Dánta le
hArt Ó Maolfabhail
Samhradh fliuch
Samhradh síorbháistí :
plandaí agus páistí ag fiafraí
‘Cá bhfuil ár ngrianrí?’
Lá breá Samhraidh
Ar Charraig Cheann Trá
an faoileán bán aonbhliana;
súil ghrinn soir, súil siar
ar bhuillí buana an rámhaí.
Ní thógann ceann don snámhaí.
Deireadh an tSamhraidh
Agus an fómhar
fós glórmhar chaith an file
rós ar an tine.
Bruscar 1972
Lá céime an chine;
mála plaistigh cois bealaigh
caite ar an ngealaigh
(Sa bhliain 1972 thuirling an duine ar an ngealaigh den chéad uair — coiscéim fathaigh don chine daonna a dúradh agus grianghraf á chruthú.)
Dúluan um dhúré;
gealltar mí na meala dúinn
Lá geal Lú-nasa.
Aiteas lucht airm
Ait liom an saighdiúir
gairmiúil agus é mairgiúil
i dtaobh an damáiste
‘imchomhthaobhach’ a dhéanann
bomba amaitéarach —
do cholainn pháiste.
Agallamh a chuala ar Nuacht Bhéarla RTÉ
04 Iúil 2008 le hÉireannach
de chuid Arm Shasana san Afganastáin.
Flaithiúnas
Feitheamh thús na taoide
in eireaball na haoise:
agus Taoiseach flaithiúlach
as maoin na ndaoine;
maithiúnas ar mhaithiúnas
ar bhancaistriú calaoiseach.
Aois nua, Taoiseach nua,
faoiseamh úrnua ar úschairde as
Maithiúnas agus maoiniú.
Flaith ag foláireamh:
Ná caith arís maoin daoine
le cearrúchas gan áireamh.
Feasta, Meitheamh 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo