Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Duinnín agus Rí na Boihéime
— An Duinníneach Bleachtaire, athbheoite —

Gearrscéal le
Biddy Jenkinson

a léadh don chéad uair ag Féile Imram 2009
Údar… an author, a literary man, an authority… ‘Bhfuil údar agat leis an scéal soin?’

———◊———
‘Ní maith liom,’ arsa Searbhlach Holmes leis an Athair Pádraig Ó Duinnín, ‘an smacht a chuireann údar ar na daoine a chruthaíonn sé. Ní maith liom, ach go háirithe an smacht atá ag Artúr Conán Ó Dúill ormsa.’

‘Tuigim, a thaisce,’ arsa an tAthair Pádraig Ó Duinnín, agus lig sé osna. ‘Fiú nuair is duine thú, a chruthaigh Dia ar an modh collaí, is deacair, ar uairibh, do thoil a chur le toil do Chruthaitheora.’

‘Bíonn údair ann a thugann cead forbartha, cead a gcinn, d’fhéadfá a rá, dá gcarachtair. Tíoránaigh údair eile.’

‘Is dócha go mbíonn eagla orthu imeacht ón leagan amach a bhíonn ar scéal mar a shamhlaítear dóibh i dtosach é,’ arsa an tAthair Pádraig.
——◊——
Bhí an bheirt acu suite i dtábhairne Molly Granger, i Sráid Talbóid, gloine leanna os comhair an Duinnínigh agus gloine fuisce ag Searbhlach. Bhí an deoir ina bhéal á thaighde aige lena theanga le súil is go mbeadh ábhar monagram aige ar uiscí beatha na hÉireann. Cé nach raibh sé ach a haon a chlog tráthnóna bhí an tábhairne, mar a bhíodh i gcónaí, dorcha, te agus cumhra le deatach agus seanphórtar.

‘Ceaptar plota agus pearsana i dteannta agus deineann siad imoibriú ar a chéile ó thús,’ arsa an Duinníneach.

‘Is tábhachtaí saoirse an charachtair ná aon phlota réamhcheapaithe. Déantar an scéal a oibriú amach le toil na gcarachtar,’ arsa Searbhlach agus suaitheadh intinne éigin ag sárú ar an mbéal dúnta a chleachtadh sé de ghnáth.

‘Aithním ar do ghlór go bhfuil rud éigin ar leith ag cur isteach ort,’ arsa an Duinníneach.
——◊——
Ón uair ar shábháil Pádraig Ó Duinnín Searbhlach Holmes ó fheillbheart Professor Moriarty (The Final Problem) d’oibríodh an bheirt bhleachtairí as lámha a chéile ar ócáidí. Tá sé ar taifead gur inis Holmes dá chara Watson, gurbh é an Duinníneach an bleachtaire a b’fhearr in Éirinn, nuair nach raibh sé féin sa tír éidreorach san.

‘Dá mba tusa Watson bheifeá ag imní go rabhas chun taom néaróg a bheith agam,’ arsa Searbhlach le meangadh searbh.

‘Ní bheadh an ceart aige,’ arsa an tAthair Pádraig. ‘Bhí tú faoi stró agus faoi strus tamall, ach tá sé le léamh ar do shúile, ar threise an datha ar na fáinní fúthu — crón seachas corcra — go bhfuil oíche chodlata faighte agat ó shin.’

‘Huth!’ arsa Searbhlach. ‘Irene Adler a tháinig idir mé agus codladh na hoíche.’

‘Á, Irene Adler!’ arsa an Duinníneach. ‘Léigh mé tuairisc Watson, A Scandal in Bohemia. B’fhiontraí í Irene, ar dhóbair go dtitfeá i ngrá léi, an t-aon bhean a chuir arraing trí do chroí.’

‘Fastaím!’ arsa Holmes. ‘Tá Watson maoithneach. Is cuimhin leat gur iarr Rí na Boihéime cabhair orm chun grianghraf ar leith a bhí i seilbh Irene a fháil uaithi?’

‘Níor éirigh leat san iarracht,’ arsa an Duinníneach, ‘ach ba chuma san sa deireadh thiar, mar ba bhean onórach í a gheall nach n-úsáidfí an grianghraf sin riamh chun aimhleasa Rí na Boihéime. Thuig tú go ndéanfadh sí beart de réir a briathar.’

‘Choinnigh sí é mar chosaint ar an Rí,’ arsa Holmes. ‘Ní raibh iontaoibh aici as. Phós sí dlíodóir, Godfrey Norton. Ba í plúr na mban í.’

Lig sé osna.

‘An Aimsir Chaite in úsáid agat,’ arsa an Duinníneach.

‘Cailleadh Irene trí lá ó shin.’

Níor labhair an Duinníneach agus ní raibh le clos ach siosarnach ón tsráid amuigh agus tic ón gclog taobh thiar den bheár. Bhí srannadh beag caoin ag teacht ón snug, mar bhí Molly ag glacadh sosa. Bhí geallta ag an Duinníneach go nglaofadh sé uirthi dá dtiocfadh custaiméir isteach.

‘Nuair a chuir Artúr Conán Ó Dúill mé féin agus Professor Moriarty thar Eas Reichenbach – nuair a thug sé le fios don domhan mór go rabhas caillte – is amhlaidh go raibh smacht á chur i bhfeidhm aige orm. Bhí a fhios aige gur cailleadh céile Irene Adler. Bhí a fhios aige go rachainn á lorg. Nuair a scríobh Watson gur duine dúrúnta mé ní dóigh liom gur thuig sé gur mar chosaint ar mo scríbhneoir a bhím rúnda. Ní rabhas in ann mo mheas ar an mbean úd a cheilt air. Mar sin chuir sé den chlár mé tamall.’

‘Á… tíorántacht údair, mar a dúirt tú. Tuigim anois thú.’

‘Níor thuig Ó Dúill go leanann carachtair ag sú a bhfuil de dhíth orthu as intinn fo-chomhfhiosach a scríbhneora,’ arsa Searbhlach.

‘Ó, is soiléirse é sin nach dtuigeann éinne, údair ach go háirithe,’ arsa an Duinníneach. ‘Dhein tú athionchollú ort féin agus seo anseo thú.’

‘Trí lá ó shin – ar an 13 Meitheamh ag meán lae, bhraitheas arraing trím chroí agus thuigeas go raibh Irene Adler ag fulaingt agus ag glaoch orm. Tháinig mé go Baile Átha Cliath an oíche sin.

‘An uair úd gur chas tú le Godfrey Norton, d’aithin tú ar a ghlór gurbh Áth Cliathach é?’

‘D’fhéadfainn a fháil amach cá raibh sí am ar bith, lá ar bith ach…’

‘Ach gur choinnigh niachas áirithe ar aineolas toildeonach thú go dtí gur ghairm sí ort?’

‘A leithéid sin… Thabharfadh Watson féin faoi deara canúint Átha Cliath a bheith ag Norton; Smithfield nó Stoneybatter — canúint na mangairí, seachas canúint lucht dlí. Ar mo shlí anseo chuaigh leoraí thar bráid agus Norton Fruit Merchants air. Phós Irene mac le mangaire oráistí. Ach níor ghá bleachtaireacht. Nuair a tháinig mé den bhád cheannaíos nuachtán. Luigh mo shúil ar an alt seo. Thóg sé gearrthóg nuachtáin as a phóca.

Assault on a Lady

Mrs. Irene Norton, of Synge Street, South Circular Road, whose late husband was the well known lawyer Godfrey Norton, son of William G. Norton, fruit importer, was waylaid and robbed on Nassau Street last evening. Mrs. Norton was stabbed and needed surgical attention. Three miscreants were seen to flee into the gardens of Trinity College where it is thought they separated and escaped through different exits. Mrs. Norton had been on her way home from the Library.
‘Chuas go Sráid Synge. Labhair mé le máthair chéile Irene, Mrs. Abigail Norton. Chuir sí an Bhanríon Bhictoria4 i gcuimhne dom. Bhí Irene Adler á tórramh.’

‘Comhbhrón ó chroí, a thaisce. Bhí an goin ní ba mheasa ná mar a síleadh?’

‘Galrú. Fiabhras. Bás.’

‘Ar dheis Dé go raibh a h-anam uasal…’

‘An rud a mharaigh mé,’ arsa Searbhlach, ‘an t-athrú a bhí tagtha uirthi.’

‘Cló an bháis,’ arsa an Duinníneach.

‘Bhí sí éirithe sean,’ arsa Holmes go gearánach.

Thug an Duinníneach stracfhéachaint ar chloigeann maol cnámhach Shearbhlaigh a bhí nocht ón uair go raibh a hata deerstalker bainte de sa tábhairne. Thug sé faoi deara freisin go raibh mant mar a dtéadh a phíopa faoi fhiacail.

‘Faraor!’ ar seisean.

‘I dtreo an deiridh níor stad sí de bheith ag glaoch orm.’

‘Bhí a fhios aici go dtiocfá,’ arsa an Duinníneach.

‘Cé go raibh Irene ag rámhaille agus fiabhras uirthi, tháinig biseach an bháis uirthi agus scríobh sí teachtaireacht dom. Níl sé ag teacht le cód ar bith atá ar m’eolas. B’fhéidir nach bhfuil ann ach speabhraídí an fhiabhrais.’

——◊——
Shín Holmes píosa páipéir chuig an Duinníneach.

‘B’fhéidir gur maith nach bhfaca mé ina beatha í,’ arsa Searbhlach, agus an Duinníneach ag iniúchadh an pháipéir. ‘Níor mhaith liom go dtuigfeadh sí gur thugas a heaspa scéimhe faoi deara.’

‘Preit!’ arsa an Duinníneach.

‘Dúirt sí le Mrs. Abigail gan an páipéar sin a thabhairt d’éinne eile seachas do Shearbhlach Holmes: go n-aithneodh sí é ar loime a ghéag agus géire a shúl agus fuaire a bhriathar.’

‘Ar ndóigh, tá a fhios agat, a Dhuinnínigh, go bhfuil Rí na Boihéime faoi bhrú ag an nGinearál Karl. Tá lucht tacaíochta Karl ag dréim le deachtóir a dhéanamh de,’ arsa Searbhlach, an Duinníneach ag breathnú ar an bpáipéar.

‘Léigh mé ar an Skibbereen Eagle é,’ a d’fhreagair sé go neafaiseach.

‘Is eol duit freisin, is docha, go bhfuil grá ag pobal na Boihéime do mhac an Rí, an Prionsa Gustavus Emmanuel?’

‘Agus an ‘om om’ seo, an t-om2 seo is cirte a rá b’fhéidir…?’ arsa an Duinníneach agus é ag féachaint ar an dá fhocal — dá mba focail iad — a bhí thíos faoin liosta.

Thriáil sé ar a theanga é mar a thriáil Searbhlach an fuisce.

‘Tá sé fuaimintiúil ach ní bhainim aon bhrí ar leith as.’

‘Tá lucht tacaíochta an Ghinearáil Karl ag iarraidh a chruthú go bhfuil an Prionsa Gustavus Emmanuel mídhlisteanach, mar go raibh an Rí pósta cheana féin ar Irene Adler nuair a phós sé an Bhanríon Clotilde Lothman von Saxe-Meningen, iníon Rí na Sualainne. Tá an grianghraf á lorg acu. An triúr bithiúnach a d’ionsaigh Irene, ní raibh uatha ach a mála ar mhaithe leis an ngrianghraf a shíl siad a bheith ann.’

‘A-há!’ arsa an Duinníneach, ‘is dócha gur chuardaigh siad a tigh cheana féin?’

‘Briseadh isteach sa tigh faoi dhó le deireanas, de réir Mrs. Abigail. Níor tógadh rud ar bith.’

‘Ní foláir gur grianghraf ar leith é.’

‘Grianghraf bainise. Irene agus an Rí, dáta agus síniú ar a chúl. Bhí mo scríbhneoir ábhairín róchoimeádach le go luafadh sé sin.’

‘Mar sin…’

‘Fágtar moráltacht nó mímhoráltacht as an áireamh,’ arsa Searbhlach. ‘Fágtar polaitíocht na Boihéime as an áireamh. Níl uaim ach clú agus oineach Irene a shlánú. Gheall sí don Rí nach n-úsáidfí an grianghraf ina choinne. Ní mór dom an grianghraf a aimsiú agus a scrios.’

‘Ní raibh sé sa mhála a goideadh, ar ndóigh.’

‘Thuigfeadh sí go n-aimseodh Karl í, fiú agus í pósta ar mhangaire oráistí i mBaile Átha Cliath. Cheilfeadh sí an pictiúr. Ach cá háit ar cheil sí é? Shíl sí agus í ag fáil bháis gur leor an páipéar sin chun mé a chur ar an eolas. Tá an eochair id láimh, a Dhuinnínigh.’

‘Eochair,’ arsa an Duinníneach go smaointeach. ‘Bhfuil Fraincis agat?’

‘Ar ndóigh, tá,’ arsa Searbhlach, ‘le français du boudoir.’

‘Ar ndóigh,’ arsa an Duinníneach, ‘ach ar fhoghlaim tú Fraincis ar scoil?’

‘Jamais!’

‘Mar sin níl an mnemonic “le bijou, le caillou, le chou, le genou, l’hibou, le joujou, le pou,” ar eolas agat — seacht n-ainmfhocal a ghlacann “x” san iolra. Seod, méaróg, cabáiste, glúin, ulchabhán, bréagán, dreancaide. Glacann ainmfhocail eile “s”.’

‘Sé fhocal atá ar an bpáipéar.’

‘Sea. Tá hibou – ulchabhán – ar lár. Sílim gur ansin atá an leid… “X” … mar a bheadh marc ar léarscáil agus hibou ar lár chun aird a dhíriú air. Agus inis dom, a Shearbhlaigh, dá dteastódh uait grianghraf a chur faoi cheilt, cá gcuirfeá é?’

‘Cá gcuirfinn é ach i measc grianghrafanna eile? Duilleog i measc na nduilleog, tráithnín sa chonlach…’

‘Hibou,’ arsa an Duinníneach, agus an focal á chogaint aige mar a dhéanfadh sé duileasc a chogaint. ‘Tar liom. Labhróimid le Jemser Mack…. — Molly!’ ar seisean ag cnagadh ar dhoras an snug, ‘táimid ag imeacht. Ní fada go mbeidh lucht lóin chugat agus níl an ciotal thíos go fóill agat.’

‘Ceart go leor, a Athair,’ arsa Molly agus d’fhair Searbhlach uirthi ag cúlú amach as an bprochóigín agus dúidín ina gob aici.
——◊——
‘Cé hé Jemser Mack?’ arsa Holmes agus iad ag casadh isteach i Sráid Thobar Phádraig.

‘Díolann Jemser nuachtáin ag coirnéal Shráid Chill Dara agus Sráid Thobar Phádraig,’ arsa an Duinníneach. ‘Tugann sé nuachtán le léamh dom agus múinim rann de chuid Eoghain Rua Uí Shúilleabháin dó. Tá guth breá aige.’

Bhí Jemser cosnocht, a ghlúine gearbach, a shrón smutach. Ach bhlais sé de chumhacht na féile nuair a shín sé iasacht nuachtáin chuig an Duinníneach.

‘Is é seo Searbhlach Holmes, an bleachtaire mór le rá, Jem. Íocfaidh seisean as an nuachtán inniu. Ní hamháin sin ach tabharfaidh sé leathshabharn duit más féidir leat eolas a thabhairt dó faoi ionsaí a deineadh ar bhean san áit seo, trí lá ó shin.’

‘Mrs. Norton a ionsaíodh,’ arsa Jemser. ‘Tá sé sa nuachtán inniu gur adhlacadh í. Chonaiceas na scabhaitéirí á hionsaí, thall ansin ar an taobh eile den bhóthar. Rith mé chuici. Níor thuigeas go raibh sí leonta go dona mar bhí meangadh gáirí uirthi agus d’iarr sí orm cuidiú léi éirí. Chruinnigh slua ansin agus chúlaigh mé.’

‘Bhí aithne agat uirthi?’

‘Gach lá le seachtain roimhe sin, cheannaigh sí nuachtán uaim.’

‘Ní fhaca tú roimhe sin í,’ a d’fhiafraigh an Duinníneach.

‘Ní fhaca. Ní dhearmadfainn. Ba ríon mná í.’

‘Agus thagadh sí anuas Sráid Chill Dara?’

‘Sea. Cheannaíodh sí a nuachtán agus d’imíodh sí léi i dtreo na cathrach.’

‘Chíonn tú… tuigeann tú anois, a Shearbhlaigh?’

‘Jemser Mack,’ arsa Searbhlach, ‘an raibh imní uirthi i dtaobh an mhála a sciobadh?’

‘Ní raibh. D’fhéach sí i ndiaidh na mbithiúnach agus í ag gáirí — well, sorta. Luigh sí siar i gcoinne fhalla na Tríonóide agus bhrúigh sí a scairf leis an gcneá.’

‘An mála,’ arsa an Duinníneach, ‘an raibh sé mór, trom?’

‘Mór go leor, amscaí gan a bheith trom, a déarfainn.’

‘Níorbh fhéidir go raibh trí imleabhar leabharlainne ann mar sin, a Shearbhlaigh. Maith agat, Jemser. Tuilleann tú do leathshabharn. Tabhair dó é, a Shearbhlaigh, agus ar aghaidh linn.’
——◊——
Tharraing an Duinníneach Searbhlach ina dhiaidh isteach i halla na Leabharlainne Náisiúnta.

‘Bhí sí sa leabharlann ach ní raibh leabhair aici. Dá mbeifí in amhras, féach an t-ulchabhán faoi do chosa — mósáic de chuid Oppenheimer: ulchabhán agus an mana, Sapientia. Bí deimhin de, a Shearbhlaigh, gur istigh anseo, sa Leabharlann Náisiúnta, i measc ghrianghrafanna na leabharlainne, atá an grianghraf a thug a bás di.’

Ar dhul isteach tríd an ngeata casta don Duinníneach agus do Holmes, chuaigh siad thar bhaicle bheag fear a bhí i mbun allagair faoi chúrsaí ealaíne.

D’ardaigh Searbhlach mala shearbhasach nuair a chuala sé fear óg amháin ag scaothaireacht faoi chúrsaí ama.

‘Is the future the sister of the past?’ a dúirt an t-ógánach agus iad ag dul thar bráid.

‘Dedalus… Stephen Dedalus, an fear bocht!’ arsa an Duinníneach i leataoibh le Searbhlach. ‘Gogarty agus Best agus AE… Go bhfóire Dia orainn, ach ní bheidh ciúnas ná suaimhneas againn san áit seo inniu!’

‘Mr. Lyster,’ arsa an Duinníneach leis an leabharlannaí a raibh páirt á ghlacadh aige san allagar…

‘Directly, directly, Father Dinneen,’ arsa Lyster.

Mhínigh an tAthair Pádraig go raibh sé féin agus Searbhlach Holmes ag iarraidh iniúchadh a dhéanamh ar na grianghrafanna a bhí á mbreathnú ag Mrs. Irene Norton.

‘Go mbeire sibh ar na scabhaitéirí a mharaigh í. Ba bhean íseal uasal í.’
——◊——
Níorbh fhada go ndeachaigh Holmes agus an Duinníneach araon as radharc taobh thiar de bhábhún mór comhad agus fillteán agus boscaí.

‘Deinim amach,’ arsa an Duinníneach, ‘go lorgódh sí grianghraf ar aon mhéid leis an gceann a bhí aici, ceann le fotheideal oiriúnach faoi. Leagfadh sí an ceann a bhí le ceilt anuas air.’

‘Um,’ arsa Searbhlach agus lean sé air ag casadh leathanach.

‘A Shearbhlaigh,’ arsa an tAthair Pádraig ar ball, ‘féach amach trín mbearna anseo idir an Weinburger Collection agus an Adamson Collection. An aithníonn tú an fear sin atá ag comhrá le Gogarty?’

‘S’blood!’ arsa Searbhlach. ‘Sin é mo scríbhneoir, Artúr Conán Ó Dúill. Caithfidh gur tarchur paraisíceach fo-chomhfhiosach éigin dem chuid a thug anseo é. Ná feiceadh sé mé nó cuirfidh sé ar mhíthreoir mé.’

‘Cuir ort mo hata.’

‘Hata ard, dubh, síoda sa leabharlann, i lár an lae?’

‘Cuir ort é. Níl san áit seo ach daoine gur daoine iontu féin iad.’

Chuir Searbhlach an hata air go míshuaimhneach.
——◊——
Ar deireadh bhí gach aon bhailiúchán cuardaithe acu ach ní raibh an grianghraf faighte.

‘Taispeáin dom an páipéar sin arís,’ arsa an tAthair Pádraig.

D’iniúch sé go grinn arís é.

‘Caithfidh go bhfuil tábhacht éigin le ‘om’. Níor thug tú omom uirthi mar ainm cheana?

‘Seafóid.’

‘Om, om, om… deas mar shiolla é ach…’

Leis sin tháinig fear ón taobh amuigh fad leis an ngeata casta agus shiúil sé isteach idir Dedalus agus Gogarty.

‘Leopold Bloom, an créatúr,’ arsa an Duinníneach le Holmes.

‘Tagann sé isteach ó am go chéile. Tá fadhb urlabhra aige. Ní bhíonn ar a chumas deireadh a chur lena abairtí. Beannóidh mé dó nó tiocfaidh sé sall agus cá bhfios cathain a d’imeodh sé!’

D’imigh an Duinníneach chun cainte le Bloom ach lean barr a hata ag éirí agus ag titim taobh thiar de dhún grianghrafanna.

‘Leopold, a thaisce, feicim go bhfuil an Kilkenny People ansin agat.’

‘Fr. Dinneen,’ arsa Leopold, ‘Freemans Journal anti Parnell of course but improving improving into obscurely Sexton now and Kate Collins yea but where are the keys Father, those crossed keys in the Kilkenny People needed keys for Freeman for Joseph Patrick Nannetti cross keys for the head of the add…’

‘Um,’ arsa an Duinníneach. ‘Om!’ a dúirt sé ansin agus rinne sé sodar ar ais chuig a bhinse.

‘Féach,’ ar seisean le Holmes agus méar á dhíriú aige ar theachtaireacht Irene. ‘Ní focal é ‘om’, dearadh atá ann… pictiúr… eochair… dhá eochair… bhíos dall gur luaigh Bloom ‘keys’ –The Keyes Collection, gan dabht.’

‘Mr. Lyster, Mr. Lyster, Mr. Lyster.’

‘Directly Father Dinneen!’

‘Seachas na grianghrafanna, bhí comhad amuigh ag Mrs. Norton? The Keyes collection?’

‘Bhí ach ní grianghrafanna go príomha atá ann… Agus d’iarr sibh… Agus na grianghrafanna atá ann tá siad ábhairín…’

‘Ó ná bac san, a thaisce. Tabhair chugainn Keyes!’
——◊——
Ar ball beag chloisfeadh an té a chloisfeadh ‘Ó!’ agus ‘Á!’ amach as taobh thiar den dún agus beirt bhleachtairí ag tréaslú leo féin agus lena chéile.

‘Grianghraf bainise é?’ arsa an Duinníneach go hamhrasach.

‘Ní foláir nó go raibh siad pósta ar a chéile nuair a tógadh é,’ arsa Searbhlach á chur síos ina phóca go tapaidh. ‘Níl de chúram orm anois ach é a scrios. Ach conas mar a éalóidh mé as an áit seo gan mo scríbhneoir mé a thabhairt faoi deara. Bíonn údair fiosrach cinsealach cunórach. Cá bhfios nach ndéanfadh sé scéal den rún?’

Dhein an Duinníneach a mhachnamh tamall agus ansin ar seisean:

‘An aithneodh Artúr do chuid peannaireachta?’

‘Mar a d’aithneodh sé a lámh féin.’

‘Scríobh síos mar leanas: “Lean an fear leis an Kilkenny People, S.H.” ’

Rinne Searbhlach amhlaidh.

‘Fan tusa socair. Tabharfaidh mise do Chonán Ó Dúill é agus mé ag dul thairis. Fear siúlach é Bloom. Thabharfainn an leabhar go mbeidh Ó Dúill á leanúint thart faoin gcathair an lá ar fad.’

‘An mbéarfaidh sibh ar na dúnmharfóirí?’ a d’fhiafraigh an leabharlannaí go discréideach agus an bheirt bhleachtairí ag imeacht.

‘Rug Irene orthu cheana féin,’ arsa Holmes.

‘Rug go deimhin,’ arsa an tAthair Ó Duinnín agus iad ag dul síos na céimeanna. ‘Cá bhfios cén íde a thabharfar orthu nuair a bhronnfaidh siad an grianghraf a bhí i mála Irene ar an nGinearál Karl!’

‘Cá bhfios nach grianghraf díomsa a bheidh ann,’ arsa Searbhlach.

Ní dúirt an Duinníneach tada.
——◊—
— Nuair a d’fhág an Duinníneach an traein ag stáisiún Port Mearnóg an tráthnóna sin bhí gaoth fhuar ag séideadh isteach ón bhfarraige. Chuir sé hata air féin . . . hata deas cluthair bréidín a raibh cluasáin agus píce air agus díonadh don mhuinéal.

‘Om,’ ar seisean.

Feasta,
Eagrán Samhain 2009


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais