh freagra eile aici: b’fhánaí í.

Ba ghrinn an chuimhne a bhí aici ar na bailte móra leathscriosta ar ghabh sí tríothu, ar na madraí loma, na tancanna dóite: saghas síochána. Bhí de bhua aici go raibh sí in ann sráid ar bith a shiúl ina scáil, ina bean a raibh taithí aici ar chúlbhealaí an tsaoil, í ag iniúchadh na hainnise. Lé aici leis an machaire, le fothraigh, le cogarnach na dtaisí.

— An ólann tú deoch? a dúirt guth eile ón am a chuaigh thart: balcaire de Rúiseach, miongháire ar a bhéal, tuirse ina shúile; iriseoir eile nó b’in é a scéal. D’fhéach sí air le taitneamh agus le drochiontaoibh.
— Ní ólaim, a dúirt sí.
— Ní ólaimse ach oiread, a dúirt Sergei Denisovich. Cúl le cine mé. Mise an t-aon fhear amháin san áit seo atá ar a chéill. Céard ba mhaith leat a dhéanamh anocht?
— Beagán a léamh agus dul a luí.

Lig sé é féin chun tosaigh agus scrúdaigh í, rud a chuir trí chéile í beagán, cé nach raibh sin le haithint ar a dreach. Ní raibh muinín aici as an mealladh, tréith nár bhain léi riamh, dar léi, agus nár thaitin léi i ndaoine eile. Ach lean sé air á scrúdú, faoi mar a bhí diamhair nó draíocht ag roinnt léi, tréith éigin nár nocht sa scáthán. Sa tsráid amuigh scairt duine éigin go dodach agus thosaigh na madraí ag tafann; ó áit éigin i bhfad i gcéin tháinig torann bodhar macalla cogaidh neamhchríochnaithe. Chuir sí ceist a chuir iontas uirthi féin:
— An dtiocfaidh tú ar ais liom?
Iad ina dtost ansin, faoi mar a bhí an namhaid ag teacht ina gcoinne thar dhroim an mhachaire agus nárbh aon chabhair teitheadh. Tháinig smaointe gan iarraidh isteach ina cloigeann: í ag cuimhneamh ar an turas a bhí roimpi (an mbeadh leoraí éigin ag gabháil an treo?) agus ar an turas a bhí déanta. Chuala sí a fhreagra agus blas séimh magúil air:
— Déanaimis geábh siúil, a stór.

Bhí an t-óstán chomh duairc, brocach lena leithéidí eile; shuigh sí ar cholbha na leapa, ag iarraidh an scéal a réiteach ina hintinn istigh. Bhí an seomra doilbhir cheal aibhléise, agus bhraith sí a chompánach ag síneadh thairis ar a cúl, ag sealbhú na háite. Síos léi lena ais ar lorg dídine agus é ina chnap cheana, agus mhaith sí an srannadh dó toisc gur rud é a choisc cinneadh di.

Go moch ar maidin thréig sí é, ag éalú amach chun na sráide, áit a bhfuair sí leoraí a bhí ag dul ó dheas. Chaith an giomstaire de thiománaí a thoitín uaidh agus bhuail ar aghaidh i dtreo bhun na spéire. Machaire gan teorainn, báisteach thiar agus grian thoir; an bóthar ag síneadh leis go deo.
— An ag dul abhaile atá tú? a dúirt sé tar éis tamaill, ceist a bhain preab aisti faoi mar a bhí baint aici le bun agus barr an scéil.
— Tá mo mhuintir romham, a dúirt sí. Ach tá mo ghnó gan chríochnú.
— Is é an dála céanna agamsa é, a dúirt an giomstaire, ag lasadh toitín eile agus ag déanamh gáire grágach. — Tá bean agam thall, agus muirín orm, mura bhfuil siad bailithe leo. Is ait an mac an saol.

Scar siad le chéile sa chéad bhaile mór eile, ceann a bhí níos uaigní fós; bhraith sí contúirt anseo agus d’éirigh níos faichillí, ag iarraidh gan aird a tharraingt uirthi féin ná ar a scáth. Na póilíní á ceistiú agus í á bhfreagairt go foscúil, á chur in iúl go raibh a meon agus a cuid páipéar mar ba cheart. Ise ag ceistiú daoine eile i measc na bhfothrach agus an scéal céanna acu i gcónaí: an teitheadh agus an t-anró.

Bhí sí seachtain ann nuair a chonaic sí mo dhuine roimpi ar an tsráid, é ag caint le duine a raibh cuma póilín nó bithiúnaigh air, aoibh an gháire ar a bhéal agus an tuirse chéanna ina shúile. B’fhearr léi cor a chur air, ar an diabhal ar éirigh leis a lorg a leanúint, ach tháinig sé aniar aduaidh uirthi tráthnóna, á scrúdú fós le dúil nó le fiosracht.
— Téana ort, a dúirt sé, tá eolas agam ar áit ar féidir béile a fháil.
— Eolaí ar an saol is ea thú.
— Ar shaolta áirithe. Céard a dhéanfaimid anocht?

Tháinig cathú dofhulaingte uirthi géilleadh dó agus an chuid ab fhuarchúisí di ag fanacht i leataobh go fóill, ag féachaint go híorónta ar an scéal.
— Leapacha caola atá san áit seo, a dúirt sí, ach caithfimid teacht leo.

An oíche sin agus iad sínte le chéile, thosaigh sé ag caint faoina óige, faoina chathair dhúchais, faoin mbean ar scar sé léi fadó, agus Ancella ag éisteacht trína néalta leis na focail sin a líon an seomra dorcha agus a scaip. A lámh thairsti agus í gan géilleadh fós.

Ar maidin fuair sí imithe roimpi é. Tháinig an gioblachán stócaigh ina coinne sa tsráid ag feadaíl agus dúirt léi go dtiocfadh sí leis de réir mar a bhí socair. D’fhiafraigh sí de cé shocraigh é: Do chara, a dúirt sé, ag féachaint go tarcaisniúil ar an strainséar mná a tháinig chomh fada sin ar son cosamar comhraic.

Leoraí eile agus an stócach ag tiomáint go meargánta, é ag liú le teann teaspaigh agus popcheol gan dóchas á spré ag an raidió. Choinnigh sí greim ar an lámh dorais.
— Cár rugadh thú? a dúirt sé.
— I bhfad i gcéin, a dúirt sí agus í ag iarraidh an sceimhle a bhrú fúithi.
— An bhfuil fear céile agat?
— Bhí tráth ach chaill mé sa chasadh é.

Baineadh turraing thobann as an leoraí agus lig sí scread mhúchta; bhí an abhann síos uaithi, bothán bocht ann i measc na luachrach, bríste ar crochadh as sreang thuartha. D’fhág an leoraí ann i ngreim na gaoithe í.

An téad tíre á scaoileadh, an machaire ag druidim uaithi lena chuid scéalta, an bháisteach thiar ag múchadh na dtinte. Glór na ngéanna anuas, glór na habhann ina timpeall, amhrán an fharantóra ar crith sa ghaoth. Thosaigh sí ag cumadh tuairisce ina hintinn agus braonacha fuara barrcheatha á séideadh isteach san aghaidh uirthi: Chonaic mé an bhean ag bailiú brosna, blaosc an chinn faoi bhun an bhalla, madra fiáin ar thóir a choda…

An gioblachán ag gáire thall idir í agus léas, a aghaidh dírithe ar an spéir agus eolas aige a bhí ceilte ar an gcuid eile den chine daonna. Í ag druidim le bruach eile thar an sruth dorcha, le farraige chianda a hóige, agus gan fáil aici anois ná choíche ar ar cailleadh thiar.

Feasta, Márta 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais