Na Séasúir
Geimhreadh
Luíonn claíomh
sa tanalacht,
a rinn leacaithe
ina huiscí san,
a dhornchla
ar snámh go breá bog
i sáile an ghláir.
Anois is arís baintear solas as
is é ag slaparnaigh in éadan an chladaigh.
Laochra ag deifriú leo,
leanaí amháin a airíonn
ní éigin san uisce.
Earrach
Riamh ní raibh siad
chomh meallta sin
i dtreo an chladaigh.
I dtámhnéal beireann na mná
lín nua-nite leo
is leathann
thar lilí an uisce faoi bhláth;
faoina gcosa atá, i gcéaduair,
ar an uisce.
Deir cuid acu
go raibh
croí mór in éis a bháite.
Samhradh
Níor fhionnuaraigh an t-uisce
tríd an oíche fiú, nuair a tháinig
na laochra déanacha.
Deacair cur síos
ar an fhuaim, ach go mall réidh
ghearr siad na leanaí ó chéile
an oiread san acu gurbh fhéidir
raftaí boga a fhí as gruaig mhín is
méaracha beaga. I dtreo na camhaoire
bhíodar i mbarróg a chéile, shamhlófá,
ach níorbh ea, ach iad ag
gearradh a gcroíthe óga féin amach,
á gcaitheamh sa ghlár.
Fómhar
Tá a fhíor-fhoirm
tugtha don loch.
Tá chuile shórt anso ach
nach féidir faic a fheiscint
lenár súile breoite.
Thiocfadh linn ach gá leis céad-
chreathán an bhradáin a fhaire.
Ar an rafta tá baicle de sheanmhná
ag foghlaim léimh
de ghlanmheabhair.
Feasta, Meán Fómhair 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo