Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Lá na Buaidhe

Gearrscéal le
Antain Mac Lochlainn


Bhuaigh an scéal seo Duais an Mhaolánaigh don Ghearrscéal i gcomórtais liteartha Oireachtas na Gaeilge, 2009.

Inniu Lá na Buaidhe. Maidin chiúin cheansa gan fuacht ná brothall. Féadann laochra an chogaidh a seanéideadh a chaitheamh gan smál allais theacht fá na hascaillí. Is geall le coirceog an túr árasán le saothar agus le driopás – bróga airm á snasú, greim á chur i gcasóga, ceo dusta ag éirí ó bhratacha a ghreadtar le lámh na mban. I bPlásóg na Mairtíreach siúlann arm tachrán in eagar catha agus tá díbheirg ina súile a deir: ‘Tabhair dúinn an t-ordú agus ní súgradh feasta é. Tréigfidh muid baois is bréagáin. Doirtfidh muid fuil mar a dhoirt sibhse le bhur lá.’ Gáire a dhéanann an mhuintir chríonna faoi sin.

Tá radharc ag Emil orthu ach níl radharc airsean taobh thiar den chuirtín lása. Chí sé iarann rocach na ndíon agus bláth meirge orthu ar nós na sceireacha coiréil ina leabhar tíreolais. Tagann séis cheoil chuige le séideán seachránach gaoithe – máirseáil mhíleata nach eol dó. Tá focla na n-amhrán réabhlóideach á ligean i ndearmad cheana féin, ach bítear ag feadalaigh. Éagann an ceol agus ní mhaireann ach marbhfhuaim na ngluaisteán ar an mótarbhealach amach as an áit seo. Cluin sé cleitearnach colm agus préachán nach eol daofa nach lá mar gach lá riamh é. Agus na comharsanaigh ag beannú dá chéile go tíriúil. ‘Ar shíl tú go dtiocfadh an lá a choíche? Go gcuirfeadh muid an ruaig orthu faoi dheireadh. A Chríost nach milis é?’

Milseacht. Tá ocras air agus ba bhreá leis milseáin. Ba bhreá leis a bhealach a dhéanamh síos go dtí an Phlásóg, mar a bhfuil an comhrac faoi lánseol. Dhá sheabhac páipéir in airde sa spéir, ceann acu agus dath glas na tíre air agus é i gcoraíocht mharfach le dath dearg an dreama eile. An t-aos óg ag dul as a gcraiceann ag gríosú a gcomhraiceoirí fhéin. Le gach ruathar a thugtar faoin seabhac glas téann siad a shiosarnaigh agus a lúbarnaigh ar nós ainmhí a nochtfaí dó a namhaid dúchais.

Ach choimhéad Emil an cluiche seo ceithre bliana i ndiaidh a chéile agus is maith is eol dó cad é an deireadh a bheas air – an seabhac dearg titim go talamh agus páistí an bhaile é a stróiceadh ina chéad cuid. Chífeadh sé sa scoil ina dhiaidh sin iad, na daoine ba túisce a bhain láthair an áir amach; gach duine acu agus stiall den tsíoda fáiscthe ina dhorn aige mar choncas ar an dream a d’fhan siar. Ó, ní hé nach raibh ealaín ann. Agus tú ag iarraidh sreanga do chéile comhraic a ghearradh d’fhéadfadh an dá sheabhac dhul in achrann ina chéile sa dóigh is nach scarfadh Dia fhéin iad. Ach níor tharla sin riamh go dtí seo.

Shuigh sé siar agus lig cead réime dá aislingí. Bhí an mhaidin caite aige agus é faoi cheist. Cad chuige nach mbeadh sé leo amuigh ar an Phlásóg; ‘i gcuideachta na cuideachta’ mar a deir na seandaoine? I gceann seachtaine bheadh sé ag imeacht leo arís agus cead a chinn is a chos aige mar a bhí riamh. Cad chuige a gcaithfeadh sé an coraintín seo a chur isteach san árasán? Iadsan le spórt an tsaoil agus eisean ag gliúcaíocht orthu trí pholl Iúdáis.

I dtaca le hintleacht de ní raibh Emil a dhath os cionn na measarthachta. Corruair, bhíodh fadhbanna mata le fuascailt acu sa scoil – luas traentaí ag imeacht as bailte ar fud na tíre agus iad ag tarraingt ar an phríomhchathair nó cá mhéad úll a bheadh fágtha ag feirmeoir i ndiaidh an méid seo a dhíol ar aonach agus an méid seo eile a thabhairt do na muca. Thigeadh ceo tuirse ar a aigne agus é i ngleic leis na ceisteanna beagbhríocha sin. A chead ag an fheirmeoir a rogha méid úll a bheith aige nó dhul a throid leis na muca ina dtaobh.

Ach bhí gréasán eile ar fad le réiteach aige inniu, gréasán a shaoil fhéin. Ní úlla ná traentaí a bhí ann ach daoine – cuid acu ann agus cuid acu as. An t-athair a bhí ar lár sular tháinig Emil chun an tsaoil. An raibh trua aige dó fhéin faoi sin? Ní raibh, nuair ba é an dálta céanna ag bunús aos óg na cathrach é. Cogadh fada a bhí ann. Ach tuigeadh rud go húrnua d’Emil inniu, rud a thug misneach dó sa mhachnamh a bhí á dhéanamh aige. Ní amháin go raibh a athair marbh ach dar leat nach raibh sé riamh ann. Níor mhair duine ar bith dá mhuintir. Pictiúr fhéin ní raibh le fáil. Ní fhaca sé riamh a éideadh airm ná na boinn a bhronntar ar gach mairtíreach náisiúnta.

Ná ní labhradh a mháthair air mar a labhrann na baintreacha eile. Ní raibh a fhios ag Emil an raibh sé cosúil lena athair ina dhreach nó ina dhóigheanna. Agus cad chuige nach ligfeadh a mháthair amach é inniu thar lá ar bith eile? Ba é a cheart é, mórtas a dhéanamh d’íobairt a athara. Bhí an scéal ag dul sa mhuileann air anois, i ndiaidh an tús maith a bhí ar an obair. Smitín i mbun na cluaise a gheobhadh sé dá bhfiafródh sé di gan díreach cér leis é. Ní bhíodh sí go holc dó, ach thigeadh cuil uirthi nuair a shíleadh sí an teaghlach beag ’s aici a bheith i gcontúirt.

Ach cá raibh an chontúirt? Amuigh ar an Phlásóg bhíthear ag cur dlaíóg mhullaigh ar an tine chnámh – túr míshocair de dhoirse lofa, de bhoinn rotha agus de bhaill troscáin a bhí thar a ndeisiú. I bhfíormhullach an chairn bhí fear maide nach raibh a fhios ag Emil cé a bhí ann. Ach is maith a bhí a fhios aige cad é a bhí ann – éideadh an ainfhíréin air agus a mbratach míofar fáiscthe timpeall a uchta.

Dar leat gur rí ar náisiún é, ina shuí go hard os cionn na cathrach. Chuirfí lasair ann ar uair an mheánoíche agus d’imeodh sé ina bhladhairí tine. Ligfeadh an slua osna le heacstais fuatha. Ní ligfeadh an eagla dá mháthair amharc amháin fhéin a thabhairt ar an tine chnámh. Shílfeá gur ise a bhí ina suí ina mhullach, í fhéin agus a maicín mánla ag faire go bómánta ar lucht na géarleanúna, agus gan dúil acu le ceathrú anama.

Ach gasúr mar ghasúr ar bith eile a bhí ann! Maith go leor, bhíthear ag magadh air nuair a tháinig siad a chónaí sa chathair ar tús – tuin na tuaithe ar a chuid cainte agus éadaí ó láimh a mháthara ar a chaolchorp. Ach sin mar a bhíos daoine ag goineogacht ar a chéile, agus ní hé an t-aos óg amháin. Agus rinneadh iontas de é a bheith ar díth deirféara is dearthára, go háirid agus an rialtas ag dreasú an phobail le glúin na buaidhe a dhéanamh líonmhar.

Chanadh na girseacha ‘Éan na cuaiche duibhe! Éan na cuaiche duibhe!’ go dtí gur thuirsigh siad fhéin de. Ach ní raibh máchail air le go mbeadh sé ina ábhar truaighe nó fonóide. Ní de dhream na ngiofóg ná de dhream na n-ainfhíréan é. Cad é, mar sin? ‘Caor thineadh orthu’ a dúirt sé, gan a theangaidh a chur leis na focla. ‘Agus caor thineadh uirthi fhéin a dhéanann a oiread ganfhiosaíochta orm.’

D’éirigh sé agus shiúil go doras sheomra a mháthara. D’fhan sé ansin, a dhá dhorn druidte go dlúth. D’fháisc sé tuilleadh iad go dtáinig an phian úd i gcaol a láimhe, na hingne ag dul isteach i gcraiceann bog a bhoise. Beag a bhéarfadh air an t-adhmad tana a pholladh d’aon bhuille amháin den dorn iarainn sin aige. Chuirfeadh sin coiscriú fúithi, an faiteachán! Chas sé an murlán agus isteach leis.
——◊——
Domhan modartha múscánta a mháthara. Leabaidh. Cathaoir. An teas ag dul beag beann ar an aimsir. Dar leis, corruair, go mbíodh sí ar an ól, dálta a liachtaí sin bean sna hárasáin. Mhíneodh sin a lán rudaí – na laetha gortacha nuair a bhíodh sí róchloíte le tráth bídh a ghiollacht ach í ag stánadh ar bhall lom inteacht den urlár. Cuid de na rudaí a deireadh sí fosta. Mhair sí tamall fada ag stánadh air i ndiaidh dó í a mhúscailt. Shuigh sí aniar sa leaba agus d’amharc ar thoradh a broinne mar a d’amharcfadh lia ar strainséir a bheadh á scrúdú aige. ‘Is tú leanbh na hanchuimhne’ a dúirt sí ar nós dochtúra ag cur ainm ar ghalar, ar nós is go raibh sí ag freagairt na ceiste úd nár chuir sé. Tá go breá, a dúirt Emil leis fhéin. Ach cad é an chiall atá leis?
——◊——
Shocraigh sé go n-imeodh sé amach ar neamhchead di. ‘Leanbh na hanchuimhne.’ Níor léir dó cé acu mallacht nó beannacht a bhí ann. Caint thromchúiseach, an té a thuigfeadh í. Bhí daoine ar a aithne agus ba mhaith leis iarraidh orthu rún na cainte sin a fhuascailt dó; Silvano, mac an mhúinteora, nó Teodor, a raibh léann na sráide air. Fabijan a casadh air, agus níorbh fhiú a dhath a chomhairle siúd i ngnoithe ar bith nár bhain le sacar nó le troid. Bhí sé ina ábhar magaidh ag gasúraí na scoile murach a athair Emerick, a bhí sáite i rud inteacht a bhí cosúil le polaitíocht.

Chluineadh Emil na seandaoine ag moladh Emerick agus ag cáineadh an rialtais. Emerick a chuirfeadh múineadh ar lucht drugaí is ar ghadaithe. Emerick agus a chuid ógánach a dhéanfadh obair na bpéas a bhí lofa le breabaireacht. Bhí ainm eile ar Emerick de réir na bpóstaer: ‘Tréanlámh na Réabhlóide’, ach níor chuala Emil an t-ainm sin riamh air. Ní bhíodh ann ach ‘Cuir fios ar Emerick. Brisfidh sé cloigne.’

‘Hóigh, tusa, a ghlagaire. Goitse!’ Bhí Fabijan ag éirí teann de réir mar a bhí clú a athara á leathadh. Níor fhéad Emil aird ar bith a thabhairt air, ach spreag an fhiosracht é dhul fána dhéin. Cá bhfios nach mbeadh scéal úr aige. Ach ní raibh ann ach go raibh a athair le hóráid a thabhairt taobh amuigh de Phríosún an tSean-Gheafta, áit a raibh duine dá lucht leanúna faoi ghlas. ‘Cruinniú neamhdhleathach a bheas ann. Chífidh muid a bhfuil sé de chroí ag an rialtas piteog seo dúshlán m’athar a thabhairt. Ach, tá mise ag rá leat, má thugann siad fúinne is muidne atá réidh leis an chomhar a dhíol leo. An mbeidh tú linn?’ Dúirt Emil go mbeadh, ar choinníoll go ligfí dó bratach a iompar.
——◊——
Cearnóg an tSean-Gheafta. Sonarach sollúnta ag cloig na hardeaglaise. Na sráideanna tréighte ó tugadh ar na siopaí úra druidim don fhéile náisiúnta. Ní raibh os cionn cupla duisín de lucht leanúna Emerick ann, agus níor ligeadh daofa dhul ar amharc ná ar éisteacht an phríosúin fhéin. Ba dheacair d’Emil a dhéanamh amach cad chuige a gcuirfí cosc ar chruinniú chomh bocht leis nó cad é an baol don rialtas an scaifte seo. Díol truaighe iad, in ainneoin a gcuid bagair.

D’aithin sé stócach nó beirt óna thúr árasán fhéin agus is dóiche gur ó phlódtithe eile de chuid na cathrach a rinne lucht na hagóide a mbealach chun na háite seo. Tithe a raibh lorg na trodaíochta is na buamála orthu. Tithe a bhí lán d’ógánaigh ar leathchois nó ar leathláimh, de dhaill agus de ghealta. De bhaintreacha nach raibh lúcháireach i láthair na saoirse. Daoine gan tábhacht iad, is cuma cad é an cuthach a thigeadh orthu agus iad ag amharc ar a n-anás fhéin. Bhí urraim inteacht ag gabháil daofa le linn a laetha airm agus d’aithin Emil gur mhian leo an urraim sin a ghabháil chucu an athuair. Scairteadh orduithe. Sheas beirt acu ar gach taobh dá gceannaire. Bairéid dhubha orthu agus steafóg de bhata ina láimh. Thosaigh Emerick a chaint.

‘A chomrádaithe na dílse! Tá muid slua beag ann inniu ach ná cuireadh sin beaguchtach ar bith oraibh. Is minic an ceart ag an dream nach bhfuil líonmhar. Is cróga an té a déarfas glan amach gur bréagach iad lucht na cumhachta, go háirid nuair is bréag mhealltach thaitneamhach atá á hinse acu.

‘Tá bunús mhuintir na cathrach seo ag ceiliúradh Lá na Buaidhe. Tá siad ag déanamh gur linne a bhí an lá. Dar leo gur saor atá muid. Cé a bheadh ina dhiaidh sin orthu? Is mian leo a chreidbheáil gur cloíodh an namhaid. Is mian leo a chreidbheáil go bhfuil oidhrí na laoch i réim is i gceannas. Is ea, ach is minic ár mianta agus an fhírinne ag teacht crosach ar a chéile. Is mar gheall air sin atá muidne anseo inniu.

‘Deirtear gur tuathghríosóir mise. Tá go breá, a deirimse, nó is dual saighdiúra domh tuatha mo chine a ghríosú. Siúlfaidh mé gach cearn den tír dá ngríosú. Caithfidh mé mo theangaidh dá ngríosú i gcoinne rialtas seo na feille a bhíos ag síorchaint ar ‘síocháin’ agus ar ‘dea-chaidreamh’ leis an náisiún a rinne sclábhaithe dínn, a chéas agus a chráigh sinn, a rinne ár n-aos eagna a chrochadh agus a chaitheamh cois claí.

‘Chím páistí anseo agus bratach na tíre ar iompar acu. Ní fhéadfainn inse daoibh an t-uchtach a bheir sin domh. An páiste fhéin, tuigeann sé nach fiú ‘síocháin’ a iarraidh ar naimhde atá ar a ndícheall ag iarraidh muid a chur den tsaol, an náisiún seo a mhúchadh agus ár n-ainm a scrios ó annála na staire.

‘Ag dul thar fóir atá mé? Ag déanamh áibhéile, an ea? B’fhéidir gur fearr a thuigfeadh uaisle an rialtais na rudaí seo ná mar a thuigeann mise nó tusa. Ní raibh ionamsa riamh ach saighdiúir – saighdiúir a shiúil trí shráidbhailte a ghlac na hainfhíréin chucu agus a líon siad lena ndream fhéin. Chonaic mé na slua-uaigheanna ar imeall na mbailte sin, agus gal bhréantais ag éirí ó na céadta corpán. Chuaigh an boladh sin fá mo ghaosán, a chomrádaithe. Ní dhéanfadh a bhfuil de chumhrán Francach ag cuid striapach an rialtais an boladh sin a dhíbirt. Chuaigh sé fá mo scamhóga. Chuaigh sé go croí ionam.

‘Is ioma rud a chluin saighdiúir agus is ioma fuaim ab fhearr leis a ligean i ndearmad – blosc na bpiléar, feadalach na moirtéar, caoineadh an linbh atá díreach i ndiaidh theacht ar an tsaol. Há! Chím go bhfuil iontas oraibh. Nach bhfuil sin ar cheann de na fuaimeanna is binne ar domhan; leanbh ag líonadh a scamhóg d’aer milis an tsaoil, ag fógairt don mháthair is don bhanaltra go bhfuil duine nua tagtha ar Chlann Dé. Ach ní de Chlann Dé cuid de na páistí a bhíos ag siúl inár measc sa chathair seo fhéin. Is de shíol an namhaid iad, an namhaid sin a rinne ár mbantracht a éigniú. Ag dúil lenár gcine a chur ar gcúl lena síol suarach fhéin a bhí siad… agus tá daoine sa rialtas blióg seo a ligfeadh daofa an truailliú sin a dhéanamh orainn. Ní fhéadann sibh iontas a dhéanamh de sin. Nach ndeir an seanfhocal “an té a luíonn le madraí, éireoidh sé le dreancaidí.” Tá an chathair seo ar snámh le dreancaidí, a chairde, sna hollscoileanna, sna hoifigí agus i rialtas seo na meatachta. Tugaigí cúl do láimhe daofa, a fheara! Tugaigí an chíoch shalach daofa, a mhná! Níl dadaidh i ndán daofa anseo. Dadaidh!

Tá gasúr sa phríosún úd thall nach ndearna de choir ach dreancaid a mharú. Shílfeá gur buíoch de a bheadh muid. Sin dreancaid amháin nach líonfaidh a bholg de ghlanfhuil mhuintir na tíre seo. Ach leanfaimid orainn á marú, an airnéis seo a ghlanadh amach…’

Ba leis sin a thug na péas an ruathar fúthu. Sheas Emerick an fód agus d’ordaigh dá lucht leanúna déanamh amhlaidh. Reathaigh siadsan an méid a bhí ina gcorp. Blianta fada ina dhiaidh sin, agus eachtraí an lae á ríomh aige, bhí sé le rá ag Emerick nach raibh ach beirt ann a d’fhan dílis dó: a mhac fhéin agus gasúr eile a sheas gan cor a chur de, fiú agus an péas ag ardú an smachtín os a chionn.

Feasta, Nollaig 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais