Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Adhlacadh
gearrscéal ón Astráil le Colin Ryan
Ní dhearna an Daltúnach í a bhaint aníos ná fios a chur ar na póilíní, a mhalairt ar fad, í a fhágáil sínte ann, thall sa ghairdín i gcré na brionglóide, áit a mbíodh an féar ag fás go borrúil os a cionn.
Dúil aige riamh sa gharraíodóireacht, i gcasadh na spáide. É ag cur crainn — melaleuca, ba bhreá leis an rúsc páipéarach — poll domhain déanta agus cloigeann roimhe ann, ansin an chuid eile, na cnámha míne. Bean, thuig sé an méid sin ar an bpointe. Thug sé sos dó féin, á thochas féin, ag déanamh machnaimh ar an éadáil faoi sholas síofrúil na gréine. É á hathchur, th’anam ‘on diabhal, cén gnó atá agat díomsa. Agus an traein ag dul thart ag bun an chnoic, ag tabhairt léi cuid éigin den saol.
Chuaigh sé isteach agus gan tuiscint cheart aige ar conas a bhain sé amach an áit seo, an t-am seo, an aois seo. Bhí saghas saoil aige ceart go leor, an jab (thall in Thornbury ag Kant agus a Mhic, gnóthaí talún), corrdheoch, iníon a dheirféar ar cuairt aige ó am go chéile. An teilifíseán caite amach aige, gan faic ann arbh fhiú féachaint air. É ag léamh Dickens. An t-am is fearr, an t-am is measa. Na blianta ag tógáil siúil ó Nollaig go Nollaig.
Bhuail diúlach bleid air sa tsráid, conas tá tú, is tú atá ann i gcónaí, is fada nach bhfacamar a chéile, an t-ainm imithe as a chloigeann, bhíomar ar scoil le chéile, bhí cinnte, mise Frank. Cabaireacht. É ag féachaint air féin i bhfuinneog siopa, fear nár athraigh mórán, an ghruaig ag tanú, na roic ag spré.
É san oifig i ndeireadh an lae, ag féachaint amach an fhuinneog ar na sráideanna ciúine, saghas mífhoighne ann, rud nach raibh de leigheas air ach an fhoighne féin. Toula chuige, catóg dhubh:
— Níl tú ag smaoineamh ar dhul ar scor? (Dhera, a shíl sé, an seanduine ag teacht orm cheana.)
— Dhera, tá díol deich mbliana d’obair ionam, a deir sé.
— Taisteal, b’fhéidir. Is annamh ar saoire thú.
B’annamh. É sásta dul abhaile tráthnóna, giotamáil a dhéanamh, béile a réiteach. Cá rachadh sé? Chun na Gréige (bhíodh Toula ag cur síos ar na hoileáin, na seandaoine, na seanradhairc) nó na hÍoslainne. Dúirt an chatóg go raibh sí le pósadh, le teach a cheannach, le clann a thógáil, leis an saol a chur ag rince. Á mhuis, a deir sé, mo ghraidhn thú.
Na sráideanna ciúine.
Ní dúirt sé faic le haon duine faoin mbean úd, pé bean í, a bhí sínte ann le fada an lá, na cnámha míne ina gcodladh. É ag obair in aice léi, an cat ag faire na faille, na héin go glórach, na diabhail dhonna de mhíonaí. Ba ghearr mar sin féin gur shleamhnaigh sí féin thar tairseach isteach chuige, í ar a suaimhneas sa chistin, braon tae á ól aici. Eisean ba thúisce a labhair.
— Geimhreadh fuar atá uaim. Sioc.
Í ina tost, béal gan smid, ag éisteacht, an ceann donnrua, na lámha seanga. Í ag imeacht agus ag teacht ar nós an chait.
Tháinig iníon a dheirféar lá agus chonaic an cupán, dríodar tae ann, rud a mhúscail caidéis inti.
— Cuideachta, a deir sí.
É ag scrúdú an chupáin gan focal a rá. Dhera, a deir sé faoi dheoidh, comharsa.
— Bhuel, a deir iníon a dheirféar, is breá an chuideachta comharsa. Cé hí?
— Más bean í.
— Boladh mná atá anseo. Agus boladh na cré.
É ina thost. B’fhearr ligean léi.
Chuir sé Tetratheca ciliata ar uaigh na mná, planda a mbeadh bláthanna geimhridh air, iad bán agus bándearg. An samhradh ag imeacht go treallach, ag crochadh cuid den solas leis, solas géar deisceartach a bhí lán de sprideanna, na míonaí ag fógairt an ghairdín ar na héin eile, súile beo an chait. Dhúisíodh sé istoíche agus gan a fhios aige an raibh an bhean in áit éigin sa teach, é ag gabháil ó sheomra go seomra á lorg, ag iarraidh breith uirthi, ach í sínte sa chré, na cnámha míne. Thagadh sí fós agus corrfhocal aici anois, comhrá eatarthu faoi mhionchúrsaí an tsaoil.
Thagadh iníon a dheirféar agus rudaí léi, stocaí, cáca, rudaí don seanduine. Bíonn tú ag caint leat féin, a deireadh sí, nó leis an gcat b’fhéidir, nach cuma, is fearr é ná an t-uaigneas. An bhfuil tú le dul ar scor?
É réidh le Dickens anois, an t-am ab fhearr an t-am ba mheasa, é dulta i muinín na Rúiseach, cúpla leathanach in aghaidh an lae. Ag dul ag obair agus Mí Aibreáin ann, clipe ag teacht ar an tráthnóna. É ar na seanfhundúirí anois agus comhairle á hiarraidh air, meas acu ar ghliceas an tseandiabhail.
— Níor chuir tú fad leis an teach, a deir an bhean. Bhí tú ag smaoineamh air.
— Ní fiú liom é. Tá mo dhóthain slí agam.
— Agus agamsa.
Ba chuideachta í ach níorbh fhear mór cuideachta é, cé nach bhfaightí folamh san oifig é. An beannú groí, na léaspairtí (chuireadh sé ag gáire iad, sna trithí, an greann tur, mhuis). An cat aige sa bhaile, rud beo, rud uaigneach, rud nár leis é.
É ag cuimhneamh uaireanta ar a ndearna sé de thaisteal agus é níos óige. An Indinéis, Burma. Glésholas ar bheanna órga.
É ag scaradh uaidh féin: an fear úd ag siúl síos an tsráid, ag siopadóireacht, ina sheasamh os comhair na leabharlainne amach agus ag caint leis féin, ag réiteach béile agus á ithe. Éan cuideáin. É sásta a bheith sa ghairdín, ag baint uaigheanna. Dúirt iníon a dheirféar go raibh sé ag éirí tostach. Gur gearr nach mbeadh focal ar bith fanta ina phluc. Go ndearna sé sioc aréir. Go raibh cuma iontach ar an ngairdín, agus go dtabharfadh an geimhreadh fearthainn leis.
Tháinig bláthanna bána, bláthanna bándearga, na laethanta fuara geala, agus d’éiríodh sé um mheán oíche, ag éisteacht, ag siúl an tí. Tháinig fonn air fáil réidh le rudaí, breith ar an bhfaill úd a bhí ag imeacht uaidh.
— Táim ag smaoineamh ar an áit seo a dhíol, a deir sé le hiníon a dheirféar.
Leath a súile le hiontas agus le hamhras.
— Tá an teach seo dulta i dtaithí orm, a deir sé. Ní mór dom geit a bhaint as.
É ag doimhniú na huaighe, ag athchur na gcnámh ar eagla na heagla. Mhol an gníomhaire eastáit an gairdín toisc mealladh a bheith ann, an suaimhneas. Agus diamhair, an mbraitheann tú an diamhair. Bhraith.
Tháinig sé ar theach eile i sráid chiúin dhíblí agus fásach ar a chúl arbh fhiú slacht a chur air. Áit arbh fhéidir leat tosú as an nua, gan aithne ag aon duine ort, i gclúid gan chuideachta — cé gur lean an diabhal cat é.
Gairdín fiáin ann, féar agus fiaile. É i mbun spáide arís, ag tabhairt an fhásaigh chun míneadais. Ag cur melaleuca a bhí sé nuair a bhraith sé an cloigeann, ansin an chuid eile, na cnámha míne. Th’anam ‘on diucs, nach tú atá ann i gcónaí.
Agus í roimhe arís sa chistin.
— Táim ag réiteach an tae, a deir sé.
— Cén fáth a mbíonn tú ag éalú uaim? a deir sí. — Tá a fhios agat go bhfaighidh tú romhat i ngach gairdín mé. Nach tusa a mharaigh mé?
Níorbh fhiú leis é a shéanadh, é ag scrúdú a lámh féin agus iad ciontach as na gnáthchoireanna. B’fhéidir go raibh gairdín roimhe nach raibh sí féin ann, ach ar éigean ab acmhainn dó é a aimsiú.
Ní thiocfadh sé slán, mar ba ghearr go mbeadh sé ina chrunca. An oiread sin le déanamh, a uaigh féin a bhaint idir na trátaí agus na nóiníní, áit a sínfeadh sé é féin lá earraigh, ag féachaint uaidh in airde ar spéir gan smál, agus na fréamhacha ag dul i bhfostú ina chorp, ina chnámha. An chré ag titim isteach air de réir a chéile. Deireadh an scéil. Adhlacadh.
Feasta, Aibreán 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|