Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Státseirbhísigh agus a bhFreagracht
le Seán Ó Loingsigh


Bheadh Aire ag brath go mór ar a chomhairleoirí. Cérbh iad siúd? Ní raibh tásc ná tuairisc orthu, ach is féidir a bheith cinnte go bhfuair siad a gcuid bónais agus a n-ardaithe céime ar ball. Is é an tAire a bhíonn freagrach.

****************

Má tá an Samhradh ag druidim linn agus an aimsir ag dul i bhfeabhas, ní baol gurb amhlaidh don aeráid eacnamaíoch. Is beag den ngeamhar glas úd, a mbíonn na tráchtairí ag faire amach ina chomhair, atá le feiceáil. Go deimhin, is amhlaidh gur in olcas atá ár gcúrsaí ag dul.

Is beag anois i measc ár saineolaithe eacnamaíocha iomadúla, atá ag súil go dtiocfaidh aon fheabhas mór ar na cúrsaí sin laistigh de chúpla bliain, nó cúig bliana, deich mbliana, b’fhéidir — ní fios i ndáiríre.

Tá na tráchtairí agus na saineolaithe go callánach i gcónaí ag díriú na méire thall is abhus orthu siúd atá ciontach in ár nguais. Tá liosta maith mór díobh san ann um an dtaca seo, agus ní i laghad atá sé ag dul.

Tá tús áite ag na polaiteoirí, nó ag polaiteoirí an rialtais, agus thar aon duine eile ag an Taoiseach féin. Is deacair é a chosaint, agus is mór is cúis imní d’airí rialtais agus do chúlbhinseoirí ina pháirtí féin nach léiríonn sé aon ródhícheall á chosaint féin ach oiread.

Is eol dúinn conas mar atá fíoch an phobail dírithe ar na baincéirí, ar lucht forbartha agus tógála, agus orthusan ar a raibh an dualgas súil a choinneáil ar na bainc, ar an mBanc Ceannais agus an Rialtóir Airgeadais go háirithe.

Bhí sé suimiúil nár luaigh aon duine na státseirbhísigh, nó an Roinn Airgeadais, go dtí gur deineadh ionsaí fíorghéar ar an roinn sin le déanaí in dhá alt dhá lá i ndiaidh a chéile ar an Irish Times. Dúradh sna haltanna sin gurb é dualgas na n-ard-státseirbhíseach comhairle a chur ar an aire.

I gcás na Roinne Airgeadais ba é a gcúram a chur in iúl dó an mórdhainséar a bhain leis an mbealach a raibh na bainc ag dáileadh amach airgid ar an lucht tógála, agus conas mar a bhí an fhorbairt a bhí ar bun acusan ag cur córas airgeadais na tíre i mbaol.

Cuireadh an cheist sna haltanna ar thuig siad an baol seo, agus má thuig, ar chuir siad é sin in iúl don Aire. Nó an féidir gur chuir siad comhairle air agus nár ghlac sé leis. Is ceist thábhachtach í seo. Má cuireadh an dainséar in iúl dó, agus nár thug sé aon aird air, ansin bhí sé faillíoch ar fad.

Is cosúil go bhfuil sé i gceist go mbeidh fiosrú oifigiúil ann ar ball faoi conas mar a tharla an tubaist. Ar ndóigh, tá a leithéid thar a bheith riachtanach, mura bhfuil an rud céanna le tarlú arís. Ach an bhfiosrófar ról na státseirbhíse sa mhéid a tharla, nó ról an Aire ach oiread?

Ba dheacair a bheith ag brath go dtarlóidh sé sin. Luadh anseo cheana nós imeachta na státseirbhíseach gan freagracht a ghlacadh in aon chinneadh a deintear laistigh d’aon Roinn Stáit, agus an gnáthmhantra a bhíonn acu gurb é an tAire féin a ghlacann an cinneadh. Is maith is eol dúinn nuair a bhíonn ceisteanna achrannacha á bplé, agus gur beag é eolas nó tuiscint an Aire fúthu, go mbíonn sé nó sí go mór ag brath ar chomhairle a chuid státseirbhíseach.

In alt eile roinnt míosa ó shin ar an nuachtán a luadh níos luaithe ag an iarThaoiseach Garrett Fitzgerald maidir leis an gceist seo, thagair sé don easpa speisialtóirí a mbeadh saineolas ar leith acu a bhíonn fostaithe sna Ranna Stáit anois. Daoine mar eacnamaithe, ailtirí, innealltóirí de gach cineál atá i gceist. Go deimhin, is cosúil go bhfuarthas réidh le go leor díobh thar na blianta.

Beidh cuimhne ag go leor ar an scóladh a fuair an t-iar-aire Martin Cullen ar na meáin chumarsáide nuair a cheannaigh a Roinn fearas leictreonach, nár oibrigh i gceart riamh, chun vótaí a chomhaireamh i ndiaidh toghcháin. Bhain costas ollmhór leis an bhfearas seo, agus is costas amú ar fad a bhí ann.

Níor miste leis na meáin a bheith ag tabhairt faoi airí agus faoi pholaiteoirí, ar ndóigh, ach bheadh sé le tuiscint gur beag eolas a bheadh ag aon aire faoi chúram casta teicniúil mar a bhí i gceist sa chás seo, agus go mbeadh sé ag brath go mór ar a chomhairleoirí. Cérbh iad siúd? Ní raibh tásc ná tuairisc orthu, ach is féidir a bheith cinnte go bhfuair siad a gcuid bónais agus a n-ardaithe céime ar ball. Is é an tAire a bhíonn freagrach.

Gan amhras i ré seo na trédhearcachta ba chóir deireadh a chur leis an gcur chuige seanda seo. Is cosúil anois go mbeidh athbhreithniú de chineál éigin ann ar ball, chun iniúchadh a dhéanamh ar an mbealach a fheidhmíonn an státseirbhís, mar thoradh ar an ngéarchéim atá ár gcrá faoi láthair, gan amhras.

Tá cuid againn sean go leor chun gur cuimhin linn Tuarascáil Devlin maidir leis an státseirbhís agus an bealach a fheidhmíonn sé. Tuarascál a tháinig amach thart ar dhaichead bliain ó shin ab ea é. Moladh go leor athruithe ann a chuirfeadh go mór le héifeacht na seirbhíse dá nglactaí leis an tráth sin. Tá sé suimiúil anois breathnú siar féachaint cad a tharla leis an tuarascáil sin.

Bunaíodh Roinn na Seirbhíse Poiblí a dhéanfadh cúram ar leith maidir le leasaithe a chur i bhfeidhm, agus feabhas a chur ar an gcóras riaracháin i gcoitinne. Bhí sé i gceist ina theannta sin go mbeadh ‘Aireacht’ i ngach Roinn a bheadh gafa go huile le beachtú polasaithe. Ní cosúil go raibh an Roinn Airgeadais róthógtha riamh le roinn a bhainfeadh óna bhforlámhas féin agus ní fada a mhair an roinn nua.

I ndeireadh na dála, ní léir go raibh aon toradh ar Tuarascáil Devlin, tuarascáil a raibh oiread sin cainte faoi, agus go deimhin, a raibh oiread sin dóchais as ag an am.

Dá nglactaí leis an moladh faoin ‘Aireacht’ na blianta fada ó shin chuirfeadh sé srian leis an anaithnideacht a bhain leis na státseirbhísigh. Bheadh siad luaite lena bpolasaithe. Ní hé, ar ndóigh, go raibh na polaiteoirí gan locht sa ghnó ar fad. Pé ní faoi na tuaiplisí, bhí siad ar bís go bhfaighidís an chreidiúint as gach dea-rud a tharla, pé acu an bóithrín é go tigh Sheáinín nó tollán go calafort Átha Cliath. Mo dhearmad, is dócha gur thábhachtaí go mór an bóithrín sa chás sin!

Maidir leis an gceist seo, níor mhaith leat é lua ró-ard, ach b’fhéidir go mbeadh dea-thoradh amháin ar an ngéarchéim. Tá fear ón taobh amuigh ceaptha cheana féin mar Ghobharnóir ar an mBanc Ceannais. Tá fear ollscoile eile tugtha isteach ag an Roinn Airgeadais chun comhairle a chur orthu faoi chúrsaí eacnamaíochta. An ionann na ceapacháin sin agus admháil go raibh na státseirbhísigh le lochtú nó síléigeach sa tubaist eacnamaíoch atá sa mhullach orainn faoi láthair?

Gan amhras tá go leor fiosrúchain agus go leor leasaithe romhainn amach. Is mó ceacht atá le foghlaim againn de bharr ár dtuaiplisí iomadúla! Níor mhiste na ceachtanna ar ndóigh, fad nach dtéimid go deo arís i muinín binsí fiosraithe cosúil leis na cinn damanta sin atá fós ag treabhadh leo deich nó cúig bliana déag tar éis a mbunaithe, agus gur maith is eol dúinn nach mbeidh de thoradh orthu ach costas ollmhór.

Nárbh fhearrde leis, b’fhéidir, éirí as an gcallán leanúnach a luadh ag an tús, nó ar a laghad maolú a dhéanamh air. Is fíor nach féidir a bheith cinnte ar fad faoi na céimeanna atá tógtha go dtí seo chun ár ngeilleagar a tharrtháil. Ní féidir a bheith cinnte ar fad sa deireadh an oibreoidh NAMA nó nach ndéanfaidh, ach is air atá ár mbrath anois.

Níl na heacnamaithe is oilte sa tír, ná lasmuigh den tír, ar aon fhocal faoi. Ach leanann siad orthu i bpíobáin a chéile i dtreo nach mbeadh fhios agat sa deireadh an é a gcáil agus a ngradam féin is mó atá i gceist san argóint leanúnach.

Is cuma cuid mhór faoi na polaiteoirí. Nach mbeadh siad siúd ag argóint pé ní. Ar aon chuma ní rófhada sin uainn toghchán, a deirtear linn, a athróidh ár gcúrsaí polaitíochta ó bhun barr.

Dála an scéil céard sa donas a tharla do George Lee, polaiteoir agus eacnamaí? Nach mbraithfeá uait é. I ndáiríre is doigh linn gur cailliúint mhór é don saol polaitíochta. Ní ghéillimid ar aon chor gur cineál prima donna a bhí ann, mar ba mhaith le cuid de na tráchtairí a chur ina luí orainn.

Feasta, Bealtaine 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais