Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Prendergast


le Seán Ó Faoláin


Athchló ar ghearrscéal a d’aimisgh Pádraig Ó Snodaigh, ar iris dar teideal Éarna, Iml 2, uimhir 5, Meitheamh 1924. (Tá caighdeánú áirithe déanta ar an litriú — eag.)

Bhí fear óg a raibh culaith sagairt air ag siúl feadh an phóirse fhada dhorcha, síos faoi dhéin an tséipéil. Bhí na crainn dhubha pailme ar gach taobh de, agus soilse na cathrach le feiscint san imigéin trí na craobhacha íochtaracha. Ar a aghaidh amach bhí an séipéal agus solas sna fuinneoga caola arda agus sa doras fúthu. Níor fhéad sé aon ní a chloisint ach bhí fhios aige ina chroí go raibh an easpairt ar siúl agus go gcloisfeadh sé í dá dtéadh sé isteach; fuaim na nguth garbh; ciúineas; ansan guth an tsagairt ag cantan go fadanálach; ‘hÓ Domine…’ Ach bhí croí an fhir óig rólán anocht le dul faoi dhéin an chomhluadair. D’iompaigh sé ar a láimh chlé agus chuaigh sé taobh thiar den séipéal mar a raibh an clós cloiche. Bhuail Siúr C— uime ann. Seanbhean ón bhFrainc í seo; aghaidh uirthi mar a bheadh ar úll aibidh; agus é de nós aici a bheith ag rá ‘si si’ go minic trína comhrá. Labhair sí i gcogar leis an bhfear óg agus í ag féachaint suas air le súilibh eagla.

Tháinig trí bhuille cloigín ón séipéal agus d’ísligh an bhean rialta a ceann. Tar éis neomait airíodh an Laudate á chantan agus ba ghairid go dtáinig slua de bhuachaillí amach, ina mbeirt agus ina mbeirt, agus gan aon chaint eatarthu. Rith cuid acu trasna an chlóis. Go hobann, mar ba dhóigh leis an bhfear óg, bhíothas ag lasadh na soilse sna seomraí os a chionn.

Go dtí anAfraic Theas sea théadh na sagairt óga ón gcoláiste seo, agus ba mhinic cheana a cheap sé gur mhaith an cleachtadh a gheibhidís i gcúrsaí fiabhrais anseo. Ba mhó ba ghránna anocht, dar leis, ionad an choláiste agus a shuíomh ar imeall bogaigh, a chúl leis an séipéal beag agus a aghaidh leis an mbogach. Bhí sruth salach áit éigin lastall den bhogach; laistiar de sin bhí fobhóthar iarainn; agus laistiar de sin arís, feirm agus coill mná saibhre éigin. Áras mór liath ab ea an coláiste; mór chuid fuinneog ann agus gan méid orlaigh de dhifríocht idir fhuinneog acu agus a chéile; thuas in airde, ar bharr an túir, cró beag agus clog iarainn. An áit ina raibh an bheirt ina seasamh anois bhí uisce leata ar na clocha, toisc fána ó cheithre chúinne an chlóis go poll beag lena n-ais. Faoi dhíon stáin i gcúinne amháin bhí seanscuaba agus seansluaiste, dabhcha móra iarainn le haghaidh fuílleach cistineach agus scata corrmhíola ag foluain os a gcionn i gcónaí.

Ní raibh aon suim ag an bhfear óg á chur i gcaint na mná rialta. Bhí na soilse in airde á múchadh diaidh ar ndiaidh. Faoi dheireadh tháinig an tAthair Sollier amach as an séipéal. Bhí sé ag dul faoi dhéin doras an choláiste ach nuair a chonaic sé an fear óg d’iompaigh sé agus tháinig sé chuige. Níor thug sé aon aire [aird ar an mbean?] don mhnaoi rialta.

‘A, a Thomáis, cá rabhais uainn inniu? An lá deireanach t’ás agat. Cár imís uainn?’

D’imigh an bhean rialta, a lámh ar an gcroí práis a bhí ceangailte d’ucht an ghúna bháin.

‘A Thomáis! Ní maith liom san ar chor ar bith. Ní dóigh liom, ní thuigim…’
‘An lá deireanach, ’Athair Sollier!’
‘An lá is mó! An lá is mó!’
Ní dúirt an fear óg faic.
‘An amhlaidh a bhís ag macnamh leat féin? Ar seachrán id’ aonar tríd na páirceanna agus na cluainte?’
Ní hamhlaidh a chreid an sagart gurbh é sin a bhí á dhéanamh ag an bhfear óg. Ach pé scéal é, bheadh gach ní i gceart ar maidin. Má dhein an fear óg rudaí aite, bhí sé ag deireadh a chúrsa. Níorbh fhiú bheith ag cuimhneamh air anois — ach dá mbeadh a fhios aige an chéad lá! Agus muintir an fhir óig — muintir an tsagairt óig ba dhobair dó a rá — ba ghráin leis iad a theacht um thráthnóna agus gan an mac le fáil. Ba shoiléir orthu gur thuigeadar cá raibh sé. Bhí an fear óg tar éis toitín a lasadh um an dtaca seo.
‘A Thomáis! A Athair Tomás!’
‘An lá deireanach, ‘Athair!’
Ba mhian leis an Athair Sollier imeacht ach d’fhan sé go ceann neomait eile.
‘A Athair Tomás! Sagart Dé a bheidh ionat ar maidin. Anocht an oíche dheireanach go bhfuil an ceangal is lú ag an saol ort. A Thomáis …!’
Do shéid an sagart óg gal tobac amach trí phoill a shróine, agus d’fhéach sé go dúr de dhroim a spéaclaí ar an deatach.
‘Sea, ’Athair Sollier.’
‘Fágfad doras an tséipéil ar oscailt anocht. Deinim é i gcónaí. Tá beirt nó triúr istigh fos.’
Bhí an sagart óg ag féachaint ar ghríosach an toitín. Is ar an gcoill ghiúise os cionn na habhann a bhí sé ag cuimhneamh, ar cheol an phianó a tháinig anall ón taobh eile den ghleann; ar an ngrian ag dul faoi; is ar an gcailín.
‘A Thomáis’
D’fhéach an fear óg aníos. Bhí a chuid fiacal teanntaithe ar a chéile, agus a bheola ar oscailt.
‘Tá go maith, ’Athair Sollier.’
‘Go han-mhaith! Ar fheabhas!’
Bhí an tAthair Sollier ar tí a lámh a leagan ar a ghualainn ach níor dhein. Bhí cancar air. Rith sé go tapaidh faoi dhéin chúinne an chlóis, a chorp seang á luascadh deiseal agus tuathal, toisc lámh leis a bheith ina phóca ag greamú a chuid eochrach agus an lámh eile ag fáscadh a phortúis dá chliabh.
Ní raibh ach lampa amháin ar lasadh sa séipéal anois — lampa buí — agus bhí an triúr eile istigh ann. Leag sé é féin ar a ghlúine taobh thiar díobh, a cheann idir a dhá láimh, a dhá shúil iata. Anois agus arís d’airíodh sé casachtach, nó mar a bheadh cos á corraí. Uair amháin thit leabhar. Theann an sagart óg a ghéaga agus chrith a cheann idir a dhá láimh. Tharraing sé anáil fhada agus scaoil amach go mall ciúin í. D’imigh duine den triúr amach. B’é sin Mac Uí Chasaide. An t-iománaí a b’fhearr sa choláiste. Chrom an sagart óg ar chuimhneamh ar na bréaga a d’insíodh Mac Uí Chasaide leis an Athair Sollier nuair a gheibhtí amach go mbíodh sé ag siúl Sráid Pádraig an uair ba chóra dó a bheith ar an Ollscoil. ‘Ach do thugais féin cead dom, a Athair Sollier’ an port gan náire a bhíodh aige. Níor fhéad an sagart óg — Prendergast a b’ainm dó, a thuiscint conas a d’fhéadfadh Mac Uí Chasaide a leithéid sin a rá. Ach meascadh na smaointí sin le smaointí eile. Ba mhaith leis aigne a bheith aige mar a bhí ag Mac Uí Chasaide, agus gan suim a bheith aige ach amháin i gcapaill agus rudaí mar iad. Bhí an solas beag ag léimrigh. Sea, bheadh sé féin ar an altóir sin ar maidin. Is dócha go mbeadh sise ann freisin. Tháinig miongháire ar a bheola — ach bheadh a athair agus a mháthair ann mar an gcéanna. Is deimhnitheach go rabhadar á lorg um thráthnóna. Theann sé a ghéaga arís agus tharraing anáil — ba chuma leis; na coillte agus óircheo na gcrann giúise — nach maith bhí a fhios aici a leithéid a bheith iontu, agus nárbh í a dhein gáirí nuair a bhí sí ag crothadh na gcraobh os a gcionn agus an ceo órdha ag titim orthu araon.
D’imigh an tarna fear amach. D’ísligh sé a cheann go humhal os comhair na haltóra. Mac Uí Riain. Fear ón gcathair é sin; fear go raibh folt fionn air, agus spéaclaí á gcaitheamh aige toisc a shúile a bheith tinn dearg i gcónaí. Pé uair a thugadh sé seanmóin uaidh, deireadh na Philos go léir gur dhuine an-chliste é. Féachaint dúr air de ghnáth, ach nuair a gháireadh sé leathadh a bhéal amach. Níorbh fhear láidir é, agus nuair a thagadh sé go deireadh seanmóna bhíodh iarracht de chaoile ar a ghlór. Uair amháin dúirt Mac Uí Chasaide leis an sagart óg seo, agus an Rianach ag oráid den phuilpid: ‘Ciocu an coileach nó cearc é sin?’ B’shin bliain ó shin.
Dúnadh comhla dorais de phléasc; thug an sagart óg faoi deara nach raibh aoinne eile sa séipéal. Chuir sé cluas le héisteacht air féin. Ach níor fhéad sé pioc a chloisint istigh nó amuigh. Bhí solas an lae imithe ar fad agus bhí an lampa beag ag cur scáthanna ag léimrigh ar chúlfhalla agus ar urlár an tséipéil. Bheadh an choill úd faoi dhoircheacht anois; bheadh fuaim na gaoithe tríthi toisc í bheith ard; agus ní bheadh sa ghleann thíos ach glór an tsrutha reatha. Ach dá mbeadh sé ann nach uaigneach a bheadh sé ina héagmais siúd. D’airigh sé dordán gluaisteáin ar an mbóthar ag bun an phóirse phailme thíos. D’éirigh sé ina sheasamh. Thug sé faoi deara go hobann marbhchiúineas an tséipéil. Nuair a bhí an clapsholas ann agus ceol an phianó ag teacht chucu — ar éigean a d’airíodar é (minuet a bhí á sheinnt) — bhí an oiread san den bhrón ina chroí go ndúirt sé léi gur mhaith mar a tharla go raibh seisean chun a bheith ina shagart, agus gur minic, tar éis imeachta dó thar sáile, a chuimhneodh sé ar an gceol san i gcuimhne an tráthnóna úd; ach ghlaoigh sí ‘athair’ air, d’fhonn magaidh, agus shearbhaigh arís air.
Ó, níor chothrom an imirt é! Níorbh ea, mhaise. Arbh é féin a d’iarr orthu sagart a dhéanamh de. Iad féin a bhí ag gabháil dó le ‘sagart Dé’ nó ‘sagart mar na sagairt i Sgiath na gCaitliceach’. Agus cé a chuir in aithne dó í? Sea, bhí an tAthair Sollier go maith … (bhí an ta-ta-ta-ta sin de mhinuet ina cheann i gcónaí) … ach ní raibh crann anuas ar an Athair Sollier mar a bhí air féin. Nárbh é sin díreach an rud a dúirt sé léi agus iad ina suí ar an talamh bhog, a ndroim le crann giúise agus eisean ag faire uirthi mar a tharraingíodh sí a gúna liath timpeall ailt a dhá cos. Ach is ansan a chosc sí é, á rá go rabhthas tar éis tosnú ar phort eile, guth fir ag gabháil amhráin dá réir. Bhí sean-aithne aige ar na focail.
‘O-eró-ó-ó-ó mo bháb
O-eró mo bháb
Anso-ó-ó cois trá-á
Anso cois trá-á
Is tú mo nóinín geal ó-ó-ó-ó-ó’
Bhí an solas beag ag léimrigh agus ciúineas na marbh istigh agus amuigh. Bhí an sagart óg tar éis dul ar a ghlúine agus é ag gol.
II
Sé mhí ina dhiaidh sin fuair an cailín litir uaidh. Ba é seoladh a bhí ar bharr an leathanaigh ná Zamba, Nyasaland, B.W., Africa. Dúirt sé sa litir sin:

‘Tá mórchuid pictiúirí ar fhallaí mo thí adhmaid agam: muintir na háite a dhein dom an tigh seo agus mé féin a dhein formhór na bpictiúirí.

Tá do phictiúirse féin ann leis, le hais phictiúir mo mháthar. Is minic a chuimhním ar choillte San Áine. Tá ceol binn an phianó im’ aigne fós ón tráthnóna úd; mar, tá a fhios agat, a Ella, ‘memory doth often send what most the soul would oft forget.’

Ní bhfuair sí uaidh ach an litir sin, cé go scríobhadh sí go minic chuige.
Seán Ó Faoláin


Feasta, Bealtaine 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais