Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Cora Crua an tSaoil Pholaitiúil
le Seán Ó Loingsigh


Léadh sliocht as dán le Francis Ledwidge a bhí páirteach sa chath — Let Ireland weep but not for sorrow! Céard eile a bheadh i gceist ach sorrow?

———◊———

Is mór a chuireann sé as dúinn a bheith ar aon phort le tráchtairí polaitíochta i gcoitinne, ach ba dheacair gan aontú leis an tuairim forleathan a léirigh siad gur neamhócáid a bhí i gceist leis na hathruithe rialtais a d’fhógair an Taoiseach le déanaí. Go deimhin sé is mó a thabharfadh sé chun cuimhne ná an scéal úd faoina bheith ag aistriú cathaoireacha thart ar an Titanic agus í ag dul go tóin poill.

Tá sé go mór le brath anois go bhfuil deireadh an róid sroichte ag an rialtas seo, ach ar ghá don Taoiseach é sin a dhéanamh chomh soiléir! Ar ndóigh, beidh na seanghaiscígh sin Pat Carey agus Tony Killeen sásta go maith lena gceapacháin, agus cé thógfadh é sin orthu. Ní heol go bhfuil aon duine ag rá nach daoine cumasacha iad, nó nach bhfuil a bpoist nua tuillte acu.

Déarfar leis go mbíonn go leor le rá faoin aoiseachas na laethanta seo, go maireann daoine níos sia agus dá thoradh sin ar fad go gcaithfear a bheith ag súil go mbeidh daoine ag leanúint orthu ag obair níos sia ná mar ba nós leo. Ba dheacair glacadh leis go raibh aon bhaint ag an aoiseachas le ceapacháin an Taoisigh, agus ar aon nós ní ar na hairí nua amháin atá na tráchtairí ag díriú airde. Níl sé éasca a thuiscint céard a bhí i gceist aige leis na mionathruithe atá déanta laistigh de na ranna éagsúla. Ní athrú an-réabhlóideach é gurb í an Roinn Oideachais agus Scileanna atá anois againn in áit an Roinn Oideachais agus Eolaíochta!

Beimid caillte gan é!

Ina choinne sin ar fad, ní mór a rá ná gur ócáid ar leith é do phobal na Gaeilge nuair a scarann Éamonn Ó Cuív leis an roinn a raibh sé freagrach aisti leis na blianta fada, agus is eol dúinn go maith nach í an Ghaeltacht amháin a bhí faoina chúram i gcaitheamh na mblianta sin, ach gach uile ghné a bhain le leas na teanga dúchais. Ní hé gur aontaíodh i gcónaí leis, ach is maith is eol dúinn chomh mór agus a bhí a chroí san obair sin. Beimid caillte gan é. Agus, ar ndóigh, cuirfear fáilte roimh Pat Carey agus is cinnte go mbeidh dea-thoil phobail labhartha na Gaeilge aige siúd leis.

Cúlbhinseoirí corraithe

Tá cúlbhineoirí i bhFianna Fáil ag éirí corraithe, agus ní hionadh sin. Is ar éigean má tá duine díobh atá cinnte dá shuíochán sa chéad olltoghchán eile, agus níor mhiste leo dá léireodh an Taoiseach suim níos mó sa tsáinn ina bhfuil siad.

Tá fadhbanna an rialtais ag méadú in aghaidh an lae. Tá stailceanna ag bagairt i ngach earnáil den tseirbhís phoiblí. Má tharlaíonn siad is deacair a rá cén toradh a bheidh orthu. An seasfaidh an rialtas an fód, nó an ngéillfidh siad do éilimh na stailceoirí?

Séard a chiallódh géilleadh, gan amhras, ná go gcuirfí ar ceal na ciorraithe agus na hasbhaintí tuarastail atá ag goilliúint chomh mór sin ar lucht na seirbhíse poiblí go háirithe.

Samhlaigh an clampar a bheadh ann dá raghadh oibrithe sa tseirbhís dóiteáin ar stailc, mar atá siad ag bagairt. Cad a bheadh ní ba mheasa, murab é go dtógfadh banaltraí an bóthar céanna, agus níl sé sin as an áireamh ach oiread.

Tacaíocht Bhanc Ceannais an AE

Ní hamháin sin ach an rogha é don rialtas géilleadh do na héilimh éagsúla, má táimid ag brath ar thacaíocht ón Aontas Eorpach, agus go sonrach ón mBanc Ceannais Eorpach?

Tá sé soiléir anois go bhfuil an ghéarchéim eacnamaíoch ag luí go trom ar an Aontas, go háirithe ar an gcuid sin de a bhaineann le limistéar an Euro. Ní hí an tír seo is mó atá ag cur leis an imní sin, go dtí seo ar aon chor. Is measa fós cúrsaí sa Ghréig, sa Phortaingéil agus b’fhéidir sa Spáinn.

D’fhéadfadh sé gurb é dearcadh an Taoisigh maidir leis na hathruithe rialtais a bhfuil tráchtairí, agus fiú a chúlbhinseoirí féin, chomh gearánach fúthu, ná gur beag tábhacht atá leo i gcomparáid leis an ngéarchéim airgeadais. Céard a tharlódh, mar shampla, i gcás go dteipfeadh ar NAMA. Tá scamall an Bhainc Angla-Éireannaigh ag luí go trom ar shaol poiblí na tíre seo agus is baolach gur fada a bheidh.

Olltoghchánaíocht san aer

Ach i ndáiríre pé cúrsaí tromchúiseacha eile atá ag déanamh imní don Taoiseach faoi láthair, ní féidir dó neamhshuim a dhéanamh go huile in údair imní a chúlbhinseoirí. Nach bhfuil fhios aige fiú dá rithfeadh an rialtas seo a chúrsa iomlán, bíodh gur dheacair a leithéid de mhíorúilt a shamhlú, go bhfuil cúrsaí olltoghchánaíochta san aer agus nach beag ar aon chor an t-ábhar imní é sin do na cúlbhinseoirí.

Ar an taobh eile, níl aon dul amú ar Fhine Gael faoin gceist ná ar a gceannaire Éanna Ó Cionnaith. Tá siad ag toghchánaíocht go bríomhar agus pleananna nua agus leasaithe ar an gcóras polaitiúil á gcur chun cinn gach uile dheis a fhaigheann siad.

Ní miste ar aon chor go mbeadh an obair seo á dhéanamh ag Fine Gael, pé acu ar chuid dá bhfeachtas toghchánaíochta é nó nach ea. Is minic luaite anseo é go bhfuil fadhb leis an vóta singil inaistrithe mar atá sé againne, ach fós nuair a thosaítear ag scrúdú malairt chórais éiríonn tuilleadh deacrachtaí. An deacracht is mó atá againn faoi láthair, pé ní, ná na dáilcheantair ilsuíochán ina mbíonn triúr nó ceathrar nó cúigear teachtaí ag freastal ar aon cheantar amháin.

Suíocháin Singile & liosta?

Tá an córas atá molta ag Fine Gael ina bhfuil teachta amháin i ngach dáilcheantar, agus córas liosta mar bharr air ina gcuireann an páirtí liosta teoranta iarrthóiri faoi bhráid na vótálaithe, in úsáid sa Ghearmáin, agus is fiú tuilleadh machnaimh a dhéanamh air sin, cé gur minic an cheist pléite cheana gan móran toradh.

Ní bhfaighfí móran locht ar uimhir na dTeachtaí Dála a laghdú, bíodh go bhfuil an daonra ag méadú i gcónaí. Is cinnte nach iad na teachtaí féin a bheidh á éileamh. Cad faoi deireadh a chur leis an Seanad? Is fíor nár baineadh úsáid ceart riamh as, agus ní dócha go mbeadh mórán cur ina choinne ag an bpobal.

An dtarlóidh siad?

Tá athruithe eile molta, agus arís ní miste go mbeadh siad déanta agus á bplé. An dtarlóidh siad nuair a bheidh Fine Gael i gcumhacht(!)? Sin scéal eile. Beidh go leor sa pháirtí sin, gan amhras, nach mbeidh fonn rómhór orthu scaradh leis an status quo. Dála an scéil, nach bhfuil sé chomh tábhachtach céanna go ndéanfaí scrúdú ar an gcóras rialtais áitiúil agus ar na húdaráis áitiúla, go háirithe?

Cad faoin Uachtarántacht? Má bhí an Seanad le cur ar ceal, níorbh aon ró-ionadh é dá mbeadh an bóthar i ndán don oifig sin freisin. Féach nach é sin atá i gceist ach an téarma uachtarántachta a laghdú ó sheacht mbliana go cúig bliana. Tar éis an tsaoil, ní oifig í a bhí riamh i seilbh Fhine Ghael. Nach féidir go gcuirfeadh Enda athrú air sin! D’oirfeadh cúig bliana go seoigh ar ball, b’fhéidir!

Beidh lá eile againn leis na hathruithe seo go léir atá á mbeartú ag Fine Gael, agus go háirithe conas mar a ghlacfaidh Páirtí an Lucht Oibre leo. Is é is dóichí ar fad nach mbeidh siad róthógtha leo. Nó an amhlaidh nach síleann Ó Cionnaith go mbeidh sé ag brath orthu mar pháirtnéirí i rialtas!

Gallipoli

Ag tagairt don uachtarántacht is iontach an phoiblíocht a fuair an turas a thug an tUachtarán Mhic Giolla Íosa ar Gallipoli le déanaí chun a bheith páirteach i searmanas chun comóradh a dhéanamh ar na saighdiúirí a maraíodh ansin i 1915 le linn an Chogaidh Mhóir. Nach bhfuil na huimhreacha scanrúil! Ceathrú milliún saighdiúir a maraíodh nó a goineadh sa chath sin amháin, 3,411 díobh ó na Dublin Fusiliers, agus a thuilleadh nach iad ón oileán ar fad. Seoladh isteach i mbéalaibh na ngunnaí iad gan aird gan aire.

Féach anois, níl aon deacracht againn go ndéanfaí comóradh ar na saighdiúirí a maraíodh, pé taobh ar ar throid siad, ná níl aon amhras faoina gcrógacht ná a n-idéalachas. Níl aon cheist againn maidir leis an Uachtarán a bheith i láthair. Go deimhin tá sárobair déanta aici ó thainig sí in oifig chun doirse a bhí rófhada dúnta a athoscailt.

Ach uaireanta, leis an mbladhmann ar fad, ligtear an bharbarthacht agus an tsoiniciúlacht a bhí ar chúl an éirligh i ndearmad, pé acu an é an Somme, nó Verdun nó Gallipoli a bhí i gceist. Ba dhóigh leat ar uairibh go raibh an bholscaireacht ar siúl go fóill, agus nár impiriúlachas ba mhó a bhí i gceist, pé acu an Sasana, an Ghearmáin, an Fhrainc, Otamánaigh nó ‘poor little Belgium’ féin a bhí chun tosaigh. Féach an réimeas barbartha a bhí ag ‘poor little Belgium’ sa Chongó, mar a bhí ag gach uile dhream díobh in áit éigin san Afraic.

Not for sorrow?

Léadh sliocht as dán le Francis Ledwidge a bhí páirteach sa chath — Let Ireland weep but not for sorrow! Céard eile a bheadh i gceist ach sorrow? Is dócha go raibh dhá cineál saighdiúir i gceist, na hidéalaithe cosúil le Ledwidge, agus iad siúd a ghlac ‘scilling an rí’ ar mhaithe lena gclann a chóinneáil beo. Is dócha gur lú de bhob a bhí buailte orthusan.

An féidir go bhfuil cuid den obair seo ar siúl go fóill — san Iaráic agus san Afganastáin, b’fhéidir. Ar a laghad ní mharaítear oiread. Ach níor mhiste níos mó beime a leagan ar an ghné sin ag na searmanais.

Feasta, Aibreán 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais