Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Laochra Gaeilge san Astráil (1)


Seán Ua Cearnaigh


Chuireas an-spéis san alt breá le Val Ó Nuadháin agus Colin Ryan faoi Nioclás Ó Dónaill a bhí i gcló in eagrán na Bealtaine 2009 de Feasta. Níl dabht ach go ndearna an Gael seo de bhunadh Luimnigh éachtaí móra ar son na teanga agus an Chonartha san Astráil.

Ar ndóigh, níorbh é an t-aon duine sa tír úd a rinne beart ar son na Gaeilge. Cé nach raibh an oiread sin iomrá ar dhíograiseoirí teanga na hAstráile riamh anseo in Éirinn, agus is trua san, rinneadar a gcion féin go deimhin. Agus rud spéisiúil, ach go háirithe, an méid daoine de bhunadh Chontae Thiobraid Árann a bhí gníomhach san obair seo.

Is dócha go bhféadfaí Eoghan Ó Riain a áireamh mar athair ghluaiseacht na Gaeilge san Astráil. I dTuar Raithín in iarthar Cho. Thiobraid Árann a rugadh é in 1861. Ba dhuine éirimiúil léannta é, a raibh labhairt, léamh agus scríobh na Gaeilge ar a thoil aige ó thús a óige. Is cosúil gur oileadh é mar mhúinteoir, óir is é sin an tslí bheatha is mó a chleacht sé thall san Astráil.

Eoghan Ó Riain i Sydney

Thriall sé ar an Astráil in 1884, gur lonnaigh sé in New South Wales. D’oibrigh sé mar mhúinteoir in Armidale, agus ina dhiaidh sin i Maitland. Sa bhliain 1893 bhunaigh sé coláiste príobháideach in Redfern, lámh le Sydney. Bhíodh Gaeilge i measc na n-ábhar a múineadh sa choláiste seo, agus an Rianach féin mar theagascóir. Chuir Mícheál Ó Caoimh, scoláire Gaeilge eile, foclóir breá le chéile go speisialta do ranganna Gaeilge an Rianaigh.

D’éirigh thar cionn le hEoghan Ó Riain in Sydney. Cheannaigh sé óstán i Sráid Seoirse sa chathair, agus bhíodh an teach céanna mar lárionad d’imeachtaí Gaelacha. Bhíodh ceol, craic, comhrá agus fiú cluichí cártaí ar siúl ann gach uile oíche sa tseachtain beagnach, agus na cúrsaí go léir á reachtáil trí Ghaeilge. Bhíodh ranganna Gaeilge ar siúl san Óstán freisin, agus an Rianach agus daoine oilte eile i mbun an teagaisc.

A bhaint le Nioclás Ó Dónaill

Rinne Eoghan Ó Riain cion laoich sna laethanta úd. Bhuail sé le Nioclás Ó Dónaill, laoch Gaeilge Melbourne in 1898. Deir Gréagóir Ó Broin/ Greg Byrnes ina alt breá, ‘The Gaelic League in Australasia, 1893-1993’:

In 1898, Ryan met the Australian-born Nicholas O’Donnell of Melbourne and encouraged him to learn Irish, which he did with remarkable success, given that O’Donnell was 36 yearts old at the time he began.’1

Ón méid a scríobh Val Ó Nuadháin agus Colin Ryan (Feasta, Bealtaine 2009), is léir go raibh cuid mhaith Gaeilge ó dhúchas ag Nioclás Ó Dónaill sular bhuail an Rianach leis, ach gach seans gurbh é an Tiobraid Árannach thar éinne eile a spreag é chun beart a dhéanamh ar son na teanga.

Náisiúnaí tréan ab ea an Rianach, poblachtach is cosúil, agus bhí baint mhór aige leis an gcomóradh céad bliain ar Éirí Amach 1798, comóradh a d’eagraigh Éireannaigh Sydney. Ba dhuine é, chomh maith, a bhí taobhach le gluaiseacht an lucht oibre san Astráil, agus iarradh air dul le polaitíocht cúpla uair. Ach sin rud nár rinne sé, cionn, is dócha, go raibh sé gafa go hiomlán le cúis na Gaeilge.

Phós sé san Astráil, ach faraoir, d’éag an Gael dílis seo i 1903 agus gan ach dhá bhliain agus dhá scór slánaithe aige. ‘Tipperary born, he spoke and wrote in Gaelic, but he died, aged forty-two, in 1903’, a deir an staraí, Patrick Farrell.2

D’éag i 1903

Agus bhí an méid seo le rá ag tuairisceoir san ‘Sydney Catholic Press’ i ndiaidh bhás an Rianaigh: –

‘Mr Eugene John Ryan, one of the best known Irishmen in Sydney, and especially well known in connection with the University College, died last week at the age of 41. Mr Ryan took a prominent part in the ’98 memorial movement, and was one of the most enthusiastic students of Irish history and the Gaelic movement in Sydney, being himself a fluent speaker and ready writer in the ancient Irish tongue. He was on several occasions asked to stand for Parliament, but always declined the honour, although probably there was no more popular man in the old Phillip electorate. His home, ‘Ryans Hotel’, 20 George-street West, has for years been a rendevouz for Irish Nationalsits now resident in Sydney’.3

Thit cúrsaí na Gaeilge in Sydney as a cheile cuid mhaith tar éis bhás an Rianaigh. Ach bhí gluaiseacht na Gaeilge faoi bhláth in Melbourne, a bhuíochas san do Nioclás Ó Dónaill agus daoine díograiseacha eile. Bunaíodh an chéad chraobh Astrálach de Chonradh na Gaeilge sa chathair i 1901. Bliain ina dhiaidh sin, bunaíodh craobh den Chonradh in Perth na hAstráile Thiar.

An tAthair Séamas Ó Duibhir

Orthu siúd a bhí gníomhach ar son na Gaeilge i Melbourne agus Sydney sna blianta a lean, bhí triúr sagart de bhunadh Chontae Thiobraid Árann. Ag deireadh na bliana 1920, tháinig an tAthair Séamas Ó Duibhir go Melbourne, áit ar bhunaigh sé Craobh Thraolaigh Mhic Suibhne den Chonradh. Ba phoblachtánach é an Tiobraid Árannach seo agus Gaeilgeoir den scoth. Bhíodh sé i mbun mhúineadh na teanga gach Luan, agus chuir sé tús le Feis bhliantúil sa chathair. Orthu siúd a bhí i láthair ag an tríú Feis, a tionóladh Luan Cásca 1923, bhí an Ciarraíoch, Seán S. Ó Ceallaigh (Sceilg), a bhí mar uachtarán ar an gConradh ó 1919 go dtí 1922. Thug Sceilg aitheasc breá uaidh i nGaeilge agus d’iarr sé ar na daoine óga ceangal leis an gConradh.

Tomás Mac Gearailt, sagart as Calainn

Sagart poblachtánach eile a bhí gníomhach i gcur chun cinn na teanga, i Sydney an tráth seo, ná Tomás Mac Gearailt. I gCalainn, Co. Chill Chainnigh, a rugadh é in 1860, agus b’as Contae Thiobraid Árann dá mhuintir. Chuaigh sé isteach in ord na bProinnsiasach agus chaith sé cuid mhór dá shaol i Sydney. Dealraíonn sé go raibh Gaeilge aige óna óige, ach nár ghníomhaigh sé ar son na teanga gur chuaigh sé chun na hAstráile. Bhí sé sáite in obair na Gaeilge i Sydney, é mar aoire ar ghasra den Fháinne. Scríobh sé ‘Stepping Stones to Gaeldom’, comhairle i dtaobh fhoghlaim agus mhúineadh na teanga.4

Bhíodh sé ar ais in Éirinn ar a laethanta saoire ó am go chéile, agus is le linn ceann de na tréimhsí sin a chas sé le Pádraig Mac Piarais den chéad uair. Bhí ardmheas ag an mbeirt ar a chéile. Sa bhliain 1909, chuir an Gearaltach Béarla ar chud de scéalta an Phiarsaigh, agus foilsíodh iad san ‘Sydney Catholic Press’. Bhí sé i láthair i 1915 ag cóisir a eagraíodh chun ceiliúradh a dhéanamh ar dheireadh na scoilbhliana i Sgoil Éanna. Na haistriúcháin a rinne sé ar scéalta an Phiarsaigh, d’fhoilsigh sé i bhfoirm leabhair iad i 1921, tamall gairid sular éag sé.

Fear lách liobrálach ab ea an Gearaltach a raibh bá mhór aige le bundúchasaigh na hAstráile. Bhí sé dílis go héag don Ghaeilge. ‘Gaelic Ireland’, a dúirt sé ‘is a glorious Ireland’. D’éag sé ar an 27 Bealtaine 1921. Bhí cuntas breá faoina shaol agus a shaothar in Misneach, 18 Meitheamh 1921. Cúpla bliain i ndiaidh a bháis, d’fhoilsigh Cló Talbóid bailiúchán dá chuid scéalta agus aistí faoin teideal ‘Four in Hand’, leabhar ina léiríonn sé a ghrá d’Éirinn agus do Thiobraid Árann.

Mícheál Ó Riain & Hubert Murray

Sagart eile de bhunadh Chontae Thiobraid Árann, bhí dlúthbhaint aige le gluaiseacht na Gaeilge i Sydney i ndiaidh bhás an Athar Mhic Gearailt, ab ea an tAthair Mícheál Ó Riain. Bhunaigh sé Craobh Phádraig Mhic Phiarais sa bhliain 1922, agus níorbh fhada go raibh sé ar na heagrais Ghaeilge b’éifeachtaí sa tír. Scoil Ghaeilge, iris mhíosúil, féile bhliantúil, bhíodar san agus go leor eile ar na tionscnaimh a raibh an chraobh freagrach astu.

I measc bhaill na craoibhe sin, bhí fear suntasach amháin, duine nach mbeifeá ag súil go deo leis mar chonrathóir. B’shin Hubert Murray, leas-Ghobharnóir Nua-Ghuine Phapua. Cén fáth nach samhlófá é mar chonrathóir? Deir an staraí Patrick O’Farrell faoi athair Hubert:

‘Sir Terence Aubrey Murray, pioneer landholder in the Monaro region, gloried in ambivalence and confusion. He moved from Catholicism to Anglicanism as it suited his inclination and convenience, played the Irish patriarch when he felt like it, and combined Irishness with imperial pride. All this was tenable eccentricity in the 1840s and 1850s, but its sour legacy to his son, Hubert, governor of New Guinea, was tortured sensitivity, and a virtual obsession with Ireland and Catholicism as giving meaning and guidance to his life.5

Éire agus an creideamh Caitliceach, b’shin iad na mórchlocha ar phaidrín Hubert Murray. Deir O’Farrell: ‘By 1905 he was learning Gaelic… in 1925 he was still a member of the Gaelic League’.6 De réir O’Farrell, chomh maith, bhíodh Murray ag scríobh do ‘Sinn Féin’, nuachtán Airt Uí Ghríofa.

Albert Dryer, Gearmánach Éireannach

Ar ghaiscigh mhóra na Gaeilge agus na saoirse san Astráil, seans gurbh é Albert Dryer an sárlaoch par excellence. Rugadh é i Sydney in 1888. Ba de bhunadh dheisceart na Gearmáine dá athair, ach rugadh a mháthair, Cíosógach ó Chontae an Chláir, in Éirinn, agus dhearc a mac, Albert, air féin mar Éireannach tar éis dó leabhar iomráiteach Alice Stopford Green, ‘Irish Nationality’, a léamh. Ón am sin ar aghaidh ba phoblachtach Éireannach é, agus dhiúltaigh sé páirt a ghlacadh sa Chéad Chogadh Domhanda. Ba mhian leis a bheith páirteach sa réabhlóid pholaitiúil agus chultúrtha a bhí tagtha chun cinn in Éirinn. Dhearc sé ar an mBéarla mar chomhartha sclábhaíochta: …that badge of subjection that is burning into our very soul’, mar a dúirt sé féin.

The Irish National Association

Bhunaigh sé eagraíocht i Sydney sa bhliain 1915 ar ar thug sé ‘The Irish National Association’. Ní fada go raibh brainsí eile i Melbourne agus i gcathracha eile san Astráil. I Sydney bhí suas le 1,500 duine páirteach sa ghluaiseacht. Cuireadh ranganna Gaeilge ar bun, eagraíodh céilithe agus seisiúin cheoil, rinneadh soiscéal na saoirse a chraobhscaoileadh. Agus go minic, bhí sé deacair go leor an soiscéal céanna a chur chun cinn, óir bhí go leor leor de na Gaeil-Astrálacha gallda go maith.

Is daor mar a d’íoc Albert Dryer agus cuid dá chomrádaithe as a gcuid prionsabal. I mí an Mheithimh 1917, gabhadh Albert agus seisear eile de chuid an INA, cuireadh ina leith go rabhadar i gcomhar le Bráithreachas na Poblachta, agus sádh isteach i bpríosún Darlinghurst iad. Is cosúil go raibh baint éigin ag Dryer le Bráithreachas na Poblachta, a raibh ciorcal gníomhach dá gcuid i gcathair Sydney, agus campa traenála acu ar na Sléibhte Gorma.

Chuir íde an tseachtair olc ar na mílte Gael-Astrálach, ach níor ardaíodh mórán raiceanna faoi ag an am céanna. Tugadh cead a gcos do sheisear díobh i mí na Nollag 1918, ach coinníodh Albert Dryer i ngéibheann go Feabhra na bliana dar gcionn.

Bata agus bóthar

Tar éis teacht amach as an bpríosún dó, tugadh bata agus bóthar dó as an bpost breá a bhí aige i Roinn na gCustam agus ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin ní raibh sé in ann aon fhostaíocht bhuan d’aon chineál a fháil. Bhí sé geallta le cailín de bhunadh na hÉireann ó 1915 i leith, ach i ngeall ar a bheith beo bocht níor éirigh leis í a phósadh go 1933. Chuaigh sé isteach in Ollscoil Sydney sa bhliain 1929, gur ghabh sé le cúrsaí leighis. Cáilíodh mar dhochtúir é sa bhliain 1938.

Sheas Albert Dryer le cúis na hÉireann go lá a bháis. Cé gur Chaitliceach dílis é, ba mhinic é i ngleic le heaglaisigh mhóra, cionn is gur léir dó go rabhadar naimhdeach d’aisling na nGael. Ní raibh cuid mhaith de na heaglaisigh róbhuíoch d’Albert ná den Irish National Association, cionn is gur ghluaiseacht neamhsheicteach ar mhúnla Chumann na hÉireannach Aontaithe i 1798 seachas eagraíocht Chaitliceach a bhí ann. Ardeaspag Sydney, an Dr. Ó Ceallaigh, Gael-Astrálach a bhí thar a bheith gallda, is minic a bhíodh sé féin agus Dryer i ngleic le chéile.

Ag snámh in aghaidh an easa a bhí Albert Dryer bocht i rith a shaoil. An chraobh de Chonradh na Gaeilge a bhunaigh an tAthair Ó Riain i 1922, theip uirthi ar deireadh. Níor tháinig an Irish National Association slán ach oireadh. Diaidh ar ndiaidh, scoireadh na brainsí uile den eagraíocht, cé is moite de bhrainse Sydney. Fad agus a bhí Albert Dryer féin beo, mhair brainse Sydney go bríomhar.

D’éag an Gael seasmhach seo de bhunadh Chontae an Chláir sa bhliain 1963. Cé gur thug sé gean a chroí do thír a mháthar, agus gur chaith sé a shaol ag obair ar a son, níor éirigh leis riamh cos a leagan ar thalamh na hÉireann. Fadhbanna airgid, agus ba dhuine bocht riamh é, ba chionsiocair leis sin.

Inniu maireann cuimhne an tseanlaoich seo i gcathair Sydney. Nuair a bunaíodh craobh nua de Chonradh na Gaeilge i Sydney i 1988, ní raibh aon cheist faoi ainm an aonaid úd: Craobh Albert Dryer!

Beidh a thuilleadh le rá agam faoi laochra Gaeilge eile na hAstráile an mhí seo chugainn.

Tagairtí

1. Greg Byrnes/ Gréagóir Ó Broin. The Gaelic League in Australasia, 1893-1993’. Aiste sa leabhar: Irish Australian Studies, Papers delivered at the 7th Irish Australian Conference, June 1993. Crossing Press, Sydney, 1994. Lch. 147
2. Patrick O’Farrell. The Irish in Austrialia, lch. 175. New South Wales University Press, 1986.
3. Ibid., lch. 188.
4. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. Beathaisnéis, 1882-1982, imleabhar 5, lch 288. An Clóchomhar Tta., BÁC, 1997.
5. Patrick O’Farrell. The Irish in Australia, lch. 7.
6. Patrick O’Farrell, op. cit., lch. 254.

Feasta, Aibreán 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais