Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Géarchéim Airgeadais agus Athmhacnamh

le Seán Ó Loingsigh


Ach cad a déarfá le Foras na Gaeilge? … Is eagraíocht trasteorann atá ann, nó is cuid d’eagraíocht trasteorann atá ann, agus mar sin ní sheasann sé comparáid le heagrais eile a bhaineann leis an nGaeilge.


Nár dheas mar a chuir an tAire Ó Cuív é in agallamh a thug sé le déanaí, nuair a dúirt sé go bhféadfadh an ghéarchéim airgeadais dul chun leas na teanga. Gan amhras tá sé sin ilchasta mar loighic, ach ag cur san áireamh go raibh sé ag caint san agallamh leis líon mór eagraíochtaí atá ag plé leis an nGaeilge, bhí sé soiléir gurb é a bhí i gceist aige ná go raibh an iomad díobh ann, agus go mb’fhearrde an teanga dá dtugtaí bata agus bóthar do chuid éigin díobh.

Ní hé nach bhfuil riar éigin den cheart aige, fiú go bhféadfaí a rá gur faoi scáth a Roinne féin a tháinig go leor díobh chun cinn. Bhí cosúlacht ann go minic nach chun freastal ar riachtanas a bhí eagraíocht eile á bhunú, ach díreach chun a chur ina luí orainn go raibh beart eile á dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge.

Ar aon chuma tá sé soiléir nach tréimhse gan imní atá ann do riar maith daoine idir seo agus an t-am a fhoilseofar na pleananna úd a bhfuiltear ag feitheamh go foighneach leo. Dála an scéil, féachann sé anois go bhféadfaí a bheith ag feitheamh píosa maith eile leo chomh maith.

Is deacair a shamhlú nach dtiocfaidh ról a Roinne féin isteach sa mheá. Níl ach fo-Roinn anois ag plé leis an nGaeltacht, ar ndóigh, ní hionann agus na laethanta dóchasaacha úd breis agus leithchéad bliain ó shin, nuair a bunaíodh Roinn iomlán chun plé leis an gceantar cúng sin. Nach mór mar a thráigh an dóchas!

Ach tá bunú na Roinne sin suimiúil anois agus tráthúil leis, i bhfianaise a bhfuil d’athmhachnamh i gceist faoi láthair. Cén fáth gur Roinn na Gaeltachta a bunaíodh agus nach Roinn na Gaeilge a bhí ann? Ar bhotún é sin? An ag an am san díreach a tháinig an tuairim chun cinn go bhféadfaí an Ghaelainn a choimeád beo sa Ghaeltacht, beag beann ar cad a bhí ag tarlú sa chuid eile den tír? Is féidir an iomad ama a chaitheamh ag féachaint siar gan amhras, ach is féidir leis go mbeadh ceachtanna le foghlaim againn.

Is fíor go raibh éiginnteacht ann ó thús maidir le ról na Roinne agus ról Údarás na Gaeltachta. Ba mhinic daoine ag tochas a gcinn nuair a bhíodh tionscnamh de shórt éigin á bheartú acu, nó nuair a bhíodh cúnamh de dhíth orthu. Ní hé go raibh aon trasnaíl mhór ná coimhlint i gceist, ach b’ionadh mura raibh díomailt éigin acmhainne nó airgid mar thoradh air.

An bhfuil sé le brath ar a raibh le rá ag an Aire gurb é ról an Údaráis is mó atá faoi mheas. B’aisteach go rabhthas á lua in aontráth le Meitheal Forbartha na Gaeltachta. Tá obair mhaith ar bun ag an Meitheal, gan amhras, ach ba dhóigh leat gur ar scála i bhfad níos lú é ná i gcás an Údaráis. Ach thar aon ní eile, tá ról an Údaráis éagsúil ar fad le heagraíochtaí Gaeilge eile sa mhéid go bhfuil oiread sin de na baill tofa go daonlathach ag pobal na Gaeltachta.

Is deacair a shamhlú go mbeadh deireadh leis an socrú sin. Is deacra fós a shamhlú go mbeadh glacadh leis an tuairim a luaigh an tAire, go n-ainmneodh eagrais Ghaeilge ionadaithe ar an mBord, más in ionad na mball tofa é, mar is cosúil a bhí i gceist aige. An ag brath treo na gaoithe a bhíonn an tAire, nuair a dheineann sé ráitis chonspóideacha mar seo?

Is dócha go bhfuil sé ligthe i ndearmad anois gur cineál ‘sop in áit na scuaibe’ a bhí ann nuair a ceapadh baill tofa ar bhord an Údaráis an chéad lá. Bhí feachtas láidir go maith ann ag an am, go háirithe i gConamara, go mbeadh údarás áitiúil ,nó fiú údaráis áitiúla, ar leith ann don nGaeltacht nó do na Gaeltachtaí. Is dócha gur mar chomhréiteach chun freastal ar an éileamh sin a beartaíodh go roghnófaí cuid de bhaill bhord an Údaráis go daonlathach.

Má táthar ag cúlú uaidh sin anois, ba dhóigh leat go gcaithfeadh cúis mhaith a bheith leis. Go deimhin shíleas go raibh obair mhaith á dhéanamh ag an Údarás — i bhfad níos fearr ná mar a bhí i dtús ama. San am céanna ba dheacair a shéanadh á go bhfuil go leor dúbláil iarrachta i gceist i measc na n-eagras atá luaite go dtí seo.

Ach cad a déarfá le Foras na Gaeilge? Is é fírinne an scéil gur deacair do mhéar a leagan ar an eagraíocht sin ar aon chor. Is eagraíocht trasteorann atá ann, nó is cuid d’eagraíocht trasteorann atá ann, agus mar sin ní sheasann sé comparáid le heagrais eile a bhaineann leis an nGaeilge. Tá neamhréaltacht éigin ag baint leis. B’ionadh mura mbeadh deacrachtaí ag muintir an Fhorais leis an struchtúr agus an ról atá acu faoi láthair.

Agus arís éiríonn an tseanfhadhb faoi roinnt na freagrachta, agus roinnt na ndualgas, idir an Foras agus an Roinn. Féach ceist na pleanála. Is fíor gur beag de sin a bhí ar siúl leis na blianta fada, ach anois táimid ag feitheamh le dhá phlean. Is cosúil gur laistigh den Roinn go huile atá siad seo á n-ullmhú.

An mbeadh sé cóir a rá go mbeifí ag súil tráth gur ar an bhForas a bheadh an dualgas seo? Nach é an Foras atá i mbun pleanála don Chaighdeán Nua (gramadaí) agus don Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge — obair atá fíorphráinneach gan amhras. Ba mhór an feall é dá gcuirtí isteach ar an obair sin ar aon bhealach.

Níl aon tagairt déanta againn do Chómhdháil Náisiúnta na Gaeilge - eagraíocht sheanbhunaithe Stáit. Arís bíonn an stair suimiúil. Ba chun comhordú ar obair na n-eagraíochtaí a bhí ag plé leis an teanga a bunaíodh an Comhdháil. Anois ní comhordú atá i gceist ach díothú, nó ar a laghad ar fad, laghdú. Gan amhras beidh sé chomh deacair céanna don Chomhdháil a gcúinne féin a chosaint agus a bheidh ag gach eagraíocht eile.

Fiú i gcás na n-eagraíochtaí deonacha is deacair an dúbláil a sheachaint. Tá Gaelscoileanna againn ag plé leis an ngaelscolaíocht sa tír i gcoitinne, agus Comhairle na Scoileanna Gaeltachta ag plé leis na scoileanna sa Ghaeltacht. Bhíodh argóint láidir ag muintir na Gaeltachta nárbh ionann ar aon chor an cás acu féin agus conas mar bhí sna scoileanna a bhí faoi chúram Ghaelscoileanna. Ní glacfaí leis fiú go raibh an curaclam céanna oiriúnach sa dá chás.

An raibh níos mó ná sin i gceist?. Gan amhras bhí rogha ann do pháistí a bhí ag freastal ar Ghaelscoileanna. D’fhéadfaidís freastal ar na gnáthscoileanna — rogha nach raibh ar fáil sa Ghaeltacht. Ach mar sin féin nár dhóigh leat go mbeadh go leor a d’fhéadfadh an dá dhream a fhoghlaim óna chéile?

Bhain an fhadhb is mó, gan amhras, leis na Gaeltachtaí laga, agus bhí cuid díobh an-lag. Gan amhras arís, bhí na múinteoirí faoi bhrú. Mar ba ghnáth is orthu a dhírigh gach duine. Ach ba bheag an tacaíocht a bhí le fáil acu. Thosnaigh meath na teanga sna teaglaigh, ach sa deireadh ní raibh ar chumas na scoileanna an meath sin a stop.

Táthar ag caint inniu ar chúngú teorainneacha na Gaeltachta, ach b’fhéidir dá dtéití i ngleic leis an bhfadhb seo go mbeadh malairt scéil ann. Cá bhfios? Níor deineadh aon phlé air. Ní raibh aon duine ag gabháil thart ag fiosrú an scéil nó ag moladh seo nó siúd a dhéanamh. Bhí sé soiléir go raibh cúnamh breise riachtanach ach ní raibh sé ar fáil. Ní raibh aon bhaint ag Roinn na Gaeltachta leis an scéal. Ba chúram don Roinn Oideachais é.

Agus ní raibh aon chaint ar thumoideachas, ainneoin chomh maith agus a bhí ag éirí leis sin sna Gaelscoileanna. Is fíor nárbh ionann an dá chás, agus d’fhéadfadh nach mbeadh sé chomh héasca an córas a chur i bhfeidhm sna Gaeltachtaí laga. Ach ag cur san áireamh go raibh a chastacht féin ag baint leis an gceist, níl sé éasca a rá an raibh riachtanas le dhá eagraíocht ag obair go neamhspleách. Arbh fhearr gur móreagraíocht agus fo-eagraíocht a bheadh i gceist?

Maidir leis na heagrais dheonacha, go stairiúil sheas an Conradh sa chéad áit. Eagras pobail a bhí ann agus bhí córas daonlathach i gceist ón gcraobh aníos go dtí an Coiste Gnó, agus go dtí an tUachtarán féin. Mhaifidís gurb iad guth an phobail iad ag labhairt ar son gach a bhaineann leis an teanga — a tábhacht, a staid, a fadhbanna agus réiteach na bhfadhbanna.

Le ról mar sin, ba dhóigh liom gur bunriachtanas é a bheith i dteagmháil leis an gcóras rialacháin ag an leibhéal is airde. Ar chúinsí stairiúla, is dóigh liom, deineadh faillí ansin rófhada. Bhí tamall ann gur dhóigh leat gur prionsabal a bhí ann gan labhairt le lucht rialtais. Is maith nach bhfuil sé sin amhlaidh faoi láthair.

Más eagraíocht dheonach an Conradh, tá siad ag brath chomh mór le dream ar bith eile ar airgead rialtais. Beidh siad imníoch dá réir, ach conas a d’fhéadfaí a rá leo dul i bpáirt le haon eagraíocht eile?.

Ní eagraíocht phobail Glór na nGael sa mhéid nach bhfuil baint ag na coistí áitiúla le comhdhéanamh ná le polasaithe na láreagraíochta. Níl aon amhras ná gur obair phobail a bhí ar siúl acu thar na blianta, agus go raibh dea-thoradh air mar obair.

Cé hiad na heagraíochtaí eile? Tá cúram ar leith ar Comhluadar a bhfuil a thábhacht féin ag baint leis. Tá Gael Taca i gCorcaigh. Beidh siad uile ag brath nach gcuirfear isteach ná amach orthu. Cé thiocfaidh slán ón bhFómhar? Ní gá a lán a rá faoi Ghael Linn. Is eagraíocht ar leith ar fad é, comhlacht priobháideach i ndáiríre. Tá fhios ag an saol an mhórobair atá déanta aige agus an diminsean nua a thug sé isteach i saol na Gaeilge.

Is beag amhras anois ná go mbainfear úsáid as na pleananna chun athchóiriú a chur i bhfeidhm ar na heagrais éagsúla. Ciallaíonn athchóiriú níos lú airgid, ach conas a dhéanfar é?

Tá an iomad ama caite againn leo mar eagraíochtaí nuair a bhí i gceist againn ár bhfíoch a dhíriú ar na pleananna úd.

Feasta, Márta 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais