Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Cén saghas Comórtha? - -

Tá sé bliana fós le dul sula mbeifear ag déanamh comóradh céid ar Éirí Amach na Cásga i 1916, ach cheana féin tá daoine ag scríobh go dtí na nuachtáin agus a dtuairimí agus a moltaí féin acu maidir leis an gcineál comóradh ba chóir a dhéanamh, nó a bheadh feiliúnach don mhórócáid.

Gan amhras níor mhiste go mbeifí ag ullmhú in am, más é sin atá i gceist ag an lucht scríofa, ach go rithfeadh leat go minic gurb é is mó is cás leo ná gan iad a bheith ar a suaimhneas ar fad, ní hamháin leis an mbealach a dhéanfar an comóradh, ach go mbeifí ag glacadh leis gan cheist gur ócáid chomórtha atá ann i ndáiríre. Nach mbeimis chomh saor agus chomh neamhspleách céanna inniu dá nglactaí leis an gcineál ‘Home Rule’ a bhí beartaithe ag ár máistrí i Londain dúinn céad bliain ó shin?

Anois, níl aon amhras orainn ná go bhfuil sé cuí agus in ord go mbeadh a leithéid de cheist á cur, agus níl gearán dá laghad againn maidir le hathbhreithniú na staire. Is eol dúinn go raibh daoine maithe lánsásta lena raibh beartaithe dúinn thall i Londain, agus gur ghéill cuid díobh a mbeatha ar mhaithe leis an gcreideamh sin.Ach is minic a deintear dearmad anois, fiú ag lucht scríofa na staire, nach féinriail amháin a spreag an tÉirí Amach. Bhí athmhúscailt i gceist ar spiorad agus ar mheanma an phobail, agus sa chás sin ní raibh aon ní eile chomh tábhachtach leis an nGaeilge, agus go dtabharfaí slán í mar theanga bheo bhríomhar. Níor leor an Union Jack os cionn Chaisleán Átha Cliath a ísliú agus an Trídhathach a chur ina áit.

Bunaitheoirí an dá phríomhpáirtí polaitíochta sa tír seo, ba oidhrí iad ar na ceannairí a thionscain an tÉirí Amach, agus ba oidhrí iad ach go háirithe ar an bhfís a bhí acu maidir leis an teanga shinsearach. An maireann an fhís sin beo inniu? Táimid ag cur na ceiste i gcomhthéacs an chomórtha in 2016, de bhrí go gcloistear dúinn go bhfuil athmhachnamh i gceist ag ceann de na páirtithe a luadh maidir le hionad na Gaeilge sa chóras oideachais.

Inár dtuairim, ba bhuille tubaisteach don teanga é, dá gcuirfí an riachtanas atá léi mar ábhar sna scrúdaithe Stáit sna meánscoileanna ar leataobh. Nárbh ionann é sin agus, ní hamháin cúl a thabhairt le polasaí an Stáit ó bunaíodh é maidir le athshlánú na Gaeilge, ach cúl a thabhairt freisin le polasaí an dá phríomhpháirtí go nuige seo.

Ar ndóigh ba chóir go mbeadh díospóireacht againn maidir leis an gcineál comóradh a bheadh feiliúnach i 2016. Ba bheag a b’fhiú linn féin na paráideanna míleata, na bláthfhleascanna a leagfar agus an chaint bhladhmannach ó na stáitsí. Ar an taobh eile, níor mhiste linn ar aon chor, go ndéanfaí an t-athbhreithniú a luadh níos luaithe. Is cinnte gur chóir anois go bpléifí an athmhúscailt sin a spreag ceannairí an Éirí Amach i 1916, agus conas mar a ráinig don bhfís sin a raibh siad chomh gafa léi.

Feasta, Bealtaine 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo