Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Gan amhras, ní bheadh a lán daoine a ghlacfadh leis an tuairim go bhféadfadh dea-thoradh d’aon chineál a theacht as an gcúlú eacnamaíoch atá sa mhullach orainn faoi láthair. Is cinnte nach mbeadh sé éasca a leithéid de thuairim a chur ina luí orthusan atá i sáinn de chineál amháin nó eile dá bharr. Cé nach dtuigfeadh a gcás!
Mar sin féin, ní dochar ar aon chor go bhfuil athmhachnamh ar siúl thall is abhus, go háirithe i measc polaiteoirí, eacnamaithe agus go leor eile a mbíonn leas an phobail ag brath orthu ar bhealaí ar leith. Ba shampla den athmhachnamh seo a raibh le rá ag ceannaire Fhine Gael le déanaí faoi dheireadh a chur le Seanad Éireann agus uimhir na dTeachtaí sa Dáil a laghdú. Bhí tagairt aige ina theannta sin do leasú a dhéanamh ar ár gcóras toghcháin, a mbíonn go leor daoine ag gearán faoi, ach nach bhfuil aon duine róchinnte cén chineál leasaithe a b’fhearr a d’oirfeadh.
Ní bheadh spás anseo chun a leithéidí de cheisteanna móra tromchúiseacha a phlé, agus b’fhéidir leis go mbeidís á bplé i gcúinní eile den iris. Is fiú a rá nár mhiste ar aon chor go mbeadh ceisteanna mar seo á gcur agus go mbeifí á bplé, fiú más é an gátar féin atá á spreagadh.
Tá an Roinn Airgeadais gafa leis an athmhachnamh leis, ach ina gcás siúd is féidir a bheith cinnte nach aon sochar a thiocfaidh da bharr — i gcás na Gaeilge, pé ní. In aighneacht a dhréacht an Roinn sin ‘mar chúnamh’ don Bhord Snip Nua, moladh go ndéanfaí comhnascadh ar áisíneachtaí stáit a bhfuil cruthú fostaíochta mar chúram orthu, is é sin mura bhféadfaí deireadh a chur leo ar fad. Tá Údarás na Gaeltachta luaite i measc dreamanna eile cosúil leis an IDA, Fiontraíocht Éireann, Coimisiún Forbartha an Iarthair agus Forbairt Shionainne.
Luaitear ‘the disproportionate level of funding’ atá á fháil ag an nGaeltacht. Tuige nach luaifí nuair nach bhfeictear don Roinn go bhfuil aon difríocht idir an Ghaeltacht agus an chuid eile den tír. I súile na Roinne Airgeadais ní mheánn sé brobh nach cruthú fostaíochta amháin atá mar chúram ar an Údarás, ach go bhfuil slánú agus cur chun cinn na Gaeilge mar theanga labhartha mar chúram breise, nó go deimhin mar phríomhchúram air.
Ar ndóigh, dúradh ar Feasta cheana gur dhoiciméid de chuid na Roinne Airgeadais a bhí go bunúsach i dtuarascáil an Bhoird Snip. Is féidir a rá go bhfuil curtha arís anois leis an tuairim sin. Dúradh freisin go raibh úsáid á bhaint as an ngéarchéim eacnamaíoch chun díscor a dhéanamh ar pholasaí an Stáit maidir le athbheochan na Gaeilge, agus arís tá curtha leis an tuairim sin.
Is trua nach bhfuil aigne na Roinne níos soiléire dúinn, nó níos oscailte maidir le polasaí an Stáit i leith na Gaeilge. Ní baol go dtarlóidh sé sin. Gan amhras déarfadh siad linn, go neamhnáireach, nach mbaineann a leithéid sin de ghnó leo.
|