Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Cuimhní Poircealláin
le Majella McDonnell
Léasacha leochaileacha i leathsholas na maidine. An ghrian ag sní trí scoilteanna na ndoirse ar shráideanna cúnga Dubrovnik. Braithim úire an lae ag neartú im’ thimpeall is ag cuimilt mo ghúna bhig cadáis. Tosnú arís.
Trí fhuinneoga an tsiopa amuigh romham, is féidir liom cruthanna an chéad scata daoine a idirdhealú cheana féin. Druideann siad isteach is cúlaíonn arís gan aon chúis shoiléir. Iad mearaithe agus meallta go huile is go hiomlán ag síoraíocht shollúnta rúndiamhrach na háite seo.
Ó mo thaithí féin, déarfainn go mbeidh sé go socair anseo a fhad le ham lóin ar a laghad. Lonnaithe anseo le trí mhí anuas le mo chomrádaí saoil Jojo, táim eolach go maith ar rithimí theacht agus imeacht an lae.
Thángamar araon ó theach mór aíochta ar imeall chathair Dubrovnik, áit a raibh cailín beag an tí, Ivana, splanctha inár ndiaidh. Thógadh sí amach ag spraoi ar an trá muid, ag caomhnú mo chraiceann poircealláin ar ghráinní scríobacha gainimh, is ag folú a haghaidh i bhfionnadh bog muscach Jojo. Bhlaisimis milse an uachtair reoite a theagmhaíodh lena beola, agus muid cuachta suas go cluthar ina baclainn. Uaireanta, théimis ag rith léi trí shráideanna cianársa an tseanbhaile, ár dtumadh féin i macallaí na meánaoise a iompraíodh gan smál tríd na céadta.
Stopadh Ivana chun cainte corruair leis na turasóirí. D’éistídís léi go dúilmhear d’ainneoin ardteas an lae, a gcuid mapaí ar crochadh go faon óna lámha agus a gcláir éadain maisithe anseo is ansiúd le mionbhraonta allais. Mhíníodh sí, le drámatacht rabhartach nádúrtha an pháiste, stair ildaite na tíre is na cathrach. Fiú gan eolas cruinn ar a toil aici, thugadh sí saighdiúirí Napoléon chun athshaoil lena gcnaipí gairéadacha, a madraí confacha is a ngunnaí neamhthrócaireacha. Thagadh Páirtiseáin Tito ina dtranglaim trí chúinní na seanchathrach le linn an Dara Cogadh Domhanda, is chaoineadh seanóirí an bhaile os cionn na mballóg toiteach th’éis buamaí Seirbeacha na nóchaidí. Le cuntais an ghearrchaile, bhraithimis uilig tréine an spioraid a ghabh leis an gcathair mhíorúilteach dhoscriosta seo.
——◊——
Ach dá fhad é an lá, tagann an oíche do chuid againn. D’fhás Ivana suas ina bean óg mheidhreach, gafa lena cairde is lena cuid scolaíochta—agus ba bheag a chonaic muidne di ó lá go chéile ansin. Cén gnó a bheadh ag cailín caithiseach mar ise le bábóg thraidisiúnta is béirín bréige ar aon chaoi?
Faoi dheireadh, thug máthair Ivana chuig siopa athláimhe sa tseanchathair muid, agus b’amhlaidh a thosaigh an chéad chaibidil eile dár scéal. Chuir fear an tsiopa—duine mór dearg-ghnúiseach le gáire groí is lámha garbha—os comhair a chéile ar sheilfeanna difriúla sinn, sa chaoi is go rabhamar scartha óna chéile don chéad uair le mo chuimhne.
Bhraith mé an aonaracht do mo bhá ar feadh cúpla lá ag an tús. Níor sheas ar mo dhá thaobh ach traenacha gan chroí agus busanna fuara stáin, is mo Jojo ionúin ar an taobh eile den domhan uaim ar fad: ribín nua ag ciorclú a mhuiníl agus a fholt tiubh liath á chlúdach go fras mar phluid! Sílim gur sméid sé a shúile orm uair nó dhó le linn an ama sin. Toradh na samhlaíochta ó mo thaobh féin de, seans, ach phreabadh mo chroí le barr áthais ar a shon sin is uile.
——◊——
Le himeacht na laethanta anseo, airím cúrsaí ag athrú. Tá mar a bheadh lámh dhofheicthe ag múnlú na cathrach tharainn de shíor. Cé nach bhfuil ionamsa ach bábóg dhearmadta ar sheilf dheannachúil sa tseanchathair, cloisim caint na gcustaiméirí, agus feicim dathanna teanntásacha an domhain i mo thimpeall.
Díreach an lá cheana, tháinig scata leaideanna ón iasacht ag spágáil go béiceach anuas an tsráid amuigh. Chonaic mé na cannaí beorach a bhí ardaithe os a gcomhair acu, a gcoirp bheathaithe ag luascadh anonn is anall de réir rithimí dothomhaiste a gcuid amhránaíochta boirbe. Ghabh creathán tríom nuair a chonaic mé duine díobh ag casadh i dtreo an tsiopa. A thiarcais, nuair a chuimhním ar a shúile bolgacha á mbrú in aghaidh na gloine, a lámha greamaitheacha ag méarú murlán an dorais! Dá samhlófá m’fhaoiseamh nuair a d’iompaigh siad thart agus d’imigh leo amach as mo radharc!
Beidh siadsan nó a leithéidí ar ais arís sar i bhfad, áfach: níl amhras dá laghad i m’aigne faoi sin. ‘Turasóirí’ de chineál nua is ea iad, nach spéis leo seoda ailtireachta na cathrach seo, ach gur mian leo taibhsí na seanmháistrí a dhíbirt go beo lena ragúis ragairneacha istoíche.
Bíodh sin mar atá, ní bhaineann le saol bábóige ach saol na hóige. Do pháistí a cruthaíodh mé ó cheart, agus is páistí fós a ardaíonn mo mheanma is a chuireann luisne bhándearg ar mo leicne lámhdhéanta. Feicim isteach chugam iad: buachaillí agus cailíní óga ag preabadh go beo ó cheann ceann an tsiopa, ag canadh, ag feadaíl is ag sú an uile ní isteach trína súile géara.
Faraor nach dtuigim brí a gcuid ceoil ach go hannamh ar na laethanta seo. Le beagán de bhlianta anuas, tá ‘popchultúr’ na gcríoch i gcéin ag sealbhú pháistí na Cróite. Chomh maith le bheith ag casadh amhrán ón iasacht, bíonn na cailíní agus na buachaillí á ngléasadh féin mar eachtrannaigh! Disney, DKNY agus Bratz is ea cuid de na lipéid a bhíonn scrábáilte go gréagach ar a gcótaí beaga is a málaí scoile.
Sa deireadh, áfach, ní drochrud é sin dár bpáistí. Is tairbheach an nós é, gan amhras, do shúile a oscailt agus breathnú ar an domhan i do thimpeall. Níl ann ach go bhfuil eagla orm inniu. Eagla faoi thodhchaí mo thíre.
Cuimhním siar ar mhuintir Ivana ag damhsa an lindjo chuile shamhradh i bpríomhchearnóg Dubrovnik. Iad uilig, idir shean agus óg, ag casadh le chéile i gciorcal bíogúil, sciortaí na mban ag cuilitheáil sa ghaoth agus nótaí taibhsiúla an lijerica á ndoirteadh amach ag an máistir. N’fheadar, ámh, cá fhad eile a mhairfidh an traidisiún seo i gcroíthe mhuintir na Cróite? An mbacfar leis nuair a rachaidh na páistí in aois?
Tá eagla orm dom féin freisin, ar ndóigh. Bábóg thraidisiúnta i ndomhan spleodrach nua-aimseartha síorathraitheach. Breathnaím go cumhach ar Jojo uaireanta: béirín deas bréige le haghaidh bhog fhiosrach agus géaga liatha sofháiscthe. Grádh a leithéid le cuimhne na ndaoine, agus beidh tóir air arís gan amhras.
Maidir liom féin, áfach, bíonn scamall na héiginnteachta thart orm i gcónaí. Le caipín bán ag cumhdach mo chuid gruaige, gúna dubh ag sroichint mo chos agus banda ildaite thart faoi mo bhásta, is macalla mise de mhná oibre na Cróite fadó. Lámha amuigh agam, réidh i gcónaí leis an gcéad jab eile a dhéanamh. Pátrúin bhuí, dhearga agus oráiste in adharca a chéile ar mo naprún, ag athchruthú na lasrach a stiúrann mo ghnó. Tá rúin na seanré fite go dlúth liom. Ach an mbeidh áit do mo leithéid sa tír nua seo?
Músclaíonn oscailt an dorais as mo mhachnamh mé. Sna siopaí cuimhneacháin a chaitheann na turasóirí formhór a gcuid ama, agus is díol suime a dteacht dom féin agus do Jojo. Cé atá againn anois? Cailín seacht nó ocht mbliana d’aois, b’fhéidir: a folt fionn ceangailte siar i dtrilseán aici agus a craiceann geal ag meabhrú tíortha i gcéin. Tagann a máthair cúpla céim laistiar di, a cuid súl ag ropadh go hamhrasach ó bhun go barr an tsiopa.
Labhraíonn siad leis an bhfear ag an gcuntar i dteanga nach dtuigim, agus tógann sé anuas ón tseilf bábóg de dhéantús Barbie. Croitheann an cailín a ceann go dáigh agus tiontaíonn ar a sála go mear. Gan nath a chur in impíocha a máthar, siúlann sí go tomhaiste ó sheilf go seilf, ag druidim le mo chúinnese ar feadh an ama. Casann ár súile. Biongó! Feicim a méara míne á síneadh i mo threo, agus cloisim clingeacha na kunas ar an gcuntar sciomartha adhmaid. Don chéad uair leis na cianta, táim ag eitilt tríd an aer i ndorn daingean páiste.
Sa soicind deireanach sula gclúdaítear le páipéar beartáin mé, breathnaím thart ar Jojo, mo chroí ag briseadh leis an eolas nach bhfeicfidh mé arís go deo é. Sméideann sé a shúil mhór dhonn orm. An uair seo, táim lánchinnte nár shamhlaigh mé é.
——◊——
Léasacha leochaileacha na maidine ag dul i neart. An ghrian éirithe ar lá breá nua dom féin agus do gach a tháinig romham. Braithim rabhartaí m’eagla ag dul i léig. Tá áit fós d’iarsmaí an tseanshaoil ar ardán an domhain mhóir, agus tá fianaise agam anois nach bhfágfar ar leataobh muid feasta. Mar bhábóg, déanfaidh mé mo dhícheall san aistear atá le teacht chun áilleacht, dathanna agus mistéir ár sinsear a thabhairt chun solais go tréan. Níl ag teastáil mar uirlis uaim ach aoibh oscailte pháiste.
Braithim úire an lae ag neartú im’ thimpeall is ag cuimilt mo ghúna bhig cadáis. Tosnú arís. Deireadh an tsaoil mar atá, ach buanú mo chuimhní poircealláin don chéad ghlúin eile. Anois, tá mé réidh.
Feasta, Meitheamh 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|