Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
FAOI SCÁTH NA SCEOINE
Tomás Mac Síomóin
Léamh ar ghné d’fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin
29 Eanáir 2010
Scoil Gheimhridh Chumann Merriman, Gaillimh
(Comóradh 100 Bliana ar Mháirtín Ó Direáin)
Bhuail mise le Máirtín Ó Direáin den chéad uair riamh in Aonach Urmhumhan ag Scoil Gheimhridh Merriman 1970. Fear fada cuirtéiseach cineálta a bhí ann, mheasas, ach é bheith cúthaileach míshocair i gcomhluadar. Níor rith sé liom ag an am go raibh bunús níos casta ag an míshocracht seo seachas míchompord an oileánaigh nár réitigh riamh le saol na cathrach, nó míchompord an aonaráin i mbrúisc daoine — go m’fhéidir go raibh buairt anama i gceist nár tugadh taispeánadh go minic dhó i luathdhánta na nduanairí scoile, buairt nár nochtaigh ach go hannamh sna dánta a chumfadh sé níos faide anonn, fiú amháin.
Is éard atá fúmsa a dhéanamh anseo mo léargas pearsanta a thabhairt ar Mháirtín an duine agus ar Mháirtín an file, léargas pearsanta ar mheon as ar tháinig cuid den fhilíocht Ghaeilge is fearr agus is spéisiúla dár cumadh ariamh, filíocht a thugann spléachadh gasta dhúinn ar bhuairt chasta anama, ar thaobh amháin, is ar an athrú mór a tháinig ar Éirinn le linn a shaoil fhileata, ar an taobh eile.
Ní thuigfinnse féin filíocht Mháirtín gan ‘buairt anama’ seo an fhile a chur san áireamh. Iarraim oraibh na línte seo as ‘Sólás na Ceirde’ dá chuid a thabhairt chun cuimhne:
Is fiú an sceoin i do lár
Is a tabhairt leat chun leapa:
Donas is fiú gach lá
Más rí ar an bhfocal tú ala.
Sna línte gonta seo, tabhair faoi deara go n-admhaíonn Máirtín go bhfuil sceoin air is go bhfuil sé ag fulaingt dá bharr, Ach gur fiú dhó an fhulaingt seo uilig tharla gurb é an dán a thoradh.
Dúirt sé féin liomsa tráth gur mhothaigh sé ‘corr’ i measc na gcomharsan ‘chomh fada siar agus a théanns mo chuimhne’. Tá an smaoineamh sin curtha i bhfriotal fileata i gceann dá luathdhánta. ‘Óige an Fhile’.
Bhíodh na comharsain ag magadh fúm,
Is mo mháthair de shíor ag bagairt orm,
Ach níor thuigeadar ar aon chor mé,
An buachaill aisteach ciúin.
Ghreamaigh díom an galar úd
Is ní saor mé uaidh go fóill,
Is é a sheol ar bhóthar na n-aisling mé
Is a dhealaigh mé ón sló.
Ní chuirfeadh na línte seo ionadh ar dhuine ar bith a chuir aithne ar an bhfíor-Mháirtín, feadh is gur féidir aithne cheart a chur ar aon neach, orainn féin go fiú’s. Nuair a bhainfidh mé feidhm as an bhfocal ‘néaróis’ ar ball, cuimhnigh gur Máirtín féin a ghlaoigh ‘galar’ ar a chuid ‘aistíle’.
Na Scáthanna
Oíche amháin ina theach seisean ar Bhóthar an Reacordair, i mBleá Cliath sa mbliain 1983, bhí sé féin agus mé féin ag comhrá go mall san oíche. Bhí drogall air deireadh a chur leis an gcomhrá le aghaidh a thabhairt ar a sheomra leapan, i ngeall — leis — go mbíodh ‘taibhsí’ le feiceáil aige ag bun na leapan. ‘Scáthanna’ an leagan a bhí aige le cur síos orthu. Bhíodh faitíos an deabhail air rompu seo.
Tá mé cinnte go gcodlaíodh sé ina chuid éadaí ina sheomra staidéir, scaití, leisce aghaidh a thabhairt ar na ‘scáthanna’ seo. Shíleas féin go mb’fhéidir gur bhaineadar le fabht éigin ar na súile aige. Bhíodh sé ag freastal ar lia súl ag an am — deartháir leis an Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, Muiris, mar a tharlaíonn — agus maíonn téacsanna leighis go dtéann radharc ar thaibhsí i bpáirt le glácóma. Thug mo chara, Peadar Mac Mánais, lia súl, le fios dom le deireanas go dtéann ‘speabhraoidí na súl’ i bpáirt leis an tSiondróm Charles Bonnet, a ndearnadh cur síos i gcéaduair sa mbliain 1760, ach nár shroich domhan an Bhéarla go dtí 1982.
Bíod sin mar atá, bhí Máirtín cinnte nár mhínigh máchaill na súl na ‘scáthanna’ seo a nochtaíodh roimhe sa seomra leapan. ‘Nach n-aithním cuid de na diabhail úd’ a deireadh sé; ‘tá siad caillte le fada!’ Ansin deir sé: ‘Meas tú nach í mo shamhlaíocht féin atá á gcruthú?’ Ar chaoi ar bith, níor éirigh leis na ‘scáthanna’ seo a dhíbirt agus leanadar go leaba a bháis é, creidim. (Díol spéise é go dtagraíonn an Direánach do na ‘scáthanna’ úd san dán Scáthanna a chum sé chomh fada siar le 1931.)
Sceoin
Sa mhéid agus go bhfuil buntábhacht ag baint le ‘sceoin’, ‘imní’ agus ‘uaigneas’ i saol agus saothar Mháirtin Uí Dhireáin, níor mhiste dúinn a thuiscint seisean do na focail úd, mar a thuig sé féin iad, a aimsiú. Agus na bólaí údan á dtaisteal aige ní raibh sé ina chadhain aonraic, óir, tá a cuid féin déanta den sceoin agus den imní ag litríocht — agus ealaín — na linne seo. Soren Kierkegaard a chuir an téarma angst (an Danmhargais ar ‘imní’) ar an snámh i gcéaduair i lár an 19ú céad. Rinne fealsaimh eiseacha ar nós Heidegger, ach go speisialta na Francaigh Sartre, de Beauvoir etc. gona gcomharbaí acadúla agus liteartha, a gcuid féin den téarma, sa gcaoi is gur fágadh sciar suntasach de chultúr na hEorpa daite ag an imní eiseach chéanna théis an Dara Cogadh Domhanda.
Duine de na hintleachtóirí a bhíodh ag plé le himní seo na linne seo caite ab ea Paul Tillich, diagaire agus fealsamh. Luaim leabhar beag dá chuid, The Courage To Be go sonrach i ngeall ar go ndeachaigh sé go mór i bhfeidhm ar an Direánach nuair a léigh sé é i 1979. Thóg sé an leabhar ar ath-iasacht uaim cúpla babhta ina dhiaidh sin agus thagair sé go minic dó inár gcuid comhráití. ‘Cuntas orm féin atá ann’ a dúirt sé uair amháin liom, agus ‘aithním mé féin ann’. Cuntas ar a ‘sceoin’ is ar a ‘ghalar’ féin, a bhí ann gan dabht ar bith, ar an bpraghas a bhí le n-íoc ag an bhfile as ró-íogaireacht nach raibh neart aige uirthi, a bhí mar a bheadh sé ina leannán aige ón gcliabhán.
Dar le Tillich, is éard atá in imní seo an duine íogair ná an tuiscint gur cuid dhílis de bhith an duine an neamhbhith. Ní tuiscint intleachtúil amháin atá i gceist, ach mothú láidir go bhfuil an bás, nó an neamhbhith seo, ina chuid dhílis de do chré bheo. Seo imní aiceanta an duine, dar le Tillich. Imní roimh an mbás. An imní eiseach úd a mhúchann muid le gleo na beatha.
D’idirdhealaigh Tillich sceoin ón imní. Is idirdhealú bunúsach é seo. Murab ionann agus imní, bíonn údair nithiúla atá so-aitheanta ag an sceoin. Nithe arbh fhéidir iad a fhulaingt, nó aghaidh a thabhairt orthu, nó iad a scrúdú. Is féidir aghaidh a thabhairt ar údair sceoine le misneach, mar gur féidir na húdair chéanna a aithint agus a shainiú. Smaoiním ar ‘scáthanna’ Uí Dhireáin sa gcomhthéacs seo: imní eiseach an fhile á thiontú ina údar sceoine, ina ‘scáthanna’?
Ní hamhlaidh don imní, mar ní bhíonn údar so-aitheanta ar bith ag an imní. I ngeall ar gur cealú chuile údair é an neamhbhith, an neamhní féin, an neamhbhith úd, an fhailmhe lom sceirdiúil úd nach féidir do dhorn a chraitheadh leis ná barróg a bhualadh uirthi, nach gcothaíonn a dhath nuair a ghéilltear di ach éidreoir, seachrán, éadóchas, fuarchúis…
Ní féidir leis an duine an imní lom a sheasamh ar feadh níos mó ná an meandar is lú. Mar sin, tiontaíonn an imní ina údair sceoine scaití — ina thaibhse, ina scáth, abair — mar go bhfuil uirlis ann leis an sceoin a chloí: misneach. Ach, ar deireadh, teipeann ar na hiarrachtaí seo uilig, mar ní féidir imní an duine roimh bhagairt na neamhbhithe, roimh bhagairt an bháis féin, a dhíothú go hiomlán. Mar gur de dhlúth is d’inneach na beatha féin í…
Bheadh sé fánach againn na toscaí ábhartha a chothaigh ró-íogaireacht agus imní Mháirtín Uí Dhireáin a lorg. Dar leis féin, rug sé leis ón mbroinn í. Bheadh tosca eile a d’fhadódh i gcaitheamh na mblianta í, chuile sheans: bás a athar nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois, na blianta anóiteacha a lean an tubaist seo, a fhios a bheith aige go dóite gur bhain sé le pobal faoi their agus is le teanga imeallach, a bheith ar a scaraghabhal idir dhá thraidisiún, idir dhá chultúr (ceann acu ag brúscadh roimpi, an ceann eile ag fáil bháis), ina oileánach ar thír mhór, ina fhear tuaithe sa gcathair, ina oidhre ar an Haicéadach, an Rathailleach is ar an mBruadarach ar urlár Gallda (nó Angla-Mheiriceánach) ár linne.
Mar Chomhluadar
Nuair a chuas chun cónaí i mBaile Átha Cliath, i 1973, bhí deis agam aithne mhaith a chur ar Mháirtín Ó Direáin eile a bhí bun os cionn ar fad lena persona poiblí. Fós féin, ba ghaire pearsa poiblí Uí Dhireáin do chuid mhór dá dhéantús fileata ná an pearsa phríobháideach seo. Déanfaidh mé iarracht seo a mhíniú ar ball.
Casadh muid le chéile babhta nó dhó in aghaidh na seachtaine ina theach seisean ar Bhóthar an Racardair sa gCiomáiste [Camaí?] i mBleá Cliath. Agus thagadh seisean ag mo theachsa i Ráth Éanaigh ó thráth go chéile. Ba chomhluadar geanúil ariamh é Máirtín. Ba léir ar a chuairteanna ag mo theach go mbíodh sé ar a shuaimhneas iomlán i measc páistí, agus ba bhreá leo siúd comhluadar ‘Uncail Máirtín’, mar a thugadh siad air. Bhí teoiric aige go mbíonn an páiste ag faire ar an saol trí shúile file, ach de réir mar a imíonn sé in aois go neartaíonn na ‘shades of the prisonhouse’ ina thimpeall, is go gceileann siad siúd an fhís fhileata air i ndeireadh báire. Deamhan scéal nua ar bith ansin, a deir sibhse. Ach mhaíodh Máirtín go raibh an teoiric seo mar chuid dá thuiscint sular chuala sé caint ar Wordsworth, nó sula raibh an Béarla féin aige.
Ní dáiríreacht thromchúiseach ar fad a bhí sna ‘seisiúin’ a bhíodh i dteach Mháirtín. Bhíodh Éamon Ó Tuathail, Árainneach eile, ann go minic. B’iontach go deo an reacaire é Máirtín. Bhí féith an mhagaidh go tréan ann agus bhínn i lagracha ag a bhua chumasach aithrise, agus í á díriú go magúil aige ar phearsana postúla na cúise, abair. Bhí chuid mhór acu siúd nár thaitnigh leis, bíodh is nach n-aithneofá sin air agus é ag plé go poiblí leis na hoirfidigh chéanna.
Ba bhreá leis bheith ag aithris ar Mhícheál Mac Liammóir agus Hilton Edwards agus iad i dTaibhdhearc na Gaillimhe, áit a mbíodh sé féin ag aisteoireacht nuair a bhíodh sé ag obair in Oifig an Phoist na cathrach seo, nó ar an nGaeilgeoir ‘Connachtach’ áirithe a bhíodh ag ‘ceartú’ a chuid Gaeilge i ngeall ar go mbíodh foghraíocht na Mumhan á húsáid ag Máirtín i gcás focal áirithe ‘nár airigh mé riamh thiar, agus nár chuala mé go dtí gur tháinig mé go Baile Átha Cliath’, mar a mhínigh Máirtín an scéal dom. Níor strainséara dó an greann mailíseach nó an greann a bhaineadh sé as drochGhaeilge foghlaimeoirí áirithe, as caint an bhean chúise mór le rá a dúirt: ‘Mothaím cosúil le cupán tae’, caint a d’fhág sna trithí dubha é i gcónaí…
D’fhéadfadh sé a bheith géar go maith i leith daoine a chaith go míchuirtéiseach nó go míthuisceanach leis. Ach is faoi féin a d’fhágadh sé an chuid ba ghéire den mhagadh. Bhíodh míle scéal aige faoina óige: faoi chomharsain a óige in Árainn; faoi stát-sheirbhísigh a d’oibríodh sé leo; faoi ealaíontóirí sa gColáiste Ealaíne, nuair a bhíodh sé ag obair mar chláraitheoir ann, a raibh cairdeas aige leo, ar nós Sheáin Keating, péintéara agus athair Justin Keating a fuair bás le deireanas; faoina thréimhse mar Rúnaí ar Chumann na Scríbhneoirí: an Ghaeilge cheart ar ‘existentialism’ á plé ag an gCumann, cuir i gcás; ‘tabharfaidh mise an Ghaeilge cheart ar ‘existentialism’ daoibh ‘a dúirt Liam S. Gógan: ‘Bithiúnachas!’
Mhothaigh mé go mbíodh Máirtín go huile agus go hiomlán ar a shocracht ina sheomra staidéir ansin, é timpeallaithe ag a chuid leabhar; gloiní fíona nó fuisce os ár gcomhair, is an chaint ag teacht ina roilleadh uaidh. Nuair a bhíodh pé ar bith ‘gnó’ a bhíodh idir lámha againn curtha i gcrích (agus an buidéal diúgtha), ba ghnách linn aghaidh a thabhairt ar an Terenure Inn, an tábhairne ab ansa leis agus inar chaith an lucht freastail go hómósach leis. Fad agus a bhínn féin taobh le piontaí, d’óladh Máirtín an deoch ba mhó a thaitin leis — gloiní seirise/seirí. Ba ghreannmhar ag an am liom é an ghloine bheag leochaileach seirí a fheiceáil neadaithe i gcrág mhillteach oileánda Mháirtín.
An ‘príomhghnó’ a bhíodh idir lámha againn go minic ag na hócáidí sin ná nuadhéantús a chéile a léamh — agus a sceanadh, dá mba ghá sin. Ba mhó dán de mo chuid a bhí ag gabháil an domhan a chur trí thine a chaith mé sa gciseán bruscair, a bhuíochas le comhairle Mháirtín. Is cuimhin liom dán fada ‘polaitiúil’ a chumas is an Síogaí Rómhánach mar mhúnla agam. Bhí mé as cuimse brodúil as. ‘Brilléis’, a dúirt Máirtín, nuair a léigh sé é. Buíochas le Dia gur ghlac mé leis an mbreithiúnas sin, mar tháinig mé de thaisme le deireanas ar dhréachtanna den ‘rí-dhán’ céanna agus, bhuel, go bhfóire Dia orainn.
Arís ar ais, tá lorg mo láimhe scaití ar na cnuasaigh ba dheireanaí a tháinig ó pheann Mháirtín agus dánta fágtha ar lár aige i ngeall ar mo chomhairlese. Chuireadh sé línte nua-chumtha, dar leis, i ndánta, agus é dearmadta aige gur chuir sé i ndánta eile i bhfad roimhe sin iad. Níor ghlac muid comhairle a chéile i gcónaí, ar ndóigh. Ná níor fhanamar taobh lenár gcuid filíochta féin agus ceisteanna éigse á bplé againn.
A Chaighdeáin Fhileata
Dá mbeadh cnuasach nuafhoilsithe d’fhilíocht Ghaeilge ar fáil, ba ghnách dúinn é a chur faoi ghloine an léirmheastóra. Ach níorbh ionann mo ghloine agus a ghloine seisean. Áit a mbíodh an phríomh-bhéim agamsa ar ábhar, leagadh an Direánach an bhéim uilig, geall leis, ar fheabhas na ceardaíochta a léireodh an dán, nó a mhalairt.
Ba léir ar a shaothar féin nach raibh sé teoranta ag na meadarachtaí traidisiúnta. Ach bhraith sé go gcaithfeadh ‘ceol na Gaeilge nádúrtha’ a bheith ag roinnt leis, má bhí píosa cumadóireachta le bheith áirithe mar dhán. Ceol chaint na Gaeltachta a bhí i gceist aige. Ach bheadh sé ag éirí thar a bheith deacair an caighdeán seo a shásamh feasta. Mar bhí meath mór ag teacht ar an nGaeilge, dar leis, i riocht is go mbeadh sé deacair ag filí óga na Gaeltachta féin gan ‘base- born products’ a chur ar fáil (bhíodh leagan iomráiteach Yeats i mbarr goib aige go minic sa gcomhthéacs seo). Fós féin, d’éirigh le Caitlín Maude (go ndéana Dia grásta uirthi) na laincisí sin a shárú, dar leis. I ndán a scríobh sé in ómós do bhanfhile Ros Muc, dúirt sé:
Ní bean ná fear tú
I mo mheabhairse, is tú
Ag aithris do dháin,
Más aithris is cirte a rá
Ach neach de chlann na mara.
Arís ar ais, chorraigh Uchtóga (Indreabhán 1985) Mhichíl Uí Chuaig go mór é.
Bhí sé i ndáil le bheith dodhéanta ag an té a tógadh le Béarla, dar leis, dán Gaeilge a chumadh. Ní raibh sé róthógtha le nuadhéantús trialach filí Innti. Bhraitheadh sé easpa ‘toighse’ — b’in focal eile a d’úsáideadh sé go minic — ar go leor dá n-iarrachtaí siadsan.
Fós féin, d’fhág sé le huacht é go dtarlaíonn miorúiltí scaití nuair a chuireann foghlaimeoirí an stró cuí orthu féin. Bhí meas ar leith aige ar shaothar Sheáin Uí Leocháin, Dhéagláin Collinge agus Mhícheáil Uí Shiadhail, go háirithe ar an gcéad chnuasach dá chuid seisean. Ba chás ar leith é Pearse Hutchinson, dar leis: ‘Ar chuma éigin nach dtuigim éiríonn leis an diabhal úd filíocht den scoth a chur ar fáil i nGaeilge atá i bhfad níos fearr ná na dánta Béarla atá scríofa aige; ba chóir dó éirí as an mBéarla ar fad!’
Tionchair
An ‘Tríonóid Naofa’ a bhí in uachtar nuair a bhí a chumas fileata féin i mbarr a mhaitheasa: Yeats go speisialta, Pound agus Eliot — agus Austin Clarke, go pointe, na filí Béarla ab annsa leis. Tá a lorg siadsan le brath thall is abhus ar shaothar Mháirtín. Ba bheag a spéis i bhfilíocht chomhaimseartha an Bhéarla, nó in aistriucháin go Béarla ó theangacha iasachta eile. Ach ba iad an Duinníneach, saothar Uí Rathaile, Haicéid agus Uí Bhruadair, maille le Bíobla Bhedell an tobar fíorghlan a thál an t-ábhar as ar chum sé a shlat tomhais liteartha féin, uirlis nach mbeadh i bhfheil go minic do shaothar ón iasacht.
Mar a dúras, chreid Máirtín go daingean gurb í an cheardaíocht bun agus barr na filíochta. Bhíodh an ceardaí fileata úd ag saothrú go buan is go ciúin in uaimheanna rúin a intinne féin. Fiú nuair a bhíodh muid sáite i gcomhrá faoin bpolaitíocht, faoin aimsir, faoi scríbhneoir eicínt nó faoi laethe a óige in Árainn, ábhar a thugadh barr-thaitneamh dó i gcónaí, i gceartlár an chomhrá, chuireadh an ceardaí síorbhuailteach seo a ladar in iúl go tobann, é ag fógairt go raibh toradh ar a shaothar: ‘Tá sé agam’ a deireadh sé, ‘an leagan úd a bhí á chuartú againn ar ball beag! Breac síos go beo é nó beidh sé imithe uainn arís!’
Sa mbealach seo, bheadh réiteach aimsithe ar fhadhb fhileata eicínt a bhí fágtha ar sliobarna aige níba luaithe ina sheomra staidéir: an focal nó an leagan cuí aimsithe, meafar nó íomhá athnuaite.
Féinteorannú na Sceoine
Bhíodh an Direánach iontach míshásta leis an nganntan téamaí agus an easpa éagsúlachta a bhraith sé ar a shaothar féin. ‘Mothaím amanntaí gurb é an dán céanna a bhíonns á scríobh agam ó lá go chéile’, a dúirt sé liom lá amháin. Bhíodh Yeats á lua aige liom go minic mar shampla d’fhile ar éirigh leis téamaí nua a fhíochan trína chuid filíochta go ceann a scríbe. Nuair a bhí Selected Poems - Tacar Dánta, eagrán dátheangach d’fhilíocht Uí Dhireáin, á réiteach ag Dúghlas Sealy agus mé féin i 1983, thagraíomar sa mBrollach don chúinge théamaíoch seo agus don ‘traidisiúnachas’, dá réir sin, a bhí le brath ar a shaothar.
Dúirt muid go mba dhual do chnuasaigh filíochta na Gaeilge a bheith roinnte tráth i gcodanna faoi cheannteidil ar nós: Tírghrá. Grá, Aortha, Dúlra, Creideamh agus Deoraíocht. Bítear ag súil anois, áfach, le hiltagairtí ón dán nua-aimseartha, le léargas ar dhomhan iomlán, braite as peirspeictíocht phríobháideach seachas poiblí. Fós féin, ní bheadh sé deacair an t-eagar traidisiúnta úd a bhualadh ar dhánta Mháirtín.
D’aontaigh seisean linn — ‘ach cén leigheas atá ar an bhféinteorannú seo?’ d’fhiafraigh sé díom. ‘D’aghaidh a thabhairt ar réimsí liteartha, sa gciall is leithne den fhocal, nár thaithigh tú cheana’ a dúras-sa. Chuige sin léigh sé prós-aistriucháin de na hUpanishads, an Bhagavad-Gita agus den Dhammapada. ‘Diabhal mórán filíochta iontu siúd’ an breithiúnas a thug sé orthu, sách borb shílfeá. Mheabhraigh mé dó gur bhain Yeats, máistir na dialachtaice fileata, an-eadaíl as na saothair seo. ‘Tá rudaí nach cóir bheith ag smaoineamh fúthu, ní áirím a bheith ag scríobh fúthu’, a dúirt Máirtín.
Thuigeas ina dhiaidh sin go raibh mé thar éis teannadh le fearann crosta Mháirtín. Ní raibh a chol le diamharánachas — nó easpa spéise ann ar a laghad — teoranta don diamharánachas ‘págánta’. Bhí The Cloud of Unknowing, téacs de chuid an diamharánachais Chríostaí, ‘tuirsiúil’, dar leis.
Léirigh an spéis a chuir sé i scríbhinni Simone Weil (an diamhránaí Francach a bhásaigh i 1943) gné eile de Mháirtín. Ní as spéis san diamharánachas ann féin, ar ndóigh. Ar an gcéad dul síos, bhí sé in ann ionannú a dhéanamh le huaigneas úd an duine ‘choirr’, a léimeann as saol agus as saothar scríofa Weil. Anuas ar sin, ba bhean ag fulaingt í an scríbhneoir úd. Ba ghné shuntasach dá phearsantacht ómós Mháirtín do na mná agus tuiscint aige dóibh. Bhíodh cás a mháthar féin á luadh aige go mion is go minic is an cruatan a d’fhulaing sí, dar leis, agus clann óg le tógáil aici nuair a cailleadh a athair. Pobal faoi leatrom ba ea na mná — b’in tuairim dhiongbhálta a bhí aige.
Dála an scéil, thug an t-idéalú seo ar an mbantracht ar Mháirtín seasamh a ghlacadh nach mbeifí ag súil leis i nduine a bhí chomh ceartchreidmheach sin ar bhealaí eile. Thacaigh sé leis na haidhmeanna ginearálta a bhí leagtha amach ag Gluaiseacht na mBan. Ba scannal cruthanta é, dar leis, nach raibh colscaradh ar fáil go héasca toisc nár fulaingt go fulaingt mná íogaire agus í pósta le búir mheisciúil eicínt — cineál a bhí chomh fairsing le dreancaidí ar an ngadhar ina thuairim siúd. Shamhlaigh sé buaine agus seasmhacht le gné bhaininscneach an chine. Is go raibh an ghné fhirinscneach tánaisteach. Mar a deir sé sa véarsa scoir den dán An Aghaidh Sin Ort:
Tabhair aire don aghaidh sin,
Ní leat í go huile,
Ach í agat ar iasacht
Ó mhná daingne ár gcine. (D, 124)
Bíodh sin mar atá, chlúdaigh na comhráití a bhí againn thar na blianta, réimse leathan smaointeoireachta, ón bpolaitíocht go dtí an fhealsúnacht (sa gciall is leithne den fhocal). Nocht Máirtúi barúltaí ó thráth go chéile a d’imigh sách fada uathu siúd a bhí in uachtar i bpobal a linne. Cés moite de na filí, i measc na smaointeoirí a raibh cur amach áirithe ar a saothar aige áirím Nietsche, Spengler, an Piarsach, an Conghaileach, Marx agus Engels, Buber, Bertrand Russell, de Chardin, agus Sartre, agus phléadh muid smaointí na n-údar seo. Ba léitheoir craosach é i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincis. Léirigh na téacsanna ar a sheilfeanna leabhar réimse toighse agus ábhar a thabharfadh damhna fileata dó go lá Philib an Chleite, shílfeá.
An cheist mhór, mar sin: tuige nár lig sé ach go fíor-annamh an ilghnéitheacht, an leithne tagartha seo, isteach ina chuid filíochta? Tiocfaidh mé aniar aduaidh ar fhreagra na ceiste seo.
Bhíodh corr-eisceacht ann do rún seo an fhile, áfach. Bhíodh tóir ar leith ag Máirtín ar scríbhinní Friedrich Nietzsche, ‘strong enchanter’ Yeats, a chuireadh a shamhlaíocht ag rince, a dúirt sé. Dúirt sé liom gur scríobh sé ceann de na dánta b’iomráiti dá chuid, ‘Ó Mórna’ (D, 136-41), agus é faoi thionchar Thus Spoke Zarathustra. Mar shampla amháin, ní shamhlófaí bunchosúlacht idir ábhar an dáin úd de chuid Uí Dhireáin, ‘An tÓinmhid’, agus eachtra na hóinmhide san réamhrá do Thus Spoke Zarathustra. Ach b’as an samhlaoid seo de chuid Nietzsche’ dar le Máirtín, a ghineadh An tÓinmhid.
Oíche amháin agus Nietzsche á phlé againn, tharraing sé anuas a chóip de Thus Spoke Zarathustra agus léigh sé amach an píosa úd as ‘Of the Afterworldsmen’:
Thus I too once cast my deluded fancy beyond mankind, like all afterworldsmen. Beyond mankind in reality?
Ah, brothers, this God which I created was human work and human madness, like all Gods!
He was human, and only a poor piece of man and Ego: this phantom came to me from my own fire and ashes, that is the truth! It did not come to me from the ‘beyond’ ! [Thus Spoke Zarathustra, lch 59]
Éigeandáil Fhéinamhrais
Ansin dúirt Máirtín: ‘feictear dom scaití go raibh an ceart ansin ag Nietzsche, go maithe Dia dom é.’ Meabhraíonn an ráiteas úd dánta féin-amhrais Mháirtin dom: m.sh., Na Cranna Foirtil, Berkeley, Fuaire. An raibh faitíos air go raibh creideamh neamhurchóideach neamhbhearnaithe na hóige, chomh maith leis an oileán, ag fágáil a dhán is á sclogadh ag an imní? Ar léirigh na dánta seo ar éigeandáil ghinireálta fhéinamhrais an fhile, nithe dorcha nár theastaigh uaidh drannadh leo ina shaol ná ina dhán? Bheadh údair agam a cheapadh gurb ea.
Tamall i ndiaidh dá ‘Dánta 1939-1979’ a bheith foilsithe, dúirt sé liom go raibh an fhéith fhileata ann ag cliseadh air ‘cheal téama’, go raibh laige spride ag tíocht air. Mheabhraigh mé dó gur éirigh le hEoin na Croise, mar shampla amháin, éadáil fhileata a bhaint as ‘oíche dhorcha an anama.’ Agus nárbh aon strainséar é Seán Ó Riordáin ach oiread don ghiodán úd atá buailte go díreach ar chríocha na neamhbhithe. D’éist Máirtín liom ag spalpadh ar feadh scaithín. Ansin d’imigh mar a bheadh creathán uafáis trína chorp ó bhonn go baithis. ‘Tá rudaí dorcha ann nach ceart scríobh fúthu,’ a dúirt sé ‘agus tá rudaí dorcha ionam féin nach scríobhfaidh mé focal fúthu go brách.’
Ag breathnú siar ar an gcomhrá seo is fearr a thuigim, sílim, an fhéinchinsireacht a bhíodh ar bun ag Máirtín agus a chrap a chumas fileata sa deireadh thiar thall, amhail is dá mbeadh faitíos air an glas ar bhosca Phandora a oscailt agus na ‘rudaí dorcha’ istigh — ar damhna saibhir fileata iad, chuile sheans — a scaoileadh saor; b’fhearr leis gan aon bhaint a bheith aige leo, go fileata ná ar bhealach eile ar bith.
File faoi Scáth na Sceoine
Tharla ceangal díreach a bheith ann, dar liom, idir imní agus sceoin néaróiseach seo Mháirtín agus a bheatha fhileata, caithfear cíoradh níos iomláine a thabhairt ar cheist seo na sceoine. Níor chóir go gcuirfeadh an téarma ‘néaróiseach’ sa gcomhthéacs seo olc ar dhaoine, ach oiread le tagairtí don cheangal idir a chuid eitinne agus éigse Sheáin Uí Ríordáin. Le léargas iomlán fháil ar shaothar file, níorbh fholáir an file mar dhuine ina iomláine a chur san áireamh. Ar aon nós, míneoidh mé ar ball beag céard atá i gceist agam le húsáid an téarma ‘néaróis’ sa gcomhthéacs seo.
Chuir imní seo Mháirtín í féin in iúl ar íliomad bealaí. Ba bheag duine a chuir aithne air nár thug faoi deara é. Dúirt an file Caitlín Maude liom, agus ba chara mór de chuid Mháirtín ise, go dtuigfí go bhféadfadh duine a bheith sceimhlithe roimh shaol na cathrach. Ach bhraith sí go raibh imní Mháirtín ‘mí-réasúnta’.
Cuireadh tarlú ar bith taobh amuigh dá ghnáthchleachtas míshuaimhneas ar Mháirtín. Bhaineadh sé seo le hócáidí poiblí, cuir i gcás, go speisialta nuair a bhíodh sé féin i gcroí an aicsin. Ar éigean a chonaic mé ní ba chorrthónaí riamh é agus é i láthair sheoladh Dánta 1939-1979 in Óstán Shíol mBroin i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ag iarraidh orm teicheadh ina theannta ón ócáid sula raibh na hóráidí tosaithe, fiú. D’fhan sé go dtí go raibh a gcuid ráite ag na cainteoirí. Ach nuair a chuaigh mé sa tóir air go gairid ina dhiaidh sin le síob abhaile a thairiscint dó, bhí an fear fada bailithe leis cheana féin. Dúirt sé liom an lá dár gcionn go raibh sé curtha thar bharr a chéille ag an ócáid, go raibh daoine áirithe i láthair ag cur as dó, nár fhéad sé fanacht orm. Chuaigh sé abhaile ar an mbus.
Arís ar ais, chuir an seal gearr a chaith sé mar aoi ag Mòd Náisiúnta na hAlban, agus arís ag ceardlann scríbhneoirí in Eanach Mhic Dheirg, míshuaimhneas mór air. Cinneadh a bhí le déanamh aige a chuir uafás air, bhain sé le cuireadh chun cuairt ghairid a chur ar an nGearmáin leis an Ossian-Preis, a ghnóthaigh sé i 1977, a bhailiú. Bhí sé glan in aghaidh glacadh leis an gcuireadh. Ach tar éis cuid mhaith argóna, bhí sé sásta teacht ar mhalairt aigne, ach ar choinníoll go mbeadh compánach abuil é. Tráthúil Dé, bhí Micheál Ó Siadhail, a bhfuil Gearmáinis líofa aige, i measc teangacha eile, saor chun taisteal leis ag an am. I ngeall ar an gcomhluadar seo bhain Máirtín an-spraoi as an turas úd, go speisialta as an gcaoi gur shíl cuid de na Gearmánaigh go raibh gaol idir é féin agus Mícheál, ar nós mar a bhíodh idir Mícheál Mac Liammóir agus Hilton Edwards, ag am nach raibh caint ar bith áit ar bith ar an bpósadh aoninscneach.
Ach turas ar Phurgadóireacht Dante a bhí i dturas fileata a thug Máirtin ina aonar ar an bPolainn, má b’fhíor dó féin. Bheadh faitíos ort béal a leagan ar an mbia ann, dar leis. Bhí muintir Vársá — agus an chathair féin — ‘ait’, iad ‘ag cogarnaíl fút ina dteanga féin’, ‘iad ag faire orm nuair a bhíos amuigh ag siúl’. ‘Bhí faitíos orm mo shúile a dhúnadh san oíche (agus doras a sheomra faoi ghlas aige!), agus bhí a chosúlacht sin air nuair a bhain sé Éirinn amach arís. Tháinig dá dhán as an eachtra úd: Tusa agus Fómhar na Polainne. Díol spéise nach luann siad ‘an t-uafás’ seo uilig ach go bhfilleann a véarsaí scoir ar Bhaile Átha Cliath, an t-aon phointe sábháilte tagartha a bhí fágtha ag an bhfile, agus ní ar Árainn a óige. B’fhéidir go mbeadh an focal ‘sábháilte’ pas beag róláidir sa gcás seo.
Is cinnte ar a léirigh sé san dán ‘Berkeley’ nach raibh Árainn, ná cinnteachtaí eile na hóige, chuile sheans—’sábháilte’ dó faoin am seo: — ó thosaigh na clocha glasa / Ag dul i gcruth brionglóide i m’aigne, bhí ‘carraig oileánda’ a dhánta tosaigh, agus cinnteachtaí eile freisin, chuile sheans, ag leá.
Bhí sé ag teacht ar an tuiscint nach raibh iontu ariamh ach ginte a thuismigh a chuid samhlaíochta féin. Bhíodh drogall air aghaidh a thabhairt ar an oileán mar atá, de réir mar a chuaigh sé in aois. Bhíodh chuile leithscéal aige gan cuairt a chur ar Árainn, mar shampla: ‘ní aithneoinn na daoine anois — agus tá chuile shórt athraithe’, ‘tá col agam leis an áit’. Agus babhta amháin dúirt sé ‘cuireann An Sruthán (an baile fearainn inar chaith sé a óige) mearbhall orm anois’, amhail is dá mbeadh an t-oileán agus mutis mutandis, gach a raibh scríofa aige agus troscáin uilig a intinne gan bhunús…
Chuireadh nithe a mheabhraíodh an bás dó corrabhuais ar Mháirtín. Oíche amháin, rug mé cóip de Leabhar Tibéadach na Marbh liom ag a theach. Tá an téacs Búdach seo ar cheann de leabhra spioradálta móra na Cruinne. Ach nuair a chonaic Máirtín teideal an leabhair phreab sé siar uaidh de gheit. ‘Ora, caith uait an diabhal rud sin’ a dúirt sé. Níos deireanaí san oíche, d’iarr sé orm é a chrochadh liom abhaile. Ní fhéadfainn fanacht socair, a dúirt sé liom, agus a leithéid d’earra a bheith faoi chaolacha an tí.
An Sceoin & Ceird an Fhile
Le déantús fileata Mháirtín Uí Dhireáin a mheas is a thuiscint ina iomláine, áfach, ní féidir gan na laincisí a d’fhág an sceoin néaróiseach seo air a fhágáil as an áireamh. Is fiú léamh Paul Tillich ar an sliocht seo a leanas a scrúdú, mar ní hamháin go sílim go bhfuil gné riachtanach de ginias Uí Dhireáin mínithe ann ach – i bhfad Éireann níor tábhachtaí – shíl an file féin gur bhain anailís Tillich leis féin go pearsanta:
Cuireann an néaróiseach gné de féin in iúl atá níos lú ná a bheith ina hiomláine, dar le Tillich. Caitheann sé uaidh cuid dá phoiteinseal d´fhonn a mbíonn fágtha de a tharrtháil. Is mó ar fad a ghoilleann bagairt na neamhbhithe orthu siúd ná ar an ngnáthdhuine. Ach, tharla go n-osclaíonn an neamhbeith doirsí mhistéir na bithe, bíonn cumas cruthaíochta thar an ngnách ag an néaróiseach. Cúitítear a leithne theoranta ag dianadas a chur chuige, a bhíonns dírithe ar phointe cúng sa gcaoi is go mbíonn a ghaol leis an réalachas ina iomláine tarraingte as riocht. An raibh dhul amú ar fad ar an tsaoi Rómhánach Seneca, a mhair in aimsir Chríost, mar sin, nuair a mhaigh sé go mbíonn gné ghealtach ag an ginias mór. Seachas go ndéarfadh muide ‘néaróiseach’ seachas ‘gealtach’, sa lá atá inniu ann.
Dar le léamh seo Tillich ar an néaróis seo, bíonn an gnáthdhuine i bhfeil do leithne iomlán na bithe ach bíonn an dianadas a chothaíonn cruthaíocht an néaróisigh a dhíth air. Ní spreagann a chuid imní é le saolta samhalta a chruthú.
An léamh atá agamsa ar Mháirtín sa chomhthéacs seo ná gurbh í an fhilíocht an ‘pointe cúng’ a roghnaigh sé, dá dheoin nó dá ainneoin, lena shlánú is lena fhoilsiú féin mar dhuine. Ach filíocht nach ndrannfadh go ró-mhinic leis ‘na scáthanna’ ná na ‘rudaí dubha’ eile a d’eascair as ceathrú chrosta úd na neamhbhithe… Is má tá diomar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, is í an tseachantacht seo é. Trí gan ligint dá bhuairt anama isteach ina dhán, ach go hannamh, choinnigh sé gnéithe tábhachtacha den zeitgeist féin ó dhoras.Tugann an léamh seo spléachadh dúinn, sílim, na fáthanna gur chloígh an Direánach chomh docht sin leis an ‘bpointe cúng’ fileata úd taobh istigh dá phointe cúng féin.
‘Mar seo an dún ar theich sé isteach ann’, a dúirt Tillich, ‘agus ar a ndéanann sé cosaint tréan in aghaidh ionsaithe an réalachais le chuile uirlis a chuireann a intinn ar fáil dó. Dá gclisfeadh ar an gcosaint seo, bheadh ar an néaróiseach “pointe cúng” eile a roghnú le cosaint níos fearr a chur air nó géilleadh d’éadóchas gan teorainn.’
Pointe Cúng Mháirtín
Le bheith níos beaichte, an ‘pointe cúng’, an dún cosanta, a roghnaigh Máirtín ná clóca fhile gairmiúil na dispeansdide Gaelaí a chaitheamh ar ‘urlár Gallda an lae’ seo. Mar a chuir sé síos ar a chleacht san dán Deireadh Ré:
Mé i m’Oisín ar na craga,
Is fós ar fud an chladaigh
Mé ag caoineadh slua na marbh. [Na Dánta, lch 93]
Ceist eile fós ná cé chomh bainteach agus a bhí an t-ionannú seo le filí gairmiúla an traidisiúin Ghaelaigh leis an gcúngú a bhí á chur i bhfeidhm ag an Direánach ar a dhéantús fileata féin?
Ag cur síos di ar fhilíocht na mBard, labraíonn Michelle O’Riordan ina saothar The Gaelic Mind and The Collapse of the Gaelic World ar ‘The restrictive nature of the genre’ agus ‘the compatibility of the perceptions perpetuated by the lords in their life-style and values perpetuated in the works of the bardic poets.’ Is é sin le rá, gur bhain cúngadas agus coimeádachas leis an tseánra úd.
Tá an-difríocht go deo idir an leagan amach seo agus an buan-fhreasúrachas, ní airím an t-ainrialachas ó thaobh chrutha agus ábhair de, a shamhlaítí leis an bhfilíocht idirnáisiúnta nuair a bhí tionscadal fileata Uí Dhireáin faoi lánseol.
Agus arís – ach na dátaí a athrú – bheadh Máirtín ar a shocracht sa mheitheal úd a bhfuil an cur síos seo a rinne O’Riordan orthu: ‘The poets… inherited a world of precedents, individuals, events and possibilities, which for them was the stuff of which all existence was made… and which … they sought continually to perpetuate.
Máirtín & an Aisling Náisiúnta
Cérb é an ‘stuff of which all existence was made’, bíodh sé fírinneach nó samhalta, i ndomhan Mháirtín. Chuir Éamon de Valera, sa gcaint chlúiteach úd a thug sé ar Raidió Éireann, taca Lá ‘le Pádraig 1943, tírdhreach Éire úd na haislinge ar ár súile dúinn: Éire a bheadh ina:
‘home of a people who valued material wealth only as a basis of right living, of a people who were satisfied with frugal comfort and devoted their leisure to things of the spirit; a land whose countryside would be bright with cosy homesteads, whose fields and villages would be bright with sounds of industry, the romping of sturdy children, the contests of athletic youths, the laughter of comely maidens; whose firesides would be the forums of serene old age…’
Tá sé seo uilig ar fáil i luathdhánta Mháirtín: simplíocht agus spioradáltacht shaol traidisiúnta na tuaithe (agus, in extenso, phágántacht agus galldachas na cathrach mar atá sé léirithe ina dhán Eliotúil, Ár Ré Dhearóil), an grá neamhurchóideach, daoine suáilceacha ag obair go crua is ag maireachtáil go cneasta cineálta lena chéile cois na toinne, ní hé fearacht na gcoillteán ná na seangándaoine a chaith a saol seasc i measc na gcomhad.
Nuair a dúirt mé le Máirtín lá amháin go mb’fhéidir go mbeadh staraithe amach anseo ag breathnú ar a luathshaothar mar fho-nótaí fileata do chaint Dev leath meangadh ar a bhéal. D’fhreagair sé nár mhiste leis a bheith luaite in aon anáil le Dev ag sliocht ár sleachta, dá mbeadh caint ar bith ar fhilíocht na Gaeilge taca an ama úd. ‘Rud nach móide’, dar leis’.
Ní bheadh an Máirtín a raibh aithne agamsa air páirteach go brách i ngluaiseacht pholaitiúil. An lipéad cuí le cur síos ar a thuairimí polaitiúla, ná: ‘Fianna Fáileach radacach den tseandéanamh’. Ba é de Valera ionchollú an Phiarsaigh, dar leis, agus coinneálaí na haislinge náisiúnta. Ní raibh de locht air ach na daoine lenar thimpeallaigh sé é féin agus a loic ar an idéal céanna.
Dá mbeadh Máirtín ina Phríomh-Éigeas Éireann faoi reacht samhalta Gaelach, bheadh Dev mar rí aige, gan dabht ar bith. Agus a dhán féin, Éamon de Valera, á léamh aige ag Cómóradh Céad Bliain Éamoin de Valera in Amharclann na Mainistreach ar 10ú Deireadh Fómhair 1982, scaoil sé na véarsaí scoir seo uaidh:
Nuair a síneadh síos i gcré tú
Ní toirt amháin a dhearbhaigh
Go mba fathach fir is rí
A d’imigh isteach san alltar,
Iar ndul san alltar duit, a rí,
(Óir b’shin gan bhréag do theist);
Is gan freasúra fós a bhí;
An bhean sí dá gcluintí níorbh ionadh.
Bhí luí seo Mháirtín leis an traidisiún ag teacht le gné eile de thráchtas Tillich i leith imní:
‘Gríostar an duine ag imní eiseach seo an amhrais le córais mhíniúcháin a chruthú a thugann cinnteacht dó, a mbíonn tacaíocht an traidisiúin is an údaráis aige… Tógann imní néaróiseach dún cúng cinnteachta arbh fhéidir a chosaint agus a ndéantar cosaint air le diongbháltacht iomlán.’
Níos faide anonn, agus aisling de Valera á díbirt ag an réalachas, bhí Máirtín le diúltú dá luathdhánta rómánsúla, na juvenilia, mar a ghlaoigh sé féin orthu, a fhánns taispeánadh suntasach i nduanairí scoile. Chuireadh sé gruaim agus cantal air nár tugadh an aird chéanna ar an gcuid sin dá shaothar aipidh a bhaineann leis an loiceadh ar an idéal náisiúnta, mar a shamhlaigh seisean é. Níor theastaigh uaidh go mbeadh na juvenilia mar chuid den Selected Poems - Tacar Dánta, an roghain dhátheangach dá dhánta a chuir Douglas Sealy agus mé féin le chéile, go dtí gur áitiomar air, agus ní gan dua é, gur bhain na luathdhánta seo go dílis lena fhorbairt mar fhile.
Thionscnaigh agus bhuanaigh réimeas Sheáin Lemass, fear a raibh col aige leis, agus a chomharbaí seisean ‘Réim na bhFaoileán’, dar le Máirtín. Chuir cúrsaí an Tuaiscirt i rith na seachtóidí an-duairceas air. D’fhág ‘we won’t stand idly by’ Sheáin Uí Loingsigh seirfean air. Bhris freagairt Fhianna Fáil don éigeandáil ó thuaidh a bhundílseacht don pháirtí, ach ní do de Valera féin. Is ag Páirtí na nOibrithe, faoi Thomás Mac Giolla, a bheadh a vóta feasta.
D’ainneoin seasamh polaitiúil Mháirtín, níor aontaigh sé le chuile ghné den éatas a bhí in uachtar sa stát lena linn. Luaigh mé cheana féin a sheasamh i leith cheist na mban. Tá neart fianaise fhileata ann go raibh a luí leis an lucht oibre, leis an duine a bhí thíos, seachas leis an aicme cheannais. Bhí sé go láidir in aghaidh cinsireacht ar litríocht agus mholadh sé an seasamh a ghlac Frank O’Connor, Seán Ó Faoláin, Peadar O’Donnell agus Patrick Kavanagh sna díospóireachtaí móra faoin gceist seo sna tríochaidí agus sna daicheadaí.
Bhí sé an-tógtha le Patrick Kavanagh, dála an scéil. Bhí lear mór scéalta greannmhara aige faoin Muineachánach file seo agus bhí Tarry Flynn, úrscéal Kavanagh, ar cheann de na húrscéalta ba mhó a thaitin leis. Deireadh sé freisin gur mhothaigh sé dáimh áirithe le filíocht Kavanagh.
Agus Éire na hAislinge úd, a dtugadh sé dílseacht a chroí di, caite ar charn aoiligh na staire bhí Máirtín fágtha gan reacht le comóradh go fileata. Ní bheadh roimhe feasta ach bealach Uí Rathaile agus a shamhail, filíocht an tseirfin, agus an sásamh sceirdiúil atá le baint as an seirfean céanna nach n-ardaíonn meanmna, ach a mhalairt.
D’fhéadfadh Máirtín Ó Direáin, ina ról mar dhuine-mar-chách nó mar chomhluadar óil, a bheith greannmhar graosta, gaoiseach nó giodarnach; ba den chré dhaonna é go huile is go hiomlán. Thuig an Máirtín Ó Direáin ar chuir mise aithne air nach raibh dubh agus bán ar fáil ar an saol seo, go raibh intinn an duine, cé acu in Inis Mór nó i mBleá Cliath é, caol, deasach, meata go minic agus glic chomh maith le bheith fial, fáiltiúil agus cneasta, agus go mba fada ó bhíodh naoimh ag spaisteoireacht ar na craga in Árainn. Chruthaigh an raidhse scéalta a bhí aige gur thuig sé go binn misneach, seiftiúlacht agus suarachas an duine. Thuig sé go raibh an t-aimhreas ina leathchúpla ag gach cinnteacht, go raibh gach dearbhú coinníollach. Thar ní ar bith, thuig sé go dóite go mba chuid dílis do-scartha de féin na ‘rudaí dorcha’, ‘na scáthanna’ a bhíodh á chrá.
File cruthanta ó dhúchas ba ea Máirtín Ó Direáin. Agus é ag póirseáil i leabhra agus i leathanaigh chiumhais-chaite leabhar mór an tsaoil, chuireadh sé é féin i gcomórtas le cág nó préachán, é sa tóir i gcónaí ar ábhar agus á mheas mar dhamhna filíochta. Ní tóir ar chaitheamh aimsire a chas ar an gconair uaigneach úd é, ach práinn ghéar anama agus intinne. Sop an fhir bháite ba ea chuile dhán uaidh, dún cosanta ar mhúch a bhallaí arda téagartha búirthíl stoirm na sceoine istigh ann féin.
Ach nuair a thosaigh na ballaí ag titim, is na clocha ag imeacht i gcruth brionglóide uaidh, ghéaraigh ar an sceoin seo. Agus nuair a thuig sé go raibh ábhar tógála an dúna ídithe, ní raibh fágtha aige ar deireadh ach na spallaí a bhain sé as na fothracha. Ní raibh roghain ar bith eile aige. Mar a dúirt sé i gceann dá dhánta deireanacha, Teanga an Phríosúin:
Ach ó cuireadh banna orm go hóg
Tuigim don ghliomach sa phota stóir.
Mar bhí an fhilíocht féin mar chosaint riachtanach agus buan aige ar bhagairt na sceoine. Ach ba phríosún dó í freisin, an ‘pointe cúng’ sábháilte, an dún sábháilte cosanta úd, nach bhféadfadh sé a fhágáil gan é féin a chur i gcontúirt a bhasctha.
Bhí sé de phribhléid agam aithne a chur ar mhórfhile Gaeilge an fhichiú céad, Máirtín Ó Direáin, agus caradas a shnamadh leis. Tá mo léargas ar an bhfear agus mo thuiscintí dá shaothar bunaithe ar na comhráití fada eadrainn a chuaigh i bpáirt leis an gcaradas úd. Bíonn aithne agus aithne ann, ar ndóigh. Agus tuiscint ar leith ag fás as gach aithne acu, gan dabht.
Shaibhrigh Máirtín mo shaolsa, agus bheadh súil agam gur bhain sé sásamh eicínt as an gcumarsáid eadrainn. Bheadh údar agam le ceapadh gur roinn sé a thuiscinti ar an bhfilíocht agus ar an mbeatha go fonnmhar fial agus go macánta liomsa. I ndán a scríobh sé dom féin agus do mo bhean, Mo Mhada Beag, dúirt sé:
Mada beag mo dhán
Is maith an sás cuardaigh é,
Cé nach fios domsa féin
Cén earra a bheidh ina bhéal
Nuair a fhillfidh ón gcuardach.
Ach geallaim go roinnfead leat
A dhath is a thuairisc.
Tá súil agam gur éirigh liom cuid den dath is den tuairisc úd a sholáthraigh Máirtín dom a roinnt libhse, a lucht Chomórtha Mháirtín Uí Dhireáin.◊
Nóta eagarthóireachta
• Máirtín Ó Direáin. Dánta 1939 - 1979. An Clóchomhar Tta, BÁC. 1980.
• Máirtín Ó Direáin. Tacar Dánta/ Selected Poems. Goldsmith Press. 1984. Eag: Tomás Mac Síomóin & Douglas Sealy.
• The Courage to Be. Paul Tillich. 1952.
• Nietzsche. Thus Spoke Zarathustra. Penguin. 1961
• Máirtín Ó Direáin – Na Dánta. Eag: Eoghan Ó hAnluain. An Clóchomhar/ Cló Iar-Chonnacht. 2010.
• Breandán Ó Doibhlin. Sanasán Diagachta. Coiscéim. 2001. Lch 10: beith – being – être; bith – existence – existence.
Feasta, Bealtaine 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|