Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Eacnamaithe & Asarlaithe - -

Bhí tráth den saol go mbíodh draoithe ag ár lucht rialaithe chun comhairle a chur orthu. Ní dócha gur aon amadáin a bhí iontu. B’fhéidir, fiú, gur dhaoine léannta iad, cé go ndeirtí fúthu go mbíodh siad ag brath go mór ar asarlaíocht de chineál amháin nó eile. Gan amhras le himeacht ama agus le teacht na Críostaíochta, tugadh bata agus bóthar do na draoithe, ach má deineadh tháinig saoithe eile ina n-áit. Ní raibh siad ag brath chomh mór ar an asarlaíocht. Bhí an stair léite acu agus eolas acu ar na síbhialtachtaí móra a raibh cuntas le fáil orthu — an tSean-Ghréig agus an tSean-Róimh go háirithe.

Cé déarfadh ná go bhfuil an ruaig chéanna curtha anois ar na saoithe is a cuireadh ar na draoithe rompu. Tá lucht gaoise de chineál eile againn. Eacnamaithe a thugtar orthu, agus ó tharla ár ngéarchéim, níl aon teora lena bhfuil le rá acu, pé acu an ar raidió nó ar theilifís atáid, nó ag scríobh ar ár nuachtáin agus irisí.

Tá sé soiléir go bhfuil na polaiteoirí go mór ag brath orthu, pé acu sa rialtas nó sa bhfreasúra dóibh. Tá siad á gceapadh ag an rialtas le súil go mbeidh siad in ann a rá leo conas is féidir an tír a thabhairt slán as an ndrochstaid eacnamaíoch ina bhfuil sí, fiú má tá dóthain den mhilleán ar an rialtas féin faoin drochstaid chéanna. Ansin feicimid conas mar atá Fine Gael ag déanamh gaisce as duine de na heacnamaithe ba mhinicí ar raidió agus ar theilifís — ag rá linn conas a ráinig dúinn dul ar ár n-aimhleas — a bheith ag seasamh don pháirtí sin i bhfo-thoghchán i mBaile Átha Cliath.

Is í an mhórcheist, ar ndóigh, ná an bhfuil fhios ag na heacnamaithe conas sinn a thabhairt slán. An mbeadh sé chomh maith dúinn a bheith ag brath ar asarlaíocht na ndraoithe? Nuair a luaitear teacht slán onár ngéarchéim eacnamaíoch, céard atá i gceist againn? An amhlaidh go dteastaíonn uainn filleadh ar an seanchóras, mar a bhí i laethannta glórmhara an Tíogair Cheiltigh, nuair a bhí oiread sin béime ar an bhfás leanúnach bliantúil ar an olltáirge náisiúnta?

Nach féidir anois go bhfuil na laethanta sin thart agus nach féidir leanúint leis an síorfhás agus an tsíorúsáid, nó mí-úsáid, ar acmhainní nádúrtha na cruinne seo. Tá go leor cloiste againn le tamall maith anois ó na saoithe eile sin a bhfuil cur amach acu ar na cúrsaí seo, agus iad ag tabhairt foláirimh dúinn maidir leis an téamh domhanda, agus athruithe aeráide, atá ag bagairt ar shaol na cruinne.

B’fhéidir, mar sin, nár choir dúinn a bheith ag brath rómhór ar fad ar na heacnamaithe, fiú nuair a réitíonn siad le chéile, agus mar is eol dúinn ní i gcónaí ar fad é sin. Cad é an port úd a bhíodh ag De Valera fadó faoi ‘frugal comfort’? Nár mhór an t-ábhar fonóide é sin!

Feasta, Meitheamh 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo