Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Achaidh Aislinge

Scéal le Seán O’Connor


Bhíomar mall ag bualadh bóthair an lá úd. Mise ba chúis leis sin, ar ndóigh. Níor thaitin riamh liom tabhairt faoi stró ar bith gan bricfeasta maith istigh agam, agus níor nós dom bheith scioptha is mé ag ithe. Bhí a dó a chlog ann sular fhágamar na rothair in aice Loch Uachtarach Ghleann Dá Loch. Ar aghaidh linn ansin ar Bhealach Chill Mhantáin i dtreo an ghleanna. Ba é a bhí fúinn a dhéanamh ná siúl go barr na haille ar an taobh thoir theas de Ghleann Molúra, an gleann a thrasnú agus an oíche a chaitheamh in aice le Beann Dubh. Dá dtolgfadh doineann, bhí brú de chuid An Óige sa ghleann. Cúig mhíle chrua a bhí romhainn go barr na haille.

B’aoibhinn an lá é, a mbíonn a leithéid ann ar uaire mí Mheán Fómhair, agus an dúlra beag beann fós ar theannadh an gheimhridh. Chrágálamar suas an cosán doiléir, na málaí droma ar a seanluascadh laistiar dínn, fuiseog ar a dícheall ceoil áit éigin os ár gcionn. D’ardaigh mo chroí agus leomhas briseadh ar an tost a bhí eadrainn ó shroich mé teach Niaimh.

‘Lá glórmhar,’ a deirimse.

‘A bhfuil fágtha de,’ go grod uaithi.

D’amharc mé suas, a tóin fhearg-theann ag bagairt anuas orm.

Am do ghníomh croíbhrú iomlán, a deirimse liom féin: ‘Oth liom go raibh mé chomh déanach sin.’

‘Níl ionat ach messer, Liam, ach nílimse chun ligean duit an lá álainn seo a lot orm’.

Tost.

Sracfhéachaint eile agus, ansin, osna uaithi a gheall maithiúnas dom, agus níor den chéad uair é.

B’in an chéad uair, an bhliain úd, a bhí sé d’uain againn dul ag siúl sna sléibhte, agus dá bharr sin bhí mo ghlúine ag goilleadh orm cheana féin. Thugas comhartha sosa agus lig mo mhála go talamh. Chaolaigh mé trasna mar a raibh sí ina suí agus leag lámh ar lámh léi. Teannadh bog uaimse. I gcionn bomaite, ais-teannadh.

‘All right,’ ar sí, ‘is leor sin nó ní shroichfimid an gleann roimh oíche.’

Ar aghaidh linn arís, ise chun tosaigh, ag crúbadach nuair ba ghá, ag leanúint an chonair. Bean dhathúil, beagán giortach, b’fhéidir, ach dathúil, an-dathúil. Agus éirimiúil. Cé chreidfeadh é, muidne a bheith mór le chéile?
——◊——

‘You still know Irish, don’t you?’ arsa Tony Quinn agus muid ag fágáil Dartly’s tráthnóna Sathairn tar éis dúinn pionta nó dhó a ligean siar.

‘Tá an Ghaeilge againn uilig, Tony. Agatsa freisin, ach nach gcleachtann tú í.’

Dhealraigh go raibh sé mór le hógbhean a bhí le bheith i ndíospóireacht Béarla-Gaeilge san Ollscoil níos déanaí sa tráthnóna, an díospóireacht dhátheangach bhliantúil idir foirne ón Ellen Haitch agus an Cumann Gaelach. ‘The Essentiality of the Irish Language’, nó rud éigin dá leithéid a bhí le plé sa díospóireacht. An dtiocfainn leis chun aistriúchán a dhéanamh dó? D’fhéadfainn a ndúirt sí sa díospóireacht a mhíniú dó ionas go mbeadh ar a chumas í a mhealladh le méid a thuisceana níos déanaí san oíche. Bhuaileamar isteach i bpub eile ar ár slí chun na hollscoile, agus mar mhealladh domsa dhíol sé as mo phionta.

Bhí an halla plódaithe cheana féin ach fuaireamar cúpla suíochán ag barr an tí. A leithéid de dhíospóireacht a bhí ann an oíche sin! Guthanna galánta Béarla – le blas den Westbrit, ar uaire – i gcoimhlint le glórtha ceolmhara na Gaeilge, nó b’in mar a chonacthas domsa é. Mar is gnáth ina leithéid de chomórtas, b’iad na cainteoirí a b’fhearr a chuir tús leis an díospóireacht agus bheadh a leithéid de phéire eile ann chun deireadh a chur léi. Thit an crann leis na Béarlóirí, agus siúd amach chugainn Derek Allingham agus nárbh é a bhí cumasach:

‘Irish is, indeed, a great, a unique and a beautiful language with an oral tradition stretching back to La Tène and an unbroken literary tradition in our own country dating from the sixth century. We should, we must, respect and cherish it as such, but, my fellow countrymen and women, is it not time for us, after so many centuries spent at the margins of European thought, culture and society, to move onward, to move outward, to open ourselves to the world, to finally join the international community, and, my friends, increasingly, the language of that community is English.’

Bhí sé go paiteanta aige agus ba ar éigean a d’fhéadfá gan a bheith meallta ag a éirim, a léann is na frásaí athfhriotail a lig sé uaidh.

An mac léinn a lean é, rinne sé óráid fhónta go leor, ach ba ghealach in aghaidh na gréine é. Lean an scéal mar sin ar feadh tamaill agus tar éis dom óráid stórín Tony a aistriú dó, bhí múisiam ag teacht orm ón mbeoir gur shonc Tony sna heasnacha mé.

‘Would you look at that,’ ar sé, am dhíriú ar an gcainteoir deireanach a bhí ag siúl go dtí an póidiam. Bean óg, cúpla bliain de bhreis ar an bhfiche aici agus folt díreach ciardhubh go coim uirthi. Péire deas uirthi faoi bhlús teann bán ach, creid uaim é, ba do na súile léi a thabharfá suntas. Iad ag spréacharnagh le suairceas. Ar shroicheadh an phóidiam di, thiontaigh sí i dtreo an chomhluadair agus luasc a cuid gruaige óna ceann amach amhail fallaing dhubh. Chíor sí siar lena dhá lámh í agus chrom ar labhairt.

A Dhia, an guth sin. Cuimhin liom fós an tslí a ndeachaigh gach focal uaithi tharam agus tríom, am tharraingt chuici, am mhealladh. Tony ag cogarnach im chluas.

‘Who is she? Would you listen to that voice.’ É gafa freisin.

Bhí a hainm breactha ar chlár dubh ar chúl an ardáin.

‘Niamh Ní Mhuirthile,’ uaimse de chogar, agus gach re fuist uaim is mé ag iarraidh gach a ndúirt sí a chloisteáil. Ní hé go raibh a cuid Gaeilge deacair nó casta ach go raibh sí chomh ceolmhar, chomh fiáin, chomh caithréimeach, chomh gealgháireach, chomh feargach is chomh cneasta sin gur sciob sí chun siúil tú ar thulca focal. D’ardaigh a guth: orgán eaglaise, paean mórtais, sruth deor, caise fola, cine fuadaithe, traidisiúin thréigthe. D’ísligh a glór agus d’ísligh arís is arís eile go dtí go raibh muid uilig ag claonadh chuici mar a bheadh crainn i ngaoth mhór. Faoi dheireadh, thit tost uirthi agus sheas sí ag faire orainn, í ag análú go tréan. Nuair a labhair sí arís, ba chosúil le suantraí a guth, cogar máthar, ár gciúnú. Umhlú beag uaithi, miongháire agus shiúil sí ón bpóidiam. Bhí an cath críochnaithe, cuma léi ar bhua nó díomua é.

Léim a raibh sa halla ar a mbonnaí. Gáir agus gáir eile, clampar agus rírá, bualadh bos. Ní raibh aon ghá le vóta. D’aon ghuth, tugadh an bua do na Gaeilgeoirí, den chéad uair riamh, tá mé ag ceapadh. Bhí an lá léi.

Bhrúigh mé tríd an bplód ag iarraidh súil a leagadh uirthi. Go tobann, bhíomar aghaidh ar aghaidh le chéile. Mhungail mé seafóid éigin, m’aghaidh ar lasadh. Miongháire ar a haghaidh féin.

‘Measaim go bhfaca mé thuas ag barr an tí tú, is táim cinnte gur chuala mé tú agus an focal deiridh ráite agam.’ ar sí.

Go tuathalach, ar mé go stadach, ‘An nglacfá le deoch uaim?’

Ghlacfadh, cinnte, agus chaitheamar an chuid eile den oíche i mbeár i Ráth Maoinis, ise ag caint is mise ag éisteacht. Ó, cinnte, bhí an corrfhocal uaim ó am go ham, ach bhíos, den chéad uair im shaol, ag baint triail as comhairle a leag mo mháthair orm tamall roimhe sin agus mé ag gearán faoi na hógmhná a bhí ar an ollscoil liom.

‘Liam,’ a dúirt sí, ‘tá tú ró-dhian ar na mná, tú ar bior chun dul i gcoimhlint chainte leo. Más áil leat teacht ar na nithe is tábhachtaí do bhean, ní gá duit ach éisteacht léi agus gan a bheith á trasnú. Inseoidh sí duit na nithe is tábhachtaí agus is ansa léi, ina hainneoin féin ar uaire, agus beidh ar do chumas ansin cinneadh an fiú leanúint leis an gcairdeas nó an fearr duit bailiú leat.’
——◊——

Agus b’fhíor di agus b’in muid, dhá bhliain anonn, ag strácáil suas taobh sléibhe, mise ar tí críochnú leis an B. Tráchtála agus beartaithe agam dul le cuntasóireacht, ise díreach tar éis a téis dochtúireachta sa teangeolaíocht a chosaint agus dhá lámhscríbhinn i gcló aici cheana féin. B’ar an nGearmáin a bheadh a triall go luath san athbhliain.

Tugaimis aghaidh air sin tráth a dtagann, ar mé liom féin.
——◊——

An phoncúlacht, is nós clainne acu é, sin nó is rud géiniteach é. Ní raibh sí mall riamh d’ócáid ar bith agus ba é an nós céanna ag a muintir é. An chéad uair a bhí mé chun bualadh leo, b’amhlaidh a thug sí cuireadh chun dinnéir dom, oíche Shathairn.

‘A sé a clog, a Liam,’ a dúirt sí, ‘agus in ainm Dé, ná bí déanach.’

Bhí sé i ngar do leath i ndiaidh a sé nuair a shroich mé an teach. D’fhéach an t-athair go gruama orm.

‘Súil agam nach bhfuil an dinnéar loite.’ ar sé. Teaghlach le Gaeilge ab ea iad agus cé gur thuig mé a raibh á rá acu, ní raibh a gcineálsan líofachta agam an tráth sin. Ba mhíshuaimhneach é béile na hoíche sin. An t-athair ag stánadh orm ag iarraidh a aimsiú an raibh fiúntas ar bith ionam; an mháthair am shíor-cheistiú faoin ‘ól’. Ach bhí cion ag Niamh orm agus b’in mo chosaint orthu. Agus muid ag fágáil slán acu, ár dtriall ar scannán, ba í an cheist a bhí ar aghaidh a hathar ná an mbeadh air bualadh arís liom.
——◊——

Bhaineamar amach barr na haille, an bheirt againn traochta i ndiaidh an dreapa. Dhruideamar leis an imeall, Gleann Molúra thíos fúinn, an Abhainn Bheag ag rith tríd agus Beann Dubh ar an taobh thall den ghleann.

‘Ní bheidh am againn dul trasna inniu.’ arsa Niamh. ‘Fanaimis anseo tamall ag tógáil sosa, agus ansin déanaimis ar an mbrú, mar táim féin spíonta amach agus is dócha nach taise duitse, agus b’fhearr liom bunc ná talamh crua mar shuíomh codlata agam anocht.’

Shíneas buidéal uisce chuici, an bheirt againn inár suí droim le carraig mhór, agus mé ag meabhrú gur dhóichí gurbh é seo an t-am deireanach a bheinn sna sléibhte léi. Bhuail taom uaignis mé agus bhog mé liom ag lorg rud éigin le cur in áit an uaignis. Shiúil mé go himeall na haille agus d’fhéach síos. B’ait liom a loime a bhí slios an ghleanna díreach thíos fúm. D’fhill mé ar Niamh.

‘Tar go bhfeicfidh tú.’ a deirimse. ‘Féach go bhfuil crainn go tiubh ar an taobh seo den ghleann ach amháin díreach thíos fúinn.’

Ba léir gir cuireadh crainn fad an ghleanna tríocha éigin bliain roimhe, ach nár mhair de na cinn fúinne ach corrcheann sceachach cromtha.

‘Feicim,’ arsa Niamh, ‘ach n’fheadar cad is cúis leis sin. Barúil ar bith agat?’

‘Bhuel,’ a deirimse, ‘seo muid ar bharr shleasa Ghleann Molúra agus thíos fúinn tá an gleann agus an abhainn ag sileadh tríd agus nach cuimhin leat gur bhris Fiach Mac Aodha Ó Broin ar arm Sasanach i nGleann Molúra agus i rith an chatha gur rothlaíodh carraigeacha móra síos ar na Sasanaigh ó shleasa an ghleanna?’

‘Cuimhin liom rud éigin faoi ach cathain a tharla sé?’

‘Thart faoi mbliain 1580, measaim.’

‘Carraigeacha móra á rothlú síos orthu?’

‘Sin a léigh mé.’

‘Níl tú ag rá gur dá bharr sin atá an slios díreach thíos fúinn lom. Féach ar na crainn eile. Ní ón séú céad déag atá siad anseo.’

‘Fíor duit, ach cad faoi deara, meas tú, an áit a bheith chomh lom sin? B’fhéidir gur áit mhallaithe í agus go bhfuil cosc draíochta ar rud ar bith fás ann.’

‘Dhera Liam, ná bí ag rómánsaíocht mar sin. Seo anois, suas leis na málaí mar ní mian liom an oíche a chaitheamh san áit sceirdiúil seo.’

Rinne mé rud uirthi agus ar aghaidh linn síos i dtreo an bhrú. Ach, go tobann, bhí ceo farainn, ceo nár léir dúinn cárbh as dó. Chaill mé radharc ar Niamh, bhuail i gcoinne carraige agus thit go talamh.

‘Niamh, táim tite. Fan liom.’

‘N’fheadar cá bhfuil tú, Liam. Fan mar a bhfuil tú go nglana an ceo.’

Ach níor ghlan an ceo agus rith sé liom a chontúirtí a bhí an staid ina rabhamar.

‘Liam, níl dul as againn ach filleadh ar an mbarr. Tiontaigh, agus cuir an fána síos laistiar díot agus tosaigh ag dreapadh go mall. Buailfidh mé leat ag an mullach.’

Tar éis titim i gcoinne carraigeacha cá mhéad uair, agus dul go glúin i nglaise, shroich mé an barr agus b’in Niamh ag fanacht liom agus gan puinn ceo le feiceáil.

‘Aisteach,’ ar sí, ‘aisteach ar fad. Gan puinn ceo anseo, ach é ag ceilt chuile rud orainn thíos. Bainimis triail eile as.’

Níor thúisce caoga slat siúlta againn ná b’in arís an ceo ár mbacadh agus ar ais linn go dtí an mullach.

‘Dealraíonn sé go mbeimid anseo ar feadh tamaillín. Téigh ar thóir uisce sa ghlaise sin ar thit tú ann ag gabháil aníos duit fad a bheidh mise ag lasadh an tsoirn.’

Thógas canna as mo mhála agus síos liom i dtreo an tsrutháin. Ar mo shlí dom tharla rud a chuir ag smaoineamh mé. B’amhlaidh gur chúlaigh an ceo romham agus mé ag teannadh leis an sruthán agus lean sé ar ais mé agus mé ag filleadh.

‘Ráiméis!’ arsa Niamh nuair a d’inis mé di faoin gceo. ‘An ea go bhfuair tú buille sa cheann nuair a thit tú?’

Níorbh aon mhaith bheith ag argóint léi, ní raibh riamh, agus thugamar faoi bhéile a ullmhú. Stobhach díhiodráitithe a bhí againn. Chuireamar an dá phacáiste leis an uisce agus chuir an meascán á théamh ar an sorn. Bhí a thuilleadh uisce de dhíth orainn le haghaidh an tae agus chuaigh Niamh á fháil. D’fhill sí agus mearbhall uirthi.

‘Maith dom as a bheith ag caitheamh anuas ort, Liam. Tharla sé go díreach mar a dúirt tú. Chúlaigh an ceo romham gur shroich mé an sruthán agus lean sé ar ais mé agus mé ag filleadh. N’fheadar ar domhan cad tá ar siúl anseo ach tá mé ag teacht ar an tuairim go mbeidh orainn an oíche a chaitheamh anseo.’

D’itheamar an stobhach téite, d’ól an tae agus ansin, úll briosc an duine againn, shuíomar ar bhruach na haille ag amharc síos ar an ngleann agus ar an Abhainn Bheag ag sní chun farraige. Bhí an ghrian ina suí ar na cnoic ar an taobh eile den ghleann, agus í ag cur uisce na habhann ag drithliú sa chaoi go measfá gur frithchaitheamh ó phíosaí snasta óir a bhí á fheiceáil agat.

‘An mbainfimid triail eile as?’ a deirimse.

‘Triail in aisce a bheadh ann.’

‘Beidh orainn an oíche a chaitheamh anseo, más ea.’

‘Beidh, agus ná bí ag súil go mbeidh mise ad’ choimeád teolaí’

‘Beag an seans,’ a deirimse.

Nuair a bhí na málaí codlata cóirithe againn agus áit measartha leibhéalta aimsithe againn dóibh, d’fhilleamar ar bhruach na haille. Ní raibh puinn ceo le feiceáil thíos sa ghleann agus bhí deireadh leis an spréacharnaí, an ghrian dulta as amharc faoi sin. Thosaíomar ag cur is ag cúiteamh faoi dhíothú na gcrann díreach thíos fúinn, mise i bhfábhar draíochta, ise den tuairim gur mhaidhm talún ba chúis leis.

De réir a chéile bhí an ghaoth ag éirí, ag baint siosarnach as na crainn ar an dá thaobh dínn. Samhlaíodh dom gur ag osnaíl a bhí siad agus luaigh mé sin le Niamh.

‘Dúirt cara Seapánach liom’, ar sí ‘gurb in cás do na crainn ghiúise agus an ghaoth ag séideadh tríothu, Matsukaze, nó pining wind, a thugann siad air sin.’

‘Deas an íomhá í. Cuimhin leat go bhfaca muid anuraidh san Ollscoil scannán Seapánach faoin Noh-dhrámaíocht agus tagairt ann don rud céanna?’

‘Is dócha gur sin a chuir i gcuimhne dom é i ngan fhios dom.’

D’fhanamar ag éisteacht leis na crainn agus ag faire ar an ngleann agus é ag dul ó radharc uainn.

‘Tá sé in am dúinn dul a luí,’ arsa Niamh, agus d’fhilleamar ar an áit a bhí tofa againn le haghaidh codladh na hoíche. Agus í ar tí sip a mála a dhúnadh, stop sí agus chuir cluas éisteachta uirthi féin.

‘Ar chuala tú sin?’

‘Cad é?’

‘Fuaim, mar a bheadh guth daonna.’

‘Cá has dó, nó meas tú an bhfuil duine éigin eile ar strae ar an gcnoc seo?’

‘Éist,’ ar sí agus í ag filleadh ar imeall na haille.

‘Nach gcloiseann tú anois é? Mar a bheadh daoine ag achainí.’

Shiúil mé fad léi agus, dar m’anam, chuala mé rud éigin, guthanna, b’fhéidir, agus iad measctha le siosarnach na gcrann.

‘Éist,’ arsa Niamh. ‘Sé a chloisimse ná: “An dtiocfaidh sibh? An éistfidh sibh? An inseoidh sibh ár scéal?”’

Agus cé nach raibh sé chomh sotuigthe sin domsa, thugas liom cúpla focal de, ach rith sé liom a aite is a bhí tuin a labhartha, tuin nach raibh cloiste agam riamh cheana.

‘Féach, Liam,’ ar sí, ‘nó tá rud éigin ar siúl thíos sa ghleann.’

Agus bhí. Bhí ceo bailithe thíos agus an ghaoth á bhogadh thall is abhus. De réir a chéile, áfach, tháinig dlús ar an gceo agus bhí mar a bheadh scata scáileanna ag bailiú le chéile agus ag scaipeadh arís. De réir a chéile bhí na scáileanna ag éirí níos dlúithe, níos sofheicthe, sa chaoi gur mheas mise go raibh geall le leathchéad díobh ann agus cruth leath-dhaonna orthu.

‘Tá sé dubh dorcha thíos ansin,’ arsa Niamh, ‘meas tú nach ait gur féidir linn iad a fheiceáil? B’fhéidir go raibh an ceart agat faoin easpa crann, mar tá cuma na draíochta ar a bhfuil ar siúl thíos.’

‘Fuist,’ a deirimse, ‘agus féach.’

Nocht long faoi sheol as an gceo. Cuireadh ar ancaire í agus sheol buíon ón long chun tíre i mbád beag. I gcionn tamaill d’fhilleadar. Ní ba dhéanaí chuir bád beag eile amach ón tír i dtreo na loinge. Chuaigh duine ar bord. Tógadh an t-ancaire agus d’imigh an long ó radharc.

Scaip an ceo agus dhlúthaigh arís. Bhí scáil aonair ag druidim isteach ó thaobh na láimhe deise ag déanamh orthu siúd a bhí bailithe os ár gcomhair amach. D’imigh an scáil sin ó radharc orainn i measc an dreama mhóir. Ansin bhuail buíon beag scáileanna, a trí nó a ceathair díobh, bhuail siad amach sa treo ónar tháinig an scáil aonair. Tar éis tamaillín, d’fhill siad agus an cumadh orthu go raibh rud éigin á iompar acu. Nuair a shroich siad na scáileanna eile, dhruid siad go léir le chéile in aon dlús amháin ceo. Ansin scaip siad agus ní raibh le feiceáil ach ceo.

‘An bhfaca tusa sin?’ arsa Niamh.

Bhí an rud go léir feicthe agam, ach ar eagla go dtosódh sí ag magadh fúm níor admhaigh mé tada go dtí gur thug sí a cuntas féin ar ar tharla thíos.

‘Sin a chonaic mé,’ a deirimse nuair a bhí críoch curtha aici lena cur síos: ‘In ainm Dé cad tá ar siúl anseo?’

Bhí corraíl nua ar siúl thíos. Bhailigh dream mór scáileanna isteach sa ghleann, iad ag teacht ó gach aird. An t-am seo bhí difríochtaí le brath orthu, roinnt díobh ag iompar pící, roinnt eile le bataí agus roinnt eile fós le muscaeid. Ina dteannta siúd bhí corr-mharcach. Thosaigh monabhar ag éirí ón slua agus níorbh fhada gur gháir é.

‘Baile Coimín, Baile Coimín, Baile Coimín.’

Eagraíodh ina mbuíonta iad agus ar aghaidh leo as an ngleann, an gleo uathu ag síothlú de réir a chéile. D’fhan scata scáthanna le chéile ar feadh tamaill ach ansin scaipeadar. Thit tost ar an ngleann, gan tada le feiceáil.

Ina mbeirteanna agus ina dtriúranna, d’fhill na scáileanna ar an ngleann agus dealramh orthu gur ag teitheadh a bhí siad. I gcionn tamaill nocht dream míleata ag barr an ghleanna, iad faoi ord is faoi eagar, ag máirseáil caol díreach síos an gleann, buíonta beaga díobh ag scaipeadh ón mór-bhuíon ó am go ham. Nocht dream eile ag bun an ghleanna. Chromadar ar an ngleann a bhánú. Dódh gach arbh fhéidir a dhó. Leagadh gach teach. Maraíodh gach ainmhí idir bha, chaoirigh, ghabhair, go fiú madraí. Caitheadh na conablaigh sna tobair. Faoi dheireadh ba dheacair rud ar bith a fheiceáil a thibhe is a bhí an deatach agus an smúit. Roinneadh muintir an ghleanna in dhá dhream, fir is ógánaigh i ndream amháin, mná, cailíní agus páistí sa dream eile. Tógadh na fir chun siúil agus tiomáineadh an dream eile as an ngleann. Ansin cuireadh tús le leagadh na gcrann, agus leanadh leis sin go dtí go raibh an gleann lomtha.

Go tobann bhraith mé nach raibh Niamh taobh liom. Chuala mé ag caoineadh í. Bhí sí ar a glúine, na deora ag rith léi, á luascadh féin siar is aniar. Dhruid mé léi.

‘Ó, a Liam’, ar sí, ‘na créatúir bhochta,’ agus bhris racht eile uaithi.

‘Agus cé hiad,’ ar sí, ‘cé hiad anois a bhfuil cuimhne acu ar an tubaiste a tharla dóibh? An cuma le héinne? Sin atá uathu, go mbeadh cuimhne orthu féin agus ar ar tharla dóibh anseo.’

Sheas sí, d’ardaigh a lámha go hard san aer agus de ghuth láidir scairt sí amach: ‘Thángamar, d’éisteamar, inseoidh muid bhur scéal.’

Agus ar dhroim na gaoithe thuirling na focail chucu siúd a bhí bailithe arís sa ghleann thíos. D’éirigh gáir, agus gáir eile agus an tríú gáir uathu siúd. Scaip an ceo thíos fúinn, agus ar ár gcúl chomh maith.

Bhí sé ró-dhorcha, áfach, cur chun siúil agus chaith muid an oíche in ár málaí codlata. Ainneoin ar tharla, codladh suain a bhí agamsa agus b’amhlaidh do Niamh. ……

Leagan ciorraithe é seo de scéal a ghnóthaigh duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2010

Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2010


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais