Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
I bPáras
le Colin Ryan
B’eo Páras: an biostró gruama, an tsráid chúng shalach, na traenacha siar agus aniar os a gcionn. Cumha rúnda ar Ancella i ndiaidh chathair na haislinge, áit a mbíodh filí ag argóint ar na droichid. Níor tháinig sí uirthi fós agus ní thiocfadh choíche.
Ba ghearr ó chuir sí di an babhta taistil ba dhéanaí aici. Fuair sí spléachadh uirthi féin sa scáthán dorcha ag bun an tseomra: an bhean chéanna i gcónaí, í buí agus caol, éadaí gan scléip uirthi. Mionchléireach a déarfá, bleachtaire príobháideach, iriseoir féin. Bhí sí cleachta leis an mbean sin, lena cuid íoróine nó duairce, ach le déanaí bhraith sí an rómánsachas ag éalú uirthi, galar anaithnid.
Beirt eile a bhí ann, iad ag féachaint uathu ar an duairceas. Arabach ba ea duine acu, aghaidh fhadfhulangach air, é ag tabhairt súile uirthi ó am go chéile.
— Vous n’appartenez pas à cette époque, madame, a dúirt sé, agus d’iompaigh uaithi, ag déanamh machnaimh arís ar uaigneas na sráide.
Bhí an ceart aige, b’fhéidir: le haois eile a bhain sí, aois níos tuire, níos srianta. Chuala sí torann marbh i bhfad uaithi mar a bheadh toirneach ann agus dhorchaigh solas an lae; d’imigh giotaí páipéir ag rince síos an tsráid. Bhraith Ancella an caochsholas á slogadh agus tháinig aiféala ait uirthi nár chaith sí hata glédhearg a shoilseodh an seomra, aiféala a scanraigh í mar rud a bhí bunoscionn lena nádúr.
Ní raibh sé de nós aici biotáille a ól (ach amháin súimín um Nollaig de ghrá na cuideachta) ach d’ordaigh sí deoch. Lasair a bhí sa ghloine, í ina coinneall a sheasfadh amas mall an dorchadais. Chuimhnigh sí ar rudaí fánacha a bhain leis na críocha eile úd, bean ag meáchan tornapaí, leanbh an chaisil bhuí, saighdiúir ag stánadh uirthi le súile fiabhrasacha.
Bhí seaneolas aici ar an áit seo, cé go raibh sí ligthe i ndearmad ann. Bhíodh cuid dá hóige ag siúl léi nuair a thagadh sí ar ais, sprid nárbh fhéidir a chur dá cois. Í ar lóistín sa tsráid seo tráth, cónaí uirthi i measc na n-inimirceach agus í níos coimhthíche ná iad; uathusan a d’fhoghlaim sí Fraincis agus stair na cruinne.
— Il pleuve, a dúirt an tArabach, faoi mar a bheadh súil aige (tar éis an tsaoil agus i séasúr ar bith) leis an bhfearthainn úd a thug léi gruaim dhosháraithe, gruaim a d’iniúch sí go fuarchúiseach, ag iarraidh í a chur le bun.
— Moi, a dúirt an tArabach (nach raibh ann ach brádán fearthainne anois), je suis né à Tripoli. Et vous?
Dúirt sí gur thug sí cuairt ar Thripilí tráth agus eolas aici (b’fhéidir) ar an tsráid ar rugadh é; ach gur rugadh ise i ndeisceart an domhain, áit a dtéadh na míolta móra thart amach san Fhómhar.
Ag caint di bhí sí ag cuimhneamh ar an mbás, rud neamhphearsanta neamhchlaonta, neach eile sa chaochsholas sin, é ar a shuaimhneas ina chlúid féin. B’eol di gur bhraith siad uile — an tArabach, an fear eile thall sa chúinne, an té a bhí ag freastal orthu — go raibh an neach úd ann, cé gur roghnaigh siad gan aird a thabhairt air.
Anois d’éirigh an fear thall, ag rá cúpla focal leis an bhfreastalaí, ag moilliú sa doras i dtreo gurbh fhéidir a dhreach diongbháilte a fheiceáil faoi mar a bhí turas fada roimhe. Amach leis. An biotáille ina lasair idir a dhá láimhse. Shlog sí í agus rinne an Bás draothadh gáire.
Tar éis tamaill d’éirigh an tArabach féin: Au ‘voir, madame, il faut qu’on sorte, qu’on vive en dépit de la vie… É ag imeacht, é ina chuid anois den fhearthainn mhór. Chas sí thart go bhfaca sí go raibh an freastalaí imithe agus gan duine fanta sa seomra ach í féin agus an neach a bhí thall sa chlúid. Tháinig fonn uirthi éirí suas de phreab agus amhrán a rá, na cathaoireacha a scaipeadh.
Tháinig Jean-Pierre faoi dheireadh de réir mar a bhí socair, é isteach chuici ina líbín, fear ar scorn leis riamh scáth fearthainne. É maol, gránna, searbh ina chaint. É tugtha don uisce faoi thalamh.
— Cén scéal é? a dúirt sé i mBéarla.
— Tá lóistín uaim.
— Th’anam ‘on diabhal, shíleas gur cailleadh thú agus tú ar an gcoigríoch. Agus féach an marbh ag iarraidh déirce.
— Ní haon scéal nua é sin. Agus céard fútsa?
— Fuaireas post mar eagarthóir Connaissance, agus tá cead agat giota a scríobh dom.… Tá lorg na mblianta ort. Ní oireann an taisteal duit.
— Ní thig liom a bheith i mo chos ina cónaí. Ní mhúintear go coigríoch.
Ghlaoigh Jean-Pierre deoch agus thosaigh ag ríomh scéalta mailíseacha conspóide agus ceilge, ag iompú ar an bhFraincis chun faobhar a chur ar a fhriotal.
— Ces affaires sont ennuyeuses, a dúirt sé faoi dheireadh. — N’y pensons plus. Allons!
Ach rinne siad moill ann faoi mar a bhí súil acu le cor nua sa scéal seo nárbh eol dóibh fós a dheireadh. Shoilsigh gealán an tsráid; chonaic Ancella Pierrot agus Columbine, na haghaidheanna gealgháireacha, agus tháinig áthas géar uirthi a chuaigh go smior. Seo an aisling, an chathair úd nach raibh riamh ann, ag tabhairt dhúshlán na gruama agus an bháis; agus rinne an Bás gáire dóite.
— En voilà assez, a dúirt Ancella, ag nochtadh arís sa scáthán – bean bhuí chaol a bhí in ann ag an saol, ag an aisling, ag an gcealgadh. Au revoir, a dúirt an freastalaí faoi mar a bheadh cuimhne aige orthu agus iad ag filleadh; an tsráid ag fáiltiú rompu le fleá gaoithe, na traenacha á mbodhrú.
In árasán smolchaite a bhí Jean-Pierre ina chónaí. É ina aonar ó d’imigh a leannán (buachaill áitiúil) agus stuaic air (La salope! Bon débarras!). Leabhair ar fud fad a chéile, soithigh gan ní sa chistin.
Siúd ag siopadóireacht iad sna sráideanna salacha, Jean-Pierre ag trácht go searbh ar a raibh le feiceáil agus Ancella ag féachaint ar an saol seo go fiosrach, ar lorg faisnéise. B’eo tréimhse eile ina beatha, í ag cur slacht éigin ar chúrsaí, ag breacadh léi go fánach, ag féachaint uaithi ar spéir a bhí ag oscailt roimh an Earrach. Bhí Jean-Pierre taghdach, mioscaiseach, greannmhar. É á fhógairt gur bhaintreach í Ancella a bhain Páras amach ar son an chraicinn.
— C’est une histoire, a dúirt sé léi, et j’adore les histoires.
Nuair a d’fhiafraigh sí de cén fáth nár aistrigh sé go dtí ceantar níos galánta, dúirt sé gur i mbrocais a rugadh é agus gur i mbrocais a chaillfí é. D’oir sé do na bólaí sin, don salachar, don bhochtanas; ach bhí an tEarrach ag teacht, rud éigin ag bláthú go dorcha, agus tháinig fonn siúil uirthi. Scrúdaigh Jean-Pierre go fonóideach í.
— On doit partir, a dúirt sí.
Saghas eagla uirthi, faoi mar a d’fhéadfadh an áit seo dul i bhfostú inti, í a ghreamú, agus í ag cuimhneamh ar na bóithre a thug anseo í, ar na bóithre a bhí roimpi fós. B’fhéidir (a shíl sí le hiarracht de gháire) go rachadh sí abhaile. On doit partir: agus rug sí ar a seanmhála, phóg Jean-Pierre – a raibh athmhórtachas déanta aige lena stuacán de leannán – agus dhún an doras go diongbháilte.
Bhí an biostró dúnta; tinneas, a dúirt an nótá ar an doras; ach bhraith sí na súile neamhphearsanta á faire, ag aithris na n-eachtraí a bhí le teacht. D’fhéach sí uaithi síos an tsráid fhada chúng go bhfaca sí fear ag imeacht uaithi, an tArabach, nuacht an lae inné ag rince roimhe amach. Lean sí é, tormán na dtraenacha á tionlacan agus cuid dá hóige á tréigean aici, cathair shalach nó cathair shamhlaithe, agus rud éigin roimpi in imigéin.
Feasta, Meán Fómhair 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|