Dán le
le Niamh Ní Lochlainn
Gort Thomáis
Mar a bheadh bád á thabhairt i dtír,
Thuirlingíomar,
Chaitheamar dínn screamh na cathrach
Is screamh na bliana,
Thumamar aríst i gcaint is i gcadráil muinteartha,
Béimeanna troma is gutaí leathana,
Gaineamh órga trá, ceol is ragairne
Is bhí gort Thomáis fé bhláth.
Airgead luachra go fras, a shásódh draoithe,
Eireaball caitín go spuaiceach tríd,
Duilleoga an fheileastram, Bealtaine na súl buí,
Luachra na Féile Bríde,
Mallacht Phádraig a sheargaigh,
Neantóga cealgacha is copóga sráide,
Barra coiríneach an raithinigh,
Táipéis ildaite romhainn.
Duilleoga ar an gclaí anois
Ins an áit ina raibh samhaircíní,
A mhaisigh tairseach is a thimpeallaigh tobar,
Siní an bhainne bó bleacht ina bhfochair,
Caonach is féar, cóilínithe tosaigh an chlaí,
Saighdiúirí mar gharda,
Síneann crobh éin is tím,
Crochtar peasair, lóchrann síneach.
An dris a d’éalaigh isteach
Meallann an bheach, ach tachtann crann,
Is an táith-fhéithleann righin, mileanna gabhar,
Cúmhracht mhilis an Mheithimh,
Méaranna sí a dhíbir iarlais,
Seasann os cionn cách.
Ó ghort Thomáis go barra cnoic,
Cocaí féir is stacaí mar chompánaigh,
Tré aitinn ghallda is an fhraoch cloigíneach,
Osna ó thalamh ag fáiltiú romhainn,
Scamall diamhair ar bharra,
Caipín ar chruach.
Tá Niamh ag saothrú na filíochta ón mbliain 2003 i leith. Foilsíodh dánta léi ar na hirisí Feasta, Comhar, Lá Nua, agus Go Nuige Seo. Tá céim sa bhéaloideas aici, ábhar a bhfuil an-suim aici ann, agus tá dúchas agus saol na tíre go lárnach ina cuid filíochta. Is bun-mhúinteoir í agus labhrann guth an linbh ina cuid dánta dá réir, i dteannta guthanna eile den uile chineál. Ghnóthaigh Niamh duais i gComórtas Filíochta Bhéal Átha na Buillí in 2004 agus foilsíodh leabhar léi, ‘Guth ón dTobar’ (Coiscéim) sa bhliain 2005.
Feasta, Bealtaine 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo