Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Darragh Ó Sé
le Pádraig Ó Conaill

Tá pluais i lár na páirce anois
Is ní líonfar é go fóill,
Óir chas an fathach Gaelach
A chúl le ré an ghleo,
Nárb é an Ciarraíoch dílis,
A thug dúinn an onóir
Bheith i láthair ar na laethanta
Is é go lúfar, láidir, óg.
Bhí fuinneamh ina cholainn
Is cruinneas ann gan stró,
B’é siúd an charraig chalma
Ar ar bascadh gach ionróir,
B’é cosantóir na cearnóige é
Is an tuile ’teacht ina chóir,
Thug uaidh an deontas cumasach
Gan bhrú, go fearúil, cóir.
Ní bheidh arís a leithéid ann
A sheasóidh dúinn an fód,
A thabharfaidh an lámh láidir dúinn
Le neart a chroí is a mheoin,
Dob é Rí i lár na páirce,
Ba chuma cé bhí os a chomhair,
A Dharragh, táimid buíoch duit,
Bíodh sos agat gan stró.

Feasta, Aibreán 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo