Dán
le Ursula Ní Choill
‘Díomá’
do mo chol ceathrair, Eoghan
‘Chaoin mé amach,
Tháinig tú isteach,
Ní tusa a bhí uaim ach Mama.’
‘Ní ormsa an locht,
Do ghol lán le tocht
A shileann deoracha suaracha ar do leaba.’
‘Craiceann a colainn
A bhí uaim, a chol ceathrair,
Meangadh, súile, lámh mo mhama.’
‘Seo capall, seo teidí,
Seo Elmo, seo cleití,
Codail go sámh, a leana!’
‘Béicim os cionn na gaoithe,
Éilím dúil mo chroíthe
Gan tusa a bheith liom ach Mama.’
‘Tabharfaidh mé Calpol duit,
Más féidir liom an barr a oscailt
Le do scórnach a shéimhiú, do chanadh.’
‘Níos frustrachaí ná sin, ná mo dhúil
A bheith in ann mé féin a chur in iúl,
Seachas dhá shiolla aonraic: ma-ma!’
‘Sé ráithe ó shin, tú sroichte linn,
Bhí grian an Mheithimh ag lonrú go binn,
Mo chéad ghrá liomsa ag drannadh.’
‘Breathnaigh ortsa, seacht mbliana d’aois,
Cén tuisicint a bheadh agatsa ar m’fhís
Go bhfillfidh mo mhama abhaile, go tapa?’
‘Ó is cuimhin liomsa a bheith beag cosúil leatsa,
Mo ghlór cliste ag músclú na bhfástaí –
Tuigim do dhíomá liomsa, m’aire.’
‘Mo chloigeann te ag lorg bainne
Le gean ón duine liomsa is ansa,
Mama.’
'Díomá' a ghnóthaigh Duais Uí Ríordáin agus €300 i gComortais Liteartha an Oireachtais i mbliana (B11, Scríbhneoir Óg) do Ursula Ní Choill, iníon léinn i gColáiste na Tríonóide.
Feasta,
Eagrán Samhain 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo