Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Ceird Chiapaithe na Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh
Is le Brown atá rith an ráis agus is é Cowen atá in ísle brí. Conas gur mar sin a tharla? Tá an ghéarchéim eacnamaíoch beagnach ar aon dul sa dá thír, agus i gcoitinne tá an dá chúis chéanna léi.
****************
Is mó saghas galair a bhuaileann an duine i gcaitheamh a shaoil. Tá na gnáthghalair ann a bhuaileann an corp nó an intinn. Tá galair nach bhfuil aon dul amach orthu, nó aon leigheas ann dóibh ach oiread, cosúil le galar an ghrá. Tá galar na gcás ann fiú, agus b’fhéidir gurb é sin is túisce a luafaí leis na daoine ciapaithe sin a théann le ceird na polaitíochta. Cad a phriocann iad dul le ceird chomh guagach ná chomh neamhbhuíoch.
’Sé chas na smaointe an treo sin an mhí seo ná grianghrafanna ar na nuachtáin le déanaí a thaispeáin polaiteoirí an rialtais, an Taoiseach féin ina measc, agus aghaidheanna chomh fada, dubhach sin ortha gur dhóigh leat go raibh an spéir tar éis titim orthu, agus ar an taobh eile grianghrafanna d’Éanna Ó Cionnaith agus a chomhghleacaithe agus straoiseanna orthu ó chluas go cluas.
Is eol dúinn, ar ndóigh, gurb iad na pobalbhreitheanna is cúis leis sin, go háirithe conas mar a bhí Fine Gael céatadán éigin dochreidte chun cinn ar Fhianna Fáil. Níor tharla a leithéid ó thús ré na bpobalbhreitheanna.
Níl aon amhras ná go gcaithfidh an scéal a bheith dona go leor nuair atá cogarnaíl ag dul thart nar mhiste go mbeadh Beirtí Ahern ar ais mar Thaoiseach. Ná bí ag caint ar ghuagacht, fiú is gur maith a fhios againn nach dtarlóidh sé sin.
Tugann sé chun cuimhne leis an téad cainte a bhí anseo againn roinnt míosa siar nuair a ceapadh Brian Cowen mar Thaoiseach, beagnach in aon tráth le Gordon Brown sa Bhreatain, agus Sarcozy sa bhFrainc, agus conas mar a chuireadh Napolean an cheist nuair a bhiodh duine éigin le ceapadh aige: ‘Sea, tuigim a dhea-thréithe, ach an mbíonn an t-ádh leis’?
Ag an am bhí rith an ráis le Brian Cowen anseo agus Brown, a raibh oiread sin de dhea-theist tuillte aige mar Sheansailéir an Státchiste, in ísle brí ar fad, agus na trachtairí polaitíochta ag tuar nach mbeadh sé ina phríomhaire um Nollaig. Ach a mhalairt sin de scéal atá ann faoi láthair. Is le Brown atá rith an ráis agus sé Cowen atá in ísle brí. Conas gur mar sin a tharla? Is deacair do mhéar a leagadh air sin. Tá an ghéarchéim eacnamaíoch beagnach ar aon dul sa dá thír, agus i gcoitinne tá an dá chúis chéanna léi.
Bhí bolgán tithíochta i gceist sa tír seo, mar a bhí sa Bhreatain, agus é cothaithe cuid mhaith ag polasaithe rialtais, ach ba é an chúis ba mhó ar fad ná an drochiompar san earnáil airgeadais, go háirithe sna Stáit Aontaithe, agus an bealach neamhrialta ina raibh iasachtaí agus morgáisti gan srian ná smacht dá ndáileadh ag bainc agus ag comhlachtaí morgáiste. Is eol dúinn anois conas mar atá an córas airgeadais ar fud an domhain curtha i mbaol, de bharr an mhí-iompair sin.
Ach tá fhios ag an saol go bhfuil níos mó ná sin i gceist. Is é an buiséad a d’fhág Brian Cowen sa bhfaopach. Ní hé an easpa gaoise a bhain le cuid de na ciorraithe amháin a bhí i gceist, ach an dóbartaíl agus neamhsheasmhacht a lean é. I ndáiríre ní go maith a chruthaigh aon bhall den rialtas sa chlampar a lean an buiséad seachas, b’fhéidir, an tAire Oideachais, Batt O’Keeffe, an t-aire ba lú taithí díobh uile, ach a léirigh dá dhonacht a bhí an cás, ar a laghad go raibh cnámh droma ann. Níor mhiste roinnt dá dhiongbháilteacht i gcás a chomhairí.
Beidh sé suimiúil, ar ndóigh, cén toradh fadtéarmach a bheidh ar an gclampar seo, maidir leis an rialtas, go háirithe, is é sin má tá fadtéarma i ndán do. Is cinnte nach féidir talamh slán a dhéanamh de sin tar éis a bhfuil tarlaithe. Sílim gurb í an t-iar-aire Máire Uí Ruairc a bhí ag cur i gcuimhne dúinn le déanaí nach dtarlaíonn míthapaí ina n-aonar riamh sa pholaitíocht. Bíonn an teanga géar go leor aici siúd ó d’fhág sí bord an rialtais, agus is léir nach ag déanamh compoird a bhi sí dá nia an tAire Airgeadais, ná don Taoiseach féin ach oiread.
Tá an buntáiste go huile anois leis an bhfreasúra, ach go háirithe le Fine Gael mar a léiríonn na pobalbhreitheanna go soiléir. Más scamall sa spéir acu rian éigin d’amhras a bheith ann i gcónaí maidir le ceannaireacht Éanna Uí Chionnaith, tuigfidh siad nach tráth é seo, nuair atá an taoide leo, chun a bheith ag plé leis an gceist sin.
Agus tuigeadh an rialtas leis go bhfuil cláir gan áireamh ar raidió agus ar theilifís ag RTE atá ar bís chun aon mhí-iompar i measc lucht rialtais a nochtadh, pé acu an polaiteoirí iad nó feidhmeannaigh. Maítear gur ar mhaithe le trédhearcacht a deintear na cláir seo, ar mhaithe le cearta an phobail a bheith ar an eolas faoi mhí-iompar i gcás ár lucht rialaithe agus a gcuid seirbhíseach.
Níl aon bhaint aige, ar ndóigh, leis seo: gur féidir raidhse mór clár a bheith i gceist, go bhfuil sé réasúnta éasca agus neamhchostasach iad a dhéanamh, agus go meallann siad lucht éisteachta agus lucht féachana mór? Is é an dainséar a bhaineann lena lán de na cláir ná gur minic gur gáifeachas a bhíonn i gceist, agus gur beag a dheineann siad chun leibhéal an dioscúrsa poiblí a ardú.
Inniu féin d’ardaigh ceannaire Fhine Gael ceist sa Dáil faoi Stiurthóir FÁS atá díreach tar éis éirí as a phost, pé acu an de dheoin é nó d’ainneoin. Bhain an cheist le bille de 410 euro ó sciamhlann i bhFlorida a raibh ar an stát é íoc. Is cosúil gur caitheadh an t-airgead seo chun ingne an Stiúrthóra a chóiriú, nó b’fhéidir gurbh iad ingne a mhná céile a bhí i gceist. Ní dócha gur ceist róphráinneach é sin. Ar aon chuma bhí ar mo dhuine éirí as a phost, in ainneoin dea-theist an Taoisigh féin air. Is deacair a bheith rómhór i dtrua leis.
Ach tá an scéal seo ag éirí níos casta agus níos seafóidí in aghaidh an lae, Is féidir anois nach mbaineann sé le hingne ar aon chor, pé acu cinn an stiúrthóra nó a mhná céile. B’fhéidir gur gruaig Mary Harney a bhí i gceist, agus go gcaithfidh sí siúd éirí as oifig freisin. Beidh an Dáil ag plé an cheist thromchúiseach seo ar feadh cúpla lá eile. Go n-éirí sin leo. Caithfidh gur mór an faoiseamh dóibh é seachas a bheith ag streachailt leis an ngéarchéim eacnamaíoch.
In ainneoin a chuid fadhbanna iomadúla nach maith go raibh an Taoiseach i láthair le déanaí chun an leabhar Capitalising on Culture, Competing on Difference: Innovation, Learning and a Sense of Place in a Globalising Ireland, le Prof. Finbarr Bradley agus an Dochtúir James J Kennelly a sheoladh. Is é an tOllamh Bradley an Fionnbarra Ó Brolcháin a bhunaigh Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath roinnt blianta ó shin. Tá taithí idirnaisiúnta ag an mbeirt údar ar an oideachas agus cúrsaí gnó agus cúrsaí airgeadais.
Is soiléir gur leabhar fíorthábhachtach é seo, agus go mbeidh go leor eile le rá faoi amach anseo. Thiocfadh téama an leabhair le dearcadh fealsúnta an Taoisigh maidir le todhchaí na tíre seo, agus go háirithe maidir le hionad agus tábhacht na Gaeilge sa todhchaí sin, mar a leirigh sé níos luaithe i mbliana in óraid a thug sé nuair a ceapadh é mar cheannaire ar Fhianna Fáil.
Is buntéama de chuid an leabhair an tábhacht a bhaineann leis an ngné áitiúil, leis an saíocht dhúchasach agus go háirithe an teanga, i saol ina leagtar oiread sin béime ar an domhandú. Is i gcomhthéacs an domhandaithe sin atá an oiread sin tábhachta leis an ceangal idir teanga, sainiúlacht, féinmheas, féinmhuinín agus nuálaíocht. Ní féidir dúinn a bheith nuálaíoch mura bhfuil tuiscint agus meas againn ar na tréithe agus ar an traidisiún a bhaineann go dlúth lenár gcine féin. In agallamh le Pól Ó Muirí, eagarthóir Gaeilge an Irish Times, mar seo a chuir an tOllamh Ó Brolcháin teactaireacht an leabhair: ‘Bí ag machnamh go domhanda ach bí fréamhaithe in Éirinn’.
Cuireann an leabhar seo i gcuimhne dúinn arís an fhaillí a rinne ár staraithe agus ár n-aos léinn i gcoitinne, seachas iadsan a raibh dlúthbhaint leis an nGaeilge acu, i gcúlú na teanga. Is ar éigean is fiú lena lán de na staraithe tagairt dó seachas mar fheinimeán nach raibh aon tábhacht mhór leis. Gan dabht bhí eisceachtaí ann cosúil leis an Ollamh Lee i gCorcaigh ina leabhar ‘Ireland 1912 - 1985’.
Is í athbheochan na Gaeilge i dtús an chéid seo caite a spreag údair an leabhair seo. Is aisteach go ndeachaigh an tábhacht a bhain leí amú ar fad ar an dream sin a luadh sa pharagraf deireanach. D’fhéadfaí a rá go ndeachaigh sé amú freisin ar té a scríobh eagarfhocal ar an Sunday Business Post le déanaí, ina rabhthas ag gearán faoin 3 mhilliún breise euro a bhí le caitheamh ar an nGaeilge sa bhliain atá romhainn. B’fhéidir gur airgead é seo atá ag dul chuig Comhaltas Ceoltóirí Éireann i ndáiríre. B’fhéidir leis nár mhiste cóip den leabhar seo a chur go dtí eagarthóir an pháipéir sin. Is cinnte gur eagraíocht í CCE a bhfuil éacht oibre déanta aici le breis is leathchéad bliain, ag cur chun cinn agus ag forbairt an chineál oibre a mholtar sa leabhar.
Gan amhras táimid féin san iris seo faillíoch thar na blianta gan níos mó aitheantais a bheith tugtha againn don dea-obair sin.
Feasta, Nollaig 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|