Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Fiúntas na Gaeilge sa Ré Nuálaíoch: Ról Radacach don Chonradh
le Fionnbarra Ó Brolcháin
Alt bunaithe ar chaint a tugadh in Aonach Urmhumhan, 8 Bealtaine 2009, ag oscailt oifigiúil Chonradh na Gaeilge. Is é Fionnbarra Ó Brolcháin, comhúdar an leabhair Capitalising on Culture, Competing on Difference – Innovation, Learning & a Sense of Place in a Globalising Ireland (le Finbarr Bradley and James J. Kennelly. Blackhall Publishing. 2008).
Ré Nua
Ón tráth a bunaíodh an Stáit, d’athraigh intinn na hÉireann: bhíodh an náisiúntacht agus na mothúcháin i gceartlár na físe náisiúnta; a mhalairt de leagan intinne atá ann anois, tá an eolaíocht, an réasúnacht agus an mhargaíocht in uachtar. Ach braitheann todhchaí forbartha na tíre ar úsáid a bhaint as tréithe dearfacha den dá shórt. Tá geilleagar na hÉireann athraithe anois ó bhun go barr, agus tá sé soiléir go bhfuil polasaithe difriúla de dhíth, atá dírithe ar chothú seirbhísí idirnáisiúnta. Sa réimse seo ach go háirithe, soláthraíonn ár n-oidhreacht chultúrtha, saintréithe na hÉireann, an buntáiste iomaíoch is mó atá againn. Mheallfadh gluaiseacht nuálaíochta, foghlamtha agus iomaíochta, agus é ag teacht ó Chonradh na Gaeilge, maraon le fís atá bunaithe ar an oidhreacht, ar an teanga agus ar inbhuanaitheacht, tacaíocht ó bhunstoc na tíre agus uathu siúd a shíolraíonn ó chultúir difriúla chomh maith.
Tá difríochtaí bunúsacha idir fiontair atá bunaithe ar an ré atá imithe ar gcúl, is é sin an Ré Thionsclaíoch, agus fiontair atá bunaithe ar an ré atá ag teacht go tapaidh ar an bhfód, Ré an Eolais nó an Ré Nuálaíoch. Sa tseanré, d’úsáidtí acmhainní doláimhsithe (intangible resources) chun fiúntas (worth) a bhaint as acmhainní inláimhsithe (tangible resources). A mhalairt atá ar siúl sa Ré Nualaíoch: úsáidtear na hacmhainní inláimhsithe chun fiúntas a ghnóthú as acmhainní do-láimhsithe. Ciallaíonn sin go bhfuil níos lú tábhacht ag baint le réasúnacht i gcomparáid le mothúcháin, braistintí, naisc agus féiniúlacht nó daonnacht, cuir i gcás. Bhíodh comhlachtaí ag brath ar a gcuid acmhainní féin chun a gcuid oibre a chur i gcrích i gcás gach tionscadail, ach anois díríonn siad ar a gcroí-chumas féin agus gabhann siad i bpáirtnéireachtaí le gnóthaí eile a chur i gcrích, ag brath ar riachtanais an tionscadail. In ionad a bheith neamhspleách táthar ag brath ar a chéile.
I nuálaíocht na linne seo, caitear eagraíocht a shamhlú mar neach beo ag a bhfuil radharc fadtéarmach bunaithe ar fhorbairt, ar bheocht agus ar fholláine, seachas í a shamhlú mar inneall; ní meon an ghearrthéarmachais bunaithe ar fhás agus ioncam a thagann i gceist. In ionad smacht agus costais a bheith in uachtar, is é atá in uachtar: foghlaim, ciall, gaolmhaireachtaí agus muinín, gnéithe atá thar a bheith teibí.
Buntáiste Iomaíoch Inbhuanaithe
Luaitear creimeadh ómós áite go minic mar léiriú dearfa ar an bhféinmhuinín agus ar neamhspleáchas tíre. Ní fheictear fréamhúlacht mar ghné thábhachtach chun cruthaitheacht agus nuálaíocht a spreagadh. Ach is paradacsa é gur ag méadú seachas a bheith ag laghdú atá tábhacht an ómós áite agus an chultúir i ndomhan ina bhfuil margaí nasctha, córais iompair mearlíne agus cumarsáid ardluais chun tosaigh. Baineann buntáiste le difríocht, le háiteanna faoi leith, le luachanna i gcoiteann agus mothúcháin féiniúlachta. Mar a deir an tOllamh Michael Porter ó Óllscoil Harvard, baineann buntáiste iomaíochta agus nuálaíochta níos mó anois le gnéithe dúchasacha agus áitiúla.1
De réir mar atá an geilleagar domhanda ag éirí níos casta, eolasbhunaithe agus dinimiciúil, is mó atá seo amhlaidh. Na tíortha atá in ann margaí domhanda a nascadh le cultúr, sainiúlacht, traidisiún, féintuilleamaí (self-reliance) agus ómós áite, is iad siúd na tíortha a mbeidh rath fadtéarmach orthu.
Bíonn pobal cruthaitheach nuair atá eolas suntasach ag daoine, iad in ann smaoineamh ar bhealaí difriúla nó tréithe faoi leith acu. Ó thaobh iomaíochta de, cé gur gá acmhainní inláimhsithe (tangible), amhail airgead agus teicneolaíocht, mar shampla, ní leor iad. Acmhainní do-láimhsithe (intangible) a chothaíonn an chruthaitheacht agus an nuálaíocht atá riachtanach. Cé gur a mhalairt de thuairim a chloistear go minic, braitheann nuálaíocht i bhfad níos mó ar chúiseanna sóisialta, ar mhuinín, muintearas agus féiniúlacht chultúrtha, ná ar thaighde eolaíochta nó teicneolaíochta, an R&D a gcloistear oiread fúthu.
Is iad na hacmhainní is luachmhaire agus is inbhuanaithí ná iad siúd atá neamhinste: an tsamhlaíocht, an inspioráid, an t-iomas (intuition) agus intleachtacht (ingenuity), cuir i gcás. Bíonn tréithe amhail féintuiscint, féinmhuinín agus féinfhios, lonnaithe i gceantair agus i gcultúir áitiúla, iad fréamhaithe sa dúchas agus bunaithe ar an dúchas sin. Naisc a fhásann as caipiteal daonna, sóisialta agus cultúrtha a spreagann na tréithe úd. Is é sin le rá, ómós áite (sense of place) a spreagann brí nó ciall, agus an chruthaitheacht dá réir.
Chun ár mbuntáiste iomaíochta a chothú, caithfear sochaí nuálaíoch a chruthú in Éirinn. Na tréithe foghlama atá de dhíth ná cumas chun smaointe, eolas agus scileanna nua a shú isteach, agus an duine féin a chlaochlú agus a thrasfhoirmiú go leanúnach ag an am céanna. Ciallaíonn sin go mbraitheann cumas iomaíochta idirnáisiúnta na hÉireann ar a bheith difriúil agus uathúil san aon iarracht.
Céim sa treo ceart is ea coincheap an ‘Geilleagar Cliste’ (Smart Economy), a d’fhógair an Rialtas i Mí Nollag 2008. Tugtar aitheantas faoi leith don idirspleáchas idir na cineálacha difriúla caipitil. Aontaítear leis an tuairim go mbraitheann buntáiste iomaíochta na hÉireann ar a éifeachtaí is atáimid ag cothú ár gcaipiteal inláimhsithe (tangible) mar aon lenár gcaipiteal do-láimhsithe (intangible).
An Aigne Ghaelach
Ní féidir le tír a bheith nuálaíoch mura bhfuil tuiscint ag daoine orthu féin, cad as a dtagann siad agus cá bhfuil siad ag iarraidh dul. Tugann polasaithe a aithníonn nádúr agus braistintí na sochaí, mar is iad na braistintí seo a thiomáineann cúrsaí gnó na tíre, buntáiste iomaíoch atá cumhachtach agus inathraithe.
Ní ionadh gurb é is téama d’feachtas fógraíochta IDA Ireland faoi láthair ná The Irish Mind, leis an lógó Knowledge is in our Nature. An íomhá atá á dhíol le hinfheisteoirí idirnáisiúnta ná cruthaitheacht, samhlaíocht agus solúbacht mhuintir na hÉireann i mbun fiontar nuálaíoch atá fréamhaithe sa tsainiúlacht. Deir an IDA go léirítear an tsícé Ghaelach sa litríocht, sa cheol agus i ngaolmhaireachtaí, go bhfuilimid in ann débhríocht (ambiguity) a láimhseáil níos fearr ná cultúir eile. Is fiúntach na tréithe iad seo i ndomhan ina gcaitear réitigh thapaidh a aimsiú tráth nach mbíonn ach eolas neamhfhoirfe ar fáil. Is é tuairim an IDA go spreagann oidhreacht fhada litríochta na tíre, i nGaeilge ar dtús agus ansin i mBéarla, forbairt theicneolaíocht an eolais (IT), forbairt atá bunaithe ar chruthaitheacht. Baineann bogearraí go mór mhór, mar shampla, le gnéithe do-láimhsithe (intangible) eacnamaíocha atá bunaithe ar an intinn chruthaitheach agus ar naisc idir daoine:-
Could it be that the centuries-old Irish genius for creative communication, the basis of literature, provided the catalyst that has propelled Ireland into the knowledge society and made it one of today’s leading software producers?2
Soláthraíonn oidhreacht chultúrtha na hÉireann, ár dtraidisiún meafaireachta agus scéalaíochta, mar shampla, sár-bhonn don chruthaitheacht. Gné thábhachtach is ea ord agus neamhord a bheith fite fuaite le chéile. Lenár dtraidisiúin dhifriúla, nó éagsúlacht cultúrtha, tá bríonna difriúla scaipthe tríd an tír, agus is buntáiste ann féin é sin.
Tá an ‘Aigne Roinnte’ seo, téarma de chuid an fhile Thomas Kinsella, le feiceáil i saothar leithéid an ealaíontóra Louis le Brocquy agus an fhealsaimh George Berkeley. Mar a deir Richard Kearney, chun tuiscint ceart d’fháil ar iomláine na haigne Gaelaí chaithfí deireadh a chur leis an nós sin an tsamhlaíocht agus an réasún a scaradh óna chéile:
From the earliest times the Irish mind remained free, in a significant measure, from the linear centralising logic of the Greco-Roman culture which dominated most of Western Europe…… the Irish did not abandon order for disorder; they created a different kind of order…… not meaningless but another kind of meaning, not confusion but another kind of coherence.3
Chothaigh James Joyce cialla difriúla ina shaothar Finnegan’s Wake chun ‘two thinks at a time’ a sholáthar, mar a dúirt sé. Faoi mar a dhein Joyce, tá an ghné dhomhanda agus an ghné áitiúil, an baile agus an deoraíocht, fite fuaite ina chéile i saothar Séamus Heaney, a chleachtann mar a deir sé féin: ‘making contradictions dance’.
Ar ndóigh, baineann gnéithe diúltacha leis na Gaeil freisin, défhiús (ambivalence) nó cur i gcéill, mar a léirítear go maith sa nath cainte, Tadhg an dá thaobh. Fós, dá mbeadh ár dtraidisiún meafaireachta agus scéalaíochta curtha ar agaidh i gceart, ba bhuntáiste ollmhór dúinn é sa ré nuálaíoch, tráth a bhfuil an comhrá agus gaolmhaireachtaí ina mbonn leis an gcruthaitheacht.
Féinfhios
Bíonn meas ag daoine atá fréamhaithe ina gcultúr féin ar an éagsúlacht a bhaineann le daoine as cultúir eile a gcaitheann siad comhoibriú leo. Foghlaimíonn siad conas difríochtaí a aithint. Gineann seo níos mó measa ar a saintréithe féin, agus aigne oscailte acu i leith tionchair sheachtracha. Is féidir leo smaointí difriúla a shú chucu, agus gan a bheith faoi smacht ag tionchar an chultúir dhomhanda. Is trína bheith fréamhaithe i gcultúr agus i traidisiún, agus sa mhórtas cine is ceantair, a chruthófar an deis is fearr chun sochaí rathúil iomaíoch a bhaint amach in Éirinn. Is láidre de i bhfad a bheimid ó thaobh iomaíochta i ngeilleagar dhomhan na nua-aoise tír shainiúil a bheith againn, tír atá féintuilleamaíoch ag a bhfuil ardchaighdeáin, ach an stát a bheith iltíreach (cosmopolitan) chomh maith.
Ní de bhíthin an Bhéarla amháin a éireoidh linn tionscadail nuálaíochta agus iomaíochta domhanda a chothú in earnálacha na mbogearraí, na seirbhísí idirnáisiúnta, na meán digiteacha agus a leithéid. Ciallaíonn úsáid fhorleathan an Bhéarla inár measc, scartha ón traidisiún, gur dearcadh cúng agus éadoimhin atá againn sa tír go minic. Bímid ag sú tuairimí agus coincheapa athláimhe chugainn thar farraige isteach, agus is minic a fhágtar iad gan na hathruithe cuí atá riachtanach chun cultúr fíor-nuálaíoch a chothú curtha againn orthu.
Fáth eile nach leor an Béarla (ainneoin gur teanga sholúbtha na meán cumarsáide é) mar ghnáth-theanga gnó na tíre seo ná nach linne amháin í. Mar thír bheag, níl sé de chumas ionainn an Béarla a bheith mar ghné phríobháideach againn chun sinn a chosaint ó fhórsaí iasachta. Is ar a son féin, dá réir sin, ba chóir do lucht gnó na tíre a bheith ag tacú leis an nGaeilge chun sainiúlacht, féiniúlacht agus nuálaíocht a chothú, in ainneoin nach raibh teanga ann riamh a bhí chomh forleathan agus atá an Béarla anois. Ach tá cainteoirí dúchasacha Béarla ina mionlach, agus is céatadán iad atá ag éirí níos lú de réir a chéile; ní cainteoirí dúchasacha Béarla formhór an lucht gnó idirnáisiúnta, agus tá tábhacht leis seo: níl cainteoirí dúchais go maith i mbun a chinntiú go dtuigtear iad. Go deimhin, deirtear go reachtáiltear cúrsaí gnó as Béarla níos fearr nuair nach bhfuil aon chainteoirí dúchais Béarla i láthair ar chor ar bith.
Is minic a luaitear gur buntáiste do na Gaeil go labhraíonn siad Béarla, ach gan an míbhuntáiste ar thagraíos dó a bheith ag cur as dóibh. Tá gaol casta idir teanga, ciall agus machnamh, ach tá fianaise ann go bhfuil nós an mhodh eolaíochta, an cleachtas a bheith ag smaoineamh i dtéarmaí adamhacha agus réadacha, dlúthcheangailte le claonadh scoilteach sa Bhéarla. Cuireann an fisiceoir iomráiteach, David Bohm, an milleán ar struchtúr an Bhéarla de bharr na n-abairtí ann a bheith roinnte ina n-ainmní-briathar-cuspóir. Sa stíl loighciúil smaointeoireachta seo, feictear an domhan ina aonáin scoilte; feictear é trí lionsaí a fhágann gnéithe dinimiciúla agus gaolmhaireachta as an áireamh.
Buntáiste fiúntach inti féin is ea ár dteanga i leith sochaí nuálaíoch a thógáil. Soláthraíonn sí meán sár-oiriúnach a fhréamhaíonn acmhainní sa talamh dúchais, agus is foinse mothúchánach í a thugann deis do dhaoine a bhféiniúlacht chasta a aimsiú agus a fhiosrú. Mar a deir Mícheál Ó Cróinín sa leabhar, An Ghaeilge san Aois Nua, seo ról criticiúil a bhaineann leis an bhféinfhios agus is acmhainn é nár chóir dúinn neamhaird a dhéanamh air. Tragóid a bheadh ann don tír dá ligfí acmhainní suntasacha agus uathúla mar seo le sruth:
.…it would be tantamount to political, social and cultural suicide to relinquish the very extensive and distinctive (because not existing elsewhere) cognitive and aesthetic resources available in Irish language and culture. For even the most aggressively philistine pragmatist, such an abandonment would represent a serious narrowing of the basis for any future knowledge society that might be constructed on the island.4
Pé acu an forbairt líonraí sóisialta (social networks) nó forbairt i gcúrsaí comhrá agus cumarsáide atá i gceist, tá buntáistí faoi leith ag na Gaeil, ach ní bhainfear tairbhe chuí astu gan naisc a chothú idir an eolaíocht, an teicneolaíocht agus na healaíona, is é sin comhcheangail a dhéanamh idir cumas ealaíne, amhail comhrá agus fionnachtana inmheánacha, agus cumas eolaíoch, amhail réasúnacht agus meicniúlacht.
Gabhann an nasc idir na healaíona agus na heolaíochtaí siar go dtí traidisiún agus cruthaitheacht ársa litríochta na nGael. Ní raibh aon scoilt idir na healaíona agus na heolaíochtaí, idir an mata agus an ceol, mar shampla, nuair a bhunaigh manaigh scoileanna foghlama ar fud na tíre agus ar Mhór-Roinn na hEorpa le linn na Ré Dorcha. Ní thuigfeadh na scoláirí úd déscaradh (dichotomy) an lae inniu idir brainsí éagsúla eolais.
Ní giniúint eolais nua is tábhachtaí anois ach teacht ar eolas domhanda, líonrú agus cothú cónaisc. I gcúrsaí oideachais, is ‘conas’ a foghlaimíonn daoine atá tábhachtach, agus ní ‘cad’ a foghlaimíonn siad. An dúshlán ná a aimsiú conas forbairt a dhéanamh ar phobail bheoga fhoghlama, ina a dtugtar deiseanna do dhaoine a gcumas a chomhlíonadh trí bhíthin líonraí domhanda digiteacha. Caithfear fréamhúlacht a fhorbairt mar thimpeallacht chultúrtha, shóisialta agus spioradálta a bhun-athraíonn daoine, a chothaíonn difríochtaí aonair agus a spreagann muintearas.
Ag Foghlaim ón Athbheochan
Tá a lán le foghlaim as inspioráid agus aidhmeanna na hAthbheochana Náisiúnta. Le linn na hAthbheochana, chonaic siad siúd a bhí páirteach inti ár n-acmhanní nádúrtha, cultúrtha agus daonna mar gnéithe ríthábhachtacha d’eitic nuálaíochta. Sheas eagraíochtaí na hAthbheochana — Conradh na Gaeilge féin, na comharchumainn, Cumann Lúthchleas Gael agus Amharclann na Mainistreach, fiú eagraíochtaí a bhí dírithe ar eolaíocht an nádúir nó ar stair an dúlra — ina gcomhaontas leathan féinchabhrach a dhein iarracht saol sóisialta, eacnamaíoch agus polaitiúil na tíre a athrú ó bhun go barr. Bhí tréithe mar leanúnachas, ídéalachas, cuimhne, spiorad tírghrách agus eolaíocht phraiticiúil mar dhlúthchuid den ghluaiseacht.
Bhí saintréithe áirithe lárnach i gcás gach eagraíochta Athbheochana. Na príomhthréithe ná féintuilleamaí (self-reliance) agus misneach morálta nó carachtar. Ghlac Horace Plunkett agus Gluaiseacht an Chomharchumannachais leis, mar shampla, gur i lámha na nGael féin a bhí todhchaí a gcuid forbartha, agus ní i lámha stróinséirí. Bhí carachtar le sonrú freisin i gcroílár theachtaireacht Chonradh na Gaeilge, gluaiseacht radacach oideachasúil agus tionsclaíoch. I gceartlár a bhfealsúnachta siúd bhí an tuiscint nach raibh pearsantacht na nGael in ann teacht chun blátha, agus lán a hacmhainne a chomhlíonadh, ach i dtimpeallacht chultúrtha a bhí oiriúnach di. Faoi mar a léirigh Seán Ó Tuama, ghlac an Conradh leis nach féidir pearsantachtaí cruthaitheacha comhtháite (integrated creative personalities) a mhúscailt, ach amháin laistigh de phobal atá comhtháite agus a bhfuil taithí uathúil (unique) agus leanúnach dá chuid féin aige.5
Tá an bhéim seo ar charachtar níos tábhachtaí ná riamh inniu. Caithfidh tír bheag mar Éire eitic scothseirbhíse a lonnú i gcroílár a cuid polasaithe táirgiúlachta, nuálaíochta agus iomaíochta. Ach tá an Athbheochan dearmadta ag formhór ár gceannairí polaitíochta agus ag institiúidí oideachais na tíre. Admhaím go bhfuilimid anois i gcomhthéacs difriúil polaitaíochta, sóisialta agus teicneolaíochta, ach tá sé rí-thábhachtach spiorad agus chruthaitheacht an ama sin a athchruthú. Chiallódh san go gcruthófaí forbairt atá fréamhaithe sa dúchas, atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, agus ó thaobh gnéithe sóisialta agus timpeallachta de — chruthófaí náisiún atá iomaíoch go hidirnáisiúnta ach atá sainiúil (distinctive) go smior.
Tá ceachtanna fós le foghlaim as inspioráid agus aidhmeanna na hAthbheochana. Níl teorainn leis na féidearachtaí don Ghaeilge mar acmhainn féinfhollasaithe (self-discovery), mar fhoinse samhlaíochta agus brí, mar fhoinse íogaireachta (sensitivity) i leith difríochtaí daonna, agus mar chothú ar cháilíochtaí aeistéitiúla. Osclaíonn an teanga doirse ar eolas, ar fhilíocht, ar cheol, ar amhránaíocht agus ar scéalaíocht a bhfuil 2,000 bliain de chúlra leo; cuireann sí faobhar ar ár dtuiscint maidir lenár nósanna smaointeoireachta, iompraíochta agus mothúcháin.
Beidh an teanga ina dlúthchuid d’aon athghiniúint ghealleagair, mar a shamhlaigh bunaitheoirí Conradh na Gaeilge tráth. Thuig an fáidh, an tAthair Donnchadh Ó Floinn (1902-1968), ceannródaí i staidéar dhiagacht dúchais na Gaeilge agus fealsúnacht na hAthbheochana, é seo go han-mhaith. Mar a léirigh sé go minic, tá níos mó ná teanga i gceist: tá spioradáltacht na sochaí féin.
Ciallaíonn an socrú polaitíochta ó thuaidh, agus an inimirce fhairsing, gur am tráthúil é seo chun díriú ar ómós áite. Tá ‘Éireannachas’ mar seo, bunaithe ar chéannacht agus ar dhifríocht; tá sé lán de ghealltanas spreagúil. I dtír ilchultúrtha, tá sé deacair féiniúlacht láidir atá bunaithe ar chomh-eitneachas nó ar chomh-thraidisiún a bhaint amach. Ag an am céanna, bheadh mothúcháin atá bunaithe ar chomh-áit mar chroílár iontach i gcás na féiniúlachta nua-aoisí. Cheadódh sé do dhaoine a bhraith go raibh siad dlúthpháirteach i dtionscadal coiteann, agus is lárghné é seo den tuiscint atá riachtanach chun go mbainfí sochaí nuálaíoch amach. Mar a deir an scoláire Béarla P. J. Mathews, tá poitéinseal do-chreidte ag an Éireannachas, atá bunaithe ar chomh-fhéiniúlacht áite, agus á spreagadh ag ionchar (input) cruthaiteach na n-inimirceach nua:
This new local Irishness may also be fuelled by the creative input of recent immigrants. New arrivals are often intensely interested in the dynamics of their new locale and eager to connect with indigenous cultural strands as a way of expressing their commitment to their new homeland. As Douglas Hyde testified, being from a particular ethnic background is not a prerequisite to learn and value the Irish language and its literature, not to mention Irish music and Gaelic games.6
Tá an-suim ag daoine nua-thagtha inár measc sa dinimic áite, agus fonn orthu dílseacht a léiriú dó. Ach de réir tuairiscí, feiceann a lán inimirceach nach bhfuil tuiscint láidir ag na Gaeil ar a gcultúr féin; ní fios do Ghaeil cé hiad ná cad ar a shon a sheasann siad. Baintear geit go minic as inimircigh, iad féin chomh bródúil as a dteanga dhúchais, nuair a fheiceann siad an gaol ciotach atá againne lenár dteanga, an diúltacht a léirítear go minic ina leith, chomh ‘neamhúsáideach’ is atá an teanga, mar a deirtear!
Deis don Chonradh
Tá ról an chultúir i bhforbairt cúrsaí nuálaíochta ag éirí níos tábhachtaí in aghaidh an lae. Mar a léirigh David Landes ina leabhar, The Wealth and Poverty of Nations: ‘If we learn anything from the history of economic development, it is that culture makes all the difference’.7
Ach ní shamhlófá san ón easpa suime a léirítear i bpolasaithe ár Rialtais sna naisc idir an todhchaí agus poitéinseal ár n-acmhainní cultúrtha.
Ghlac tíortha mar an Fhionlainn agus an Danmhairg leis i bhfad ó shin go bhfuil géarghá le hathnuachan chultúrtha chun féinmheas náisiúnta a shlánú. Tá meas faoi leith acu ar an nasc idir fréamhúlacht, ard-eitic oibre agus pobal nuálaíoch cumasach a chothú. San Fhionlainn, mar shampla, tír a moltar go minic d’Éireannaigh aithris a dhéanamh uirthi, is tréithe mar mhothúchán láidir náisiúnta, teanga uathúil agus dlúthchumann leis an nádúr, maraon le comhcheangailtí láidre idirnáisiúnta, tréithe atá ina riachtanais sa tsochaí nuálaíoch, a dheineann ciall dá saol do dhaoine. Is minic a dhíríonn tráchtairí Éireannacha ar an méid mór airgid a chaitear san Fhionlainn ar R&D, ar an taighde agus forbairt sin, ach ní dhéanann siad aon tagairt don chultúr mar eochair-thréith. Níl dabht ann ach is féidir lenár gcultúr féin a bheith chomh tábhachtach céanna le cultúr na Fionlainne mar thiománaí nuálaíochta.
Sa Danmhairg is é is bunús do chultúr na foghlama ná an t-ómós áite a thairgítear do daoine óga, fréamh láidir a saoil. Tuigeann mic léinn dá bharr go gcaithfidh siad acmhainní an domhain a úsáid go cúramach, gan chur isteach ar chothromaíocht nádúrtha. Foghlaimíonn siad conas meon freagrach a bheith acu i leith shochaí agus chultúr a dtíre féin maraon le tíortha eile, conas glacadh le slite difriúla smaointeoireachta maraon le saoránacht láidir a chothú. Maireann fós tionchar ghluaiseacht scoileanna béaloideasa Grundtvig ón 19ú haois agus a gcoincheapa ar chúrsaí oideachais. Soláthraíonn an tréith seo doimhin-mhothú misin agus cuspóra, a spreagann carachtar agus féiniúlacht sa duine. Cé go gcothaíonn seo meon dearfach i leith chultúr agus shochaí na Danmhairge, múintear freisin tírghrá nach gcothaíonn drochmheas ar aon tír eile.
San Fhrainc, go deimhin, tír go raibh poblachtánachas Shaorstát Éireann bunaithe air tráth dá raibh, meascán den daonnachas agus den náisiúnachas is ea a gcóras polatíochta agus geilleagair. Tá an cultúr ar cheann de bhunchlocha shaol na Fraince, gné atá thar a bheith tarraingteach do chuairteoirí. Mar a dúirt an t-Iar-Aire Jack Lang, ‘The economy and culture: same battle’.
Léiríonn an Iodáil an tábhacht céanna a bheith le cultúr i gcúrsaí iomaíochta. Ní féidir le stróinséirí aithris a dhéanamh ar dhearadh Iodálach; oidhreacht ealaíne agus ceardaíochta forbartha é a ghabhann siar thar na glúinte, acmhainn atá ríthábhachtach ó thaobh nuálaíochta de.
B’fhéidir nach maith linn é a admháil, ach ó aimsir Chogadh na Saoirse i leith tá clú na tíre seo mar áit ina bhfuil cultúr uathúil saibhir ag dul ar gcúl. B’fhéidir, de bharr na glúine a tháinig i réim i ndiaidh 1922, go gceaptar go bhfuil coinbhliocht idir mothúcháin láidir féiniúlachta agus nuálaíocht agus nua-aoiseachas, ach níl sin amhlaidh. Cé go bhfuil an argóint seo agam ar son nuálaíochta agus nua-aoiseachais i bhfad ó thuairimí Éamon de Valera maidir lena bheartas féindóthaine, tá sí ag teacht mar dhearcadh lena thuairimí maidir le fiúntas ár n-acmhainní dúchasacha. Ní déantán (artefact) marbh frith-nua-aimseartha agus frith-gheilleagrach é acmhainn chultúrtha mar theanga, ach foinse dhinimiciúil agus uathúil.
Ní dearcadh cumhach ná saonta é a rá go mbraitheann todhchaí iomaíochta idirnáisiúnta na hÉireann ar a bheith difriúil agus uathúil. Go deimhin, cé gurb é Seán Lemass an duine is mó a bhí freagrach as Éire a oscailt don trádáil idirnáisiúnta, thuig sé go maith an tábhacht a bhaineann le sainiúlacht. Chreid Lemass gurb iad na tréithe dúchasacha a spreagann pobal chun obair ar son dul chun cinn a dtíre:—
The people of the world will respect us only to the extent that we respect ourselves, our history, our traditions, our culture and our language.……. it is all the more important that we should preserve and develop every characteristic and value which distinguishes us from other nations. The movement of the Irish people which brought us so far on the road to independent nationhood was never inspired by materialistic motives alone. If it had, it would have failed….8
Tá ról lárnach ag ómós áite mar láthair ghorlainne nuálaíochta, mar a déarfá. Iad siúd a n-éireoidh leo sa todhchaí ná iad siúd a bhfuil meas acu ar a n-oidhreacht agus bród acu aisti. Murab ionann agus fadó, tráth ar bhain tábhacht le costaisí gnó nó a bheith lonnaithe in eastát tionsclaíoch, is amhlaidh gurb é is tábhachtaí anois ná daoine a mhealladh go dtí áit faoi leith. Na háiteanna a mheallfaidh daoine agus eagraíochtaí chucu ná na háiteanna is cruthaithí, is mó iomaíochta agus is airde caighdeán maireachtála dá réir. Áiteanna as an ngnáth iad seo, a mbaineann inbhuanaitheacht agus sainiúlacht leo. Is acmhainní uathúla iad traidisiún, teanga, mórtas cine is ceantair agus féiniúlacht; is gnéithe dár saol iad a thiomáinfeadh ár mbuntáiste iomaíoch chun cinn dá n-úsáidfí i gceart iad. Is trua nach mbaintear feidhm i bhfad níos mó as na saintréithe seo i gcás polasaithe nuálaíochta na tíre de. Ach seo deis iontach don Chonradh filleadh ar a dhúchas, agus ról mar ghluaiseacht radacach forbartha a ghlacadh chuige féin arís!
Tagairtí
1 Michael Porter, The Competitive Advantage of Nations, New York, Free Press, 1990. #
2 IDA Ireland (2006), Ireland, knowledge is in our nature, Dublin, lch 122.#
3 Richard Kearney, ‘Introduction: An Irish Intellectual Tradition?’ in Richard Kearney (eag.), The Irish Mind: Exploring Intellectual Traditions, Dublin, Wolfhound Press, 1985, lch 7-14.#
4 Michael Cronin, Irish in the New Century/An Ghaeilge san Aois Nua, Cois Life, Baile Átha Cliath, 2005, lch 23-24.#
5 Seán Ó Tuama, ‘The Gaelic League Idea in the Future’ in Seán Ó Tuama (eag.) The Gaelic League Idea, Cork, Mercier Press, 1972, lch 98-109.
6 P.J. Mathews, ‘In Praise of ‘Hibernocentricism’: Republicanism, Globalisation and Irish Culture’ The Republic, 4, 2005, lch 12-13.#
7 David Landes, The Wealth and Poverty of Nations, London, Little, Brown and Company, 1998, lch 516.#
8 John Horgan, Seán Lemass: The Enigmatic Patriot, Dublin, Gill & Macmillan, 1997, lch 305.#
Feasta, Meán Fómhair 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|