Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Dán

Naomh

le Críostóir Ó Floinn
Conas nach mbíonn naoimh le haithint againn
Ar na saolta deireanacha seo mar a bhíodh anallód?
Bhídís i ngach doire in Éirinn, bhíodh tobar
Beannaithe i ngach baile, míorúiltí coitianta.

An é nach bhfuil an timpeallacht nua seo
Na telefíse is an chumhacht eithnigh oiriúnach
Do chothú na naofachta? Féach na sagairt féin
Dá mealladh ag an saoltacht, ag an drúis chomónta.

An solas ar Sceilg Mhíchíl is treoirléas leictreach é
Le báirc thráchtála a threorú ó bhanc go banc,
Eitleáin in áit aingeal ar Árainn na naomh,
Fronsaí graosta cois teallaigh in áit an Phaidrín.

B’fhacthas domsa go raibh naomh aitheanta agam
Tráth bhronn cara liom mám airgid ina ghrá Dé
Ar na hainniseoirí martaithe, in áit a bhean
Is é féin á chaitheamh ar shaoire eile sa Spáinn.

B’fhacthas dó siúd gurbh é Dia i riocht cláirínigh
A shín an bosca bailiúcháin chuige ó chathaoir rotha:
‘Ní thig leo siúl,’ ar seisean, ‘conas is ceadmhach dúinne
Eitilt go dtí Valencia, agus Éire le siúl againn?’

Ach táim in amhras arís ó dhearbhaigh a bhean chráite
Gur ghealt é (bhí sise in amhras ar dtús
Gur le drabhlás a caitheadh an t-airgead) agus d’fhág
Slán agus cead a chinn aige leis an naofacht
Nó an gealtachas, ceachtar acu, a chleachtadh.

Naomh

(bhon Ghaeilge aig Críostóir Ó Floinn)
Aistrithe go Gàidhlig thall ag Niall Gordan, An t-Eilean Sgitheanach


Ciamar nach bi naoimh gan aithneachadh againn
San là a th’ann mar a bhiodh bho shean?
Bha iad ’s gach doire an Eirinn, bhiodh tobar
Beannaichte ’s gach baile, mìorbhailtean bitheanta.

An e nach eil àrainneachd nuadh seo
Na teilifise ’s a’ chumhachd niuclasaich freagarrach
Do chumail-suas na naomhachd? Feuch na sagairt fhèin
Air am mealladh le saoghaltachd ’s leis an drùis chumanta.

An solas air Sceilg Mhícheáil, is gath-solais dealain e
Gus bàtaichean-malairt a threòrachadh bho bhanc gu banc,
Itealain an àite ainglean air Árainn nan Naomh,
Sgig-chluichean diogallach cois cagailte an àite a’ phaidirein.

Shaoil mi gu robh mi air naomh aithneachadh
Nuair a bhuilich caraid dhomh màm airgid ann an ainm Dhè
Air bochdaibh bacach, an àite a bhean
Is e fhèin a chaitheamh air saorlaithean eile sa Spàin.

Shaoil leis-san gum b’e Dia ann an riochd bacaich
A shìn am bocsa-cruinneachaidh chuige bhon chathair-rothach:
‘Cha tèid ac’ air coiseachd, fiùs,’ ars’ esan, ‘ciamar is ceart dhuinne
Dhol air iteig gu Valencia, agus Eirinn ri cur for cosaibh?’

Ach tha mi teagmhach arìsd o thuirt a bhean bhuairte
Gu robh e craicte (bha ise an amhras o thùs
Gur e an t-anacaitheamh a rinn e), agus dh’fhàg i
slàn is cead a chinn aige an naomhachd
neo an cuthachd, ge brith cò aca, a chleachdadh.


Feasta, Nollaig 2009

Abhaile | barr | clár na míosa seo