Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Gúrúnna agus Gaeilge le Seán Ó Loingsigh
Is cosúil gur mó a chuirfidh roghnú George Lee as don Lucht Oibre ná d’Fhianna Fáil. Ach is féidir níos mó ná aon ní eile gur ‘coup’ atá ann d’Éanna Ó Cionnaith.
****************
Tá fhios ag an saol nach bhfuil Fianna Fáil ar a gcompord na laethanta seo. Go deimhin ní raibh a gcúrsaí chomh dona ón gcéad uair a ndeachaigh siad i mbun rialtais i bhfad siar i dtríochaidí an chéid seo caite.
Mar bharr ar an donas, níorbh ionadh dá ritheadh leo nach amháin go gcaithfidh siad dul i ngleic le hionadaithe an fhreasúra, ach nuair a thagann toghcháin i gceist go mbíonn orthu dul in iomaíocht le gúrúnna nó iarghúrúnna RTE chomh maith. Is cruaidh an saol é ag an bpáirtí go mba dhual dóibh bheith i mbun rialaithe, mar a luaití leo tráth dá raibh.
Ach, ar ndóigh, ní hé seo an chéad uair dóibh ag streachailt le gúrúnna RTE. Is cuimhin le cuid againn na laethanta úd a ngabh daoine mar Crús Ó Briain, Justin Keating agus David Thornley leis an Lucht Oibre agus gur shíl go leor inár measc go cinnte go mbeadh na seachtóidí sóisialach.
Ní rófhada ina dhiaidh sin a tharla suathadh eile agus tháinig Páirtí na nOibrithe /Daonlathas Clé ar an bhfód. Deirtí, gan aon amhras, go raibh siadsan i mbun is i mbarr in RTE, go háirithe i ngach a bhain le gnóthaí poiblí.
Níl fhios agamsa cé mhéad den fhírinne a bhí sa scéal sin. Mar sin, níl neamhghnách sa chasadh nua seo ach gur le Fine Gael atá George Lee éalaithe.
Dá mhéid atá an córas caipitleach faoi scamall faoi láthair, ní haon sóisialach é George. Mar sin féin is aisteach nach bhfuil níos mó ar eolas againn faoina fhealsúnacht pholaitiúil, nó cad go díreach is cóir a dhéanamh maidir leis an gcóras caipitleachais gan srian ar a rabhamar chomh mór ag brath, ach a d’fhág sinn sa bhfaopach ina bhfuilimid faoi láthair.
D’fhéadfadh, ar ndóigh, nach gcreideann sé go bhfuil aon ní bun os cionn leis an gcóras mar is ann do, agus gur leor smacht a chur ar lucht na sainte agus an chearrbhachais. Ach ní cosúil go bhfuil aon treo nua i gceist gan trácht ar réabhlóid.
I ndáiríre, agus géarchéim na heacnamaíochta mar atá, agus gur léir gur ar Fhianna Fáil is mó atá milleán an phobail dá bharr, níl seans dá laghad ag an bpáirtí sin sa dá fhothoghchán do na suíocháin Dála i mBaile Átha Cliath. Is cosúil gur mó a chuirfidh roghnú George Lee as don Lucht Oibre ná d’Fhianna Fáil.
Ach is féidir níos mó ná aon ní eile gur ‘coup’ atá ann d’Éanna Ó Cionnaith. Má tá Ó Laoi sásta leis, tar éis a oiread sin amhrais a bheith á chaitheamh ar a chumas ceannaireachta, is dána an té a bheadh ag cur ina choinne anois.
Níl aon amhras, áfach, faoin nguais ina bhfuil Fianna Fáil. Pé ní faoi na fothoghcháin Dála, má theipeann go dona ar fad orthu sna toghcháin áitiúla agus sa toghchán don AE, beidh sé rídheacair dóibh na cosa a thabhairt leo gan olltoghchán a ghlaoch.
Is maith a thuigeann a bpáirtithe sa rialtas é sin. Féach nach bhfuil na Glasaigh sásta a mholadh dá lucht leanúna aon tacaíocht a thabhairt d’Fhianna Fáil sna toghcháin atá romhainn.
Tar éis a bhfuil tarlaithe le bliain anuas, ní haon ionadh go mbeadh ísle brí le brath ar an bpáirtí. Bhí sé sin i gceist fiú i gcás na n-iarrthóirí a roghnaíodh do na fothoghcháin i mBaile Átha Cliath. B’fhearr go mór dá léireofaí go raibh treo nua á ghlacadh agus go raibh réimeas nua ar fad tagtha chun cinn, ach ba bheag ar fad a shamhlófaí é sin le roghnú an deartháir is sine leis an iarthaoiseach Ahern, agus mac don iar-aire Séamus Ó Braonáin. I ndáiríre ba dheacair ar fad a bheith ag tuar tréimhse fhada mar thaoiseach do Bhrian Cowen.
Ní mór a rá ná go bhféadfadh suim ar leith a bheith ag lucht na Gaeilge ina bhfuil i ndán don Taoiseach atá againn faoi láthair. Pé ní faoinár gclaonadh polaitiúil i gcoitinne, bhí go leor againn ag súil ar a laghad go ndéanfadh sé leas na Gaeilge. Mar a sheasann cúrsaí anois, ba dheacair a bheith dóchasach go dtarlóidh sé sin.
Is minic ráite go bhfuil sé éasca sinn a mhealladh le briathra binne. Mar sin féin is fada ó labhair aon Taoiseach chomh hoscailte agus chomh díreach i bhfábhar na teanga is a rinne Cowen.
Níl amhras ná gur bhain a raibh le rá aige geit as Teachtaí Dála ina pháirtí féin, gach pioc chomh mór agus a baineadh as teachtaí i bpáirtithe eile. Ar feadh scaithimh ina dhiaidh sin, bhi sé le tabhairt faoi deara go raibh níos mó airde á thabhairt ar an nGaeilge, sa Dáil go háirithe, ná mar bhí le fada an lá.
Bíodh nach leor na briathra iontu féin, bíonn an treoir agus an tacaíocht ón mbarr riachtanach, agus ní raibh sin ar fáil ó pháirtí ar bith, ná ó rialtas ar bith, le fada. Gan amhras, tá daoine i ngach páirtí a bhfuil cion agus meas acu ar an nGaeilge. B’fhéidir go bhfuil cuid díobh, fiú, a chreideann gur buille tubaisteach a bheadh don náisiún seo agus do mheanma an phobail, dá raghadh an teanga shinseartha i léig mar theanga bheo labhartha.
Nach bhfuil sé suimiúil leis sa tsaol atá ann go bhfuil daoine údarásacha, a bhfuil cur amach ar chúrsaí gnó agus ar an eacnamaíocht acu, ag rá linn le déanaí go mbaineann tábhacht ar leith leis an nGaeilge i gcur chun cinn eacnamaíoch na tíre, agus i gcothú mheanma agus spioraid an phobail.
Pé duine a bheidh ina thaoiseach san am atá romhainn, nó pé páirtí a bheidh i bhfeighil rialtais, tá sé riachtanach go gcuirfí tábhacht na teanga ina luí orthu. Ba chúram é sin do Conradh na Gaeilge ón gcéad lá a bunaíodh í agus is amhlaidh atá i gcónaí.
Is fíor go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag Éanna Ó Cionnaith agus ag Éamon Gilmore. B’fhéidir gur fearr acu í ná ag Brian Cowen. Níl tábhacht an-mhór leis sin. Ach bheadh sé fíor a rá, leis, gur mó suime a léirigh sé siúd inti ná mar a tharla i gcás na beirte eile. Nach féidir go mbeadh sé riachtanach é sin a athrú!
Is dóigh liomsa go bhfuil an Ghaeilge i mbaol níos mó ná mar a thuigtear de ghnáth. Tá an seanchlaonadh ann a bheith ag cur dallamullóg orainn féin. Bliain go díreach ó shin sa cholún seo bhíomar ag tagairt do thuarascáil dar teideal ‘Language Education Policy Profile for Ireland’ a d’ullmhaigh Rannóg Polasaí Oideachais Chomhairle na hEorpa agus ár Roinn Oideachais agus Eolaíochta féin.
De réir na tuarascála seo tá staid na Gaeilge sa chóras oideachais tubaisteach ar fad. Luadh go háirithe drochstaid na teanga sna coláistí oiliúna múinteoireachta, agus nach raibh oiread di ag go leor múinteoirí is a chuirfeadh ar a gcumas í a mhúineadh go sásúil. Gan amhras leis, bhí dánacht ann i gcás na Roinne a bheith páirteach ina leithéid de thuarascáil, ach ní chuige sin atáimid anois.
Ba dhóigh leat go mba thuarascáil thromchúiseach a bhí anseo, ach níor chualamar focal faoi ó shin. Go háirithe, an bhfuil an Roinn ag déanamh aon ní faoi, nó an leor leo a bheith páirteach sa tuarascáil agus dearmad a dhéanamh air ansin? Táimid lán den drochamhras is baolach! Agus ar ndóigh, bheifí ag súil freisin go mbeadh suim ar leith acusan atá gafa leis an bPlean Fiche Bliain san ábhar.
Mar bhuille scoir, b’fhéidir nár mhiste tagairt d’alt a bhí ar an iris seo mí ó shin. Bhí an t-údar ag tagairt don fhaillí a bhí déanta sa Ghaeilge ag lucht intleachta an Bhéarla. Gan amhras bhí an ceart aige, nuair a dúirt sé go raibh séanadh déanta ar an teanga ar fad acu. Luaigh sé na staraithe ar an mbealach céanna. B’aisteach a bheith ag léamh cuid díobh ag scríobh faoi stair na tíre seo le cúpla céad bliain, gan aon tagairt do conas mar a chuaigh sí i léig, nó gur chuma fúithi bealach amháin nó eile. Ní mór a rá nach raibh sé fíor fúthu uile.
Is féidir go raibh cuid den locht orainn féin faoi, mar a bhí i gcás na bpolaiteoirí. Is cinnte nár éirigh linn dul i bhfeidhm orthu.
Feasta, Meitheamh 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|