Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Ar an taifead – fís, fuaim, focal le Breandán Delap
Cois Life (2007) 422 lch. €20
á léirmheas ag Íte Ní Chionnaith
Is leabhar breá toirtiúil eolasach ach inléite an cur síos seo ag Breandán Delap ar stair na meán Gaeilge, ar obair an iriseora agus an chraoltóra agus ar na heiticí agus an reachtaíocht a bhaineann leis na meáin. Is leabhar eolais agus teagaisc é, eolas dóibh siúd atá ag lorg cur síos cuimsitheach ar na meáin Ghaeilge agus comhairle agus oiliúint don té atá ag déanamh staidéir ar na meáin.
Tá struchtúr neamhghnách ag an leabhar. Tá deich gcinn de chaibidlí ann ag plé le gnéithe éagsúla de na meáin — an cúlra stairiúil, foinsí nuachta, ailt nuachta, tuairiscí de chineálacha éagsúla, eiticí, srl. Ag tús gach caibidle, tá cur síos cuimsitheach ag Delap féin ar an ngné sin den ábhar agus ansin tugann sé deis do dhaoine eile atá ag saothrú sa ghort áirithe sin cur síos a dhéanamh ar a saol féin mar iriseoirí nó mar chraoltóirí.
Cuirtear na saineolaithe in aithne agus tugtar deis dóibh a dtaithí nó a dtuairimí nó a gcomhairle féin a roinnt leis an léitheoir. I gcás na caibidle ‘Tuairimí Polaitiúla’, (Caibidil 6, lgh.222-258), mar shampla, is iad Cathal Mac Coille, Póilín Ní Chiaráin, agus Eoin Ó Murchú an painéal atá roghnaithe ag Delap. Cuireann an cur chuige seo go mór le hilghnéitheacht an leabhair sa mhéid is go bhfuil glórtha éagsúla le cloisteáil agus taithí dhifriúil le roinnt.
Bhí géarghá lena leithéid de leabhar le fada. Tá forbairt mhór ar na meáin mar réimse léinn agus tá na meáin Ghaeilge féin tar éis bláthú ó bunaíodh RnaG i 1972. Luann Delap dáta míorúilteach eile, 1996, dáta ar a dtugann sé annus mirabilis na meán Gaeilge:
Laistigh de choicís i nDeireadh Fómhair na bliana sin, tháinig TG4 ar an aer den chéad uair agus foilsíodh an chéad eagrán de Foinse. Ní haon áibhéil a rá gur athraíodh iriseoireacht na Gaeilge ó bhonn agus gur cuireadh tús le ré órga, úr sa chumarsáid (lch.2).
D’fhág sé seo go raibh géarghá le forbairt a dhéanamh ar chúrsaí oiliúna trí Ghaeilge agus go raibh gá freisin le forbairt a dhéanamh ar léann na hiriseoireachta agus na cumarsáide Gaeilge trí chéile, ar bhonn teoiriciúil agus ar bhonn praiticiúil. Tá borradh mór le tamall ar chúrsaí dá leithéid.
Ceann de na fadhbanna is mó atá ag na cúrsaí seo ná easpa ábhair teagaisc as Gaeilge. Tá roinnt bailiúchán tábhachtach de shaothar iriseoirí Gaeilge ar fáil, m.sh. Liam Ó Muirthile, Proinsias Mac Aonghusa agus Breandán Ó hEithir. Tá cnuasach breá d’ábhar as Lá. Tá tuairiscí cuimsitheacha ar nuachtáin agus irisí ar nós An tÉireannach, An Claidheamh Solais, Fáinne an Lae agus An Branar. Ach go dtí seo ní raibh aon leabhar teagaisc ar an iriseoireacht ná ar an gcraoltóireacht ar fáil seachas Don Ábhar Saoririseora le Risteard Ó Glaisne a foilsíodh sna hochtóidí. Tá ganntanas an-mhór leabhar sa réimse seo mar sin, agus cabhraíonn an leabhar Ar an Taifead go mór chun an bhearna seo a líonadh. Cuireann leabhar sárléannta Regina Uí Chollatáin, Iriseoirí Pinn na Gaeilge, a foilsíodh an bhliain seo caite, go mór leis an ngort seo freisin, ach sin scéal do léirmheas eile.
Cuid den ábhar is spéisiúla in Ar an Taifead ná an Réamhrá (lgh 1-10) agus ‘Cúlra stairiúil na meán Gaeilge’ (lgh 11-50), ina ndéanann Delap cur síos agus léirmheas domhain, géar uaireanta, ciniciúil uaireanta eile, agus barrúil ó am go chéile, ar na meáin Ghaeilge.
Tá cur síos an-bharrúil aige ar chlichéanna na Gaeilge:
Mar is beag gearb nach bhfuil dóite againn faoin tráth seo, ná clocha móra nach bhfuil curtha ar phaidríní, tairní nach bhfuil crúite ná luganna nach bhfuil tite ar laganna. Tá muin na muice i mbaol a briste, tá béal na bearna líonta le sceacha agus tá an trá fholamh lán le daoine a fágadh uirthi le blianta beaga anuas… (lch.1)
In ainneoin an tsuntais a thugann Delap don bhforbairt ar na meáin Ghaeilge féin, déanann sé pointe tábhachtach faoi chúlú na Gaeilge sna meáin Bhéarla ag rá go bhfuil ‘iriseoireacht na Gaeilge ar ais sa gheiteo anois…. agus go bhfuil ról níos imeallaí ag an teanga sna meáin Bhéarla’ (lch.3). Deir sé ar an leathanach céanna ‘nach mbíonn na meáin Ghaeilge chomh géarchúiseach nó imscrúdaitheach is ba cheart dóibh a bheith’ agus go mba chóir ‘níos mó ama a chaitheamh ag tochailt’.
Deir sé freisin gur ‘i gConamara atá sráidbhaile domhanda na cumarsáide Gaeilge’ agus go bhfuil ‘os cionn trí chéad duine ag obair i réimse na cumarsáide ó Bhearna go Carna’(lch.5). Déanann sé comparáid le gairmeacha eile ag rá gur dócha nach bhfuil ‘mórán le cois ochtar dochtúirí, deichniúr gardaí nó cúig shagart déag lonnaithe sa stráice céanna’. Dar leis:
Is maith an rud é go bhfuil na meáin Ghaeilge díláraithe ó Bhaile Átha Cliath ach tá cás anois ann go ndéanfaí iad a dhílárú ó Chonamara. B’fhéidir go bhfuil sé in am ‘súil eile’ a aimsiú laistigh den tsúil eile (lch.5).
Tá ábhar machnaimh sa leabhar seo gan aon agó. Cé go ndeir Delap go bhfuil sé lasmuigh de scóip an leabhair anailís chuimsitheach a dhéanamh ar fhorbairt gach eilimint de mheáin chumarsáide na Gaeilge agus nach bhfuil ann ach léargas ginearálta, caithfidh mé a rá go bhfuil an saothar seo ar an gcur síos is cuimsithí atá feicthe agamsa ar an gceist.
Ag tús na caibidle ‘Cúlra stairiúil na meán Gaeilge’ (lgh.11-50), cuireann sé an feachtas binibeach a bhí sna meáin Bhéarla i gcoinne bhunú TnaG i gcuimhne dúinn le sliocht ó Eamon Dunphy (lch.11):
Teilifís na Gaeilge is a sick, expensive folly. Set up in Galway, staffed by Irish-speaking ‘nutters’, to feed fantasies about cultural purity to a constituency that won’t register on the TAMs, this monument to political conceit will cost E20m A YEAR. Until it is closed’. (Sunday Independent, 7 Aibreán 1996)
Tá sé deacair ar an nglúin óg an feachtas ollmhór, a mhair breis is fiche bliain, chun go mbainfí TnaG amach, a thuiscint. Bheadh orm locht a fháil ar an gcur síos a dhéanann Delap ar an bhfeachtas sin. Tugann sé le tuiscint gur i 1987 le cuairt Dhonncha Uí Éalaithe ar na Scigirí agus an craoladh bradach ó Ros Muc a cuireadh tús leis an bhfeachtas. Níl anseo ach léamh amháin ar an stair, léamh easnamhach atá an-choitianta i gConamara, ach go háirithe.
Ní dhéanann Delap tagairt ar bith d’fheachtas leanúnach Conradh na Gaeilge agus Freagra ó thús na seachtóidí ar aghaidh. Ní luaitear feachtas na gceadúnas teilifíse, ar cuireadh 15 i bpríosún dá bharr, na hagóidí sráide, cuairt Gwynfor Evans, na suíonna isteach ná Ciarán Ó Feinneadha (Freagra) ag dreapadh aeróige RTÉ. Ní luaitear an polasaí thar a bheith radacach ar glacadh leis ag Ard-Fheis an Chonartha i 1980 ag éileamh stáisiúin teilifíse Gaeilge, aidhm nach raibh ag aon eagraíocht Ghaeilge ná Ghaeltachta eile ag an am, ná go ceann i bhfad ina dhiaidh.
Tá an cur síos ar bhunú, ar fhorbairt agus ar thábhacht Raidió na Gaeltachta thar a bheith cuimsitheach. Ní dhéantar dearmad, ach an oiread, ar Raidió na Life i mBaile Átha Cliath ná ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste.
Tá cur síos an-spéisiúil ar na nuachtáin Ghaeilge agus dátheangacha ó An Gaodhal a bunaíodh i Nua Eabhrac in 1881, Irisleabhar na Gaedhilge (1882), Fáinne an Lae (1898) agus An Claidheamh Soluis (1899-1932) ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann. Ar ndóigh tá dreach éagsúil ar fad ar na nuachtáin Ghaeilge ó foilsíodh leabhar Delap agus bearna ollmhór cruthaithe. Tá deireadh curtha, cheal dóthain airgid ó Fhoras na Gaeilge, ach go háirithe, leis an dá nuachtán sheachtainiúla a bhí ann. In achar bliana cuireadh deireadh le Foinse agus le Lá Nua, cailliúintí ollmhóra d’iriseoireacht na Gaeilge agus do phobal léitheoireachta na teanga. Agus an t-eagrán seo de Feasta ag dul i gcló, tá agallaimh ar siúl ag Foras na Gaeilge chun conradh a thabhairt do nuachtán nua. Nuair a bhunaítear é, ag glacadh leis go mbunófar, tá súil agam nach mbeidh an chríoch scannalach céanna leis a bhí le nuachtáin eile, Anois san áireamh, faoi réimeas Foras na Gaeilge agus Bord na Gaeilge roimhe.
Bhí díomá orm lena laghad a bhí ag Delap faoin nuachtán seachtainiúil Gaeilge Anois (1984-1996), naoi líne agus cuid de sin sách tarcaisneach:
luachanna tablóideacha leagtha amach i gcruth fadálach, foclach a d’fhóirfeadh níos fearr do nuachtán mórbhileogach (lch.27).
Ach ní féidir gach réimse a chlúdach in aon leabhar amháin.
Más mian leis an léitheoir fáil amach faoi ‘an fear a las an solas dearg’, Cathal Goan, chéad cheannasaí TnaG, nó más mian leis/léi léargas a fháil ar lá oibre Eagarthóir Foinse, Seán Tadhg Ó Gairbhí, nó tuiscint a fháil ar an gcur chuige a bhíonn ag Pól Ó Muirí, Eagarthóir Gaeilge an Irish Times (agus eagarthóir Comhar anois freisin), tá an t-eolas ar fad agus breis sa leabhar seo. Don té atá ag iarraidh foghlaim faoi thuairiscí teilifíse, níl le déanamh ach caibidil 4 (lgh.142-182) a léamh. Tá comhairle agus treoracha cuimsitheacha ó Delap i dtosach na caibidle sin, mar aon le píosaí ó Eimear Ní Chonaola, Michael Lally, Pól Ó Gallchóir, agus Áine Ní Chonghaile, Comhairleoir Teanga Nuacht RTÉ/TG4.
Tá caibidil 7 (lgh.259 - 289) faoi chúrsaí dlí go ginearálta agus Caibidil 8 faoi cheann de na gaistí is mó i gcúrsaí cumarsáide, clúmhilleadh agus leabhal (lgh.293-329), gan trácht ar Chaibidil 9 (lgh.330-372) faoi eiticí agus rialacháin iriseoireachta, thar a bheith tábhachtach.
Tá liosta an-mhaith foinsí le gach caibidil, gluais a mhíníonn cuid den téarmaíocht iriseoireachta agus innéacs cuimsitheach ag deireadh an leabhair. Tá dearadh agus cur amach an leabhair an-snasta.
Is fiú go mór an leabhar seo Ar an Taifead le Breandán Delap a léamh.
Is Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na Meán, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus iarUachtarán ar Chonradh na Gaeilge, í Íte Ní Chionnaith.
Feasta,
Eagrán Samhain 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|