Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Aitheasc Uachtarán Chonradh na Gaeilge Pádraig Mac Fhearghusa


ag Ardfheis an Chonartha


san Óstán Strand, Luimneach, Satharn, 17 Aibreán 2010

A Chonrathóirí, agus a chairde uilig na Gaeilge, bhur bhfáilte go dtí Ardfheis Chonradh na Gaeilge 2010 san Óstán Strand, Luimneach, Táimid anseo le hais Dhroichead an tSáirséalaigh i gcathair stairiúil Luimnigh, tráth a bhfuil droichead eile fós le cur di ag gluaiseacht na Gaeilge, agus ag pobal na Gaeilge i gcoitinne.

Táimid anseo tráth a bhfuil athchóiriú beartaithe ar earnáil na Gaeilge. Tá spriocdháta, mar a thuigtear dúinn, curtha leis an athchóiriú sin, an 30ú lá de Meitheamh 2010.

Níos tábhachtaí fós dá bhfuil i ndán don teanga, táimid anseo tráth a bhfuil bailchríoch á chur ar Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Is straitéis í seo a bhfuilimid ag dúil go mór go mbeidh sí ina cáipéis traspháirtí.

Níl eagla orainne i gConradh na Gaelge roimh athchóiriú na hearnála, ná roimh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Fáiltímid go mór roimh an dúshlán agus roimh an athnuachan atá romhainn.

Is sinne na coisithe agus na capaill oibre, ar a mbeifear ag brath san aeráid nua eacnamaíochta, san aeráid iar-mhuice Ceiltí. Táimid tar éis tuirlingt de mhuin na muice is baolach.

Ach is aeráid í seo ina bhfuil i bhfad níos mó measa ag fás ar bhunluacha pobail, ar an gcur le chéile, ar an bhfuinneamh daonna gur fiú níos mó é ná scaireanna bainc, agus nach féidir é a cheannach le hiasachtaí fophríomha.

Táimidne, i gConradh na Gaeilge, ní gá dom a rá, ar cheann na heagraíochtaí pobail is fadmharthanaí sa tír. Mar ghluaiseacht, ní hamháin gur sholáthraíomar idir inspioráid, agus na gníomhairí, chun saoirse a bhaint amach céad éigin bliain ó shin, ach ó 1893 i leith táimid ag foilsiú irisí agus leabhar agus ag eagrú feiseanna agus féilte, ag bunú scoileanna, ag agóidíocht ar son stáisiúin teilifíse agus raidió, ag eagrú tuismitheoirí, ag spreagadh comórtais liteartha agus oireachtaisí, ag éileamh cearta teanga, ag cur seachtainí Gaeilge ar siúl, ag mealladh na hóige chun na Gaeilge ar aeróga an aeir.

Bímis mórálach as an íomhá atá againn — mar oibrithe agus mar dhílseoirí pobail. Is sinne na gníomhairí pobail nach lorgaíonn aitheantas dúinn féin go mion minic. Mar Chonradh na Gaeilge, ní lorgaímid aitheantas don obair ar fad a dheinimid. Fad is atá an obair ag dul ar aghaidh, ar son na Gaeilge, táimid breá sásta.

Ní gá dúinne i gConradh na Gaeilge a bheith leithscéalach. Ná ní gá dúinn a bheith faitíosach faoina bhfuil romhainn. Seo ár saol.

Ní féidir le namhaid ar bith eagraíocht phobail, eagraíocht leathan dheonach chomhtháite a bhfuil polasaithe aontaithe aici, polasaithe aontaithe ar son leas na Gaeilge — ní feidir le namhaid ar bith eagraíocht mar atá againne a chur as feidhm.

Is é atá ar siúl againn ag an Ardfheis seo, ár gcomh-neartú, agus ár gcomhtháthú inár n-eagraíocht fheidhmiúil aontaithe, mar a dheinimid chuile bhliain. Is féidir linn ár n-eagraíocht a neartú agus a fheabhsú i gcónaí gan dabht.
——◊——
Nuair a tháinig mé os bhur gcomhair ocht mí dhéag ó shin, bhí tosaíocht agam, a chinntiú gur deineadh athchóiriú ar ár gCeann-Áras stairiúil. Tá fochoiste againn anois chun an plean a bhí ina choinníoll deontais a chur i bhfeidhm i leith an lárionaid Ghaeilge atá againn in Uimhir a 6, Sráid Fhearchair.

Ní ar mhaithe leis an stair amháin ba ghá an foirgneamh sin a shlánú. Is foinse fuinnimh ann féin an stair agus scéal an phobail, mar a thuigimidne. Ach ba ghá Uimhir 6, Sráid Fhearchair, a shlánú ar mhaithe leis an obair atá romhainn, mar bhunáit eagrúcháin atá inár seilbh féin.

Is gá don cholainn idir ceann agus ghéaga. Is gá don eagraíocht idir lár agus chraobhacha. Is gá ciall agus breithiúnas agus comhordú ag leibhéal an Choiste Gnó. Is gá fuinneamh agus neart, maraon leis sin, ag leibhéal na craoibhe.

Is iad na craobhacha, craobhacha láidre áitiúla, a chinnteoidh go bhfuil an neart polaitiúil againn an dul chun cinn atá déanta againn, agus na hinstitiúidí atá tógtha againn, mar phobal teanga a chosaint, agus ár gcuid riachtanas mar phobal teanga a áiteamh ar an gcóras stáit. Caithfimid, ach go háirithe, a áiteamh ar an gcóras stáit an Dréacht-Straitéis don Ghaeilge a cur i bhfeidhm sa tréimhse romhainn.

Tréimhse dóchais is ea seo in ainneoin lagtrá eacnamaíochta. Tá glúin úr óg ag glacadh páirte sa Chonradh agus in imeachtaí agus saol na Gaeilge — ní chluintear cloíteacht orthu, agus ní chluinfear.

Is trua nach n-aithníonn ard-státseirbhísigh thábhachtacha áirithe mar atá an saol athruithe i dtreo na Gaeilge. B’fhéidir nach bhfuil sin ar a gcumas.

Bhí mé ar thoscaireacht go dtí an Roinn Oideachais (agus Scileanna), Dé Máirt seo caite, agus ba léir domsa agus do na baill toscaireachta eile, go raibh meon áirithe in uachtar sa Roinn sin. Faoi Bhéarla atá siad buartha, amhail is gur féidir Béarla a sheachaint na laethanta seo.

Ní tosaíocht de chuid na Roinne Oideachais sóisialú an pháiste trí Ghaeilge, sa Ghalltacht ná sa Ghaeltacht féin. Is faoin mBéarla gan dabht atá siad buartha.

Ní mioncheist áitiúil é seo. Tá a fhios againne i gConradh na Gaeilge, má táimid le bheith buan mar phobal teanga, go bhfuil géarghá le sóisialú páistí óga trí Ghaeilge, idir trí bliana d’aois agus sé bliana d’aois, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Ná bíodh aon amhras orainn ina thaobh: tá fadhb ann maidir le meon na státseirbhíse. Cuirimis an cheist orthu: Are you an English Civil Service? Do you regard Irish as a fully human language?

In ainneoin gur dhein an tAire Oideachais cinneadh polaitiúil tamall de mhíosa ó shin Ciorclán 44/07 in aghaidh an luath-thumoideachais iomláin a tharraingt siar, bhí orainne teachtaireacht láidir a thabhairt do na hoifigigh chuí arís eile Dé Máirt seo caite: má dheineann sibh forordú ar an gcuraclam bunscoile ar bhealach a cheanglaíonn Béarla foirmeálta éigeantach ar rang naíonán, ar iarratas ó thuismitheoir aonair éigin, beifear ar ais go dtí an Ardchúirt le ceist seo an luath-thumoideachais iomláin.

Chun ár mbeo a chinntiú mar phobal, ná ligimis don Roinn Oideachais / our English Civil Service, an t-oideachas trí Ghaelge a lagú, agus éatas nó sainmheon na gaelscolaíochta a bhearnú, anuas ar an damáiste a dhéanfadh a bpolasaí sna Gaeltachtaí ag an am cinniúnach seo.

Is cuma faoin gcaint ar fad faoi Straitéis Teanga, má tá leagan intinne áirithe i leith na Gaeilge i réim agus i gceannas sa státseirbhís. Ní leor na polaiteoirí a bheith sásta cur ar do shon ina leithéid de chás.

Sin an fáth go gcaithfidh eagraíocht láidir aontaithe a bheith ann chun riachtanais phobal na Gaeilge a mheabhrú do pholaiteoirí leas na Gaeilge a chur i gcionn ar an státseirbhís, arís agus arís eile.

Murar léir fadó é, is léir ar an Ardfheis seo go bhfuil pobal na Gaeilge i dtaithí ar an ríomhaireacht agus ar an nua-theicneolaíocht. Tá sin mar is cóir. Is ó na Gaeil a fuair ciníocha eile in Iar-thuaisceart na hEorpa an misneach, agus an scil, a dteangacha féin a scríobh níos mó ná míle bliain ó shin — réabhlóid cultúir na ré úd ab ea é!

An t-aitheantas oifigiúil atá ag an nGaeilge anois i gcroílár institiúidí na hEorpa, níl ann ach an t-aitheantas is dual dúinn. Is sinne an pobal teanga, agus an pobal dúchais liteartha is seanda ar fad in iar-thuaisceart na Mór-Roinne seo.
——◊——
Is eagraíocht é Conradh na Gaeilge a gcaithfidh spás a bheith ann don phobal mór, i treo go mbeidh ar chumas a oiread daoine agus is féidir, a oiread dá saol agus is féidir a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.

Is gá spás a bheith ann don scoláire agus don bhfoghlaimeoir, don bhfear Gaeltachta agus don bhean Ghalltachta, don intleachtaí agus don bhfear spraoi, don amhránaí sean-nóis agus don cheoltóir rac, don óg agus don aosta, don tuath agus don bhaile mór.

Tá athnuachan ar siúl. Tá glúin úr óg ag gabháil don Ghaeilge. Is léir sin don aos polaitiúil i gcoitinne sa stát, agus ’sé mo thuairim féin go bhfuil siad in éad linn mar eagraíocht.

Tá dréacht dá bhfuil le déanamh chun an Ghaeilge a bhuanú — an Ghaeilge a bhuanú, agus sin ar son phobal na hÉireann i gcoitinne — leagtha amach ag an stát anois mar is cóir.

Aithníonn an stát a chuid freagrachtaí, a dhualgas, sa Dréacht-Straitéis sin; dualgas sinseartha, dualgas cultúir, dualgas don tsibhialtacht agus don daonnacht féin is ea é. Tá riachtanais mhúinteoireachta, riachtanais Ghaeltachta, riachtanais riaracháin i gceist.

Tá na polaiteoirí báúil, ach tá sé ag dul do na polaiteoirí mar chúnamh go ndíreodh an pobal féin a n-aird gan mhoill ar na tosaíochtaí is práinní.

Seo gnó Chonradh na Gaeilge, gréasán de chraobhacha láidre a chothú, gréasán a fheidhmeoidh mar bhrú eagraíochtaí áitiúla. Deimhníonn sé seo tacaíocht dár nArd-Oifig in Uimhir 6 ón Rialtas chomh maith. Is é an chosaint is fearr ar fad don lár é.
——◊——
Ainneoin aon ní atá ráite agam, ba mhaith liom a bhéimniú nach é ár ngnó a bheith ag achrann go leanúnach le forais ná le feidhmeannaigh rialtais. Táimid ar fad rannpháirteach san obair náisiúnta chéanna.

Ár gcás a dhéanamh agus a áiteamh ar bhonn proifisiúnta atá uainn. Deineadh sin, mar shampla, agus mar is eol daoibh, os comhair an Chomhchoiste Dála don Ghaeltacht agus don Ghaeilge roimh Nollaig. Brú leanúnach ó phobal na Gaeilge is fearr a inseoidh cén toradh a bheidh ar an lá fónta sin, ar ndóigh.

Ar mhaithe leis an gcuspóir seo is ansa linn a bhaint amach, slánú ár dteanga agus ár bpobal stairiúil, tugaimis faoi scata craobhacha a neartú, a athbhunú, nó a mhealladh ar ais i dtreo na lár-eagraíochta.

Aontas agus breithiúnas in am na práinne, ár mana. Tá scata áiteanna ó Bhaile an Bhuinneánaigh go Sligeach, agus ó Átha Luain go Port Laoise agus Loch Garman, agus go dtí Baile Átha Cliath féin, ina bhféadfaí leas na teanga agus leas na heagraíochta a dhéanamh, agus déanfar sin.

Ach a leithéid d’obair a dhéanamh, agus a dhéanamh go leanúnach, agus le díograis, mar is nós linne, beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir.

Gura maith agaibh.
Pádraig Mac Fhearghusa,
Uachtarán Chonradh na Gaeilge, 17 Aibreán 2010


Feasta, Bealtaine 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais