Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

NAMA – Díospóireacht níos bunúsaí de dhíth
le Seán Ó Loingsigh


Gan amhras bhí cuid mhór den fhírinne ina raibh le rá aige, ach rithfeadh sé le duine, b’fhéidir, gur mhó ba chirte dó a bheith ag caint lena pháirtí féin faoi na nithe sin.

****************

Ba dheacair a shamhlú gur le haon mhórfhonn a bheidh airí agus teachtaí an rialtais ag filleadh ar ais ar an Dáil chun tús a chur leis an seisiún nua atá rompu. Ní háibhéil a rá gur seisiún cinniúnach a bheidh ann, agus go mbeidh go leor acu buíoch má thugann siad na cosa leo, agus gur ann dóibh fós mar theachtaí, gan trácht ar a bheith ina n-airí, i dtrátha na Nollag seo chugainn.

Beidh tús áite ag bunú NAMA, gan amhras, agus cheana féin tá Éanna Ó Cionnaith tar éis a fhógairt go bhfuil Fine Gael chun cur in aghaidh na háisíneachta conspóidí sin, ach is mó go mór d’ábhar buartha ó thaobh an rialtais é nach eol go fóill an dtacóidh na Glasaigh féin leis an iarracht seo chun dul i ngleic leis na mórfhadhbanna eacnamaíocha. Pé ní faoi airí rialtais an pháirtí sin, tá sé thar a bheith soiléir anois go bhfuil go leor de na gnáthbhaill sa pháirtí ag éirí corrthónach. Níor mhaith leat a bheith ag caint ar fhrancaigh agus ar bháid ag dul go tóin poill.

Gan amhras, bhí go leor de na gnáthbhaill seo nach raibh róthógtha ón gcéad lá le páirtíocht na nGlasach sa rialtas. Ach, ar ndóigh, ní féidir a bheith ródhian ar fad orthu sa mhéid sin. Nach bhfuil siad ann i bpáirtí Fhianna Fáil féin atá chomh corrthónach céanna. Is saol corraithe atá ann.

Ach ní NAMA amháin atá ag bagairt. Tá tuarascáil ón gCoimisiún um Chánachas i gceist agus an buiséad féin, agus is maith is eol dúinn nach gcuirfidh siadsan le gean ná gnaoi an phobail ar an rialtas seo, fiú dá mb’amhlaidh nach raibh an gean agus an ghnaoi íseal go leor mar atá. Mar bharr air sin uile, chun cur le míchompord an rialtais, caithfear aghaidh a thabhairt ar an dara reifreann ar Chonradh Liospóin. Tá an pobal chomh míshásta sin faoi láthair gur féidir nach nglacfar leis sin ach oiread.

Murab é seo an t-am is fóirsteanaí d’aon pháirtí a bheith i rialtas, tá sé soiléir go bhfuil Fine Gael ag prapáil chuige sin go díreach, agus go bhfuil Éanna Ó Cionnaith ag déanamh amhlaidh ag súil lena bheith ina thaoiseach. Gan a bheith ródhrámatúil, is é a chuirfeadh sé i gcuimhne duit ná Shakespeare agus an taoide úd a thagann i saol na bhfear.

Is deacair a bheith cinnte ar fad céard atá i gceist ag an Lucht Oibre, nó an bhfuil i gceist acu breith ar aon taoide. Tá siadsan in aghaidh NAMA, freisin, agus is cosúil gurb é atá i gceist ná na bainc a náisiúnú, ach níl sé soiléir ar fad an polasaí fadtéarmach nó gearrthéarmach é seo. D’fhéadfaí a bheith ag súil, nuair atá an geilleagar caipitleach agus cur chuige na heite deise i gcoitinne chomh mór faoi scamall, go mbeadh níos mó le rá acu agus go mbeadh polasaithe agus moltaí go mór níos radacaí á gcur chun cinn acu.

Is fíor go raibh alt ag Mícheál D. Ó hUiginn ar an Irish Times le déanaí faoin gceist seo. Bhí sé ag éileamh go mbeadh díospóireacht níos bunúsaí ann faoin drochstaid ina bhfuil an tír faoi láthair, agus ag ceistiú cén fáth gurb iad an dream ba lú acmhainne sa tsochaí ba mó a bheadh thíos leis an ngéarchéim. Ba bheag airde, dar leis, a bhí á thabhairt ar chearta saoránachta agus ar chuimsiú sóisialta. Gan amhras bhí cuid mhór den fhírinne ina raibh le rá aige, ach rithfeadh sé le duine, b’fhéidir, gur mhó ba chirte dó a bheith ag caint lena pháirtí féin faoi na nithe sin.

San am céanna, ní mór a rá go bhfuil bonn lena raibh le rá ag Ó hUiginn, pé acu an bhfuil a pháirtí féin ag éisteacht leis nó nach bhfuil. Cheana féin, agus sinn i ndúluachair na géarchéime eacnamaíche, is cosúil gurb é atá i gceist go forleathan ná filleadh ar an seanchóras a luaithe agus is féidir. Is iad a d’fhág sa bhfaopach sinn ná an síorfhás ar an táirgiúlacht, an rachmasaíocht agus an caipitleachas gan srian. Fiú gur cosúil go bhfuil an domhan féin á chur i mbaol ag an síorfhás.

Is cosúil leis gur den riachtanas é go mbeimis ag ceannach níos mó agus níos mó i gcónaí, agus ag síorídiú acmhainní nádúrtha na cruinne, bíodh go bhfuil an dainséar a bhaineann leis an gcur chuige sin follasach anois. Cheana féin tá bainc mhóra sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe ag filleadh ar a sean-nósanna agus ag íoc bónais ollmhóra le fostaithe atá ag tuilleamh airgid dóibh ar na margaí airgeadais, bíodh gurb é sin an cineál cearrbhachais a d’fhág an córas eacnamaíoch ar fud an domhain sa bhfaopach. Ní miste go mbeadh polaiteoirí mar Mícheál D. Ó hUiginn ag labhairt amach.

Tugann sin go díreach agus go nádúrtha sinn go dtí an acmhainn cultúrtha is luachmhaire atá againn, bíodh nach mór an aird a thugann go leor dár maithe móra ar an acmhainn sin ach oiread. B’fhéidir nach síleann siad go gcuireann an Ghaeilge móran leis an olltáirgeacht náisiúnta. A mhalairt ar fad, gan amhras.

Tá an díospóireacht ag leanúint ar aghaidh go tiubh te i gcónaí i measc phobal na Gaeilge faoina raibh i dtuarascáil an Bhoird ‘Snip’ Nua maidir le caiteachas an stáit ar an nGaeltacht agus ar an teanga féin. Cuireadh go mór leis an díospóireacht seo tar éis a raibh le rá ag an Dr. Proinsias Ó Drisceoil, agus é ag oscailt Daonscoil na Mumhan go hoifigiúil sa Rinn cúpla seachtain ó shin. Beidh tagairt in áiteacha eile san iris seo don aitheasc sin i dtreo nach gá cur leis anseo. Is leor a rá gur dheacair é a shárú ó thaobh géire agus grinnis.

Ag tagairt dá raibh le rá níba luaithe ag Mícheál D. Ó hUiginn agus ag Proinsias Ó Drisceoil, tá sé suimiúil a léamh inniu féin go raibh an t-iarUachtarán Mhic Róibín a bheag nó a mhór ar an téama céanna le linn an deireadh seachtaine agus í ag tabhairt óráid chomórtha Mhichíl Uí Choileáin i mBéal na mBláth i gCorcaigh. Bhí sí ag labhairt faoin riachtanas a bhí ann go mbeadh fís ag an bpobal, agus nár lú an riachtanas sin i dtráth seo na héigeandála.

Ba dhuine de ghlúin na hAthbheochana an Coileánach mar a bhí i gcás a chomrádaithe, pé taobh ar a raibh siad ar ball sa chogadh mí-ámharach a tharla eatarthu. Mar a mhínigh Ó Drisceoil chomh gonta sin, ba chuid dhlúth d’fhís na glúine sin tarrtháil agus cur chun cinn na Gaeilge.

Go deimhin is cuimhin linn gurb í Máire Mhic Róibín, nuair a bhí sí ina hUachtarán, a dúirt cé chomh bródúil a bhí sí nuair a chuala sí an Ghaeilge á labhairt agus í faoi ghradam in institiúidí léinn na hEorpa. Nárbh olc an mhaise dúinn, pé acu sa bhaile nó san Eoraip, ligint di imeacht le gaoith mar atá molta ag an mBord ‘Snip’ Nua.

Is maith ar fad an rud go bhfuil an díospóireacht a luadh níos luaithe ar siúl anois. Rómhinic a bhíonn pobal na Gaeilge ag caint ina measc féin, gan tionchar acu ar phobal mór an Bhéarla thart orthu, bíodh gur gnách dúinn ag maíomh go bhfuil an pobal sin i bhfábhar na teanga. Má tá, ba dheacair a rá gur de bharr ár n-iarrachtaí é. Is maith, mar sin, go raibh daoine ag cur cás na teanga ar sheó Pat Kenny ar an raidio le déanaí, agus go raibh sé sin á dhéanamh acu go héifeachtach agus go réasúnta.

Ó tharla go bhfuil oiread sin aithisc á lua againn an mhí seo, b’fhéidir nár mhiste dúinn críochnú le sliocht as cheann eile fós. Seo mar a dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin agus é ag oscailt Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in 2004:—

‘Creidimse gur chóir dúinn an pictiúr fírinneach a chur i láthair shaol an Bhéarla — go bhfuil neart daoine atá liobrálach, nua-aimseartha, le haigne oscailte, i measc mhuintir na Gaeilge, atá ar son caomhnú teanga ar an mbealach céanna agus atá daoine eile leathanaigeantach ar son chaomhnaithe maidir leis an dúlra, flóra agus fána an domhain mhóir, atá in aghaidh an truaillithe maidir le cúrsai timpeallachta, truailliú na tíre, an aeir agus na farraige. Déarfaí nach rud seanaimseartha a bheith ar son an sórt sin chaomhnaithe agus ar an mbealach céanna, dar liomsa, ní rud seanaimseartha a bheith ar son caomhnú teanga — ach rud go hiomlán nua-aimseartha — tuiscint a bheith ag duine ar thábhacht na teanga aonair in éagsúlacht an domhain mhóir.’

Feasta, Meán Fómhair 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais