Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Dar Liom
le Philip Cummings


Baile Átha Cliath. Coiscéim, 2008. €10

Léirmheas le Pádraig Ó Siadhail

Is de dhlúth is d’inneach cheird an cholúnaí nuachtáin nó irisleabhair an tuairim láidir a chuirtear os comhair an léitheora go daingean diongbháilte. Níorbh ionann is an t-eagarfhocal a tharraingíonn chuige an guth tomhaiste meáite (guth a fhéachann go minic le claonadh idé-eolaíochta is clár oibre mhuintir an fhoilseacháin a cheilt), na gnáthailt a chloínn le fíricí a bheag ná a mhór, ná na gné-ailt ina gceadaítear candram áirithe tuairimíochta, is iad an chéad phearsa, glór agus pearsantacht phoiblí an scríbhneora saintréithe an cholúnaí, agus — mura mbíonn sé de gheasa air díriú ar réimse teoranta amháin ar nós chláracha teilifíse — saoirse nó cead a chinn féin ag an cholúnaí a dhearcadh suibiachtúil ar cheisteanna móra an lae nó ar cúraimí beaga an tsaoil a phlé.

Tá sé de theist ar an cholúnaí éifeachtach — dála Kevin Myers, bíodh dáimh agat leis nó ná bíodh — go gcothaíonn sé pobal léitheoireachta dá chuid féin, pobal atá i ndiaidh dul i dtaithí ar a stíl scríbhneoireachta is ar na ciútaí is na cleasanna a chleachtann sé.

Cnuasach colún le Philip Cummings ó Lá (Lá Nua ina dhiaidh sin) atá in Dar Liom, ón tréimhse 2004-2007 le linn don údar a bheith ina eagarthóir liteartha ar an nuachtán. Leabhar téagartha é Dar Liom ina bhfuil timpeall 350 leathanach, breis is 100 aiste, a bhformhór idir 800 is 1000 focal an ceann, agus iad rangaithe de réir na dteideal ginearálta: ‘Cúrsa Teaghlaigh,’ ‘Oh Huey!’ (polaitíocht an Tuaiscirt), ‘Ealaíona’, ‘Aoir! Aoir!’, ‘Star Trek’ (gearrchuntas ar réimsí na n-aistí sa rannóg is ea an seanfhocal gur ait an mac an saol), ‘Sos Leathama’ (ina bhfuil scigaithris ar shaothar stáitse Samuel Beckett is cúpla dréacht eile), ‘R.E.M.’ (cúrsaí creidimh), ‘Spórt’, ‘Faoin Tua’ (aistriú mhuintir an cholúnaí ó Bhéal Feirste go ceantar tuaithe), agus ‘Aon Ghnó Eile.’

In ainneoin an rangaithe, ní hannamh dul thar a chéile ó thaobh ábhair de ó rannóg go rannóg. Mar shampla, in ‘Colún dhá leath,’ is le crá croí bliantúil lucht tacaíochta fhoireann peile Chontae Aontroma (agus Cummings féin ina measc) a bhaineann an colúnaí an ceann den cholún, sula gcasann sé chuig dála scríbhneoirí na Gaeilge go gceanglaíonn sé an dá ábhar le chéile. Cur chuige coitianta atá ag Cummings ná tosú ar théad amháin, agus leanúint de, sula gcaitheann sé casadh tobann isteach a thugann ábhar úr machnaimh don léitheoir.

Sa dréacht, ‘Samhain,’ fógraíonn an colúnaí go bhfuil sé le hiompú ina Mhoslamach. Faoi dheireadh an cholúin, tá sé ag caint ar sheict úr Mhoslamach dá chuid féin a bhunú, seict a chuirfeadh an seanchreideamh as a riocht is a chothódh an fuath is an foréigean. ‘Nó an bhfuil cóipcheart ag Paisley ar an mhodh oibre sin?’ a fhiafraíonn an colúnaí.

Na buanna atá ag Cummings mar cholúnaí ná an éascaíocht stíle, an ghéarchúis, cuimhne bhreá fhada (tá dearg-ghráin aige ar pholaiteoirí a deir rud amháin is a bhréagnaíonn sin scun scan an chéad lá eile), agus féith an ghrinn a bheith ann.

Is iomaí cineál grinn atá ann: an greann geal éadrom, an gáire dóite, an magadh, an aoir, an chiniciúlacht, agus fonóid a dhéanann an colúnaí faoi féin, ina measc. Tá siad go léir sa leabhar seo de réir mar a thugann Cummings faoi liosta fada targaidí. Ceann de na spriocanna móra ná polaiteoirí, Bertie Ahern agus Ian Paisley go háirithe.

Toisc nach bhfuil ceachtar acu sin i mbun réime a thuilleadh agus go bhfuil maolú nach beag i ndiaidh teacht ar íomhá chrua an Dochtúra chóir le seal beag anuas, ní bhainfidh gach léitheoir ciall as na tagairtí uilig.

Aisteach go leor, b’fhéidir, níl mórán le rá ag Cummings faoi pholaiteoirí náisiúnaithe an Tuaiscirt. Ní thagraítear don SDLP ar chor ar bith (bhuel, ba i mBéal Feirste ba mhó a bhíodh Cummings) ach is beag cáineadh a dhéantar ar Shinn Féin. Níl a dhath moltach le rá aige faoi réimeas na Sasanach in Éirinn ón bhliain 1169 i leith (ar nós na Rómhánach sin in The Life of Brian, caithfidh go bhfuilimid buíoch díobh ar chúis éigin).

Ní luaitear na téarmaí, cogadh na n-inscní is an cheartaiseacht pholaitiúil, ach sprioc rialta eile is ea na mná. Braitheann sé ar dhearcadh an léitheora, ach áit a gcreidfeadh an chéad duine gur láimhseáil bhreá spraíúil a dhéanann Cummings ar na mná (a bhean chéile féin ina measc), seans go bhfágfadh sé domlas i mbéal an chéad duine eile.

Ach nach mar sin a bhíonn an greann i gcónaí? Tá ábhair eile ann a chuireann as don cholúnaí go pearsanta: fimíneacht na nÉireannach sin a éilíonn stádas ar leith d’Éireannaigh atá sna Stáit Aontaithe go mídhleathach le linn dóibh a bheith i bhfách le fáil réidh le himirceoirí úra in Éirinn, agus an cosc ar chaitheamh toitíní i dtábhairní, mar shamplaí fánacha.

Ach thar aon rud eile, is é meon na críochdheighilte, an dóigh a bhfuil sciar maith de phobal an Deiscirt chomh haineolach sin, agus chomh dall sin ar an stair agus ar dhán an phobail náisiúnaíoch ó thuaidh ó 1921 i leith, is é sin an rud is mó a chuireann ruibh oilc air. Más leor uaireanta an greann ar son an ghrinn nó le séideadh faoi amaidí is faoi ghothaí an chine dhaonna, uirlis is ea é fosta chun teachtaireacht thábhachtach a chur abhaile ar an léitheoir.

Is é an rannóg ‘R.E.M.’ is mó a thaitin liom, rannóg ina dtugann Cummings cead a chinn dá chumas samhlaíochta is don ghreann. In ‘Naomh nó diabhal,’ buailimid le Colm Cille is le Roy Keane. In ‘Cáisc eile,’ samhlaíonn an colúnaí cad é mar a bheadh an saol dá mba rud é go raibh Dia i ndiaidh a iníon a chur anuas chugainn mar mheisias.

Chuir na píosaí breátha sin agus a thuilleadh sa mhír chéanna ag gáire mé. Ach is é fírinne an scéil go mbainfeadh an léitheoir taitneamh as go leor aistí ar fud an tsaothair sholéite sin.

Ceist bhailí í an bhfuil barraíocht colún dingthe isteach sa leabhar ag Cummings. Ach i ndeireadh na dála, murab ionann is úrscéal, is é Dar liom an saghas leabhair nach gá duit díriú air is é a léamh ó thús deireadh. Tig leat píosaí a roghnú in aon áit sa leabhar ar do chaoithiúlacht, agus tá sé chomh dócha lena athrach go bhfillfeá ar chuid de na colúin sin arís eile amach anseo.

Dá réir, is é an feall nach ndearnadh dianeagarthóireacht agus dianphrofáil ar an leabhar. Ach is mairg a chaithfeadh an chéad cholch [sic] le colúnaí go háirithe ar eagla go dtabharfadh sé fút ina chéad cholún eile.

Faraor, ní hann do Lá Nua anois ach tá súil agam nach fada go mbeidh ardán eile ag Cummings chun a dhearcadh dearscnaitheach barrúil ar an saol a chur inár láthair. Agus córas eacnamaíochta an domhain mhóir ag titim as a chéile agus mo phinsean agus do cheannsa gach pioc chomh luachmhar le hairgead na Siombáibe, gan trácht ar an téamh domhanda is an chogaíocht, ní bheadh aon easpa ábhair ag Cummings go Lá Philib an Chleite.

Tógáil chroí agus íocshláinte araon a bheadh sa gháire dóite féin, dar liom.

Feasta, Márta 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais