Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Dánta

le Marcus Mac Conghail


Murachtaint

Trasna an chuain uaithi istoíche
sásaíonn soilse sráide
bhúitíc-bhaile tuaithe
cathair-shúil
m’uaignis-se

Ach-idir-tithe-saoire-agus-tithe-daora
tá 800 gcéad tigh
gan chónaí daonna
’Sé solas chlog an dorais
aonsolas gach tí

Tithe doorbell a tugtar thiar orthu
áit ar chaitheamarna sé mhí
le caoinchead
mná dlí
ó Chorcaigh

Chalet Samhraidh ina bhothán geimhriúil
ar ghearr léas
is le teacht an Earraigh
fómhar míosa á bhaint
sa t7tain ar cíos

Ar a cheap
uair-sa-bhliain
a thuirlingíonn
héileacaptar an tí béal dorais
Táirseach ar deighilt ón gcomharsanacht

Tá eastát saoire tréigthe a tógadh gan saoirseacht
ná tógfaidh an council ar láimh
is i ngach gairdín cúil
tá hot tub
ag brúchtadh bolgán

Tá tuamaí folamha ar fud na leithinise
an láthair tógála
cois trá na bhFiann
an fógra pleanála
i lár reilige

Ní bheathaíonn briathra na mbráithre
an capall gan féar
ní raghaidh áilleacht na dúthaí
isteach sa microwave
ná idir dhá phíosa aráin

Níl piardóg i bpota ná burdán i líon
is leis an call centre dúnta
tá gach ceint fé scian
is tá gach diabhal rud imithe
in-ainm-an-diabhail

Ní thógfá ar dhuine é
dá ndíolfadh sé
4rú acra ar ch4rú acra
ar mhaithe lena
mhacra féin

Ach péirse ar phéirse is céad ar chéad
ní thabharfar chun míntíreachais
a bhfuil slogtha
mar go bhfuil súil an ólaí mhóir
thar a chuid
dostoptha
Do leadhb scéimhtheanga imeallach
áilleacht imeallbhord iartharach
is luí le dia beag biaistiúil
gur ghin
coicís i mí Iúil

Má thagann an colmóir i mbliana
beidh gach éinne
ag sá
go ceann
an cholmóra chéanna

agus beadsa ag sá mar chách

Magairle Miotail

An iad CSI Miami
nó b’fhéidir CSI New York
is fearr a d’fhiosródh an choir?

ach teacht ar mhéarlorg
is sampla DNA

ribí eolais

faoina hingne
cé leis
a raibh
sí inné?
dheinfí fianaise-fhuinneog dhaite den rud go léir
is d’fheacfaí glúin os a comhair roim dul ar an aer

ag an bpreasagallamh
bheadh sé le rá
ag foireann CSI — Miami nó New York —
cé a thacht is cé a d’éignigh
cé a scaoil is cé a sháigh

is a d’fhág nocht faoin Magairle Miotail í

ar Shráid a’ Dáma

Feasta, Márta 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo