Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Líon suas arís iad!
An dtiocfaidh tú liom go tórramh leabhair Ghaeilge?
le Murchadh Mac an Aighnis
Ní scríbhneoirí atá de dhíth ar fhoilsitheoirí na Gaeilge a thuilleadh ach draíodóirí. Cuir ceist ar fhoilsitheoir ar bith agus déarfaidh sé leat gurbh é an scríbhneoir an chloch is lú ar an bpaidrín. De réir dealraimh, tá saol na Gaeilge ag cur thar maoil le scríbhneoirí agus filí. Táid ag fás ar gach crann ó Dhaingean Uí Chúise go hOileán Toraí. Táid níos líonmhaire ná na réaltaí i spéir na hoíche. Dá mba luamh í Éire is i dtóin na farraige a bheadh sí faoin am seo le méid agus le meáchan na scríbhneoirí agus na bhfilí a bheadh ar bord aici.
Feicim chugam baicle d’fhoilsitheoirí na Gaeilge agus mheasfá agus tú ag breathnú orthu go bhfuil an domhan mór is a mháthair á n-iompar ar a ndromanna acu. Tagann duine acu chugam. Cuma chráite uirthi.
‘An léitheoir Gaeilge tú?’ fiafraíonn sí díom.
‘Sea’, arsa mise léi go drogallach.
Tagann ardú meanman uirthi. ‘Go hiontach,’ ar sise go gealgháireach agus í ag glacadh grianghraif díom, ‘fan go neosfaidh mé don dream eile gur bhuail mé le léitheoir Gaeilge.’
‘Ó, sea,’ d’fhreagair mé, ‘is léitheoir mé agus is scríbhneoir mé fosta. Is mise an té a scríobhann an colún míosúil ‘Líon-Suas-Arís-Iad!’ don iris Feasta.’
Bhaineas stangadh uafásach aisti. Thit an lug ar an lag aici. D’iompaigh sí chomh bán le sneachta os comhair mo dhá shúl. Cheapas go dtitfeadh sí i bhfanntais. Ritheas chuici agus dheineas iarracht tacaíocht a thabhairt di. Chuireas mo ghéaga timpeall uirthi ag iarraidh í a chosaint ón gcoincréit chrua. B’amhlaidh a d’iompaigh sí orm agus rian na feirge ina guth.
‘Bog díom, a leibide,’ ar sise trína cuid fiacla, ‘cheapas gur léitheoir a bhí ionat. B’fhearr liom diabhal as Ifreann chugam ná leibide eile de scríbhneoir. Fán fada ort is mé ag ceapadh go raibh léitheoir aimsithe agam. Ó, Dia go deo linn cad a dhéanfaidh mé ceal léitheoirí?’
D’imigh sí léi agus í ag stracadh a cuid gruaige amach as a ceann agus í ag olagón ar nós mná sí. Fágadh mise i mo dhealbh chloiche reoite ar thaobh na sráide ag amharc ar an mbaicle foilsitheoirí ag dul as radharc uaim. Ar ámharaí an tsaoil, cé a chonac chugam ach Alfraits Ó hUiginn agus cuma an toirmisc air mar b’iondúil.
‘Téanam ort!’ ar seisean liom in ard a chinn is a ghutha.
‘Cá bhfuilir ag dul?’ d’fhreagair mé go fann.
‘Go Tobar Dheireadh an Domhain, a dhuine, cá eile!’ ar seisean go meidhreach.
D’inis sé dom ar an mbealach go raibh leabhar Gaeilge eile tar éis bás a fháil.
‘Bás obann, a dhuine,’ ar seisean, ‘ní mó ná go raibh an diabhal rud baistithe acu nuair a thit an t-anam as agus anois tá sé á thórramh acu Tigh Mhaidhc. Beidh ardoíche againn, a bhuachaill, mar ní bheidh insint scéil ar an méid pórtair a bheidh ann.’
Bhí an ceart ar fad ag Alfraits mar a bhíonn i gcónaí. Bhí an áit ar fad plódaithe le scríbhneoirí, filí agus daoine acadúla den uile chineál. Gan oiread agus léitheoir amháin le feiscint in aon bhall. An leabhar bocht sínte faoi chlár ar an mbord i lár an urláir agus scata bailithe timpeall air. Tháinig na mná caointe níos faide anonn san oíche agus a leithéid de liúireach agus d’olagón níor chuala éinne riamh.
Ar ndóigh, bhí ardoíche agam féin agus Alfraits agus bhuaileamar le maithe agus le móruaisle na litríochta Gaeilge agus d’ólamar ár sáith chomh maith. Maidir le húdar an leabhair mhairbh, bhuel bhí sí dúbhrónach mar a bheifeá ag súil leis, ach bhí na sluaite timpeall uirthi ag iarraidh a misneach a mhúscailt. Bhí an chuma ar an scéal gur éirigh leo fosta, mar nár sheas sí suas ag uair mhairbh na hoíche agus d’fhógair i nguth ard scréachach go raibh sí féin ag smaoineamh ar leabhar a scríobh chun a cuid dóláis i ndiaidh a grá ghil a bhí sínte faoi chlár taobh léi a dhíbirt.
Níor thúisce na focail chinniúnacha ráite aici ná gur tógadh raic. D’éirigh idir na foilsitheoirí agus na scríbhneoirí agus fuair banfhile mór le rá sa chúinne buille de bhuidéal vadca sa leathchluais rud a chuir mearbhall uirthi, mise á rá leat. Lean an scliúchas ar aghaidh go dtí gur deineadh smidiríní de gach buidéal agus gloine a bhí sa tigh agus caitheadh an lucht caointe amach duine ar dhuine. Leagadh an bord ar a raibh an leabhar faoi chlár agus thit sé ar an talamh. Chaith foilsitheoir buile éigin isteach sa tine é agus bhí sceilimis saolta ar siúl ansin.
Theith mé féin agus Alfraits lenár n-anamacha. Agus an bheirt againn ag scarúint óna chéile ag an gcrosaire, chaoch sé súil orm agus ar seisean liom: ‘Go dtí an chéad uair eile, mar sin, a Mhurchaidh. A leithéid d’oíche is a bhí againn! Ní dhéanfaidh mise dearmad uirthi go deo, a dhuine!’
Ná mise ach an oiread!
Feasta, Meitheamh 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|