Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Murab amhlaidh nach raibh ár gcúrsaí olc a ndóthain leis an ngéarchéim eacnamaíoch a bhfuilimid ag streachailt leis, agus a bhfuil gach cosúlacht air gur in olcas a rachaidh sé sula dtéann aon fheabhas air, táimid, mar bharr ar an donas, ag iarraidh dul i ngleic leis an dara tubaist atá sa mhullach orainn faoi láthair.
Tá oiread sin fraoch feirge ar dhaoine faoin mí-úsáid ghnéis ag eaglaisigh ar dhaoine óga gur deacair a bheith dóchasach go ndéanfaidh tréadlitir an Phápa aon síothlú air. Thuigfeá dóibh. Gan amhras tá leithscéal gafa aige neamhbhalbh go maith, ach san am céanna is deacair a bheith sásta go dtuigtear an dochar atá déanta, agus ní lú san i gcás na hEaglaise anseo i nÉirinn.
Níl aon amhras faoin urraim a bhí ag an bpobal Caitliceach anseo do na sagairt. Is fíric de chuid na staire é a théann i bhfad siar. Ní shamhlófaí go deo, i measc tuismitheoirí go háirithe, áit níos sábhálta do pháistí ná iad a bheith i gcomhluadar an tsagairt. Is mó, dá réir, an díomá agus an anbhuain atá anois mar thoradh ar a bhfuil tagtha chun solais, gan trácht ar a bhfuil fós le teacht.
Níl ansin, ar ndóigh, ach gné amháin den scéal. Ba mhór mar a chuir sé leis an dochar agus leis an urchóid gur shoiléir go mba thábhachtaí le húdaráis eaglasta dea-theist agus gradam na hEaglaise ná an ciapadh agus mórdhíobháil a bhí déanta do pháistí. Bhí sé thar fóir ar fad go mba thábhachtaí le heaspaig drochiompar roinnt sagart a choinneáil faoi cheilt ná aire cuí a thabhairt do na daoine óga a bhí faoina gcúram. Fealladh thar cuimse a bhí ann.
An fhadhb leis an urraim a luadh níos luaithe ná gur tláithínteacht a bhí i gceist go minic, agus gur bhain sé le rialtais agus le polaiteoirí i gcoitinne oiread agus a bhain sé leis an bpobal. Mar a dúradh cheana, bhíomar ar fad ciontach. Ní bheadh an fhadhb a bhfuiltear ag sracadh leis anois leath chomh holc murach an tuiscint mhí-ámharach a bhí ann nach raibh eaglaisigh ar bhealach éigin freagrach nó inchúisithe faoin dlí, mar a bhí gach saoránach eile. An bhfuil iarsmaí den tuiscint seo ann go fóill?
Tá sé riachtanach go mbeadh soiléireacht ann maidir le freagracht agus cothramaíocht faoin dlí a bheith i gceist i gcás an uile shaoránaigh. Is deacair a thuiscint conas go mbeadh aon débhríochas ann maidir le ról éigin a fhéadfadh a bheith ag dlí canónta na hEaglaise i gcás na coiriúlachta a bhí i gceist.
Tá sé soiléir go leanfaidh an scéal seo ar aghaidh ar feadh scaithimh eile Ach nach bhfuil sé riachtanach anois go mbeadh ráiteas againn ón rialtas a scaipfeadh aon mhíthuiscint atá fágtha maidir le stádas an dlí? Níor bheag an chabhair é chun an eipeasóid mhí-ámharach a thabhairt chun críche, agus dá luaithe a tharlaíonn sé sin sea is fearr.
|