Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
San iris seo mí ó shin bhí go leor le rá faoi Thuarascáil an ‘Bhoird Snip Nua’, ag cur in iúl, go háirithe, gurbh ionann na moltaí a bhí sa Tuarascáil maidir leis an nGaeilge agus díscor a dhéanamh ar an bpolasaí a bhí ag gach rialtas ó bunaíodh an Stát maidir le hAthbheochan na teanga.
Ó shin i leith bhí an téama céanna ag an Dr. Proinsias Ó Drisceoil san aitheasc a thug sé agus é ag oscailt Daonscoil na Mumhan go hoifigiúil i Rinn Ó gCuanach. Bhí sé siúd níos pointeáilte ná mar bhíothas ar Feasta nuair a dúirt sé go bhféadfaí a argóint go rabhthas ag moladh sa Tuarascáil go dtabharfaí an Athbheochan chun deiridh, agus nár thuarascáil eacnamaíoch amháin a bhí ann ach cáipéis idé-eolaíoch go bunúsach, chomh fada agus a bhain leis an nGaeilge. Is riachtanas é d’aon duine ar suim leis / léi dán na teanga an t-aitheasc seo a léamh ina iomláine. [Féach, lch. 27 de Feasta na míosa seo].
Níor luaigh an Dr. Ó Drisceoil aon bhall den Bhord nó aon dream ar leith agus é ag tagairt don dearcadh idé-eolaíoch seo. Ní rabhthas chomh díscréideach céanna ar Feasta, mar a raibh an mhéar á dhíriú ar an státseirbhís, agus go háirithe ar an Roinn Airgeadais.
Gan amhras d’fhéadfaí a rá nach é seo an chéad uair a cuireadh an tuairim chéanna chun cinn sa cholún áirithe seo. Is í an cheist, agus ar ndóigh, is ceist thromchúiseach í, ná an bhfuil aon fhírinne sa tuairim. Tá an státseirbhís in ainm a bheith neamhspleách i gcás mar seo. Déarfaidís go neamhbhalbh gur cúram don rialtas polasaithe a leagan síos, agus nach ndeineann an tseirbhís ach iad a chomlíonadh agus a chur i gcrích.
Níor mhór do dhuine a bheith saonta go maith chun go nglacfaí leis an dearcadh sin ar conas mar a fheidhmíonn an Stát. Is eol don duine is daille go bhfuil bunról ag an Roinn Airgeadais i ndréachtadh polasaithe, ach is cuid den chur i gcéill é, a chleactann an státseirbhís i gcoitinne, nach n-admhaítear an bunról sin.
Tugtar chun cuimhne arís an riachtanas a bhí ann maidir le heolas ar an nGaeilge chun dul isteach sa státseirbhís go dtí gur cuireadh ar leataobh é sna luathseachtóidí. Cé chreidfeadh nach ar éileamh na státseirbhíseach féin a tharla sé sin? Ba bhuille tubaisteach don teanga a bhí ann agus ba ghníomh míchuí é, a léirigh neamhaird ar ionad agus ar stádas na teanga sa Bhunreacht. Go deimhin d’fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh an státseirbhís chun tosaigh ag cosaint an stádais sin. Tá buille tubaisteach eile i gceist anois sa tuarascáil is déanaí seo. Is buille an bháis a bheadh ann, i ndáiríre.
Arís ní mór a rá go dtuigtear go huile an riachtanas atá le ciorraithe, mar atá molta sa tuarascáil agus go luífidh siad san ar an nGaeilge, mar a tharlóidh i ngach gné eile dár saol. Gan amhras, má thógtar na céimeanna cuí, maolóidh an ghéarchéim eacnamaíoch agus dá luaithe sea is fearr.
Níor mhaith linn a shamhlú go mbeadh dream ar bith ag teacht i dtír ar an ngéarchéim chun cúlú ó cheann de na bunaidhmeanna a bhí le bunú an Stáit. Gan amhras, is fíor gur cúram don Rialtas an teanga náisiúnta a chosaint. Beifear ag súil nach gclisfidh air mar a tharla i gcás an rialtais a bhí i gcumhacht i seachtóidí an chéid seo caite.
|