Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Síorolagón gan Mhaith! - -

Nár dhóigh leat go raibh sé thar am dár dtráchtairí polaitíochta éirí as an síorolagón atá ar siúl ar ár nuachtáin agus ar an raidio agus teilifís leis na míonna faoin drochstaid eacnamaíochta. Is maith is eol dúinn go bhfuil sé go dona. Is í an fhadhb atá againn ná conas is fearr dul i gleic léi agus í a cheansú.

Ní haon chúnamh chuige sin go leor den challán atá ar bun ag roinnt de na tráchtairí. Mar bharr ar sin tá cuid de na litreacha ón bpobal atá le léamh ar na nuachtáin laethúla thar fóir ar fad. Bíonn cuid díobh ar maos le féinfhuath. An raibh sé, mar shampla, riachtanach trí cinn de litreacha a fhoilsiú le déanaí ar an lá céanna maidir leis an staid eacnamaíoch inar baineadh úsáid as an téarma gránna sin, ‘banana republic’?

Ní cinnsireacht atá i gceist anseo. Is ceist bhreithiúnais agus réasúntachta é a bhaineas leosan a bhfuil cur i láthair nuachta agus leibhéal an dioscúrsa poiblí faoina gcúram. Níl aon éalú uaidh ach oiread go bhfuil baint aige le meanma agus féinmheas an phobail. Is cinnte nach mbainfí úsáid as an téarma gránna a luadh níos luaithe in aon bhalltír eile san Aontas Eorpach, bíodh i gcoitinne go bhfuil an fhadhb chéanna le réiteach acu agus atá againn féin.

Gan amhras leis, tá ár seasamh idirnáisiúnta i gceist. Tá sé soiléir nach bhfuil sé sin ard faoi láthair. Mar sin féin is deacair cur suas leis na meáin chumarsáide sa Bhreatain, nó b’fhéidir an chuid is measa díobh, gur dhóigh leat go raibh siad ag baint taitnimh as ár míchompord.

Ní hé go bhfuil aon ní le maíomh acu féin, agus a mbainc agus a n-institiúidí airgid eile sa bhfaopach céanna ina bhfuil ár gcinn féin. Ach cé bheadh ag cur milleán orthu agus ár n-ainmheasarthacht mar threoir acu!

Ach sa deireadh tagann an scéal ar ais go dtí na polaiteoirí agus go sonrach go dtí an rialtas. Pé ní faoin ngné idirnáisiúnta agus nárbh bhféidir éalú uaidh sin, is eol dúinn go raibh an bolgán tithíochta thar fóir.

Ní gá dúinn ach féachaint thart orainn ar na bloic mhóra arasán atá folamh ar fud an bhaill. San am céanna ní raibh lánúin óga in ann tithe a cheannach ar phraghas réasúnta. Agrófar é sin ar phríomhpháirtí an rialtais, pé luath nó mall a thagann olltoghchán.

Nach bhfuil sé soiléir anois gur beag an seans atá ag an rialtas teacht slán in aon toghchán, pé acu an go luath nó faoi cheann trí bliana a tharlaíonn sé. Sa chás sin bheadh sé chomh maith dóibh a ndúthracht ar fad a dhíriú ar na céimeanna atá riachtanach chun an tír a chur ar a bhonnaibh arís.

Ní cosuil óna bhfuil á rá ag ceannaírí na bpáirtithe sa bhfreasúra go mbeidh a dtacaíocht siúd ar fáil. Mar sin féin, ó chualathas Richard Bruton le déanái ag tabhairt le tuiscint, pé milleán a bheadh ag a pháirtí á leagadh ar an rialtas, go mbeadh leas na tíre i gceist acu i gcónaí, b’fhéidir go bhfuil níos mó ná guth amháin ina measc.

Feasta, Márta 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo