Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Ardfheis Chonradh na Gaeilge,
Óstán Strand Luimneach, 16-18 Aibreán:
Focal ó Uachtarán an Chonartha, Pádraig Mac Fhearghusa
Tréimhse chinniúnach don Ghaeilge an tréimhse atá romhainn, a deirtear linn, arís eile. Ach de thoradh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite, agus a bhfuilimidne i gConradh na Gaeilge ag súil go mbeidh tacaíocht traspháirtí ann dó, ba mhaith go raghadh teachtaireacht dóchais i leith na Gaeilge amach ar fud an phobail.
Agus ba mhaith go raghadh teachtaireacht aontaithe amach ó Chonradh na Gaeilge mar eagraíocht ionadaíoch náisiúnta phobal na Gaeilge: táimid anseo, agus beimid anseo. Sinne an pobal teanga is seanda agus is leanúnaí in iar-thuaisceart na hEorpa. Ar ár son féin, agus ar son gach éinne gur mór leis an stair, an litríocht, an ceol agus an daonnacht féin a ghabhann leis an teanga ársa seo, atá fós in úsáid go laethúil inár measc, míle go leith bliain tar éis turnamh na Róimhe, ba mhaith gur teachtaireacht athnuachana a raghadh amach ó Ardfheis Chonradh na Gaeilge 2010.
Comharthaí Dóchais
Táid na comharthaí dóchais ann. Tá naonúr déag as gach fiche duine, ar shráideanna an stáit seo ó dheas, ar son na Gaeilge a choimeád á labhairt, á léamh agus á scríobh — agus á craoladh dá n-abrainn é. Tá institiúidí dár gcuid féin againn, idir raidió agus teilifís, agus nua-áiseanna teicneolaíochta, a choinníonn i dteagmháil laethúil lena chéile sinn ó cheann ceann an oileáin, agus níos faide i gcéin. Tapaím an deis seo, dá réir, tréaslú le coiste agus le heagraithe óga Raidió Rí-Rá, a bhfuil tonnta aerógacha nua á dtreabhadh acu ar son aos óg na Gaeilge. Ba mhaith liom, chomh maith, tréaslú le Rith 2010, a bhfuil bóithre nua, a deirim, oscailte acu ar son na teanga ó Bhéal Feirste aduaidh go Corcaigh, agus ó thuaidh arís go Gaillimh, agus pobal na tíre á shníomh ina chéile acu. Is tionscnaimh iad seo a chuireann le beocht agus le heagsúlacht an tsaoil, agus le saol na Gaeilge ach go háirithe.
Ní hamháin san, is tionscnaimh iad a bhailíonn teagmhálaithe agus lucht tacaíochta chugainne mar eagraíocht sa bhfeachtas leanúnach a chaithimid a choimeád ar siúl ar son ár mbeo mar phobal teanga. Is beo dúinn i stát a fheidhmíonn go laethúil mar stát Béarla. Admhaímis go bhfuil eisceachtaí suntasacha sa chóras ó dheas atá le moladh, ach bímis réalaíoch ina thaobh san, agus is lú go mór, gan dabht, atá le moladh i stáit an oir-thuaiscirt.
Éileamh leanúnach de dhíth
Cúis áthais dúinn an dul chun cinn atá déanta le tamall de bhlianta anuas: tá Acht na dTeangacha Oifigiúla againn, tá Coimisinéir Teanga againn, tá aitheantas ag ár dteanga ionúin ársa mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach, agus dá thoradh seo, tá ár gcóras stáit féin ag glacadh leis, de réir a chéile, gur cuid den obair laethúil é freastal ar phobal na Gaeilge. Ach ná dearmadaimis go mbrathann dul chun cinn leanúnach na Gaeilge ar éileamh uainne mar phobal, agus mar bhaill de phobal; agus ná dearmadaimis a chur ar a súile dár bpolaiteoirí, arís agus arís eile, gur chuige sin atá ár gcórais stáit ann, chun freastal orainne, saoránaigh.
Bua suntasach
Ós ar an téad seo dúinn, mar shaoránaigh agus mar phobal Gaeilge, bhí bua suntasach againn i gcaitheamh na bliana: tharraing an Roinn Oideachais agus Eolaíochta siar Ciorclán 44/ 2007, ciorclán a d’fhéach le cosc a chur ar luath-thumoideachas iomlán sa Ghaeilge ar fud an stáit seo ó dheas, agus sa Ghaeltacht fiú amháin, áit a bhfuil géarghá lena leithéid de chleachtas inniu, chun go seolfaí an teanga ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Seo Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ar ndóigh, a bhfuil Gaeilge á múineadh trí Bhéarla i dtrian dá cuid scoileanna náisiúnta. An dtuigeann tuismitheoirí na tíre an éagóir atá á dhéanamh orthu féin agus ar a bpáistí toisc faillí na Roinne seo?
Ceann-Áras Athchóirithe
Ach musclaimis ár misneach. Tá deisiú agus athchóiriú déanta ar ár gceannáras ag Uimhir 6, Sráid Fhearchair, BÁC 2, le cúnamh ón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta. Cúis áthais dom féin mar uachtarán an bhaint a bhí agam leis an obair seo, ós chun na haidhme sin a thabhairt i gcrích a chuas ar aghaidh don uachtaránacht, Meán Fómhair 2008. Seasfaidh an obair atá déanta ar an gceannáras dúinn sna feachtais a chaithfear a reachtáil aisti ar son na teanga sna blianta romhainn.
Dea-chaidreamh
Tá dea-chaidreamh ar son phobal na Gaeilge á chothú againn mar is cóir, chomh maith, lenár gceannairí stáit, lenár dTeachtaí Dála, leis an gComhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, lena rabhamar ag caint roimh Nollaig. Beidh an dea-chaidreamh sin ag teastáil go leanúnach chun spriocanna éagsúla, atá ag teacht leis an Dréacht Straitéis 20 Bliain, a bhaint amach.
Mar ábhar práinne
Ina measc san, agus mar ábhar práinne, áirim an méid seo: cúrsa comhtháite Gaeilge bunaithe ar an gcúrsa do scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna, Séideán Sí, le haghaidh na scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc; agus seirbhísí tacaíochta do mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc, d’fhonn múineadh na Gaeilge labhartha a fheabhsú.
Straitéis móide príomhoifigigh
Níor mhiste linn, gan dabht, go bhfeidhmeofaí an Dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge láithreach, agus go bhfeidhmeofaí í mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP). Bíodh sé mar sprioc againn, chomh maith, go gceapfaí duine i ngach Roinn Stáit, ag leibhéal príomhoifigigh ar a laghad, le bheith freagrach as feidhmiú na Dréachtstraitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus as seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeilge, agus bíodh duine le cáilíocht sa phleanáil teanga ar fhoireann an phríomhoifigigh sin.
Beidh caidreamh níos sláintiúla idir an dá chóras riaracháin ar an oileán seo feasta, agus ba mhaith go raghfaí i mbun plé leis na húdaráis i dTuaisceart Éireann maidir leis an straitéis atá geallta don Ghaeilge faoi Chomhaontú Chill Rímhinn, agus go n-úsáidfí an Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar mhúnla sa chás sin. Ní gá a rá go n-aontaímid go hiomlán le cur chuige an Rialtais go mbeidh aire atá freagrach as an nGaeilge i measc chomh-aireacht an Rialtais ó dheas go leanúnach.
Beidh éilimh mar seo, agus go leor eile á bplé againn ag an Ardfheis i Luimneach ar an 16-18 Aibreán, ní ar ár son féin amháin, ach ar son an phobail stairiúil teanga dar dínn: bí ann, agus bíodh an t-athaoibhneas againn.
Pádraig Mac Fhearghusa,
Uachtarán Chonradh na Gaeilge
17 Márta 2010
Feasta, Aibreán 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|