Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Seán Ó Dálaigh: Éigse agus Iomarbhá


Proinsias Ó Drisceoil
Cló Ollscoile Chorcaí. 2007. 487 lch. ISBN 978-1-85918-407-3

á mheas ag Úna Nic Éinrí


I measc na n-iliomad lámhscríbhinní dár scríobh is dár chóipeáil Seán Ó Dálaigh (1800?-1878) áirítear ARÉ 24 L 1, a bhfuil dán le Brian Mac Giolla Meidhre ann, ‘An Poitín’. Ar lch 43 dá lámhscríbhinn bhreac an Dálach Ceangal leis an dán sin ar an neach déghnéasach Seón Anna, a thugadh cuairt ó am go chéile ar fhilí na Mumhan san ochtú haois déag.

Ní fheicim an rann sin in aon leagan eile den dán, ná ní móide gur chum Merriman é, ach is comhartha sóirt é ar an bhfear a bhreac — an t-eagarthóir a bhíodh ag iarraidh adhmad a bhaint as an saothar a bhí os a chomhair, sna lámhscríbhinní ar dtús, agus sna leabhair ina dhiaidh sin – Reliques of Irish Jacobite Poetry, agus Poets and Poetry of Munster, go háirithe.

Ní raibh sé sásta na lámhscríbhinní a chóipeáil amháin, mar tharraing sé chuige de réir a chéile gnó an eagarthóra, an fhoilsitheora agus an chlódóra féin. Dhein sé na dualgais sin a chomhlíonadh go rábach, agus níorbh aon fhál go haer dó an cló rómhánach féin a ionramháil nuair a d’oir sin dó. Fear ba ea é a raibh a ladhar aige i níos mó ná gnó amháin, agus tugann Proinsias Ó Drisceoil a cheart do gach gné dá shaol is dá shaothar sa leabhar cuimsitheach uileghabhálach seo, Seán Ó Dálaigh: Éigse agus Iomarbhá.

Téitear go croineolaíoch ann óna óige sna Déise, go dtí an tréimhse a chaith sé i gCill Chainnigh, agus as sin ar aghaidh go dtí Baile Átha Cliath, áit ar cailleadh é. Tá díol leabhair ann féin sna hAguisíní a dtráchtar iontu ar an stoc leabhar a bhí i siopa an Dálaigh, mar shampla. Fianaise ar dhíograis an Dálaigh, agus ar dhúthracht an údair, ar ndóigh, is ea an Bhibleagrafaíocht ar chúl an leabhair, agus mar bharr maise ar an iomlán chuir an t-údar Innéacs cáiréiseach críochnúil leis an saothar. Ní beag sin.

Ní raibh gnó na foilsitheoireachta, na heagarthóireachta is na clódóireachta ar scaradh gabhail óna chéile sa naoú haois déag, mar atá siad anois, agus d’fhreastail an Dálach orthu go léir. Anuas air sin bhunaigh sé an Cumann Ceilteach (1845) agus an Cumann Oisíneach (1853). Díol suime an tréimhse a chaith sé leis an mBíoblóireacht, mar, má d’aisiompaigh sé ar ball, ba léir go raibh na blianta a thug sé mar Anglacánach imithe abhaile air.

Cruthaíonn an t-údar dúinn go raibh sé in ann téacsanna a chíoradh de bharr a mhioneolais ar an mBíobla, agus gur fhan ‘aigne théacsúil shistéamach fhocal-lárnach’ (37) an bhíoblóra leis i gcónaí. Ba chun leasa a chuid scríbhneoireachta é sin, gan dabht, ach fágadh an fear bocht dá bharr idir thine an dá aicme creidimh ina shaol pearsanta féin.

Ag trácht ar a shaol pearsanta dúinn, ba dhóigh leat go mbeadh idir thaitneamh is tairbhe le baint aige as. Ba chróga an beart é siopa leabhar a oscailt i gCill Chainnigh, agus ar Shráid na Móna i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. Bhí teacht isteach réasúnta aige i gcaitheamh a shaoil. Bíodh go raibh teorainn lena chuid oideachais fhoirmeálta, d’éirigh leis páirt a ghlacadh i saol liteartha a linne. Dá bharr sin, áiríonn an t-údar é le pearsana liteartha an naoú haois déag, mar William Blake, William Carleton, agus Robert Burns, a tháinig chun cinn beag beann ar an ollscolaíocht.

In ainneoin sin is uile ligeadh an Dálach i ndearmad nuair a cailleadh é. Níor luadh a bhás sa Nation, ná níor cuireadh leac os cionn a uaighe i nGlas Naíon. Cailleadh cúigear leanbh leis le linn dó a bheith ina chónaí i gCill Chainnigh. Nuair a fuair an chéad bhean bás phós an Dálach Mary Murphy, Protastúnach a d’iompaigh ina Caitliceach lena phósadh.

Lorg sé comhairle John Windele go fuarchúiseach sular thug sé chun na hAltóra í – ‘I wish to contact my friends before I would buckle myself’ (156)! Gheobhfá tráchtas a scríobh ar staid na mban sa naoú haois déag ón abairt sin amháin, ach ní chuige sin an leabhar seo. Stair chultúrtha a chuir an t-údar roimhe a scríobh, agus is é gnó an stairí chultúrtha, i bhfocail Huizinga, ná ‘to determine a morphology of the particular before it can make bold to consider the general’ (6).

I dtaobh staidéir ar an nGaeilge sa naoú haois déag, cuireann an t-údar fainic orainn gan teacht ar shintéis róluath, nó go bhfoilseofar tuilleadh de fhianaise na litríochta ón ré sin. Breith shealadach atá á tabhairt aige ar Sheán Ó Dálaigh, a áitíonn sé. Ní thiocfainn leis, áfach, nach sárinsint é.

Dá gcuirfí athchló ar na heagráin den Pious Miscellany a d’fhoilsigh an Dálach, mar shampla, ba mhór an oscailt súl dúinn iad. Ar láimh amháin gheobhfá a áiteamh gur ag teacht i dtír ar shaothar Thaidhg Ghaelaigh a bhí sé, ach go deimhin féin, nach raibh ‘eagarthóireacht’ áirithe ar siúl ag scríobhaithe na lámhscríbhinní a chuaigh roimhe chomh maith? Ráineodh gur saothar ar fad eile ‘ó bhéal Thaidhg Ghaelaigh’ a bheadh le léamh againn, nó athinsint air ach go háirithe.

Nó go gcuirtear a thuilleadh de litríocht an naoú haois déag in eagar is i gcló, bhí sé de chiall ag Proinsias Ó Drisceoil cloí leis na téarmaí tagartha a luaigh sé ar lch a sé dá leabhar. Admhaíonn sé go macánta gur deacair a rá le lánchinnteacht gurbh é an Dálach a scríobh aon mhír ar leith de na leabhair ar a raibh sé ainmnithe mar údar. Ina dhiaidh sin is uile ba é a chuir Cúirt an Mheán Oíche i gcló don chéad uair riamh, uair éigin idir 1860-76.

Cuireadh ar an margadh é amhail is gurbh in 1800 a foilsíodh é, gan láimh ná páirt ag an Dálach sa ghnó, mar dhea. Mura spreagann sin scoláirí na Gaeilge chun taighde is bleachtaireachta, ní lá fós é! De bharr léas mar iad a chaitheann Proinsias Ó Drisceoil ar Sheán Ó Dálaigh is ea d’áiteofaí gur cloch mhíle an leabhar seo i stair litríocht na Gaeilge sa naoú haois déag.

Feasta, Nollaig 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais