Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Bliain ó shin anseo, ag féachaint siar mar is gnáth dúinn ag deireadh bliana, bhíomar ag tagairt don chonspóid leanúnach faoin tumoideachas agus sinn, arís mar is gnáth linn, ag lochtú na Roinne Oideachais faoin gconspóid sin. Cén riachtanas a bhí leis mar chonspóid, nó dé chúis é bheith ag dul ar aghaidh chomh fada sin, agus ar ndóigh, an dochar leanúnach a bhí sé ag déanamh do theagasc na Gaeilge sna gaelscoileanna.
Cad a athraíonn? Tá an chonspóid sin linn go fóill, bíodh go bhfuil aire nua sa Roinn a bhfuil an cháil air go bhfuil fios a ghnó aige, agus nach bhfuil aon easpa misnigh air ach oiread. Murab ionann agus an t-aire féin, níl aon dea-cháil tuillte ag a Roinn maidir leis an staid ina bhfuil teagasc na Gaeilge i gcoitinne sa chóras oideachais. Is deacair glacadh leis ag an bpointe seo go mbeadh aon amhras fágtha maidir le fiúntas nós an tumoideachais sna gaelscoileanna.
Ach, ag fágaint ceist an tumoideachais ar leataobh, níl aon amhras ná go bhfuil go leor eile atá athraithe. Go deimhin ní athraithe atá staid eacnamaíoch na tíre, seachas mar a bhí bliain um an dtaca seo, ach curtha as a riocht ar fad. Tá téarmaí nua le foghlaim gach lá anois againn: téarmaí mar ‘tuirlingt bhog’, ‘iasachtaí fhophríomha’, ‘athchaipitliú’ agus tuilleadh nach iad. Nach orainn atá an t-ádh go bhfuil focal.ie tagtha ar an bhfód!
Chun cloí leis an téarmaíocht nua seo ar feadh tamaill eile, is eol dúinn anois an difríocht idir ‘meathlú an gheilleagair’ agus ‘spealadh’. Deir focal.ie linn go gciallaíonn ‘An Spealadh Mór’ ‘The Great Depression’, a tharla i dtríochaidí an chéid seo caite. Ní meathlú atá ag bagairt orainn faoi láthair, mar sin, ach spealadh.
Tugann sé sin go deas cruinn sinn go ceann de scéalta móra eile na bliana. Bhí go leor daoine ag súil, fiú más féidir gur mhó díobh a bhí ina gcónaí lasmuigh de na Stáit Aontaithe ná laistigh de, gurb é Barack Obama a roghnódh pobal na tíre sin mar uachtarán. Ní gá aon mhioninsint a dhéanamh anseo ar an stairiúlacht a bheadh i gceist leis sin. Is leor gur mar sin a tharla.
Ach an tuar dóchais ata ann leis, ag tagairt dúinn do Spealladh Mór na dtríochaidí agus an tubaist eacnamaíoch atá ag bagairt orainn faoi láthair? Narbh é an t-uachtarán nua-thofa Roosevelt a chuaigh i ngleic leis an spealladh sin nuair a bheartaigh sé ar an ‘New Deal’? Cé déarfadh nach bhfuil a leithéid céanna riachtanach faoi láthair
Bhí go leor daoine buartha leis faoin bpolasaí eachtrach agus slándála a bhí i gceist faoi réimeas an Uachtaráin Bush, agus beidh siad ag súil go dtiocfaidh deireadh leis an gcogaiocht agus an scrios atá ag dul ar aghaidh chomh fada sin sa Mheán-Oirthear.
Murab í an bhliain ab fhearr riamh í, nach dual dúinn a bheith dóchasach faoin mbliain atá romhainn. Mar sin, ba mhaith linn Nollaig faoi shéan agus faoi shonas a ghuí dár léitheoirí uile.
|