Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Rásaí Capall, Ionadaíocht Chionmhar agus an Irish Sun le Seán Ó Loingsigh
Chun dul thar fóir lenár meafair rásaíochta, is é an buiséad i mí na Nollag an ‘Beechers Brook’ ag an rialtas. Tá fhios againn go mbeidh sé dian, ach cé chomh dian? Is í an cheist mhór ná an mbeidh laghduithe tuarastail i gceist, sa tseirbhís phoiblí, go háirithe.
——◊——
Is é is túisce a thiocfadh i gceann duine faoi théarma achrannach an rialtais seo ná gur cosúla é le rásaíocht capall ná le haon ní eile. Léim-rás atá i gceist gan amhras, an Grand National a ritear in Aintree Shasana an tsamhail is fearr — léimeanna móra diamhra agus ná feadair aon duine beo an dtabharfaidh ár gcapall na cosa leis sa chéad léim eile. Níor mhaith leat aon gheall mór a chur air. Tá sé liobarnach go maith go dtí seo agus gan leath an chúrsa tugtha.
Ba mhór an faoiseamh gur glacadh le Conradh Liospóin níos éasca go mór sa deireadh ná mar a bhí cuid againn ag súil. Cathain a bheidh an chéad chonradh eile ann? Bhímís ag rá anseo coitianta go mbíodh siad ag teacht i bhfad rómhinic. Gan amhras tá sé sin tar éis dul i bhfeidhm freisin ar lucht an Choimisiúin tar éis a raibh d’fhadhbanna acu leis na cinn dheireanacha. Tá siad siúd seiftiúil, áfach, agus is cosúil go mbeidh siad in ann leasuithe a dhéanamh feasta gan dul i muinín chonarthaí. Is mór an faoiseamh é sin dóibh.
Is cosúil go bhfuil NAMA ar an bport freisin ag an rialtas, cé go bhfuil sé ina chnámh spairne fós ag na saineolaithe eacnamaíocha. Is ionadh méid an easaontais atá éirithe eatarthu dá bharr, méid na nimhiúlachta fiú. Bhí siad i bpíobáin a chéile le déanaí le linn deireadh seachtaine díospóireachta a bhí acu sa Neidín. Um an dtaca seo ba dhóigh leat go raibh cuid acu goilliúnach toisc nach orthu a tugadh an aird. Ná habair go bhfuil iarracht den bhformad i gceist!
Chun dul thar fóir lenár meafair rásaíochta, is é an buiséad i mí na Nollag an ‘Beechers Brook’ ag an rialtas. Tá fhios againn go mbeidh sé dian, ach cé chomh dian? Is í an cheist mhór ná an mbeidh laghduithe tuarastail i gceist, sa tseirbhís phoiblí, go háirithe.
Ní raibh an freasúra riamh chomh buacach, Éanna Ó Cionnaith go háirithe. Níorbh ionadh dá sílfeadh sé go raibh a lá tagtha agus lucht an doichill díbeartha. Tá a mheanma ard, mar a léirigh sé go maith nuair a d’fhógair sé go mbeadh reifreann ann faoi dheireadh a chur leis an Seanad, sula mbeadh bliain caite in oifig aige. Níor bhrath sé fiú go mba chóir dó an cheist a chur faoi bhráid an pháirtí nó í phlé le seanadóiri an pháirtí. Nach é féin atá i gceannas!
Mar bharr air sin ar fad, gheobhadh sé réidh le fiche teachta dála. Is céimeanna iad seo ar fad nach bhfaighfí an oiread sin aon locht orthu, go háirithe i dtráth seo na gannchúise. Agus cé thabharfadh faoina leithéidí d’athruithe ach fear gnímh!
Pé ní faoi fáil réidh leis an Seanad, agus uimhir na dteachtaí dála a laghdú, b’fhéidir gur mó suime agus gur tábhachtaí an tagairt a rinne Ó Cionnaith don chóras vótála atá againn sa tír seo a leasú. Tá go leor atá míshásúil leis an gcóras, is é sin an ionadaíocht chionmhar leis an aon-vóta inaistrithe. Seans gurb é an locht is mó atá air ná an bealach ina mbíonn idir triúr agus cúigear teachtaí dála san aon toghlach.
Leagtar ar an gcóras leis go gcothaíonn sé cliantachas i gcás na dteachtaí dála agus barraíocht coimhlinte idir theachtaí an aon pháirtí, go háirithe i gcás go mbíonn beirt díobh i dtoghlach trí-shuíochán. Is cinnte, chomh maith, maidir leis an gcóras seo go mbíonn ar na teachtaí a gcuid ama a chaitheamh le mionchúraimí sa toghlach, seachas aon aird mhór a thabhairt ar riachtanais na tíre i gcoitinne.
Tá cineálacha eile den chóras ionadaíochta cionmhaire ann, ar ndóigh, agus is cosúil gur ceann éigin díobh a bhí i gceist ag ceannaire Fhine Gael. Cé gur beag eolais a thug sé i ndáiríre faoi céard go díreach a bhí i gceist aige, luaigh sé liosta d’iarrthóirí a d’aimneodh an páirtí mar bharr ar na gnáthiarrthóirí mar atá faoi láthair. Daoine iad seo a mbeadh saineolas nó taithí ar leith acu. Tá a leithéid de chóras in úsáid sa Ghearmáin, agus deirtear faoi go n-oibríonn sé go maith. Aisteach go leor, níor luaigh sé gur toghlaigh aonteachta a bheadh i gceist agus is ansin atá croí an scéil i ndáiríre.
Tá an cheist seo suimiúil mar is maith is eol dúinn gur deineadh dhá iarracht cheana fáil réidh leis an gcóras atá againn faoi láthair, agus gur rialtas de chuid Fhianna Fáil ba chúis leis an dá iarracht. Chuir Fine Gael agus an Lucht Oibre go láidir in aghaidh an dá iarracht sin.
Ach creid é nó ná creid, tá suim agus ceangal nach beag ag an gcolún seo leis an gceist. Bhí Proinsias Mac Aonghusa, a bhí i mbun an cholúin ar feadh na mblianta, go láidir in aghaidh deireadh a chur leis an ionadaíocht chionmhar, an córas PR mar a thugtar air. Go háirithe bhí sé an-ghníomhach ag cosaint an chórais sa reifreann a bhí ann i 1959 chun deireadh a chur leis. Bhí sé cinn d’altanna dá chuid ar an Irish Times ag cur in aghaidh an athraithe, agus foilsíodh iad i leabhrán dár teideal PR in Ireland.
Bhí sé dearfa gurb iad na haltanna agus an leabhrán ba mhó ba chúis gur sheas an pobal le córas an PR sa reifreann a bhí ann an uair sin, agus fiú sa dara reifreann a bhí ann blianta ina dhiaidh san. Níor fhear maíte a bhí ann. Tá sé suimiúil go bhfuil an leabhrán le léamh arís anois ar an idirlíon agus é curtha ar fáil ann ag a mhac, Diarmaid.
Bhí baint mhór ag Mac Aonghusa le páirtí an Lucht Oibre sna blianta san, agus bhí sé ina leaschathaoirleach ar an bpáirtí ar feadh scaithimh. Céard mar sin a cheapann teachtaí an pháirtí faoi na hathruithe a luann Éanna Ó Cionnaith? Céard a shíleann a gceannaire Éamon Gilmore fúthu? B’ionadh mura mbeidís glan ina n-aghaidh. Is fíric é gur fearr a dheineann na páirtithe beaga agus neamhspleáigh faoin gcóras PR ná faoin vóta díreach mar atá acu sa Bhreatain.
Is ansin go díreach a éiríonn an argóint is mó. Creideann taobh amháin gur cóir agus gur ceart go mbeadh ionadaíocht mhaith ag mionpháirtithe agus ag neamhspleáigh. Deireann an taobh eile go gcuireann siad an córas daonlathach as a riocht, gur féidir go mbíonn tionchar acu thar a mbíonn dlite dóibh de réir an chéatadáin bhig vótaí a fhaigheann siad agus go minic gur bac iad ar bhunú rialtais a bheadh in ann an tír a rialú go héifeachtach.
Mar léiriú ar seo luaitear an tionchar thar cuimse a bhí ag mionpháirithe mar an bPáirtí Daonlathach agus an Páirtí Glas i rialtais a bhí againn le deich mbliana anuas. Faoi láthair feicimid cúpla céad Glasach, nach bhfuair vóta ó dhuine ná daonnaí, ag teacht le chéile in óstlann éigin chun a shocrú an gceadóidh siad polasaí éigin rialtais.
D’ainneoin an tseafóid sin ag an bPáirtí Glas, b’fhéidir nach bhfuil an oiread sin atá cinnte ach go mbaineann buntáistí agus míbhuntáistí le gach uile chóras toghchánaíochta. Is fíor leis, dá mhéid atá le lochtú ar ár gcóras féin, nach go dona ar aon chor a sheas sé dúinn, nó an amhlaidh go bhfuilimid cliste thar an ngnáth!
——◊——
B’éigean do Sheán Ó Donnchú éirí as mar Cheann Comhairle sa deireadh agus ba é Éamon Gilmore ba chúis leis sin. Deirtear nach raibh Éanna Ó Cionnaith róshásta ar fad gurb é Gilmore a rinne an gníomh, nó fiú gur tharla sé ar aon chor, agus gur dá bharr san a tháinig an fógra faoin Seanad, an laghdú ar líon na dteachtaí dála agus na hathruithe sa chóras toghchánaíochta.
Is dócha gur fíor nach dtarlódh sé, dá mba é Pat Rabbitte a bheadh i gceannas ar an Lucht Oibre. Mura bhfuil an comhoibriú céanna ann anois agus a bhí nuair a bhí Rabbitte i gceannas, ní bheidh sé sin ina bhac má/nuair a thagann sé go dtí comhrialtas idir an dá pháirtí.
Nuair a bhíonn íospartaigh i geist, déarfadh Albert Reynolds gan a bheith ag brath ar an Lucht Oibre. Is aisteach gur imigh an Ceann Comhairle anseo agus an Spéicéir i dTeach na dTeachtai i Londain thart ar an am céanna, agus a bheag nó a mhór ar an gcúis chéanna. Tá scéalta uafáis gach lá thall ar na meáin chumarsáide faoi mhionchostaisí na dteachtaí parlaiminte.
Tá tionchar na meán cumarsáide ar an rialtas thar fóir ar fad anois, i Sasana go háirithe i gcás na dtáblóideach, nó na nuachtáin lathaí más fearr leat. Bhí sé ina rí-rá le déanaí nuair a d’fhógair an Sun nach raibh siad ag tacú feasta le rialtas Gordon Brown. Ba dhóigh leat gurb é deireadh an tsaoil é. Is nuachtán de chuid Rupert Murdoch an Sun. Preas-bharún Astrálach é siúd a bhfuil smacht aige ar nuachtáin agus ar chomhlachtaí raidió agus teilifíse ar fud an domhain. Deirtear gurb é an duine is cumhachtaí ar domhan é agus bíonn rialtais scanraithe roimis.
Níl an scéal againne chomh holc go fóill. Ár raidió agus teilifís féin is mó a chuireann eagla ar ár bpolaiteoirí. Ach tá ár n-eagráin féin anois againn den Irish Sun, den Irish Mirror agus tuilleadh nach iad. Tá an t-éileamh orthu ag fás in aghaidh an lae agus b’fhéidir nach fada uainn an lá go mbeidh siad ag rá linn cé do is cóir dúinn vótáil. Nach méanar dúinn!
Feasta,
Eagrán Samhain 2009
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|